Grúpa Athnuachana na Turasóireachta: Athbhreithniú lár téarma ar Bheartas na Turasóireachta

D’iarr an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, an tUasal Máirtín Ó Cuilinn, TD, orm a bheith i mo chathaoirleach ar Ghrúpa Athnuachana na Turasóireachta, grúpa ardleibhéil, chun athbhreithniú a dhéanamh agus chun straitéis turasóireachta na hÉireann a athnuachan, más cuí. Tá an Straitéis reatha leagtha amach in “New Horizons for Irish Tourism: An Agenda for Action [Fís Nua don Turasóireacht in Éirinn: Clár Oibre don Chur i nGníomh] 2003-2012".

D’iarr an tAire orainn an beartas reatha turasóireachta agus na tosaíochtaí cláir a scrúdú, i bhfianaise na ndúshlán atá os comhair earnáil na turasóireachta. Tuairisceoimid an Creat Gníomhaíochta atá molta againn chuig an Aire níos déanaí sa bliain 2009. Leagfar amach ann na príomhghníomhartha a bheidh le glacadh ar mhaithe lena chinntiú go leanfaidh an turasóireacht uirthi mar cheann de mhórthionscail na hÉireann mar aon leis na straitéisí riachtanacha chun forás inbhuanaithe thionscail turasóireachta na hÉireann a chothabháil san fhadtéarma.

Beidh na prionsabail bhunúsacha agus na spreagthaí straitéiseacha atá leagtha amach in New Horizons [Fís Nua don Turasóireacht] ina mbonn don Ghrúpa agus iad i mbun oibre. Scrúdóimid beartas agus tosaíochtaí cláir, gníomhartha agus spriocanna, ag féachaint go speisialta do:

Is í Tuarascáil Ghrúpa Forfheidhmithe Straitéis na Turasóireachta (Tourism Strategy Implementation Group), atá le fáil ach í a ioslódáil den suíomh gréasáin www.dast.gov.ie, nó í a iarraidh ar Rúnaireacht Ghrúpa Athnuachana na Turasóireachta, an príomhphointe tosaithe.

Ba mhian leis an nGrúpa, sula gcuirfimis bailchríoch ar ár n-anailís agus sula gcoinneoimis orainn le moltaí a dhéanamh, tuairimí an tionscail turasóireachta agus an phobail i gcoitinne a fháil faoin mbarúil a bheadh agaibhse faoi na saincheisteanna straitéiseacha is mó atá le sárú ag turasóireacht na hÉireann sa mheántéarma, dar libh, agus faoi cibé fuascailt chuí a d’fhéadfadh a bheith orthu.

 

Tá an turasóireacht ar cheann de na seirbhísí intrádála idirnáisiúnta is mó atá againn agus ar cheann a ghineann fostaíocht agus tuillimh go díreach ó cheann ceann na tíre. Tá ról ríthábhachtach aici chomh maith mar go dtarraingíonn sí aird ar na féidearthachtaí atá sna nithe tarraingteacha atá againn d’infheisteoirí, do thaighdeoirí agus d’fhiontraithe. Beidh obair Ghrúpa Athnuachana na Turasóireachta ina cabhair le go bhféadfar gach is féidir a bhaint as an turasóireacht a bhaint aisti ar mhaithe le leas na tíre. Dá réir sin, mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil spéis aige i dturasóireacht na hÉireann an deis a thapú agus a thuairimí a roinnt linn

Maurice Pratt

Cathaoirleach, Grúpa Athnuachana na Turasóireachta
Maurice Pratt

B’fhearr mura mbeadh na haighneachtaí níos faide ná sé bhileog A4 agus b’fhearr iad a bheith clóscríofa nó curtha ar ríomhphost. Táthar ag súil go gcuirfear na haighneachtaí go léir amach go poiblí anseo, ar an suíomh gréasáin.

 

Is cóir na haighneachtaí a sheoladh chuig:

Gerri O’Sullivan, Uas.

Rúnaireacht Ghrúpa Athnuachana na Turasóireachta

An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta

An Bóthar Nua

Cill Airne

Co. Chiarraí

Email : tourismrenewal@dast.gov.ie

 

Cliceáil anseo i gcomhair Téarmaí Tagartha agus Ballraíocht