Turasóireacht - An tAonad um Margaíocht & Measúnú Tionchair
Is iad príomhfheidhmeanna Aonad Margaíochta Turasóireachta na Rannóige seo an chreatlach bheartais fhoriomlán do mhargaíocht turasóireachta a fhorbairt, a mhonatórú agus a athbhreithniú, agus ionchur beartais na Roinne maidir leis an AE, Comhoibriú Thuaidh-Theas, agus Comhoibriú Thoir-Thiar a chomhordú. Is é cuspóir ardleibhéil an Aonaid um Measúnú Tionchair cabhrú le ceapadh, cur i bhfeidhm agus athbhreithniú bheartas an Rialtais a théann i gcion ar an turasóireacht chun a chinntiú go ndéanfaidh turasóireacht inbhuanaithe, iomaíoch na tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta don Stát a bharrfheabhsú. Go sonrach, tá an tAonad rannpháirteach sna gníomhaíochtaí seo a leanas:
Margaíocht Turasóireachta
- Vóta margaíochta turasóireachta na Roinne a bhainistiú faoi fho-cheannteidil B2 (Pá agus Forchostais Thurasóireacht Éireann) agus B4 (An Ciste Margaíochta Turasóireachta), lena n-áirítear buiséid bhliantúla agus ilbhliantúla a ullmhú do mhargaíocht turasóireachta;
- Monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm chláir mhargaíochta Thurasóireacht Éireann agus Fháilte Éireann ag dul le cuspóirí agus spriocanna aontaithe;
- A chinntiú go gcuirtear meicníochtaí rialachais chorparáidigh cuí i bhfeidhm do chaiteachas margaíochta;
- Freastal do shocruithe idirchaidrimh le Turasóireacht Éireann agus leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Infheistíochta Thuaisceart Éireann, agus an t-idirchaidreamh sin a chothabháil;
- Tacaíocht a thabhairt do chuairteanna Aire thar lear chun turasóireacht a chur chun cinn.
Comhordú Thuaidh-Theas agus na Breataine-na hÉireann
- Comhordú a dhéanamh ar ionchur na Roinne sa chreatlach bheartais fhoriomlán do chomhoibriú Thuaidh/Theas agus na Breataine-na hÉireann.
Comhordú an AE
- Comhordú a dhéanamh ar ionchur na Roinne i saincheisteanna beartais ginearálta ag leibhéal an AE agus a chinntiú go gcomhlíontar ceanglais na Roinne faoi Bhille an Aontais Eorpaigh (Grinnscrúdú) 2002;
- Freastal d'idirghníomhaíocht na Roinne le gnéithe idirnáisiúnta bheartas turasóireachta na hÉireann tríd an Aontas Eorpach, an ECFE agus fóraim idirnáisiúnta ábhartha eile.
Measúnú Tionchair
- Dul i mbun mholtaí Ghrúpa Athbheochana na Turasóireachta, de réir mar is cuí;
- Monatóireacht a dhéanamh ar réimsí beartais agus gnímh a théann i gcion ar fhorbairt na turasóireachta ar bhealach suntasach agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an straitéis chun freagairt do chúinsí athraitheacha;
- Tionchar a imirt ar fhorbairtí a bhaineann le raon leathan beartais Rialtais a théann i gcion ar an turasóireacht agus na forbairtí sin a threorú - go háirithe forbairtí a bhaineann le rochtain, beartas maicreacnamaíoch, dea-chleachtas comhshaoil agus inbhuanaitheacht, forbairt tuaithe agus taighde ar bheartas;
- Ionchar tras-rannach i mbeartais straitéiseacha phríomhúla Rialtais a éascú.
Faisnéis ar fáil agus pointí teagmhála
Tá faisnéis ghinearálta maidir le gníomhaíochtaí margaíochta turasóireachta agus cláir atá feidhmithe ag Fáilte Éireann agus Turasóireacht Éireann leagtha amach i raon foilseachán atá ar fáil díreach uathu.
Fáilte Éireann
Sráid Amiens,
BÁC 1.
Teil: (353 1) 884 7700 nó 1890 525 525
Facs: (353 1) 855 6821.
Turasóireacht Éireann
5ú hUrlár, Cearnóg an Easpaig,
Cnoc Réamainn,
BÁC 2
Teil: (353 1) 476 3400
Facs: (3531) 476 3666
Suíomh Gréasáin: http://www.discoverireland.ie (don tomhaltóir in tíre)
Suíomh Gréasáin: http://www.discoverireland.ie (don tomhaltóir thar lear)
Suíomh Gréasáin: http://www.failteireland.ie (Corparáideach)
Suíomh Gréasáin: http://www.tourismireland.com
Le haghaidh faisnéis Roinne, déan teagmháil le:
Teil: Anthony Donnelly (353 64) 66 27385
Facs: (353 64) 66 27386
Seoladh ríomhphoist: Tourismmarketing@dast.gov.ie