Cluichí Oilimpeacha Speisialta 2003
Ón 21-29 Meitheamh 2003 bhí Cluichí Oilimpeacha Speisialta Samhraidh, an imeacht spórt agus ilchultúrtha is mó ar domhan, ar siúl ar oileán Éireann. Ba é sin an chéad uair a reáchtáladh na Cluichí lasmuigh de na Stáit Aontaithe agus ba é an imeacht spóirt idirnáisiúnta ba mhóis mó riamh i stair an oileáin.
Bhí thart ar 7,000 lúthchleasaí, 3,000 traenálaí/toscaire agus 28,000 teaghlach agus cara ag na Cluichí. De réir meastachán, tháinig níos mó ná 40,000 cuairteoir idirnáisiúnta go hÉirinn le haghaidh na gCluichí amháin, agus tháinig thart ar €35 milliún isteach i ngeilleagar na hÉireann mar gheall orthu; chomh maith leis sin, bhí aird an domhain ar Éirinn ar feadh deich lá dhodhearmadta i mí an Mheithimh.
D'eagraigh 2003 Special Olympics World Summer Games Ltd na Cluichí. Chuir an Rialtas €14m milliún ar fáil don tionscadal, agus bhí €6.35 milliún sa bhreis curtha ar fáil ag an AE. Faoi Chathaoirleacht an Uasail Denis O'Brien, rinne Coiste Eagrúcháin na gCluichí (GOC) na Cluichí a eagrú, a phleanáil, a mhaoiniú agus a chur ar fáil le stíl, traidisiún agus mórdháil thraidisiúnta Oilimpeach. Chun a chinntiú go reáchtálfaí imeacht rathúil agus mhórthaibhseach, bhí roinnt fo-ghrúpaí éagsúla ag obair laistigh den GOC (oibríochtaí gnó, margaíocht agus cumarsáid, tiomsú airgid, spóirt agus comórtas, imeachtaí speisialta, oibríochtaí idirnáisiúnta, searmanais, tacaíocht agus saorálaithe) a chabhraigh leo cluichí rathúla a chur ar fáil.
Ghlac 177 baile agus sráidbhaile timpeall na tíre (sa Tuaisceart agus sa Deisceart) páirt san imeacht uathúil seo trí cheann de na toscaireachtaí a óstáil roimh na Cluichí. Ba eispéireas dearfach agus saibhriúcháin é Clár na mBailte Óstaigh do gach duine a bhíraibh páirteach ann, lán de gháire agus d'fhoghlaim. Cuireadh tús le cairdeas nua buan agus thug na Cluichí deis don náisiún foghlaim níos mó faoi chultúir idirnáisiúnta, cumarsáid idirchultúrtha agus cumais agus éachtaí daoine faoi mhíchumas foghlama.
Ba í 2003 an Bhliain Eorpach um Dhaoine faoi Mhíchumas freisin, agus reáchtáladh roinnt imeachtaí móra bunaithe ar na Cluichí chun a chinntiú go ndéanfaí feasacht ar mhíchumas a mhúscailt.
Tá na sonraí iomlána faoi na Cluichí Oilimpeacha Speisialta Domhanda 2003 ar fáil ar shuíomh gréasáin na cuideachta www.2003specialolympics.com
Faisnéis agus Sonraí Teagmhála
Cluichí Oilimpeacha Speisialta
Domhanda 2003
3ú hUrlár, Park House,
An Cuarbhóthar Thuaidh,
BÁC 7, Éire Teil: (353 1) 8691666
Facs: (353 1) 8687203
Seoladh ríomhphoist: info@2003worldgames.com