An Straitéis Áiseanna Spórt & Iniúchadh Náisiúnta ar Áiseanna Spórt Áitiúla
Sa chlár Rialtais, geallann an Rialtas iniúchadh náisiúnta ar áiseanna spórt áitiúla a thabhairt chun críche agus plean straitéiseach fadtéarmach a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go bhforbrófar áiseanna riachtanacha den chineál seo ar fud na tíre.
Cuimsíonn beartas reatha an Rialtais i ndáil le soláthar áiseanna spóirt trí ghné ar leith:
- an Clár Caipitil Spórt a dhámhann deontais do thionscadail chaipitil oiriúnacha a bhaineann go díreach le soláthar áiseanna spórt;
- 2. Clár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil a chuireann deontais ar fáil don Rialtas Áitiúil nó dá ghníomhaireachtaí chun linnte snámha a thógáil nó a athchóiriú; agus
- 3. Mórthionscadail Chaipitil Spóirt aon-uaire cosúil leis an Lárionad Náisiúnta Uiscíochta, Páirc an Chrócaigh agus athfhorbairt Staidiam Bhóthar Lansdún
Ba é an chéad chéim sa phróiseas chun Straitéis Áiseanna Spórt a fhorbairt ná Athbhreithniú ar Chaiteachas an Chláir Chaipitil Spórt a dhéanamh
Bunaíodh grúpa stiúrtha idirghníomhaireachta chun maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt na straitéise. Cuimsíonn an grúpa ionadaithe ón Roinn seo agus oifigigh ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta; ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta; ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil agus ón Roinn Airgeadais, le cois ionadaithe ón gComhairle Náisiúnta Spóirt; ó Champas Spórt Éireann; agus ó Chumann na mBainisteoirí Contae & Cathrach.
Fruilíodh sainchomhairleoirí, a bhí ina saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta i réimse na n-áiseanna spórt, chun cabhrú le hullmhú na straitéise seo. Tá a dtuairisc á tabhairt chun críche i láthair na huaire agus ansin déanfaidh an grúpa stiúrtha measúnú uirthi.
Is é aidhm na straitéise treoir bheartais ardleibhéil a chur ar fáil d'infheistíocht/deontais i gcabhair ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil amach anseo. Tá sé beartaithe an riachtanas le haghaidh áiseanna spóirt a aithint chun go mbeidh sé indéanta do dhaoine ar mhian leo spórt a dhéanamh go hamaitéarach nó ar leibhéal élite páirt a ghlacadh sa spórt ar chostas réasúnta.
Mar chuid dá ndualgas bhí ar na sainchomhairleoirí iniúchadh a dhéanamh ar áiseanna náisiúnta agus réigiúnacha spórt a chuirfidh leis an iniúchadh náisiúnta ar áiseanna spórt atá á dhéanamh ag an Roinn. Tá an t-iniúchadh seo mar chuid de chleachtadh níos leithne chun cur chuige níos straitéisí maidir le soláthar áiseanna spórt in Éirinn a chur i bhfeidhm trí Straitéis Áiseanna Spórt Náisiúnta a fhorbairt.
Déanfar an chéad chéim eile den iniúchadh le linn 2008 le cabhair ó na hÚdaráis Áitiúla; beidh an chéim seo níos casta mar déanfar iarracht taifead d'áiseanna spórt reatha ag an leibhéal áitiúil a bhunú agus an gá le soláthar amach anseo a aithint. Eisíodh treoirlínte do na hÚdaráis Áitiúla chun cabhrú leo an t-iniúchadh a dhéanamh.