Forbhreathnú

Thar na blianta, chuir eagraíochtaí spóirt agus saorálaithe bonn faoin Spórt in Éirinn. Ní mór dúinn cur leis an oidhreacht seo chun ár saolta a shaibhriú, mar rannpháirtithe gníomhacha agus mar thír a thuigeann an luach a bhaineann le hionannas beoga an phobail áitiúil agus éachtaí ár laochra spóirt.

Baineann an náisiún tairbhí eile as spórt agus áineas - tairbhí eacnamaíocha i dtéarmaí turasóireachta spórt agus deiseanna fostaíochta mar thoradh ar fhás san earnáil, agus tairbhí sóisialta mar gheall ar shláinte fhisiceach, meabhairshláinte agus dea-bhraistint níos fearr.

Bíonn ról speisialta ag an spórt maidir le dul i ngleic le fadhbanna cosúil le mí-úsáid drugaí, coireacht agus eisiatacht shóisialta freisin, go háirithe i measc daoine óga le cónaí orthu in áiteanna faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus eacnamaíoch.

Tá an fhorbairt d'ardfheidhmíocht i spórt na hÉireann ar ghné phríomhúil eile den straitéis spórt náisiúnta fhoriomlán. Soláthraíonn ardfheidhmíocht i spóirt, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, bunaithe ar fhealsúnacht spóirt atá saor ó dhrugaí, eiseamláirí dearfacha agus cuireann sí feabhas ar ár mbraistint de ghnóthachtáil náisiúnta agus ar íomhá na hÉireann thar lear.

Ó mhí an Mheithimh 2002, ghlac an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta le freagracht as na Tionscail Rásaíochta Capall agus Con. Oibríonn an Roinn go dlúth le Bord na gCon agus Rásaíocht Capall Éireann chun earnálacha na gcapall folaíochta agus na gCon a fhorbairt.

Mar sin, is é sprioc na Roinne:
Rannpháirtíocht agus spéis i spórt a mhéadú, caighdeáin feidhmíochta a fheabhsú agus áiseanna spórt a fhorbairt ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, ag cur le stíleanna maireachtála níos sláintiúla agus cáilíocht beatha fheabhsaithe tríd is tríd, trí mheán creatlach beartais agus acmhainní na Roinne i gcomhpháirtíocht lena cuid Gníomhaireachtaí, le Ranna Rialtais eile agus leis na Ceann-Eagraíochtaí Náisiúnta Spóirt.