Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt
Bunaíodh Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spórt (NSCDA) ar bhonn reachtúil chun teacht i gcomharbacht ar fheidhmeanna agus freagracht Fhorbairt Champas agus Staidiam Éireann Teo. (CSID) le héifeacht ón 1 Eanáir 2007. Leanfaidh an tÚdarás ar aghaidh ag déanamh maoirseachta ar phleanáil agus forbairt an champais spórt ag Baile an Aba. Lena chois sin, beidh ar an údarás nua an chéad chéim forbartha eile, a bhfuil €30m curtha i leataobh dó i bPlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013, a aithint agus a chur in ord tosaíochta.
An Campas Spórt ag Baile an Aba
I mí na Samhna 2005, d'aontaigh an Rialtas tús a chur le Céim 1 d'fhorbairt campas áiseanna spórt ag Baile an Aba. Is é costas measta na céime seo ná €119m, agus de réir an sceidil, tógfaidh sé 4 go 5 bliana chun é a sheachadadh. Déanfaidh Céim 1 foráil d'fhorbairt áiseanna nua-aimseartha lena n-áirítear páirceanna imeartha agus áiseanna tacaíochta do na trí phríomhspórt páirce, rugbaí, sacar agus cluichí Gaelacha, le háiseanna lárnacha roinnte lena n-áirítear cóiríocht, ceantar folláine agus áiseanna leighis agus giomnáisiam. Cuirfear áiseanna ar fáil freisin chun freastal do níos mó ná 30 spórt laistigh, lena n-áirítear badmantan, cispheil, babhláil, dornálaíocht, júdó agus leadóg bhoird. Tá páirceanna imeartha pobail agus áiseanna tacaíochta pobail cuimsithe sa phlean seo freisin.
An Lárionad Náisiúnta Uiscíochta
D'oscail an chéad ghné den tionscadal Campas Spórt, an Lárionad Náisiúnta Uiscíochta, in 2003 agus reáchtáladh imeachtaí snámha Cluichí Oilimpeacha Speisialta Samhraidh 2003 go rathúil ann.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:
Teil:(+353 1) 809 7300
Facs: (+353 1) 809 7332
Seoladh ríomhphoist: info@nscda.ie
Suíomh gréasáin: www.nscda.ie