Press Release
27/06/2010
An tAire Ní Ainifín
i gceannas ar dhianfheachtas turasóireachta sna Stáit Aontaithe
d’fhonn níos mó daoine
a mhealladh go hÉirinn
“Táthar
ag díriú isteach ar na
milliúin de Mheiriceánaigh
a d’fhéadfaí a mhealladh chun na tíre
seo i bhfeachtais
fógraíochta agus dírmhargaíochta a bhí ag Tourism Ireland sa chéad leath den bhliain seo agus
is í ár dteachtaireacht chucu nach raibh
a leithéid de mhargadh le fáil riamh
roimhe seo ar oileán na hÉireann agus nach raibh an fháilte níos croíúla riamh” arsa an tAire
Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt, Máire
Ní Ainifín inniu.
Tá an tAire Ní
Ainifín i Nua Eabhrac agus
tús á chur le dianfheachtas chun na nithe is díol
suntais in Éirinn ó thaobh na turasóireachta,
an chultúir agus an spóirt de a chur chun cinn. Fad is a bheidh sí ar cuairt
i Nua Eabhrac
buailfidh an tAire le pearsana thábhachtacha an tionscail, bainfidh sí faoi leas as deiseanna spriocdhírithe ó na meáin agus
seolfaidh sí Daonáireamh 1901 go foirmiúil ar líne i
gcomhair léitheoirí Mheiriceá.
“Tá feachtas treisiúil ar bun ag
Tourism
Ó tharla
go mbeidh daonáireamh deiridh agus iomlán
na hÉireann, ón mbliain 1901, á sheoladh ar líne
spreagfaidh sé seo níos mó
daoine le breathnú siar ar a stair agus a sinsir agus
tá ionann is 40 milliún duine ina
gcónaí sna Stáit Aontaithe a mhaíonn gur de shliocht Éireannach iad. Is iomaí duine a bheidh
corraithe nuair a fheicfidh siad
an tuairisceán féin, tuairisceán ar líon gaolta a bhfuil
gaol díreach acu leo isteach é oíche
an daonáirimh i mí Márta 1901. Is eol dúinn gur léiríodh
an-spéis i ndaonáireamh 1911 ar fud na cruinne nuair a cuireadh amach ar líne é; céim
eile a bheidh sa daonáireamh seo, atá níos
sine fós, ag daoine atá ag
iarraidh teacht ar eolas faoina
sinsir.”
I dtús a cuairte ar Nua Eabhrac
bhuail an tAire Ní Ainifín
leis an aisteoir, Gabriel Byrne, an chéad duine le bheith ina Ambasadóir
na hÉireann don Chultúr. Tá Byrne, atá ag
déanamh scannáin i Nua Eabhrac
faoi láthair, ag obair i
gcomhar leis an Aire Ní Ainifín agus
le Cultúr Éireann, thar ceann an Rialtais,
ar mhaithe le healaíona, cultúr agus tionscail chruthaitheacha na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.
Dúirt an tAire gur labhair sí
ina comhráite le Gabriel faoi phleanáil i gcomhair na
dtionscnamh a bheidh ag tarlú go luath,
lena n-áirítear Cultúr Éireann a bheith ag díriú
go speisialta ar na Stáit Aontaithe
sa bhliain 2011.
Tá
leas á bhaint ag
an Aire Ní Ainifín as a cuairt freisin chun an bholscaireacht ar ealaíona agus ar
chultúr na hÉireann a bhrú chun cinn; sin mírcheann tábhachtach i Straitéis na
hÉireann – na Stát Aontaithe a seoladh anuraidh. “Nuair a bhí an Fóram um Gheilleagar na hÉireann ar siúl in Farmleigh anuraidh b’fhacthas gur ghné lárnach
ab ea an cultúr chun próifíl na
hÉireann a ardú thar lear óna
n-eascróidh buntáistí don turasóireacht, don trádáil agus don infheistíocht.”
Buailfidh an tAire Ní Ainifín le Christine Quinn, Ceannlabhartha Chomhairle Cathrach Nua Eabhrac
Dé Máirt chun an chomhthacaíocht agus infheistíocht ó Chathair Nua Eabhrac
agus Rialtas na hÉireann a phlé
i dtaca le hIonad nua do na
hEalaíona agus don Chultúr Éireannach a fhorbairt i Nua
Eabhrac. Tabharfaidh an tAire cuairt freisin ar Ionad na nEalaíon Éireannach chun cruinniú faisnéise a bheith aici maidir
lena bpleananna forbartha. Buailfidh sí freisin
le hionadaithe ó Amharclann
an Rince Ghaelaigh, ón gCumann Staire
Meiriceánach-Éireannach agus
ó Amharclann Origin chun deiseanna ar chomhoibriú a phlé.
Dúirt
an tAire Ní
Ainifín mar fhocal scoir “is eol dúinn gur
mór an spéis le daoine cuairt a thabhairt ar Éirinn,
agus gur tháinig ionann is 1 milliún duine as Meiriceá Thuaidh ar cuairt ar
oileán na hÉireann anuraidh. Ní mór dúinn dua
a chaitheamh anois le cur ina luí ar dhaoine na
háirithintí a dhéanamh le
go mbeidh saoire ar mhargadh maith
agus ceann nach ligfidh siad
i ndearmad go deo le caitheamh acu.”
CRÍOCH