Press Release

Print

25/06/2010

Tourist industry and agencies working hard to promote Ireland - Hanafin

 

Tionscal agus gníomhaireachtaí turasóireachta ar a ndícheall ag cur na hÉireann chun cinn –an tAire Ainifín

 

Dúirt an tAire Turasóireachta, Máire Ainifín T.D., inniu (25ú Meitheamh 2010) gur tháinig os cionn 1.5 milliún cuairteoir coigríche go hÉirinn sa chéad cheithre mhí den bhliain.

Níor chóir dúinn a ligean i ndearmad gur thaistil os cionn 1.5 milliún turasóir coigríche go hÉirinn sa chéad cheithre mhí den bhliain agus go bhfuil saoire a bhfuil sásamh le baint aisti á tairiscint ag an tionscal do thurasóirí. Is dóigh gurbh í an chéad trian den bhliain an tréimhse dhúshlánach ab fhaide don earnáil turasóireachta ar fud an domhain de dheasca cúinsí eacnamaíocha. Cuireadh as go mór don aerthaisteal chun na hÉireann agus chun na hEorpa san Aibreán mar gur dúnadh an t-aerspás mar gheall ar an bpúir luaithreamháin bholcáin a tháinig as an Íoslainn – cuireadh isteach is amach le 104,000 eitilt ar ceal san Eoraip an t-am sin.

Is tábhachtaí anois riamh go dtapaítear gach deis a bhíonn ann chun an teachtaireacht a chur trasna gur ceann scríbe turasóireachta an-tarraingteach í Éire i gcónaíagus nach luach go dtí é an luach atá le fáil ar airgead mar go bhfuil margaí speisialta ar tairiscint ar fud na tíre.”

Dúirt an tAire Ainifín go bhfágann daoine go dtí an nóiméad deireanach anois é le háirithint a dhéanamh, níos faide fós seachas mar a dhéantaí, agus go mbíonn siad ag súil le margaí maithe a fháil ag an nóiméad deireanach. “Is í an tréimhse ó Bhealtaine go Meán Fómhair an tréimhse is gnóthaí againn i séasúr na turasóireachta, mar gur idir na míonna sin a thagann os cionn 60% de na fámairí go hÉirinn. Tourism Ireland ar a seacht míle dícheall ag cur na hÉireann chun cinn ar na príomh-mhargaí sa Bhreatain Mhór, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin agus sa Fhrainc, agus luach €20 milliún d’fheachtas margaíochta samhraidh ar siúl acu, fad is atá feachtas mór fógraíochta ar an teilifís, ar an raidió agus sna nuachtáin ar siúl ag Fáilte Ireland chun saoire ag baile a chur chun cinn don mhargadh baile.

Níos faide anonn sa bhliain feicfear go mbeidh na mílte daoine ag tarraingt ar thionscadail ollmhóra infreastruchtúir nuair a bheidh cluichí rugbaí agus sacair á n-imirt i Staidiam nua Aviva agus go mbeidh comhdhálacha móra á dtionól sa Lárionad Tionóil, Baile Átha Cliath; - cuirfidh seo go léir le tarraingt na hÉireann mar láthair le saoire a chaitheamh inti agus gnó a dhéanamh inti.”

 

CRÍOCH