Press Release
22/06/2010
An tAire Ní Ainifín i dteannta
ionadaithe thionscal na turasóireachta
as áiteanna ar fud na cruinne
ar mhaithe leis an ród roimh earnáil
turasóireachta na hÉireann a bheartú
“Is cuid den phleanáil is gá a dhéanamh do na deich mbliana
seo chugainn fís shoiléir a aithint don turasóireacht ar oileán na
hÉireann, ina mbeadh cóimheá idir an uaillmhian agus an réalachas ach freisin ina leagfaí
béim ar ár
láidreachtaí” a dúirt an tAire Turasóireachta, Máire Ní Ainifín T.D., inniu. Bhí an tAire ag labhairt
le 120 ionadaí nó mar sin
as tionscal na turasóireachta a bhí i mBaile Átha
Cliath inniu chun páirt a ghlacadh
i gCruinniú Mullaigh ar an Nuálaíocht de chuid Tourism
Ireland a bhí ar siúl i dTeach
Farmleigh i mBaile Átha Cliath.
Bhí an méid seo a leanas
le rá ag an Aire Ní Ainifín
ina haitheasc le toscairí as an Ríocht Aontaithe, mórthír na hEorpa, Meiriceá
Thuaidh, an Astráil agus le hoifigigh thionscal na turasóireachta,
an chultúir agus an spóirt as Éirinn, thuaidh agus theas,
“bhí sé i gceist
leis an tuarascáil ó Ghrúpa
Athnuachana na Turasóireachta a tháinig amach le déanaí an bealach chun cinn
a bheartú, agus béim a leagan ar
an ngá atá le hinfheistíocht leanúnach a dhéanamh sa bhranda
Éireannach trí mhargaíocht éifeachtach, mar aon le hinfheistíocht athnuaite sa táirge
turasóireachta – cóiríocht,
bia, nithe is díol suntais agus
seirbhísí tacaíochta. Féadfaidh infheistíocht den sórt cur le feidhmíocht iomaíoch na hÉireann.
Tá an branda Éireann
ar cheann de na brandaí is láidre ar domhan agus is mór an méid a bhainimid
amach d’oileán chomh beag linn agus is iontach an lán dea-mhéine atá amuigh
ansin ach teacht i dtír uirthi. Ní
mór dúinn leanúint orainn de bheith ag athnuachan
an táirge a bhíonn ar tairiscint againn
do thurasóirí ach gan na príomhnithe is díol suntais dá
bhfuil againn a ligean i ndearmad
ós gurb iad
is mó a mheallann cuairteoirí chun Éire a roghnú mar phríomhcheann scríbe.”
Ní hé amháin gur
maith ann
í an obair a dhéanann Tourism
Feictear don
Rialtas gur príomhfhoinse tuillimh easpórtála í an turasóireacht agus gur príomhfhoinse fostaíochta í ina mbaintear leas as raon scileanna ar fud
an oileáin. Níl rud nach bhfaigheadh
duine in Éirinn ó na suíomhanna
oidhreachta domhanda, Sí an Bhrú, Cnóbha
agus Dubhadh nó Sceilg Mhichíl
go Fáilte chaoin Uí Cheallaigh a bhfuil a cáil orainn.
Tá an bonneagar nua, amhail bóithre agus mótarbhealaí nua mar aon le nithe móra eile
is díol suntais amhail na staidiamaí
spóirt, an Lárionad nuathógtha Tionóil i mBaile Átha
Cliath maille leis na nithe is díol
suntais ó thaobh an chultúir de ag cur leis an sásamh a fhaightear faoin mbranda Éireannach.
Ní mór dúinn cluas
le héisteacht a thabhairt dár gcustaiméirí mar sin féin, maidir le luach a gcuid airgid
a fháil agus le sásamh breá a bheith
ag daoine, sásamh a spreagfaidh iad chun teacht
ar cuairt chugainn arís amach
anseo chomh maith le cuairteoirí a mhealladh ó mhargaí nua. Baineann a bhfuil á phlé anseo
inniu ag an gcruinniú mullaigh seo agus a bheith
ábalta an táirge atá ar tairiscint
againn a scrúdú go criticiúil lenár bhfócas a athnuachan an tráth is suntasaí seo i stair an tionscail.”
CRÍOCH