Preaseisiúint Dé hAoine, 2ra
Bealtaine 2008
OS CIONN €10 MILLIÚN DE MHAOINIÚ Á FHÓGAIRT AG AN AIRE I GCOMHAIR 13 TIONSCADAL MHÓRA EALAÍON AGUS CULTÚIR I 12 CONTAE
NÍ MÓR DÓIBH SEO A FHAIGHEANN MAOINIÚ IARRACHT A DHÉANAMH LE GO MBEIDH TEACHT AG NÍOS MÓ DAOINE AR NA HEALAÍONA, AR AN GCULTÚR AGUS AR AN GCRUTHAITHEACHT – SÉAMAS Ó BRAONÁIN
D’fhógair
an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, Séamus Ó Braonáin T.D., inniu (Dé
hAoine, 2ra
Bealtaine) os cionn €10 milliún de mhaoiniú do 13 tionscadal mhóra ealaíon agus
cultúir i dhá chontae dhéag faoin mbabhta deiridh d’infheistíochtaí faoi ACCESS
11, An Scéim Tacaíochta Caipitil do na hEalaíona agus don Chultúr.
Dírítear
an maoiniú faoin scéim ACCESS ar thionscadail infreastruchtúir d’ardchaighdeán
a sholáthar do na healaíona agus don chultúr trína gcuirtear saoráidí a bhíonn
feabhsaithe go mór ar fáil agus trína gcuirtear le deiseanna ar fud na tíre
ionas go mbeidh teacht níos fearr ar imeachtaí agus ar thionscnaimh ealaíon,
chultúir agus oidhreachta. Is é príomhfhócas na scéime díriú ar na saoráidí
ealaíon agus cultúrtha atá ann cheana a athchóiriú agus feabhas a chur orthu
agus tacú le tionscadail nua tógála i láithreacha straitéiseacha geografacha.
Cuireadh
€32.5 milliún de mhaoiniú ar fáil i gcomhair 67 tionscadal ar fud na tíre sa
chéad sciar den mhaoiniú faoi ACCESS II a fógraíodh in Aibreán 2007. Tugann an
€10.29 milliún de leithdháileadh an lae inniu i gcomhair 13 tionscadal bhreise
an maoiniú faoi scéim ACCESS II chun críche. Beidh 80 tionscadal ealaíon agus
cultúir, san iomlán, tar éis maoiniú a fháil trí infheistíocht de bheagnach €43
milliún.
Áirítear
an méid seo a leanas leis an maoiniú a fógraíodh inniu: €2 mhilliún
d’Amharclann Garage i Muineachán, Ionad Ealaíon Sirius, An Cóbh, Co. Chorcaí
(€1.6 milliún), Ionad Ealaíon Bhéal an Átha, Co. Mhaigh Eo (€1.2 milliún),
Dánlann Ealaíne Chathair Luimnigh (€960,000), Ionad Cultúrtha Shéamus Ennis, An
Aill, Co. Bhaile Átha Cliath (€740,000), Dánlann Ealaíne Bhaile Átha Luain, Co.
na hIarmhí (€650,000), Dánlann Bhardasach Lantern, An Nás, Co. Chill Dara
(€580,000) agus Artlink, Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall (€570,000).
Bhí
an méid seo le rá ag an Aire Ó Braonáin: “Tá aitheantas faighte go forleathan ag an scéim ACCESS mar
scéim a mbíonn ionchur suntasach aici maidir le soláthar infreastruchtúir
d’ardchaighdeán i gcomhair na n-ealaíon agus an chultúir thart timpeall na
tíre. Is vóta láidir muiníne i dtábhacht na n-ealaíon agus an
chultúir an infheistíocht seo de bheagnach €43 milliún d’airgead
cáiníocóirí faoin scéim seo amháin chun feabhas a chur ar shaoráidí agus chun
cur leo. Agus is mór atá sé
d’fhiacha orthu siúd a bhfuil maoiniú á fháil acu é a bheith mar thosaíocht acu
a ndícheall a dhéanamh chun slite nua samhlaíocha a aithint chun deiseanna ealaíon, cultúir agus cruthaitheacha a bheith
ann do i bhfad Éireann níos mó dár ndaoine, beag beann ar aois, ar chúlra
sóisialta ná ar náisiúntacht.
Déanfaidh mo Roinn beagnach
€250 milliún d’airgead cáiníocóirí a infheistiú in earnálacha na n-ealaíon agus
an chultúir i mbliana féin fiú amháin. Is mór an iontaoibh é seo as tábhacht na n-earnálacha seo ní hé amháin
é ó thaobh fhorbairt agus stádas na hÉireann ach freisin ó thaobh an chion
tairbhe atá á dhéanamh acu maidir le dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta
na tíre”.
Ba 155 líon iomlán na
n-iarratas a fuarthas ar mhaoiniú faoi ACCESS
II. Rinne
Coiste Roghnaithe Neamhspleách na hiarratais go léir a mheas agus chuir sé
moltaí faoi bhráid an Aire. Bhí liosta cúltaca san áireamh leo mar gur bhraith
an Coiste gurbh fhiú tacaíocht a thabhairt dóibhsean atá ar an liosta dá mbeadh
maoiniú sa bhreis ar fáil faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Is i gcomhair tionscadal atá ar an liosta cúltaca
sin an €10.29 milliún de mhaoiniú sa bhreis a fógraíodh inniu.
Is iad seo a leanas na
tionscadail ar faomhadh maoiniú dóibh faoin mbabhta deiridh seo d’ACCESS 11:
|
Deontais faoi ACCESS II |
Leithdháileadh
Deontais |
|
Ionad Ealaíon Bhéal an Átha, Maigh Eo |
€1,200,000 |
|
Amharclann Garage, Muineachán |
€2,000,000 |
|
Ceardlann Mhacnais, Gaillimh |
€470,000 |
|
Arthouse an tSráidbhaile, Laois |
€440,000 |
|
Artlink, Dún na nGall |
€570,000 |
|
Dánlann Ealaíne Bhaile Átha Luain, An Iarmhí |
€650,000 |
|
Ionad Ealaíon & Cultúrtha Choill an Chollaigh, An Cabhán |
€350,000 |
|
Graphic Studio, Baile Átha Cliath |
€340,000 |
|
Dánlann Bhardasach Lantern, Cill Dara |
€580,000 |
|
Dánlann Ealaíne Chathair Luimnigh |
€960,000 |
|
Ionad Cultúrtha Shéamus Ennis, Baile Átha Cliath |
€740,000 |
|
Ionad Ealaíon Sirius, An Cóbh, Corcaigh |
€1,600,000 |
|
Ionad Ealaíon Soltice, An Mhí |
€390,000 |
|
Iomlán |
€10,290,000 |
TABHAIR FAOI DEARA – Tá na sonraí faoi gach tionscadal ar leith agus faoin úsáid a bheartaítear a bhaint as an maoiniú atá faofa ceangailte leis seo.
Tuilleadh eolais ó: Tom Rowley,
Comhairleoir Preasa 087 8124723
Dánlann
Graphic Studio i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath agus Ceardlann
Graphic Studio atá suite de leataobh ó Ché Hanover atá sa Graphic Studio, Baile
Átha Cliath. Is í Dánlann Graphic Studio an dánlann is sine i mBaile Átha
Cliath ina bhfuil teacht ar phriontaí comhaimseartha úrnua. Tá maoiniú á chur
ar fáil chun athfhorbairt a dhéanamh ar an Graphic Studio ionas go mbeidh
saoráid ealaíne ann ina mbeidh áiseanna chun priontaí a dhéanamh mar a dhéantaí
go traidisiúnta mar aon le háiseanna chun iad a dhéanamh ar mhodhanna níos nuaí
agus ionas go gcuirfear leis an méid atá inti faoi láthair agus go mbeidh
teacht níos fearr uirthi.
Tá
meascán eicléictiúil de phéintéireachtaí, de phriontaí agus de dhealbha sa
bhailiúchán bardasach ealaíne atá ag Comhairle Contae Chill Dara. Tá saothair
le roinnt de na hamharcealaíontóirí is iomráití in Éirinn agus le daoine nach
iad sa bhailiúchán. Áirítear na healaíontóirí seo a leanas orthusan: Evie Hone,
Patrick Pye, Patrick Collins, Charlie Brady, Sean Mc Sweeney, Robert Ballagh, Norah Mc Guinness. Tá an maoiniú á chur ar fáil i gcomhair
ionaid do Dhánlann Bhardasach Lantern, ionad nua chun an bailiúchán bardasach
atá ar champas Áras Chill Dara, Oifigí Cathartha Chomhairle Contae Chill Dara a
choinneáil ann. Úsáidfear spás taispeántais na n-ealaíon chun an bailiúchán reatha den
Ealaín Bhardasach a bheith le feiceáil, a chur chun cinn agus a chur ar
taispeáint chomh maith le saothair mhínealaíne, suiteálacha ealaíne
comhaimseartha agus taispeántais ilmheán.
Bíonn
réimse leathan de shaothair ealaíne agus de thionscadail le healaíontóirí
áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta ar taispeáint i gclár comhaimseartha
Dhánlann Ealaíne Chathair Luimnigh. Tá saothair atá déanta i meáin éagsúla lena
n-áirítear péintéireacht, dealbhóireacht, tarraingt, grianghrafadóireacht,
suiteáil agus meáin nua ar chlár an taispeántais. Tá Bailiúchán Buan breá de
shaothair le healaíontóirí Éireannacha ó luath san ochtú haois déag, naoú haois
déag, fichiú agus aonú haois is fiche i nDánlann Ealaíne Chathair Luimnigh. Tá an maoiniú á
chur ar fáil chun Dánlann Chathair Luimnigh a fhorbairt ionas go mbeidh spás
ann do bhailiúchán, ceardlann, caifé, leabharlann, spás léitheoireachta agus
ionas go bhféadfar an spás riaracháin a uasghrádú agus go ndéanfar athchóiriú
agus athnuachan ar na spásanna tógála agus dánlainne atá ann faoi láthair.
Tá Ionad Cultúrtha Shéamus Ennis
suite san Aill, Fine Gall, Co. Bhaile
Átha Cliath. Is i gcuimhne an
Éireannaigh, Séamus Ennis, ceoltóir agus bailitheoir seanchais agus ceoil atá
an t-ionad ann agus bíonn roinnt den chuid is fearr de cheoltóirí, de
chumadóirí amhrán agus d’ealaíontóirí an lae inniu ina n-aíonna ann. Tá maoiniú á chur
ar fáil chun ionad nua taibhithe a thógáil mar aon leis na háiseanna
coimhdeacha do sheomraí cleachtaidh agus ranga. Samhlaítear go gcuirfidh an
spás nua seo go mór le méid an ionaid agus go mbeifear ábalta léirithe mór le
rá a chur ar siúl istigh san ionad.
Ionad
ildisciplíneach neamhbhrabúis do na healaíona i gceantar Iarthar Chorcaí is ea
Ionad Ealaíon Sirius . Bunaíodh é sa bhliain 1988 agus tá sé d’aidhm leis
feasacht a mhúscailt faoi na healaíona agus deiseanna a chur ar fáil chun páirt
a ghlacadh sna healaíona agus taitneamh a bhaint astu. Cuirtear seo i gcrích
trí mheascán d’imeachtaí lena n-áirítear na hamharcealaíona, clár cáiliúil na
n-ealaíontóirí cónaithe, ceol, clár na n-ealaíon pobail agus clár litríochta. Tá maoiniú á chur
ar fáil chun athfhorbairt a dhéanamh ar
Ionad Ealaíon Sirius agus áireofar leis sin an tsaoráid atá ann faoi
láthair a athdhearadh chun áiseanna breise a chur isteach inti agus ionas go
mbeidh níos mó spáis inti do dhaoine as an bpobal nuair a bheidh siad ar
cuairt.
Osclaíodh
Ionad Ealaíon Solstice, atá suite ar Shráid an Iarnróid san Uaimh, sa bhliain
2006 agus tá spás amharclainne ann ina bhfuil áit suite do 320 duine agus tá spásanna
coimhdeacha dánlainne ann chomh maith. Is iomaí ceann de na healaíona a bhíonn
á léiriú nó ar taispeáint san ionad lena n-áirítear drámaí le grúpaí ar
camchuairt agus le grúpaí áitiúla, ceol traidisiúnta agus comhaimseartha,
ceoldrámaíocht, bailé, na hamharcealaíona agus roinnt mhaith eile. Tá maoiniú á
chur ar fáil chun síneadh a thógáil le cur le hIonad Ealaíon Solstice agus lena
fheistiú i gcomhair gníomhaíochtaí ilchuspóireacha lena n-áirítear damhsa agus
cleachtadh. Beidh an spás seo ar fáil do ghrúpaí gairmiúla, do ghrúpaí amaitéaracha
as an áit agus d’ealaíontóirí agus do chompántais as Éirinn agus as tíortha ar
fud an domhain a bheidh ar cuairt.
Áirítear
léachtaí, ceardlanna, ranganna damhsa, léirithe, taispeántas scannán agus
cúrsaí oiliúna do mhúinteoirí ar an raon imeachtaí a bhíonn ar siúl in Ionad
Ealaíon & Cultúrtha Choill an Chollaigh agus dá bhrí sin is ionad é ina
gcuimsítear na healaíona, an oidhreacht agus an cultúr. Tá clár imeachta á chur
i bhfeidhm ann ó cheann ceann na bliana ó Dheireadh Fómhair 2002 i leith. Tá maoiniú á chur
ar fáil d’Ionad Ealaíon & Cultúrtha Choill an Chollaigh chun athchóiriú a
dhéanamh ar an seanteach cóiste ionas gur féidir é a fheistiú le go mbeidh
stiúideonna d’ealaíontóirí, spás i gcomhair imeachtaí, cistin, leithreas agus
áiseanna feistis ann.
Tá maoiniú á chur ar fáil d’Arthouse, An Sráidbhaile, Co. Laoise chun
athchóiriú a dhéanamh ar an seanteach cúirte agus é a fheistiú mar ionad nua
ealaíon. Áireofar stiúideo taifeadta, dánlann, caife agus gairdín
dealbhóireachta leis na háiseanna a bheidh ann. B’fhónta an ní é an seanteach
cúirte a bheith in úsáid mar ionad ealaíon mar gur foirgneamh stairiúil é agus
bheadh beocht san áit an athuair leis an bhforbairt.
Ba é Ionad Ealaíon
Bhéal an Átha áit na n-ealaíon i mbaile Bhéal an Átha ón mbliain 1994 i leith
agus is ansin, go príomha, a eagraítear na himeachtaí ealaíon a bhíonn ar siúl
sa bhaile. Baineann leanaí, daoine fásta, daoine faoi mhíchumas, ealaíontóirí
agus daoine nach ealaíontóirí iad tairbhe as na cláir ar ardchaighdeán a bhíonn
ar bun ann. Bainfear leas as an deontas
i gcabhair atá le cur ar fáil ag an Roinn chun an tIonad Ealaíon atá ann a
fheabhsú chun go mbeidh amharclann nua ann ina mbeidh áit suite do 250 duine
agus chun an cheardlann agus an spás taispeántais a fheabhsú. Freastalaítear ar
1,800 duine faoi láthair faoin gclár Ceardlainne agus For-rochtana agus ba
chóir gur 2,500 duine an líon daoine a mbeifí ábalta freastal orthu trí bhíthin
an mhaoinithe a sholáthróidh an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta.
Ceardlann
Mhacnais Gaillimh - €470,000
Bunaíodh
Macnas i nGaillimh sa bhliain 1986. Tá cáil bainte amach ag Macnas ó shin mar
cheann de na compántais is fuinniúla agus is díol suntais sna hEalaíona in
Éirinn. Baineann an tsamhlaíocht, an
paisean, an greann agus an féinmhuinín agus iad fuinte ina chéile leis na
cúlraí éagsúla ina n-oibríonn Macnas: in amharclanna, ar shráideanna, i
scoileanna agus i bpobail.. Bainfear leas as
an €470,000 atá le tabhairt faoi Scéim ACCESS II chun áit shaincheaptha a
thógáil ina mbeidh ceardlann suíomh scéil, ceardlann déanta frapaí, stiúideo
cleachtaidh agus ceardlann déanta feistis. Beidh seomra oiliúna agus áiseanna
riaracháin ag Macnas dá bharr. Is é atá d’aidhm leis ionad nua-aimseartha
ealaíon a sholáthar ina dtabharfaí tacaíocht do Mhacnas agus dá chuid léirithe.
Is é atá d’aidhm le
tionscadal Dhánlann agus Stiúideo Artlink EXPOSURE cur le rannpháirtíocht an
phobail sna healaíona agus tacú le healaíontóirí. Bainfear leas as an €570,000
chun ionad faoi leith a bhunú ina mbeidh áit chónaitheachta agus stiúideonna
d’Ealaíontóirí agus freisin ina mbeidh bunáit riaracháin, Ceardlann Rannpháirtíochta
agus spás Taispeántais. Bhainfí leas as an stiúideo mar bhunáit i gcomhair
imeachtaí malartaithe cultúrtha agus foghlama idir chomhpháirtithe áitiúla,
trasteorann agus idirnáisiúnta.
Is é atá d’aidhm leis
an tionscadal dánlann chomhaimseartha agus stiúideonna a fhorbairt go
speisialta d’ealaíontóirí i mBaile Átha Luain.
Beidh an dánlann suite ar shuíomh breá suntasach cois abhann i gcroílár
Bhaile Átha Luain. Beidh bailiúchán
buan inti a fhorbrófar, a bheidh á choimeád agus á chaomhnú mar aon le
sraitheanna de thaispeántais shealadacha ar ardchaighdeán ar an-díol suntais a
bheidh iontu do mhuintir na hIarmhí. Tiocfaidh cuimsiú sóisialta faoi ghné an
oideachais agus na for-rochtana agus cuirfear teacht a bheith ag cách ar na
healaíona chun cinn fúithi chomh maith.