Ráiteas Príobháideachta

Suíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta : Ráiteas ginearálta agus bailiú agus úsáid Faisnéise Pearsanta : Fianáin : Comhaid Loga : Nochtadh : Fógra faoi Athruithe ar Bheartas

Suíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta

Baineann an ráiteas seo le cleachtais phríobháideachta na Roinne Ealaíona, Spóirt agus Turasóireachta i ndáil lena suíomh gréasáin. Tá naisc le suímh eile ar ár suíomh gréasáin. Níl an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta freagrach as cleachtais phríobháideachta aon cheann de na suímh eile sin. Molaimid duit a bheith ar an eolas faoi sin nuair a fhágann tú ár suíomh, agus na ráitis phríobháideachta a léamh ar na suímh ghréasáin eile a dtugann tú cuairt orthu agus a bhailíonn faisnéis inaitheanta phearsanta. Ní bhaineann an ráiteas príobháideachta seo ach le faisnéis bailithe ar ár suíomh gréasáin.

Ráiteas ginearálta agus bailiú agus úsáid Faisnéise Pearsanta

Urramaíonn an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta cearta a húsáideoirí agus mar riail ghinearálta, ní bhailíonn sí faisnéis phearsanta d'aon chineál. I gcás go soláthraíonn úsáideoir faisnéis phearsanta agus leas á bhaint as ár bhfoirm aiseolais ar líne do Chustaiméirí, ní úsáidfear na sonraí ach chun críocha faisnéise, taighde nó anailíse. Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú don Roinn go saorálach de réir an chaighdeáin slándála agus rúndachta is airde, go docht de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.

Ní bhaineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin, seachas fianáin "seisiúin" shealadacha a chuireann ar chumas bhrabhsálaí gréasáin an chuairteora a chuimhneamh céard iad na leathanaigh ar an suíomh gréasáin seo ar tugadh cuairt orthu cheana féin. Féadann cuairteoirí an suíomh gréasáin seo a úsáid gan aon fheidhmiúlacht a chailliúint má tá fianáin míchumasaithe sa bhrabhsálaí gréasáin.

I gcás bhrabhsáil ghinearálta an ghréasáin, ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinn, cé gur féidir linn roinnt faisnéis staidrimh a fháil ónár soláthraí seirbhíse Idirlín. Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san fhaisnéis sin: seoladh loighciúil an fhreastalaí atá in úsáid agat, an t-ainm fearainn ardleibhéil trína ndéanann tú rochtain ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, etc.), an cineál brabhsálaí atá in úsáid agat, an dáta agus an t-am ag a bhfaigheann tú rochtain ar ár suíomh agus an seoladh Idirlín a úsáideadh chun nascadh lenár suíomh.

Úsáidtear roinnt den fhaisnéis thuas chun staidreamh coimrithe a chruthú, a chuireann ar ár gcumas líon na gcuairteoirí ar ár suíomh a mheasúnú agus a aithint céard iad na leathanaigh a dtugtar na cuairteanna is rialta orthu. Úsáidimid an staidreamh seo chun ár suíomh a dhéanamh níos éasca le húsáid.

Fianáin

Is píosa sonra é fianán a chuimsíonn faisnéis faoi do ghníomhaíochtaí ar an Idirlíon. Ar ár suíomh gréasáin ní úsáidimid ach fianáin 'seisiúin' chun gluaiseachtaí usáideoirí sa suíomh a rianú, rud a chuireann ar ár gcumas sláine agus iontaofacht na sonraí atá á n-úsáid a chothabháil. Níl an fhaisnéis ar fhianán nasctha le haon fhaisnéis inaitheanta phearsanta a sholáthraíonn tú dár suíomh. Nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí, cuirtear deireadh lenár rochtain ar an bhfianán.

Comhaid Loga

Nuair a úsáideann tú an tIdirlíon, sanntar seoladh uathúil duit ar a dtugtar seoladh IP. Úsáidimid seoltaí IP chun treochtaí a anailísiú, chun an suíomh a riaradh, chun gluaiseachtaí úsáideoirí a rianú agus chun faisnéis staidrimh a bhailiú. Níl seoltaí IP nasctha le faisnéis inaitheanta phearsanta.


Nochtadh

I gcás go ndéanann úsáideoir iarratas ar líne ar Dheontas ón gClár Caipitil Spórt, déantar an fhaisnéis a sholáthraítear a choinneáil ar fhreastalaí gréasáin slán, cosanta thar ceann na Roinne ag soláthraí seirbhíse tríú páirtí a chuireann Tacaíocht Theicniúil ar fáil agus a bhailíonn iarratais thar ceann na Roinne.

Fógra faoi Athruithe ar Bheartas

Forchoimeádann an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta an ceart an ráiteas príobháideachta seo a leasú ag aon uair, de réir mar is rogha léi féin, agus ba chóir duit an ráiteas príobháideachta seo a sheiceáil go rialta le haghaidh aon leasuithe.