Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Iarratas ar Aighneachtaí

 

 

Fionn Ó Gráda, uas.,

An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta,

Seomra 307,

Sráid Chill Dara,

Baile Átha Cliath 2.

achtteanga@dast.gov.ie

 

A Chara,

 

Cumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann - Irish Translators' and Interpreters' Association (ITIA) ar bun ó 1986 agus é ar an aon chomhlacht gairmiúil amháin in Éirinn a fheidhmíonn thar ceann aistritheoirí agus teangairí.

Cuimsíonn an Cumann aistritheoirí agus teangairí a oibríonn i gcuid mhór teangacha i réimsí teicniúla agus tráchtála agus liteartha, pé acu go lánaimseartha nó go páirtaimseartha, mar bhaill foirne nó ar a n-ábhar féin.

Is é is bunchuspóir don Chumann cúram a dhéanamh de riachtanais aistritheoirí agus teangairí uile na hÉireann agus na ndaoine a mbíonn siad ag obair leo.

Ball é den Fédération lnternationale des Traducteurs (FIT), an comhlacht idirnáisiúnta a fheidhmíonn thar ceann aistritheoirí agus a gcuid eagraíochtaí náisiúnta ar fud an domhain, agus ball a bhfuil ról lárnach aige ann, agus gur comhaltaí den ITIA iad Rúnaí Ginearálta láithreach FIT, Miriam Lee, agus Cathaoirleach Choiste Cearta Daonna FIT, Michael Friel.

Lena chois sin, tá ionadaíocht ag an gCumann ar CEATL (Conseil Européen des Associations de Traducteurs Littéraires – An Chomhairle Eorpach d’Eagrais na nAistritheoirí Liteartha), agus fós ar leibhéal na hEorpa tá an Cumann tar éis bheith ag obair i gcomhar leis an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) chun caighdeán nua de chuid CEN (Conseil Européen des Normes) a chruthú maidir le Seirbhísí Aistriúcháin.

Bíonn an Cumann ag comhoibriú le mórán institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre, leithéidí Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Choláiste na Tríonóide (BÁC), etc., agus ceangal aige, i gcomhar le Cumainn Lucht Tráchtála na hÉireann, le Tionscadal Leonardo da Vinci de chuid an AE.

Ar na daoine céimiúla ar baill oinigh den ITIA iad tá an saineolaí ar an leagan Gaeilge de Bhunreacht na hÉireann, Micheál Ó Cearúil, agus an duaiseoir Nobel, Seamus Heaney.

 

Mar dhream a bhíonn ag plé le teangacha, táimid go mór i bhfách leis an úsáid is leithne a bhaint amach do gach teanga dá bhfuil ann, mar ní comhartha deighilte ná easaonaithe againn an éagsúlacht teanga ach gné amháin d’oidhreacht luachmhar ilghnéitheach chultúrtha gur chóir a chomóradh. Ní gá a rá go bhfuil urraim ar leith san ITIA don teanga Ghaeilge, agus go deimhin féin tá cuid mhaith ball de chuid an Chumainn tar éis cáil a bhaint amach as saothair le scríbhneoirí Gaeilge a aistriú go teangacha éagsúla agus as mórshaothair litríochta an domhain a chur ar fáil i nGaeilge (sampla atá i mbéal an phobail faoi láthair is ea Harry Potter agus an Órchloch, a d’aistrigh comhalta de Choiste Feidhmiúcháin an ITIA, Máire Nic Mhaoláin).

 

Mar sin de, níl feidhm don Chumann aon rud faoi leith a rá i dtaobh mhaitheasaí an Achta féin. Ina theannta sin, i gcás na Roinne, glactar leis go bhfuil cuid áirithe den bhuanfhoireann dátheangach cheana féin agus an Roinn in ann sciar mhaith den cháipéisíocht Ghaeilge a ghiniúint iad féin agus doiciméid chaighdeánacha a sholáthar le húsáid i gcásanna eile.

 

Is mó an cheist a bheadh ar an gcumann seo againne faoi chásanna ina mbeadh seirbhísí teanga á gcoimisiúnú ón taobh amuigh. Ina dtaobh sin, bheadh trí sprioc ar leith i gceist againne:

1         Go  bhfaighe an cliant (an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta sa chás seo) obair d’ardchaighdeán a bheadh chun a sástachta, agus sin go poncúil féiltiúil;

2        Go bhfaighe úsáideoirí deiridh doiciméid sothuigthe a bheadh ag freagairt dá riachtanais;

3        Go gcaitear go gairmiúil le haistritheoirí agus le teangairí agus go dtugtar luach saothair cóir dóibh agus sin go poncúil féiltiúil.

 

Maidir leis an gcéad dá phointe, ní mór cuimhneamh nach leor eolas ar dhá theanga ann féin le bheith in ann aistriú ó theanga go chéile. Ní hé amháin gur teangairí agus scríbhneoirí oilte iad aistritheoirí gairmiúla ach is gnách go mbíonn saineolas acu i réimse amháin ar a laghad acu seo: airgeadas, teicneolaíocht, leigheas, dlí, na healaíona, agus mar sin de. Tá teorainn le líon na n-aistritheoirí Béarla/Gaeilge agus Gaeilge/Béarla agus níl amhras ná go gcruthóidh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 éileamh breise ar a gcuid seirbhísí.

 

Tá bealaí éagsúla ann le doiciméid a chur ar fáil go tapa, bídís le haistriú nó a mhalairt, agus bealach amháin acu sin is ea doiciméad caighdeánach a ullmhú a d’úsáidfí go minic agus gan le déanamh air ach na spásanna a líonadh. Ní gá doiciméad mar sin a aistriú ach aon uair amháin.

 

I gcásanna nach féidir doiciméad caighdeánach a chruthú, ba chóir an doiciméad a leagan amach chomh simplí agus is féidir, ar mhaithe leis an úsáideoir deiridh, agus stíl ghlan shoiléir a úsáid a bhainfeadh feidhm as an téarmaíocht chuí go deimhin ach a sheachnódh béarlagar dothuigthe. Fágann sé sin an gnó uilig níos fusa ag gach duine, idir údar, aistritheoir agus léitheoir deiridh.

 

Maidir leis an tríú pointe, is cúis imní don Chumann na scéalta faoi ranna rialtais agus comhlachtaí stáit agus a leithéid bheith ag dul i muinín gníomhaireachtaí neamhscrupallacha a bheireann buntáiste ar aistritheoirí agus ar theangairí, agus a chuireann chucu féin sciar ard de na táillí a íoctar as an sparán poiblí agus gan beann acu ar na cearta fostaíochta is bunúsaí. Seans maith nach bhfuil baol chomh mór sin ar aistritheoirí Béarla/Gaeilge, ar chúiseanna éagsúla, ach táthar ag súil mar sin féin go mbeidh dreamanna mar an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta in ann déanamh d’uireasa an mheáncheannaí agus seirbhísí aistriúcháin á lorg, ach dul díreach chuig aistritheoirí aonair nó chuig gníomhaireachtaí barántúla. Tá mórán aistritheoirí Béarla/Gaeilge ina mbaill den ITIA. Tá a gcuid sonraí le fáil ar an suíomh idirlín: www.translatorsassociation.ie mar aon le sonraí gníomhaireachtaí seanbhunaithe aistriúcháin agus teangaireachta atá ina mbaill chorparáideacha den ITIA.

 

Is sásúla ar fad na torthaí nuair a bhíonn an caidreamh oibre idir an cliant agus an soláthróir seirbhísí teanga bunaithe ar iontaoibh agus ar chomhthuiscint agus an dá pháirtí ag díriú ar na spriocanna céanna agus aitheantas á thabhairt acu do réimsí saineolais a chéile. Tá sé de bhunchuspóir ag an ITIA caidreamh den sórt sin a bhunú ar mhaithe le gach páirtí leasmhar sa scéal.

 

Tá Cumann Aistritheoirí agusTeangairí na hÉireann sásta i gcónaí aon eolas nó soiléiriú breise a bheadh uait a chur ar fáil.

 

Le dea-mhéin,

 

Annette Schiller                                          Máire Nic Mhaoláin

Cathaoirleach                                             (Coiste Feidhmiúcháin)