Aighneacht Fios
Feasa faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla
Fios Feasa
Is comhlacht ríomhaireachta Fios Feasa
lonnaithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
Bunaíodh an comhlacht sa bhliain 1997. Tá
seacht gcinn de CD-ROManna
oideachasúla foilsithe againn, as Gaeilge
nó go dátheangach. Tá suímh ghréasáin
deartha againn; tá pacáistí “touch-screen”
cruthaithe againn do mhúsaeim; agus tá
córais database le comhéadan Gaelach
deartha againn. Cuirimid traenáil ar fáil as
Gaeilge i réimsí éagsúla den
ríomhaireacht; soláthraíonn Fios Feasa an léachtóir don
chúrsa i bhfoilsitheoireacht na n-ilmheán
i bhFIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile
Átha Cliath. Ón uair go mbaineann
láimhseáil téacs go dlúth lenár gcuid oibre, is
minic a lorgaítear orainn aistriúchán a
dhéanamh chomh maith, agus tá breis is céad
míle focal aistrithe againn le cúpla
bliain anuas.
Réamhrá
Is iontach an deis é Acht na dTeangacha
Oifigiúla chun fód ceart a chur faoi sholáthar
seirbhísí an stáit do lucht labhartha na
Gaeilge. Ina ainneoin sin, is mór an baol atá
ann chomh maith go ndéanfaí iomallú a
thuilleadh ar chainteoirí na teangan, mara
soláthrófar na seirbhísí seo i slí go
mbeidís ábalta agus sásta úsáid a bhaint astu. Mara
ndéanfar i gceart anois é, is lú ná riamh
an seans go ndéanfaí feasta é, mar beidh sé le
maíomh go bhfuil sé á dhéanamh cheana, go
hoifigiúil pé scéal é. Tá sé
rí-thábhachtach mar sin go mbeadh
polasaithe éifeachtúla ag comhlachtaí poiblí chun
seirbhísí a sholáthar go hoiriúnach do
chustaiméirí a labhrann an Ghaeilge, agus go
mbeidís pro-active á gcur i gcrích.
Soláthar vs. Éileamh
Maoitear go minic gur faoi lucht labhartha
na Gaeilge atá sé na seirbhísí seo a
éileamh. Ach ní
féidir bheith ag súil lena leithéid, mar atá léirithe ag Seosamh Mac
Donnacha, UCG, i bpáipéar a sríobh sé mar
gheall ar an gcaidreamh idir chainteoirí
Gaeilge agus an stát. Tá an páipéar ar
fáil ar an ngréasán (faoi láthair, ach go háirithe)
ag http://www.linguapax.org/congres/taller/taller4/MacDonnacha.html,
agus dob fhiú
d’éinne bainteach le cur i gcrích Acht na
dTeangacha an t-alt gairid seo as Béarla a
léamh. Pléann sé go soiléir roinnt na
cumhachta idir an gnáth-shaoránach agus
seirbhísigh de chuid an stáit:
Irish speakers, both within the Gaeltacht
and elsewhere, are predisposed to
using English in their dealings with the
vast majority of public sector
organisations because their definition of
reality is that these are
organisations that normally function
through the medium of English ... In
addition the power differential between
the client and the public servant
means that it is normally the public
servant rather than the client who
determines what language will be used...
Even in situations where they would prefer
to access services through the
medium of Irish, the fact that they are
dependent on the public
servant/organisation suggests that they
are unlikely to demand such
services in Irish because of the risk,
whether perceived or real, that this
might result in antagonising the public
servant...
Aighneacht Fios Feasa faoi Acht na
dTeangacha Oifigiúla
2
To suggest that Irish speakers should
‘demand’ services through the
medium of Irish ... is in effect to say
that:
(a) Irish speaking clients can overcome
the ‘default’ languages set by
public sector organisations.
(b) That the organisations in question
have a realistic alternative to
their ‘default’ language.
(c) That the power-differential between
Irish speaking clients and
public servants can be changed such that
it is the client rather than
the public servant who determines the
language used in the
transaction.
(d) That Irish-speaking clients should
give priority to their use of Irish
over their need to gain access to the
services, assistance,
information etc. provided by public sector
organisations.
Go praiticiúil, ní féidir a bheith ag súil
go dtarlódh (a) ná (c) ná (d). Ach is féidir a
bheith ag súil leis an “realistic
alternative” a luaitear faoi (b): go soláthródh
comhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí go
praiticiúil as teanga seachas a ngnáth-theanga.
Chun go n-éireodh leis an Acht, caithfear
seirbhísí a sholáthar as Gaeilge i slí nach
bhfuil ag brath ar (d), is é sin le rá,
nach gcaithfeadh cliaintí Gaelacha an tosach a
thabhairt d’úsáid na teangan roimh theacht
ar sheirbhísí ar ard-chaighdeán.
Tá roinnt phointí á mholadh anso, ach tá
siad go léir dírithe ar an sprioc céanna: cur
chuige pro-active ag soláthar seirbhísí do
lucht labhartha na teangan i slí éifeachtúil.
Is iad so na hábhair a phléitear ar
leithrigh:
Custaiméirí
“Access”
An sprioc a aithint
Teanga is féidir a thuiscint
Praiticiúil ach dáiríribh
Pearsanra
Cur chuige bunaithe ar rannóga ar leith
Bainistíocht laistiar de
Foirmeacha priontáilte
Website
Measúnacht
Custaiméirí
Ó tugadh isteach an dá phrionsabal déag de
Sheirbhís ar Ard-chaighdeán do
Chustaiméirí i 1997, moltar go láidir don
státseirbhís trí chéile cuimhneamh ar a gcuid
cliaintí mar chustaiméirí, agus féachaint
chuige go mbeadh na custaiméirí sin sásta
leis an seirbhís a cuirtear ar fáil dóibh.
Is féidir an cur chuige céanna a chur i
bhfeidhm i gcúrsaí teangan. Is custaiméirí
iad lucht labhartha na Gaeilge, agus is sásta
a bheidh siad má cuirtear na seirbhísí ar
fáil dóibh, mar chustaiméirí, as a dteanga
féin. Ba cheart a rá, ar an dtaobh eile
den scéal, gur léirigh an tOmbudsman amhras
áirithe faoin gcur chuige seo an
chustaiméara ina thuairisc bhliantúil sa bhliain
chéanna. Mheabhraigh an tOmbudsman go
bhfuil difríocht idir saoránaigh ag
deighleáil leis an stát agus custaiméirí
ag deighleáil le comhlachtaí trádála, sa mhéid
is go bhfuil cearta ar leithrigh ag
saoránaigh agus dualgaisí dá réir ar stáitsheirbhísigh.
Ní lagaíonn sé sin seasamh chainteoirí na
Gaeilge, áfach, ach is amhlaidh a threisíonn
sé é.
Aighneacht Fios Feasa faoi Acht na
dTeangacha Oifigiúla
3
“Access”
Chun go mbeadh teacht ag custaiméirí ar
sheirbhísí i slí sásúil, caithfear iad a chur ar
fáil i slí a oireann dóibh; ní leor go
n-oirfeadh sé do na soláthraitheoirí. Má bhíonn
oifig ar bharr na staighre, oireann sé sin
go breá dom féin, ach tá daoine ann nach
n-oirfeadh sé i n-aon chor dóibh. Oireann
cáipéisí priontáilte go breá dom-sa, mar is
fearr liom iad a léamh ná bheith ag
éisteacht le duine á léamh pé scéal é, ach tá daoine
ann nach n-oirfeadh sé dhóibh, agus ba
cheart iad a chur ar fáil i slí a oireann dóibh.
Má chuirtear seirbhísí ar fáil ar an
ngréasán nó le fón póca, oireann sé sin do dhaoine
óga, ach ní oireann sé do dhaoine críonna.
Ar an gcuma chéanna, má cuirtear seirbhísí
ar fáil as Béarla amháin, oireann sé sin
do dhaoine áirithe, ach ní oireann sé dom-sa i
n-aon chor: an Ghaeilge mo theanga-sa.
An sprioc a aithint
Níor mhór a rá amach go soiléir cé hiad na
daoine go bhfuiltear ag díriú orthu, chun
go mbeadh dearthóireacht na seirbhísí agus
an sórt teangan a úsáidfear oiriúnach do
na daoine sin. Tá claonadh ann an Ghaeilge
a úsáid mar mhaisiúchán, an “cúpla focal”
a úsáid mar a bheadh seamróga teangan chun
a rá gur Éireannaigh sin. Má dhírítear ar
dhaoine, seachas
ar an dteanga féin, is féidir an dearmad san a sheachaint. Ón uair go
bhfuiltear ag caint ar sheirbhísí an
stáit, ba cheart díriú ar chainteoirí na teangan,
seachas ar fhoghlaimeoirí, nó ar
dhíograiseoirí. Go speisialta, níor mhór muintir na
nGaeltachtaí a aithint mar ghrúpa ar
leithrigh. Is annamh a bhíonn rudaí a chuirtear ar
fáil as Gaeilge oiriúnach i n-aon chor
dóibh, rud a threisíonn a dtuiscint go gcaithfidh
siad deighleáil leis an saol lasmuigh as
Béarla.
Teanga is féidir a thuiscint
Is mó rud aistrithe go Gaeilge nach
dtuigfeadh Arastatal, agus dá dheascaibh sin,
bíonn iachall ar lucht labhartha na
Gaeilge iompó thar n-ais ar an mBéarla. Tá
claonadh ann Béarla a aistriú go díreach
go Gaeilge, agus nuair nach féidir é sin a
dhéanamh cheal focal as Gaeilge a
fhreagródh go díreach don fhocal Béarla, focal a
dhéanamh suas. Tá claonadh chomh maith ann
an Ghaeilge oifigiúil a mhúnlú ar an
mBéarla, le focail chomhshuite ar nós
“breithlá” i n-ionad “lá breithe”, nó le húsáid an
ailt ar lorg an Bhéarla ar nós “An Roinn
Oideachais” i n-ionad “Roinn an
Oideachais”. Is léir nach n-éireodh lena
leithéid de chur chuige, dá chomónta é.
Faraoir géar, tá samplaí breátha de le feiscint
sna fógraí faoin Acht féin, ag lorg moltaí
agus tuairimí ar lucht labhartha na
teangan. Úsáidtear focail ar nós “aighneachtaí”,
“páirtithe leasmhara”, “inmhianaithe”,
agus “seachadadh” chun aistriúchán a
dhéanamh ar “submissions”, “interested
parties”, “ideally”, agus “forward”. Tá a fhios
agam go dtagann na leagnacha san ó
threoracha Roinn na Gaeltachta féin, ach cé go
mbeidís oiriúnach istigh sa Roinn, is ar
éigean a thuigfeadh gnáth-chainteoir iad.
Chaithfí ceann a thógaint de na hathraithe
a dhéantar ar na fógraí seo nuair a léitear
amach ar Raidió na Gaeltachta iad, ag
úsáid focail ar nós “tuairimí agus moltaí”,
“daoine go bhfuil suim acu ann”, “níor
mhór / theastódh sé”, agus “cur / scríobh”.
Úsáidtear cur chuige foclach (“daoine go
bhfuil suim acu ann” vs. “páirtithe
leasmhara”) agus teanga simplí (“má tá aon
tuairimí agat féin”) ar mhaithe le tuiscint,
agus níor mhór an cur chuige céanna a
úsáid i soláthar na seirbhísí má tá lucht
labhartha na teangan chun úsáid a bhaint
astu.
Aighneacht Fios Feasa faoi Acht na
dTeangacha Oifigiúla
4
Praiticiúil ach dáiríribh
Ní haon mhaitheas do chomhlachtaí poiblí
ligint orthu go mbeidh a gcuid seirbhísí go
léir á gcur ar fáil as Gaeilge go huile
agus go hiomlán ar an leibhéal céanna leis an
mBéarla faoi cheann cúpla bliain, ná go
mbeidh gach aon duine a oibríonn ann ábalta
deighleáil le custaiméirí as Gaeilge ar an
leibhéal céanna agus a dhéanann siad as
Béarla. Ní tharlóidh sé sin, sa
ghearrthéarma ach go háirithe, ná níl aon tsúil ag gnáthchainteoirí
na Gaeilge lena leithéid ach an oiread.
Ach is féidir seirbhísí áirithe a
sholáthar as Gaeilge ar chaighdeán ard,
agus a fhios a bheith ag gach éinne cad iad,
agus is mó an tairbhe a bheadh ansan do
lucht labhartha na teangan. Mar shampla, ón
uair nach mbeidh gach duine a fhreagraíonn
an fón ábalta deighleáil le glaoch as
Gaeilge, d’fhéadfaí uimhir ghutháin ar
leithrigh a chur ar fáil chuige, nó téip i dtosach
a déarfadh, “Luigh ar a haon i gcóir
Gaeilge; Press two for English”, mar a dhéantar
go coitianta i Meiriceá leis an Spáinnis.
D’fhéadfaí aonad ar leithrigh a chur ar fáil
chun deighleáil le ceisteanna as Gaeilge
chomh maith. Ach ní ceart é sin a úsáid mar
leathscéal gan an cúram a dhéanamh go
dáiríribh i n-aon chor. Ba cheart spriocanna
arda a leagan síos do na seirbhísí a
roghnófar sa ghearrthéarma, spriocanna eile a
roghnú don fhaidtéarma, agus gach iarracht
a dhéanamh na spriocanna a bhaint amach
i n-am trátha.
Pearsanra
Caithfear an scéim a dhearadh go
hoiriúnach do na cliaintí, gan aon amhras. Ach
caithfear é a dhearadh go hoiriúnach do na
daoine a bheidh á chur i gcrích chomh
maith. Bheadh suim ag aon duine daonna i
ndul chun cinn, i ndualgaisí agus i
ndúshláin nua, i n-aistriú ó oifig amháin
go hoifig eile mar a oirfeadh dóibh, agus mar
sin de. Má bhíonn aonad ar leith ann don
Ghaeilge, áfach, agus gan ach cúpla duine
cáilithe chun oibre ann, beidh greim
istigh orthu. Ní bheidh siad ábalta dul chun cinn
ná cur isteach ar phoist nua. Ní bheidh
siad ábalta aistriú go dtí baile nó cathair eile dá
n-oirfeadh sé sin d’athraithe ina saol
pearsanta. Caithfear polasaithe pearsanra a
fhorbairt chun deighleáil leis na
ceisteanna so go léir d’fhonn is nach mbeadh leisce ar
dhaoine tabhairt faoi phoist go mbaineann
an Ghaeilge leo, agus nach mbeadh olc
agus aithreachas ina dhiaidh sin orthu má
thugann siad. I measc na bpolasaithe sin,
níor mhór díriú chomh maith ar earcaíocht
agus ar thraenáil chun cur le líon na
ndaoine leis an scileanna cuí.
Cur chuige bunaithe ar rannóga ar leith
Is ar éigean is fiú d’institiúid chomh mór
le Comhairle Contae nó Roinn Rialtais aon
pholasaí amháin a bheith acu maidir le
soláthar seirbhísí as Gaeilge: theastódh cur
chuige bunaithe ar na rannóga ar
leithrigh. I gComhairle Contae, mar shampla, ba
cheart go mbeadh polasaí ag Roinn na
Tithíochta maidir le hiarratais phleanála, agus
gurb iad féin a chuirfeadh i bhfeidhm an
polasaí sin mar chuid dá ngnáth-obair
laethúil. Ach is polasaí eile a bheadh ag
teastáil ó Roinn an Teicneolaíochta maidir
leis an suíomh gréasáin agus an intranet,
agus iad féin á chur i gcrích.
Bainistíocht laistiar de
Tá athraithe móra suaithinseacha i gceist
leis an Acht, agus ní nach ionadh, beidh
“inertia” áirithe le sárú chun é a chur i
gcrích. Má bhíonn sé le feiscint go soiléir go
bhfuil an bhainistíocht is airde laistiar
de, is mó i bhfad an seans go gcuirfear i gcrích
go héifeachtúil é. (Agus ón uair go
gcaithfear é a chur i gcrích ar chuma éigin do réir
dlí, tá sé chomh maith é a dhéanamh go
héifeachtúil!) Dá mbeinn féin ag obair i n-aon
oifig agus dá mbeadh a fhios agam gur cuma
leis an mbainistíocht faoi pholasaí
Aighneacht Fios Feasa faoi Acht na
dTeangacha Oifigiúla
5
áirithe, ní bheadh sé ar bharr mo liosta
féin agus brú oibre orm. Ach dá mbeadh a
fhios agam go dtiocfaí thar n-ais chugam
agus go gcaithfinn mo chuid oibre a
dhéanamh arís mara mbeadh sé ag teacht
leis an bpolasaí chéanna, d’fhéachfainn
chuige go mbeadh sé amhlaidh an chéad
uair.
Foirmeacha priontáilte
I gcás foirmeacha nó cáipéisí priontáilte,
ba cheart leagan Gaelach agus leagan Béarla
a chur ar fáil ag an am gcéanna i gcónaí.
Pén “workflow” a bhíonn ann chun
foirmeacha a chruthú, ba cheart go mbeadh
dearthóireacht leagan na Gaeilge mar
chuid de, sa tslí is nach mbeifí ag lorg
aistriúcháin faoi bhrú mór ag an neomat
deireannach. Ba cheart dea-chleachtas
idirnáisiúnta a leanúint: na teangacha a scarúint
ar an bhfoirm, ach gan ach leagan amháin
den fhoirm a bheith ann. Le haon fhoirm
amháin, ní chaithfeadh an custaiméir an
leagan Gaelach a lorg go speisialta, ná bheith
ag féachaint ar fhoirm as Béalra le nóta
ag bun: “This form also available in Irish (but
don’t bother asking for it)”. Ní
chaithfeadh an t-oifigeach cuimhneamh go bhfuil a
leithéid ar fáil ach an oiread. Ní
chaithfeadh an comhlacht breis airgid a chaitheamh
ag priontáil an dá leagan agus ag
féachaint chuige go mbíonn an dá cheann istigh i
gcónaí. Ach caithfear na teangacha a
scarúint óna chéile (dhá thaobh den leathanach,
mar shampla) chun gur féidir le gach
custaiméir díriú ar a rogha féin teangan gan cur
isteach ón dteanga eile. Má bhíonn an dá
theanga measctha trí chéile, is bac ar
léitheoireacht é sin ar dhaoine nach
bhfuil acu ach an Béarla. Ach i n-ainneoin an dua
a fuaireadh ag cur isteach leagan na
Gaeilge, níl aon tairbhe ann do na daoine a
labhrann í, mar faoin am a chíonn siad an
Ghaeilge, bíonn an téacs léite cheana as
Béarla acu.
Website
Tá deiseanna iontacha sa teicneolaíocht
chun cur le feabhas i soláthar seirbhísí an
Stáit go ginearálta, agus is fearr ná san
na deiseanna atá sa teicneolaíocht an Ghaeilge
a chur ar chomhchéim agus ar chomhstádas
leis an mBéarla. Chun é seo a dhéanamh i
gceart, ní leor cáipéisí agus foirmeacha
agus leathanaigh HTML a aistriú, caithfear
athraithe bunúsacha a dhéanamh i
ndearthóireacht an tsuímh chomh maith. Do réir
dea-chleachtas idirnáisiúnta, ba cheart na
teangacha difriúla a bheith scartha óna
chéile chun go bhfeicfeadh an t-úsáideoir
an t-ábhar go léir as a rogha féin teangan. Is
féidir rogha theangan a phiocadh amach mar
“default” i do bhrabhsálaí féin, agus
suíomh a bheadh deartha go maith, léifeadh
sé an rogha san i dtosach, agus
chuimhneodh sé feasta air. Ina éagmais
sin, caithfear rogha theangan a sholáthar, le
dhá URL ar leith (www.publicbody.ie agus
www.comhlachtpoibli.ie) nó le leathanach
fáilte gan faic air ach rogha na dteangan.
Ba cheart go mbeadh an rogha ar fáil i
gcónaí chun gur féidir teanga a mhalartú
mar a oireann. Má roghnaítear a mhalairt de
theanga ag aon phointe sa tsuíomh, ba
cheart go n-imeofaí go dtí an leagan eile den
leathanach céanna, seachas leathanach
fáilte nó leathanach tosaigh an tsuímh. Má
bhíonn nasc ann go dtí cáipéis as an
dteanga eile, ba cheart go léireofaí go n-athrófar
an teanga; is faoin gcustaiméir féin ansan
é cliceáil ar an nasc nó gan a dhéanamh.
Ach ba cheart cuntas a choimeád ar a
bhun-rogha agus filleadh air láithreach ina
dhiaidh sin.
Measúnacht
Caithfear measúnacht dáiríribh a dhéanamh
ar na seirbhísí chun féachaint chuige go
bhfuilid á soláthar i slí éifeachtúil. Ní
leor ceist a chur ar chúpla duine ar aithne ag na
hoifigigh, ná fógra a chur sa nuachtán ag
lorg tuairimí. Chaithfí dul amach ag lorg
Aighneacht Fios Feasa faoi Acht na
dTeangacha Oifigiúla
6
daoine a labhrann an teanga agus
ceisteanna díreacha a chur orthu. Má bhíonn córas
ríomhaireachta ag an gcomhlacht chun
cuntas a choimeád ar ghlaonna agus ar
fhiosrúcháin agus ar an méid a deineadh dá
mbarr, is féidir “flag” teangan a chur sa
chóras céanna. Má bhíonn leagnacha
difriúla den suíomh gréasáin ann, is féidir cuntas
a choimeád ar chuairteanna. Ní bheadh aon
chiall, áfach, le comparáid idir líon na
bhfiosrúchán as Gaeilge agus an líon as
Béarla. Ba chiallmhaire meastúchán réasúnta
a dhéanamh roimh ré ar an éileamh go
bhféadfaí a bheith ag súil leis, bunaithe ar líon
na gcainteoirí laethúla nó seachtanúla sa
dúthaigh ábharach do réir an daonáirimh.
D’fhéadfaí comparáid a dhéanamh idir é sin
agus líon na bhfiosrúchán a gheofaí ina
dhiaidh sin.
Athchoimre
Tá dóchas mór múscailte i lucht labhartha
na Gaeilge le teacht Acht na dTeangacha,
dóchas go bhfuil tús curtha le ré nua ina
mbeidh teacht ar sheirbhísí ón stát acu as a
dteanga féin. Má bhíonn cur chuige ag na
comhlachtaí poiblí dírithe go praiticiúil ar
fhreastal ar chainteoirí na teangan, níl
aon chúis nach féidir an dóchas san a shásamh.