Comhdháil
Náisiúnta na
Gaeilge
Aighneacht
maidir le
dréachtú scéime
faoi réir Alt 11
d’Acht na
dTeangacha
Oifigiúla 2003 chuig : An Roinn
Ealaíon, Spóirt
agus
Turasóireachta
Eanáir 2005
2
Réamhrá
Is í Comhdháil Náisiúnta na
Gaeilge an lár-chomhairle ar na
heagraíochtaí deonacha Gaeilge.
Bunaíodh í sa bhliain 1943 agus
faoi láthair tá 21 balleagraíocht
inti.
Is í feidhm don Chomhdháil na
heagraíochtaí Gaeilge agus cairde
eile na teanga a chomhdhlúthú
d'fhonn comhpháirtíocht thorthúil
a chinntiú trí chumarsáid a chothú
agus aontú ar phríomhspriocanna
oibre na Comhdhála.
Baineann an Chomhdháil leis an
earnáil dheonach. Ní eagraíocht
stáit í nó ní eagraíochtaí stáit iad a
cuid baill. Tá an Chomhdháil mar
chuid d’earnáil na saoránach, i.e.
cuid riachtanach den daonlathas
rannpháirteach.
Léirítear fealsúnacht, ról agus
aidhmeanna Chomhdháil
Náisiúnta na Gaeilge go soiléir ina
ráiteas misin ‘bá agus tacaíocht
don Ghaeilge mar bheotheanga
agus cumas inti í a neartú agus a
bhuanú le go mbeidh sí á húsáid go
saoráideach agus go forleathan i
ngach gné de shaol mhuintir na
hÉireann’.
Tá spéis ar leith ag eagraíochtaí na
Comhdhála i stádas na Gaeilge
agus go háirithe sa chás go bhfuil
feidhm á tabhairt don stádas sin i
reachtaíocht na tíre. Fáiltíonn
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
roimh an deis seo tuairimí a chur
faoi bhur mbráid faoin ndréachtscéim
atá beartaithe ag an Roinn
Ealaíon, Spóirt agus
Turasóireachta agus is i bhfoirm
scéime atá ár moltaí déanta.
Aontaíonn an Chomhdháil leis na
treoirlínte a d’eisigh an tAire le
déanaí. Tá sé den riachtanas go
bhfeidhmeoidh an Roinn dá réir.
Comhthéacs na Scéime
An Roinn Ealaíon, Spóirt agus
Turasóireachta. Is Comhlacht
Poiblí í an Roinn Ealaíon, Spóirt
agus Turasóireachta atá freagrach
3
as réimse leathan seirbhísí a chur
ar fáil don phobal. Tá iomlánú ar
chúramaí agus ar dhualgais na
Roinne ar a suíomh idirlíon. Tá
imlíne ar phríomh fheidhmeanna
na Roinne ina Ráiteas Misin –
“Is é misean na Roinne ná cur le dul
chun cinn shochaí na hÉireann, ar
bhonn geilleagrach, sóisialta agus
cultúrtha agus cabhrú le cáilíocht na
beatha inti a shaibhriú, trí
thurasóireacht inbhuanaithe a chur
chun cinn ; trí shármhaitheas a
spreagadh ó thaobh a mbaintear amach
i gcúrsaí spóirt agus ealaíona; trí
rochtain ag níos mó daoine ar an spórt
agus ar na healaíona a éascú; agus trín
ár n-oidhreacht chulturtha a
chaomhnú.”,
I measc eolas eile ar an suíomh tá
eolas ar spriocanna na Roinne agus
ábhar eile maidir le –
hEalaíona agus Forais Chultúrtha
Spórt
Turasóireacht
Corparáideach
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Ráiteas Straitéise 2003-2005
Tuarascáil Bliantúil 2002-2003
Óráidí ón Aire
Deontais agus Cistiúchán
Ceisteanna Dála
Tá ról lárnach ag an Roinn Ealaíon,
Spóirt agus Turasóireachta i leith
na Gaeilge agus i leith na
Gaeltachta. Molann an
Chomhdháil go ndéanfaí léiriú
soiléir ar an ról seo tríd an idirlín,
trí fhógraíocht, trí chomharthaíocht
agus trí mhodhanna eile
cumarsáide. Déanann an
Chomhdháil comhghairdeas leis an
Roinn de bharr an Ghaeilge a
bheith chomh feiceálach sin ar a
suíomh idirlíon ach molann an
Chomhdháil go ndéanfaí forbairt
leanúnach ar seo sa gcaoi go
mbeidh an leagan Gaeilge ar
chomhchéim leis an leagan Béarla i
gcónaí. Fáiltíonn an Chomhdháil
roimh ghealltanas na Roinne ina
gCairt do Chustaiméirí ina
ndeirtear -
Seirbhís Trí Ghaeilge Tabharfar
freagra as Gaeilge ar chomhfreagras a
gheofar i nGaeilge. Déanfar gach
iarracht freastal ar fhiafraithe teileafóin
i nGaeilge agus freastal ar dhaoine a
thagann i láthair ar mian leo a ngnó a
dhéanamh trí Ghaeilge.
Ar ndóigh tá dualgas reachtúil ar
an Roinn Ealaíon, Sóirt agus
Turasóireachta faoi achtanna
éagsúla, teanga agus cultúr na tíre
seo a chur chun agus a chaomhnú,
mar shampla Acht um Údarás
Náisiúnta Forbartha Turasóireachta
2003. Ní mór don Roinn a bheith
san airdeall ar thionchar na
turasóireachta i gceantar
Gaeltachta agus an buntáiste go
féidir a bheith ag turasóireacht má
bhaintear úsáid ceart as deiseanna
chun cur le fostaíocht agus
geilleagar ceantair. Is gá go gcuirfí
béim ar leith ar an teanga agus na
healaíona traidisiúnta i gcónaí faoi
mar atá ráite san Acht Ealaíon 2003,
mar chuid tábhachtach agus
lárnach de chultúr na tíre seo.
Beidh an seirbhís a chuirfidh an
Roinn ar fáil do phobal na Gaeilge
4
ar chomhchéim leis an seirbhís a
chuirfear ar fáil i mBéarla agus ní
bheidh aon saoránach faoi mhí
buntáiste de bharr ceachtar de na
teangacha oifigiúla a roghnú. Is fiú
go mór go mbeadh sé le feiceáil ag
an bpobal go dtugann An Roinn
seo tacaíocht don teanga i ngach
gné den obair atá idir lámha aici.
Ní mór freisin oiliúint a chur ar fáil
agus deis a thabhairt do fhostaithe
na Roinne an Ghaeilge a fhoghlaim
agus a úsáid ar bhonn leanúnach.
Molann Comhdháil Náisiúnta na
Gaeilge go n-úsáidfí Acht na
dTeangacha Oifigiúla 2003, chun
ethos na Roinne i leith na Gaeilge a
neartú. Le go mbeidh an tionchar
ceart ag scéim ní mór go léireodh sí
go bhfuil i gceist seirbhís den scoth
a thairiscint do phobal na Gaeilge
bunaithe ar “Sheirbhís
Ardchaighdeán do Chustaiméirí”
agus go mbeidh a fhios ag an
bpobal go bhfuil an seirbhís seo
ann dóibh. Tá ráiteas misin na
Roinne an-tábhachtach agus le
moladh. Is fiú a aithint gur
buntáiste mór don tír go
mbainfeadh daoine óga a
bpoitéinseal amach i gcúrsaí spóirt
agus go mbeidh siad ar an eolas
faoi chultúr agus teanga na tíre seo.
An Scéim
Aithneoidh An Roinn Ealaíon,
Spóirt agus Turasóireachta a
dualgas agus a ról faoi Acht na
dTeangacha Oifigiúla 2003 agus
deimhneoidh sí go bhfeidhmeoidh
sí go dílis de réir an Achta agus de
réir an spioraid atá taobh thiar de.
Nóta: Is
ionann “Comhlacht
Poiblí “i gcás an aighneachta
seo agus an Roinn Ealaíon,
Spóirt agus Turasóireachta
agus baineann gach tagairt
do “an Comhlacht Poiblí” ins
an aighneacht/doiciméad leis
an Roinn Ealaíon, Spóirt agus
Turasóireachta.
Réamhrá don scéim
1.1 Déanfaidh an Comhlacht Poiblí
cur síos ar a custaiméirí, a
seirbhísí agus a gníomhaíochtaí
ar nós mar atá leagtha amach
faoin Acht um Shaoráil Faisnéise,
1997& 2003.
1.2 Ina theannta sin saineoidh an
Comhlacht Poiblí na seirbhísí
sin atá ar fáil cheana féin i
nGaeilge.
1.3 Cinnteoidh an Comhlacht Poiblí
go mbeidh na seirbhísí
bunaithe ar phrionsabail
“Seirbhís Ardchaighdeán do
Chustaiméirí” agus déileálfaidh
an fhoireann go fáilteach leis an
bpobal i nGaeilge agus i
mBéarla soiléir intuigthe.
5
1.4 Leagfaidh an Comhlacht Poiblí
spriocanna cinnte síos agus
amscála chun iad a bhaint
amach.
1.5 Léireoidh an Comhlacht Poiblí
córas measúnaithe a
dhéanfaidh seachadadh na
seirbhíse a mheas agus a
chinnteoidh go n-aithneofar
céimeanna feabhais.
1.6 Lorgóidh an Comhlacht Poiblí
aischothú leanúnach ón bpobal
ar fheidhmiú na scéime agus
beidh cur síos ar an gcóras sin
ríofa sa scéim.
An Scéim
2. (a) Is í tuairim láidir Comhdháil
Náisiúnta na Gaeilge gur cóir
go mbeadh sé mar bhun aidhm
ag an gComhlacht Poiblí go
mothóidh an custaiméir i gcónaí
go bhfuil fáilte roimhe/roimpi
agus go mbeidh teacht aige/aici
ar sheirbhís trí Ghaeilge gan
aon mhór dua.
(b) Tá sé tábhachtach go
mbeadh Ard-Rúnaí an
Chomhlachta Poiblí freagrach
as seachadadh na seirbhíse seo.
Ceapfaidh an Comhlacht Poiblí
Oifigeach Sinsearach i ngach
rannóg gníomhaíochtaí chun
féachaint chuige go
bhfeidhmeofar an scéim ach í a
bheith aontaithe leis an Aire.
2.1 Os rud é go bhfuil an
Comhlacht Poiblí freagrach as
seirbhís a chur ar fáil i gceantair
Gaeltachta chomh maith le seirbhís
do phobal na Gaeilge i gcoitinne
beartóidh siad caitheamh leis an
nGaeilge agus an mBéarla ar bhonn
comhionannais agus iad ag plé leis
an bpobal. Ciallaíonn an gealltanas
seo go gcuirfear saor-rogha teanga
ar fáil don phobal agus iad ag plé
leis an gComhlacht Poiblí. Ní
bheidh aon saoránach faoi mhíbhuntáiste
ar bith ag éirí as a rogha
teanga oifigiúil a roghnú.
De bharr cúlra éagsúil gairmiúil
foireann an chomhlachta, tá roinnt
ball foirne ins na hoifigí gan
Ghaeilge. Dá bhrí sin, mar shocrú
ad interim :
2.2 Freagróidh fáilteoirí,
teileafónaithe nó baill foirne an
guthán go dátheangach
lasmuigh den Ghaeltacht.
6
Cuirfear clár traenála bunúsach
ar fáil don fhoireann maidir le
húsáid na Gaeilge ar an
nguthán. Beidh aon
teachtaireacht ar ghuthán
réamh-thaifeadta go
dátheangach.
2.3 Beidh liosta reatha ag gach
fáilteoir nó teileafónaí de
dhaoine ainmnithe i ngach
rannóg nó fo-roinn de chuid an
Chomhlachta Poiblí atá in ann
ábhar na Rannóige nó na foroinne
a phlé i nGaeilge.
2.4 Aithneoidh an Comhlacht
Poiblí go bhfuil Gaeilge
riachtanach le seirbhís
chuimsitheach a chuir ar fáil don
phobal. Aithneoidh sé freisin, nuair
a lorgaíonn an saoránach lasmuigh
den Ghaeltacht seirbhís, go bhfuil
sé de cheart aige/aici an teanga ina
ndéantar an tseirbhís sin a
sheachadadh a bheith mar an
gcéanna leis an teanga ina
lorgaíodh an tseirbhís ar an gcéad
dul síos. Chuige seo, beartóidh an
Comhlacht Poiblí nach mbeidh aon
seirbhís dá cuid ar fáil trí mheán an
Bhéarla amháin laistigh de 5 bliana
ó theacht i bhfeidhm na dréachtscéime.
2.5 Chun an sprioc seo a bhaint
amach beidh polasaí cinnte ag
an gComhlacht Poiblí maidir
le hearcú, ionduchtú agus
oiliúint foirne agus mar chuid
de sin tógfar na céimeanna
seo a leanas :-
• Beidh an Ghaeilge mar
riachtanas sainithe i
gcúrsaí earcaíochta an
Chomhlachta Poiblí i
bpáirtíocht le
Coimisinéirí na Stát
Seirbhíse as seo amach;
• Tá ceart ag fostaithe de
chuid na Comhlachta
Poiblí an Ghaeilge a
úsáid go hinmheánach.
Chuige seo, beidh
athbhreithniú rialta ar
riaracháin chun a
chinntiú go mbeidh deis
ag baill foirne ar mhaith
leo nó atá toilteanach
obair a dhéanamh trí
7
mheán na Gaeilge sin a
dhéanamh mar
ghrúpa/aonad.
• Leanfar le scéim
Gaeleagras ach cuirfear
scéim inmheánach ar
leith ar bun freisin ionas
go mbeidh deis ag gach
uile ball foirne Gaeilge a
fhoghlaim.
Comhfhreagras
3.(a) Sa mbreis ar an gcleachtas san
Aontas Eorpach agus an méid atá
leagtha síos in Alt 9 (2) d’Acht na
dTeangacha Oifigiúla, cinnteoidh
an Comhlacht Poiblí go bhfaighidh
an custaiméir freagra nó admháil
ar chomhfhreagras taobh istigh
d’amscála réasúnach agus cinnte ar
chomh chaighdeán seirbhíse le
comhfhreagras i mBéarla.
(b) Faoi mar atá in Alt 9 (3) den
Acht beidh comhfhreagras a
thionscnaíonn an Comhlacht Poiblí
i nGaeilge nó beidh ráiteas soiléir i
nGaeilge ag cur in iúl don léitheoir
go bhfuil fáilte roimh
chomhfhreagras i nGaeilge. Beidh
comhfhreagras ón gComhlacht
Poiblí maidir leis an nGaeilge nó
cúrsaí Gaeltachta i nGaeilge sa
chéad dul síos.
(c ) Sa chás go bhfuil a fhios ag an
gComhlacht Poiblí gur fearr le
custaiméir feidhmiú trí Ghaeilge
beidh gach comhfhreagras leis an
duine sin i nGaeilge.
Stáiseanóireacht
4. (a) I gcás stáiseanóireachta de,
beidh sé mar pholasaí de chuid an
Chomhlachta Poiblí, go mbeidh sí i
nGaeilge nó dátheangach. Sa chás
seo, beidh sé mar pholasaí go
mbeidh aon téacs i nGaeilge nó i
mBéarla ar chomh mhéid. Beidh an
leagan Gaeilge os cionn an leagan
Béarla agus áit a mbeidh an dá
théacs le chéile beidh an leagan
Gaeilge ar taobh na láimhe clé.
Beidh an dá théacs comhionann ó
thaobh cruth, méid, caighdeán,
soléiteacht agus suntasacht de. Más
gá aon idirdhealú eile a dhéanamh
beidh forlámhas ag an Gaeilge.
(b) Is i nGaeilge agus i mBéarla a
bheidh fógráin, fógairt béil (beo nó
réamh-thaifeadta), agus
comharthaí de chuid na
Comhlachta Poiblí taobh amuigh
8
den Ghaeltacht. Is i nGaeilge
amháin a bheidh fógráin 7rl sa
nGaeltacht.
(c) Beidh póstaeir eolais ar fáil i
nGaeilge agus i mBéarla go
comhuaineach.
Cumarsáid Leictreonach
5.1(a) Baineann an treoir thuas
maidir le comhfhreagras
leictreonach nó ríomhphoist chomh
maith. Beidh an séanadh a cuirtear
ar gach ríomhphoist dátheangach
nó i nGaeilge amháin.
5.1(b) Beidh an suíomh idirlíon a
chuireann eolas ar fáil don phobal
go hiomlán dátheangach.
Ábhar Scríofa
6. (a) Tá dualgas reachtúil ar an
gComhlacht Poiblí roinnt ábhar
scríofa a fhoilsiú go comhuaineach
i ngach ceann de na teangacha
oifigiúla : cuntais, tuairiscí, 7rl.
(b) Beidh sé mar chleachtas sa
Roinn gach uile doiciméad poiblí a
fhoilsiú go dátheangach, iad siúd
nach luaitear san Acht san
áireamh. Ní seolfar aon doiciméad
chuig aon scoil sa stát nach bhfuil
iomlán dátheangach.
(c) Beidh foirmeacha coitianta
seachtracha an Chomhlachta Poiblí
(.i.e. foirmeacha go mbíonn ar an
bpobal a úsáid seachas foirmeacha
inmheánach), i nGaeilge intuigthe
sa nGaeltacht sa chás gur gnó
Gaeltachta amháin atá i gceist. Is
go dátheangach a bheidh na
foirmeacha coitianta seachtracha
eile.
Cruinnithe Poiblí
7.(a) Reáchtálfar cruinnithe,
fiosrúcháin, 7rl a eagraíonn an
Comhlacht Poiblí don phobal trí
mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht le
seirbhís ateangaireacht
comhuaineach Gaeilge-
Béarla/Béarla-Gaeilge ar fáil don té
go bhfuil fonn air Béarla a úsáid.
(b) Lasmuigh den Ghaeltacht beidh
cead ag an bpobal ceachtar den dá
theanga oifigiúil a úsáid agus beidh
seirbhísí ateangaireacht ar fáil.
Tógfaidh an Comhlacht Poiblí
cumas labhartha Gaeilge san
áireamh agus socruithe á
dhéanamh acu maidir le
Cathaoirligh chruinnithe poiblí nó
Cathaoirligh agus foirne binse á
roghnú acu.
9
(c) Foilseofar aon tuairisc ag éirí as
cruinnithe, fiosrúcháin nó binsí
fiosrúcháin faoi choimirce an
Chomhlachta Poiblí i nGaeilge nó
go dátheangach. Beidh an dá
theanga in aon téacs dátheangach
ar chomh mhéad. Beidh an leagan
Gaeilge os cionn an leagan Béarla,
agus, áit a mbeidh an dá théacs le
chéile beidh an leagan Gaeilge ar
fáil ar thaobh na láimhe clé. Beidh
an dá théacs comhionann ó thaobh
cruth, méid, caighdeán, soléiteacht
agus suntasacht de. Más gá aon
idirdhealú eile a dhéanamh beidh
forlámhas ag an leagan Gaeilge.
Caighdeán Seirbhíse.
8. Beidh foirm agus stíl aon ábhar
poiblí a fhoilsíonn an Comhlacht
Poiblí i nGaeilge agus i mBéarla
intuigthe, soléite agus éasca le
freagairt.
An Ghaeltacht
9. Tá sainriachtanais ag pobal na
Gaeltachta de bharr go bhfuil siad
ag feidhmiú trí theanga
neamhfhorleathan, cé gur í an
príomhtheanga Náisiúnta í, atá faoi
shíor bhrú ag an dara teanga
oifigiúil, ceann de na teangacha is
cumhachtaí sa domhan. Beartóidh
an Comhlacht Poiblí gach seirbhís a
bhaineann leis an nGaeltacht a
sholáthar sa gnáth-chúrsa trí
mheán na Gaeilge amháin. Is é sin
a rá gur cóir don Chomhlacht
Poiblí an Ghaeilge a úsáid, mar
ghnás iompar teanga, leis an
bpobal sa Ghaeltacht agus san áit
ina bhfuil sí ag plé cúrsaí Gaeilge
go bhfuil an Comhlacht Poiblí
sainfhreagrach as.
Tríú Páirtithe
10.1. Beidh téarmaí na scéime seo
mar choinníoll dóibh siúd atá ag
obair thar ceann an Chomhlachta
Poiblí faoi chonradh nó mar fhocuideachta.
10.2. Comhlíonfaidh aon
chomhaontú nó socrú idir an
Comhlacht Poiblí agus tríú páirtí
téarmaí na scéime seo - aon seirbhís
a dháiltear amach ar chonradh san
áireamh. Beidh ar chonraitheoir
monatóireacht a dhéanamh ar aon
soláthar seirbhíse don Chomhlacht
Poiblí de réir na scéime. As seo
amach beidh a leithéid de