Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
An Roinn Ealaíon, Spóirt agus
Turasóireachta
Aighneacht Choiste Dúiche na
Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge
5 Eanáir ‘05
A Chara,
Tagraím d’Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an Scéim
Ghaeilge atá á ullmhú
agaibh.
Is mian liom an aighneacht iniata a chur faoi bhráid
mar chuid den phróiseas
chun an Scéim sin a ullmhú.
Tá an aighneacht curtha le chéile thar ceann Choiste
Chontae na Gaillimhe de
Chonradh na Gaeilge. Is iad seo leanas na Craobhacha
atá páirteach sa Choiste
sin.
Baile Locha Riach
Baile Átha an Rí
Órán Mór
Maigh Cuilinn
Uachtar Ard
Na Forbacha
Béal Átha na Slua
Annach Cuain
Dúiche Raiftéirí
An Spidéal
An Achréidh
Bun na gCnoc
Beithe
Inis Meáin
Inis Oírr
Cathair na Gaillimhe
Tír Oileán
Tuaim
Cumann Drámaíochta agus Cumann Gaelach na hOllscoile
Cumann Gaelach Institiúid Teicneolaíochta na
Gaillimhe-Maigh Eo
Craobh na Mílaoise, Cois Fharraige
Beidh áthas orainn aon chúnamh eile is féidir a chur
ar fáil agus táimid ar fáil do
chruinniú má tá sé sin de dhíth.
Beir bua,
Peadar Mac Fhlannchadha
Cathaoirleach
Eolas:
Eolas faoi chúlra, seirbhísí reatha, pleananna agus
gach eolas eile a bheith ar fáil
go dátheangach faoin eagraíocht. Gach ábhar a chur ar
fáil go dátheangach, ina
n-áirítear, bileoga eolais, paimfléid, foirmeacha,
tuarascála bliantúla, cuntais agus
gach eolas eile a cuirtear ar fáil trína meáin
chlóite, an raidió, teilifís agus na
meáin leictreonacha. An t-eolas seo a bheith ar fáil
go comhuaineach agus gan gá
aon obair bhreise a dhéanamh thar mar a bheidh i
gceist chun teacht ar an eolas i
mBéarla. An t-eolas seo a bheith curtha ar fáil i
mbealach atá soléite agus éasca le
tuiscint.
Sprioc: Roimh dheireadh na céad bliana den Scéim
Comhfhreagras:
Go mbeidh comhfhreagras iomlán ar fáil i nGaeilge más
é sin rogha an
tsaoránaigh. Clúdaíonn an téarma comhfhreagras gach
teagmháil idir an
saoránach agus an Comhlacht, litreacha, ríomhphost,
guthán ‘srl.
Go ndéanfar é seo i mbealach nach gcuirfidh moill ar
ghnó an tsaoránaigh nó
nach gcuirfidh as don leibhéal seirbhíse a cuirtear ar
fáil.
Sprioc: Roimh dheireadh na céad bliana den Scéim
Córas Gutháin
Tá an-tábhacht leis an gcóras fóin mar go hiondúil is
é seo an chéad phointe
teagmhála a bhíonn ag an saoránach leis an gcóras
stáit. Tá sé riachtanach go
dtuigfeadh an té atá ag glaoch go bhfuil fáilte roimh
an Ghaeilge agus go mbeidh
seirbhís éifeachtach ar fáil tríd Ghaeilge.
Caithfidh córas a bheadh ann chun plé le fiosrúcháin gutháin
i nGaeilge chun a
chinntiú go mbíonn seirbhís ar fáil láithreach don té
a chuireann glaoch ar aon
uimhir fóin de chuid. Dfhéadfaí leas a bhaint as
uimhir fhóin faoi leith i gcás
fiosrúchán Gaeilge mar shampla.
Ba chóir a chinntiú; Go dtabharfaí an leagan Gaeilge
den ainm nuair a
fhreagaítear an fón.
Go mbeadh sé ar chumas an té atá ag freagairt an fhóin
plé
le fiosraithe i Gaeilge nó iad a chur ar aghaidh chuig
an ball
foirne cuí.
Más córas uathoibríoch atá in úsáid go mbeadh sé seo
ar fáil
go dátheangach agus nach mbeadh sé socraithe i
mbealach
go mbeadh teachtaireacht i mBéarla i dtús agus gur gá
fanacht go dtí an deireadh ar fad don teachtaireacht
Ghaeilge.
Sprioc: Tús na Scéime
Ríomhphost
Ba chóir a chinntiú go mbíonn seirbhís ríomhphoist ar
fáil i nGaeilge mar chuid
den ghnáthchomhfhreagras agus freisin go mbeadh leagan
dátheangach ar fáil
d’aon teachtaireachtaí uathoibríocha a mbaintear úsáid
astu mar chuid den
chóras.
Sprioc: Tús na Scéime
Cúrsaí Theicneolaíochta
Beidh tábhacht ar leith ag baint le úsáid na
teicneolaíochta chun seirbhísí i
nGaeilge a chur ar fáil
Cinntiú go bhfuil an teicneolaíocht i bhfeidhm chun
córas a fheidhmiú gur i
nGaeilge a dhéanfaí gach plé leis an té ar mian leis é
seo a dhéanamh. Go
mbeadh an córas seo in ann é seo a aithint ón chéad
teagmháil idir an
chustaiméir agus an Roinn agus é seo a leanúint i
ngach plé a bhíonn ag an té sin
ina dhiaidh sin le haon rannóg den Roinn chun a
chinntiú gur seirbhís i nGaeilge
a chuirfear ar fáil dóibh
Go bhfuil an córas ríomhaireachta ar fad in ann an
síneadh fada a úsáid agus gur
amhlaidh a bheidh sé maidir le úsáid an tsínidh fhada
ar aon fhoirm ar-líne.
Go mbeadh gach foirm d’aon chineál a chuirtear amach
chuig an bpobal tríd an
lárchóras ríomhaireachta ar fáil go dátheangach
Go mbeadh an córas gutháin inniúil ar sheirbhís i
nGaeilge a chur ar fáil don
phobal agus go mbeadh sé seo déanta i mbealach a
chuireadh in iúl láithreach go
bhfuil seirbhís i nGaeilge ar fáil ón Roinn agus
fáilte roimh an pobal an tseirbhís
seo a úsáid
Go ndéanfaí cinnte go mbeadh suíomh idirlín na Roinne
go hiomlán
dátheangach. Go mbeadh an t-eolas ar fad atá ar an
suíomh ar fáil go
dátheangach
Sprioc: Roimh dheireadh na dara bliana
Foireann:
1. Go gcuirfí eolas ar fáil don phobal faoin
bhfoireann atá ábalta seirbhís a
chur ar fáil i nGaeilge agus go n-eagrófaí córas
cinnte chun teagmháil a
dhéanamh lena baill foirne seo agus chun a léiriú cén
réimse seirbhíse atá siad in
ann a chur ar fáil.
Go gcuirfear feachtais eolais ar bun chun na dualgais
nua faoin Acht Teanga
agus Scéim na Gaeilge a mhíniú don fhoireann ar fad.
Sprioc: Tús na Scéime
2. Go gcuirfí córas oiliúna ar fáil chun cur ar chumas
an chuid eile den
fhoireann caighdeán Gaeilge a bhaint amach a
chuirfeadh ar a gcumas seirbhís i
nGaeilge a chur ar fáil ar a gcompord féin agus ar
chompord an chustaiméara.
Go mbeadh sé seo déanta ag leibhéal go mbeadh seirbhís
i nGaeilge ar fáil gan
stró ag clúdach gach réimse oibre.
Sprioc: Roimh dheireadh na céad bliana den Scéim
3. Go gcuirfí cumas Gaeilge san áireamh agus foireann
á earcú feasta.
Sprioc: Tús na Scéime
Ginearálta: Ní bheidh sé inghlactha go mbeadh ar na
baill foirne a bhfuil
Gaeilge ar a dtoil acu plé le gach éileamh ar
sheirbhísí i nGaeilge, cuma cén
rannóg lena bhfuil siad ag obair. Níl sé seo cothrom
don mball foirne agus ní
bheidh an réimse eolais acu chun seirbhís cuí a chur
ar fáil don saoránach.
Soláthar Seirbhísí
Go mbeidh deis ag an saoránach seirbhísí iomlán a
fháil tríd mheán na Gaeilge, ó
eolas faoina seirbhísí atá ar fáil, comhfhreagras tríd
Ghaeilge, agus ansin plé
díreach leis an bhfoireann tríd mheán na Gaeilge.
Ach go háirithe go mbeadh an tseirbhís seo leanas á
cur ar fáil.
Oifigí: Foireann ar fáil i ngach oifig chun
seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge.
Nósmhaireacht bunaithe chun an rogha teanga atá ar
fáil a chur in
iúl don phobal.
Córas eagraithe chun a chinntiú nach gcuirfí moill ar
bith
ar an té atá ag lorg seirbhís i nGaeilge.
Sprioc: Roimh dheireadh dara bliana na Scéime
I gcás oifig ar bith atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht
gurb í an
Ghaeilge teanga oibre na hoifige agus na foirne agus
gurb i
nGaeilge a bheidh na comharthaí ar fad ‘srl.
Cinntiú go bhfuil gach uile foirm ‘srl. ar fáil go
dátheangach ar aon
bhileog amháin.
Má tharlaíonn sé i gcás eisceachtúil nach bhfuil an dá
theanga ar an
bhfoirm céanna go mbeadh na leaganacha Gaeilge ar fáil
go
soiléir poiblí agus nach mbeadh ar an bpobal dul á
lorg go
speisialta.
Sprioc: Tús na Scéime
Plé leis an bPobal:
Foireann: Foireann a chur ar fáil
atá lánchumasach sa Gaeilge chun plé le
pobail nó daoine aonair ar mian leo seirbhís i
nGaeilge a fháil.
An t-eolas go bhfuil seirbhís mar seo ar fáil a
phoibliú go
forleathan.
Ócáidí: Aon chúrsaí, seirbhísí poiblí, seimineáir,
ócáidí eolais a bhíonn ar
siúl a eagrú go dátheangach, nó i nGaeilge amháin más
ceantar
Gaeltachta atá i gceist.
Sprioc: Deireadh na céad bliana
An Ghaeltacht
Gur i nGaeilge amháin a bheidhfí ag plé le gach gnó sa
Ghaeltacht agus go
dtabharfar tús áite don Ghaeltacht maidir le soláthar
seirbhísí i nGaeilge.
Sprioc: Tús na Scéime
Ceantair ina bhfuil leibhéal ard
cainteoirí Gaeilge
agus Gaelscoileanna
In áit go bhfuil eolas ar fáil faoi leibhéal ard
cainteoirí Gaeilge a bheith ina gcónaí
ann agus/nó go bhfuil Gaelscoil sa cheantar, go
dtabharfar aird faoi leith do
sholáthar seirbhísí i nGaeilge.
Sprioc: Tús na Scéime
Oifigí / Foirgnimh:
Go ndéanfaí soiléir trí chomharthaí, dearcadh foirne,
beannachtaí agus córas fóin
‘srl. go bhfuil fáilte roimh úsáid na Gaeilge agus go
mbeidh seirbhís i nGaeilge ar
fáil a bheidh ar chomhchaighdeáin le seirbhísí i
mBéarla.
Sprioc: Tús na Scéime, agus ag cur leis de réir mar a
chuirtear le leibhéal na
seirbhíse a chuirfear ar fáil i nGaeilge
Ócáidí Poiblí:
Go ndéanfar cinnte go mbeidh gach ócáid poiblí atá á
reáchtáil go dátheangach,
idir comharthaí agus cur i láthair, óráidí san
áireamh.
Sprioc: Tús na Scéime
Freagracht:
Go mbunófaí córas freagrachta chun soláthar na
seirbhísí i nGaeilge a chinntiú
agus go mbeidh dualgais chinnte ag leibhéal riaracháin
éagsúla chun é seo a
bhaint amach. Go mbeidh na daoine atá roghnaithe chun
an córas freagrachta a
fheidhmiú i gceannas chomh maith ar an bhfeachtais
eolais chun na dualgais nua
faoin Acht Teanga agus Scéim na Gaeilge a mhíniú don
fhoireann ar fad.
Aighneacht ó: Coiste Dúiche na Gaillimhe
Conradh na Gaeilge
45 Sr. Doiminic
Gaillimh
091 567824