RÁITEAS MISIN
"Is é misean na Roinne ná cur le dul chun cinn shochaí na hÉireann, ar bhonn geilleagrach,
sóisialta agus cultúrtha, agus cabhrú le cáilíocht na beatha inti a shaibhriú, trí thurasóireacht
inbhuanaithe a chur chun cinn; trí shármhaitheas a spreagadh ó thaobh a mbaintear amach i
gcúrsaí spóirt agus ealaíne; trí rochtain ag níos mó daoine ar an spórt agus ar na healaíona
a éascú; agus trín ár n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú."
i
1
1
Page 2
3
CLÁR ÁBHAR
Brollach
Réamhrá
An Roinn
Custaiméirí agus Cliaint
Saincheisteanna Trasrannacha / Trasearnálacha
Dúshláin ó thaobh Eagrúcháin
Timpeallacht Oibre na Roinne
Misean agus Spriocanna
Fócas ar na hEarnálacha:
. Turasóireacht .
Ealaíona agus Forais Cultúir . Spórt
Seirbhísí Corparáideacha
Aguisíní:
. Structúr Eagrúcháin – Aguisín 1 .
Miondealú foirne de réir gráid agus inscne – Aguisín 2 . Gníomhaireachtaí Feidhmiúcháin/ Comhlachtaí Gaolmhara – Aguisín 3
. Sleachta as Clár um Rialú (The Programme for Government ) 2002 –
Aguisín 4
Iatán (le go mbeadh deis ann é a nuashonrú i gcaitheamh ré na Straitéise):
. Sonraí teagmhála i gcomhair rannóg aonair sa Roinn .
Sonraí teagmhála i gcomhair comhlachtaí laistigh den Roinn nó faoina scáth
ii
2
2
Page 3
4
BROLLACH LEIS AN AIRE
Cuirim fáilte roimh fhoilsiú an chéad Ráiteas Straitéise i gcomhair na Roinne Ealaíon, Spóirt
agus Turasóireachta a bunaíodh i mí Mheithimh 2002. Leagann sé sraith de bhearta
pleanáilte amach in earnálacha na n-ealaíon, an spóirt agus na turasóireachta as seo go
ceann an chéad chúpla bliain eile chun na gealltanais i gcomhair na n-earnálacha sin a
sholáthar mar a leagadh amach sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas, sa Phlean Forbartha
Náisiúnta 2000-2006 agus in 'Ag Coinneáil an Dul Chun Cinn', sa Chomhaontú
Comhpháirtíochta Sóisialta 2003-2005.
I bhfocail Ráiteas Misin na Roinne, tá méid sainiúil le cur ag gach earnáil le dul chun cinn na
hÉireann ó thaobh a geilleagair, a sochaí agus cultúir agus le cáilíochta na beatha inti a
shaibhriú trí thurasóireacht inbhuanaithe a chur chun cinn; trí shármhaitheas spóirt agus
ealaíne a spreagadh agus trí rochtain ag níos mó daoine ar an spórt agus ar na healaíona a
éascú.
Is léir na deiseanna atá ann chun sineirgíochtaí idir na hearnálacha a fhorbairt agus táim ag
tnúth go mór lena bhfíorú siúd as seo go ceann an chéad chúpla bliain eile. Táim ag tnúth
go háirithe le foilsiú thuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Ardleibhéil um Bheartas
Turasóireachta amach sa bhliain seo chun treoir nua a dhéanamh amach i gcomhair an
bheartais turasóireachta. Foilsiú Phlean Straitéiseach Chomhairle Spórt na hÉireann 'Sport
for Life' i mí Aibreáin 2003, achtú Acht Ealaíon 2003 ag an Oireachtas agus ceapachán
Chomhairle nua Ealaíon – is ionann iad uile agus clocha míle thábhachtacha ó thaobh fás
breise na n-earnálacha sin.
Táim ag tnúth go mór le bheith ag obair le mo Roinn agus leis na Gníomhaireachtaí a
bhaineann léi chun na cuspóirí dúshlánacha a leagtar amach sa Ráiteas Straitéise seo a
sholáthar.
John O'Donoghue, Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta.
3
3
3
Page 4
5
RÉAMHRÁ LEIS AN ARD-RÚNAÍ
Bunaíodh an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i mí Mheithimh 2002, rud a thug le
chéile feidhmeanna agus baill áirithe d'fhoireann na sean-Rann Turasóireachta, Spóirt agus
Áineasa (turasóireacht agus spórt), agus Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (na
healaíona agus forais chultúir), agus cuireadh Rásaíocht Chapall Éireann agus Bord na
gCon leo chomh maith.
Tionscnaítear roinnt dúshlán i ndiaidh a chéile agus Roinn nua Stáit bunaithe – aonaid ghnó
ó chúlraí atá fíordhifriúil lena chéile a thabhairt le chéile; íomhá corparáideach coiteann a
dheilbhiú; agus comhdhearcadh ar an todhchaí a fhorbairt. Is amhlaidh a bhí ag an Roinn
Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i mí Mheithimh 2002. Teagmhaíonn gach ceann de na
trí earnáil ghníomhaíochta as a bhfuil an Roinn freagrach lenár gcomhshaoránaigh ar
bhealach sainiúil. Pléann siad go gníomhach le saincheisteanna a bhaineann le cáilíocht na
beatha, saincheisteanna atá comhchéimneach le rathúnas ó thaobh an gheilleagair. Is é ár
ndúshlán-na ná na beartais agus na gníomhaíochtaí a mhúnlú sa chaoi go gcuirfear na
cuspóirí a leagadh amach i gcomhair na n-earnálacha sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas
agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta i gcrích ar an mbealach is fearr.
Cuireann an chéad Ráiteas Straitéise seo forbhreathnú ar an Roinn i láthair, déanann sé
achoimre ar a misean agus ar a sainordú; tugann sé breac-chuntas ar an gcomhthéacs agus
ar an timpeallacht ina bhfuil ar an Roinn leanúint de na spriocanna atá aici; agus leagann sé
amach na spriocanna, cuspóirí, táirgeachtaí agus táscairí feidhmíochta ardleibhéil i
gcomhair réimsí oibriúcháin agus eagrúcháin na Roinne araon. Agus an méid sin á
dhéanamh, tugann sé fócas le haghaidh agus leanúnachas ó thaobh phleanáil ghnó ar
bhonn rannáin agus rannóige. Soláthraíonn sé pointe tagartha freisin do phríomhpháirtithe
leasmhara na Roinne, lena n-áirítear cáiníocóirí na hÉireann agus a gcuid ionadaithe poiblí,
chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht fheidhmíocht na Roinne
ar feadh na tréimhse sin.
Tá an Ráiteas ina léargas ar na torthaí a bhí ar a liachtaí comhairliúchán le baill foirne ar
gach leibhéal, le Coiste Comhpháirtíochta na Roinne agus leis na gníomhaireachtaí Stáit a
thagann faoi chuimsiú réimse freagrachta na Roinne. Tarraingíonn sé as na gealltanais a
leagadh amach sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas a comhaontaíodh i mí Mheithimh 2002,
as na heochairchuspóirí agus tháscairí feidhmíochta gaolmhara faoi Ráitis Straitéise na
sean-Rann Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa agus Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta
agus Oileán, agus as taithí go nuige seo le rolladh amach an chláir um nuachóiriú na
Seirbhíse Poiblí.
Philip Furlong, Ard-Rúnaí
4
4
4
Page 5
6
RÉAMHRÁ
Bunaíodh an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i mí Mheithimh 2002, rud a thug le
chéile feidhmeanna agus baill áirithe d'fhoireann na Roinne Turasóireachta, Spóirt agus
Áineasa (turasóireacht agus spórt), agus na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus
Oileán (na healaíona agus forais chultúir), chomh maith le Rásaíocht Chapall Éireann agus
Bord na gCon.
Tugann an chéad Ráiteas Straitéise seo forbhreathnú ar an Roinn; déanann sé achoimre ar
a misean agus ar a sainordú; tugann sé breac-chuntas ar an gcomhthéacs agus ar an
timpeallacht ina bhfuil ar an Roinn leanúint de na spriocanna atá aici; agus leagann sé
amach na spriocanna, cuspóirí, táirgeachtaí agus táscairí feidhmíochta ardleibhéil i
gcomhair réimsí oibriúcháin agus eagrúcháin na Roinne araon. Agus an méid sin á
dhéanamh, soláthraíonn an ráiteas fócas le haghaidh agus leanúnachas ó thaobh phleanáil
ghnó ar bhonn rannáin agus rannóige.
Dá bharr sin, cuireann sé ar chumas bhall bainistíochta agus foirne díriú ar spriocanna agus
ar chuspóirí Rannacha, Rannógacha agus Pearsanta a bhaint amach as seo go ceann trí
bliana eile. Soláthraíonn sé pointe tagartha frieisin do phríomhpháirtithe leasmhara na
Roinne, ar a n-áirítear cáiníocóirí na hÉireann agus a gcuid ionadaithe poiblí, chun
monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht fheidhmíocht na Roinne ar
feadh na tréimhse sin.
Tá an Ráiteas ina léargas ar na torthaí a bhí ar a liachtaí comhairliúchán le baill foirne ar
gach leibhéal, le Coiste Comhpháirtíochta na Roinne agus leis na gníomhaireachtaí Stáit
faoi chuimsiú réimse freagrachta na Roinne. Tarraingíonn sé as na gealltanais a leagadh
amach sa Chlár um Rialú (Programme for Government) a comhaontaíodh i mí Mheithimh
2002, as na heochairchuspóirí agus tháscairí feidhmíochta gaolmhara faoi Ráitis Straitéise
na sean-Ranna Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa agus Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta
agus Oileán, agus as taithí go nuige seo le rolladh amach an chláir um nuachóiriú na
Seirbhíse Poiblí.
5
5
5
Page 6
7
AN ROINN
Nuair a d'fhógair an Taoiseach cruthú Rialtais nua i nDáil Éireann i mí Mheithimh 2002,
thagair sé do Roinn nua Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta a chruthú, a chuimseodh
sainchúram spóirt agus turasóireachta na sean-Roinne Turasóireachta, Spóirt agus
Áineasa, agus sainchúram ealaíon agus foras cultúir na sean-Roinne Ealaíon, Oidhreachta,
Gaeltachta agus Oileán.
Agus na réimsí earnálacha sin tarraingte le chéile, agus Rásaíocht Chapall Éireann agus
Bord na gCon curtha leo (ar fhreagracht na Roinne Talmhaíochta agus Bia roimhe sin iad),
tá freagracht ar an Roinn as:
. beartas a cheapadh, a fhorbairt agus a mheasúnú i gcomhair earnáil na turasóireachta
sna réimsí ó thaobh fhorbairt acmhainn dhaonna agus oiliúna, mhargaíocht agus chur
chun cinn, fhorbairt táirgí, struchtúir institiúideacha agus mhaoiniú agus
chomhoibríocht Thuaidh/ Theas. Is ar na gníomhaireachtaí turasóireachta atá faoinár
scáth (Bord Fáilte, CERT, Forbairt na Sionna, Turasóireacht Éireann Teo. agus Fáilte
Éireann -an tÚdarás Náisiúnta ForbarthaTurasóireachta, ach é a bheith bunaithe), atá
an fhreagracht go príomha as na beartais sin a chur i bhfeidhm;
. beartas agus struchtúir a cheapadh, a fhorbairt agus a mheasúnú chun tuiscint ar na
healaíona cruthaitheacha agus léiritheacha, agus a gcleachtadh, a chothú agus a chur
chun cinn in Éirinn; ealaín na hÉireann a chur chun cinn thar sáile; agus tionscail
scannán na hÉireann a fhorbairt;
. Scéim Thacaíochta um Chaipiteal Ealaíon agus Cultúir a Bhreisiú (the Arts and
Cultural Capital Enhancement Support Scheme) (ACCESS) a chur i bhfeidhm agus maoirseacht a dhéanamh ar thionscadail infheistíochta eile timpeall na tíre ó thaobh
ealaíon agus cultúir;
. na Forais Chultúir Náisiúnta a chumasú, mar choimeádaithe ár n-oidhreacht náisiúnta
chultúrtha, chun ár gcuid sócmhainní inaistrithe oidhreachta agus cultúir a bhailiú, a
chaomhnú, a chosaint agus a chur i láthair i gcomhair ghlúin na linne seo agus na
nglúinte atá le teacht;
. beartas poiblí san earnáil spóirt a cheapadh, a fhorbairt agus a mheasúnú; rud a
sholáthróidh an creatlach i gcomhair seirbhís a sheachadadh trí na
príomhghníomhaireachtaí feidhmithe viz an Chomhairle Spóirt; Rásaíocht Chapall
Éireann agus Bord na gCon;
. maoirseacht a dhéanamh ar mhórthionscadail chaipiteal spóirt – lena n-áirítear
Spórtlann Uisce Éireann; agus na cláir Chaipiteal Spóirt agus Linnte Snámha Údarás
Áitiúil a riaradh;
Mar chuid dá gníomhaíochtaí leanúnacha, tá an Roinn páirteach sna gníomhaíochtaí seo a
leanas freisin:
. eolas ginearálta a chur ar fáil do ghníomhóirí earnála agus don phobal maidir le gach
dá luadh thuas lena n-áirítear treoir, soiléiriú agus/ nó atreorú i leith scéimeanna,
tionscnamh, clár agus beartas i réimsí na n-ealaíon, spóirt agus turasóireachta;
. comhairle agus tacaíocht riaracháin a chur ar fáil don Aire, chun cabhrú leis a chuid
oibleagáidí reachtúla agus parlaiminte a chomhlíonadh;
6
6
6
Page 7
8
. idirghníomhaíocht leis an Oireachtas agus a chuid Coistí i leith saincheisteanna a
thagann chun cinn i dtaca le sainchúram na Roinne;
. beartais agus gnóthúcháin na Roinne a chur in iúl do Ranna agus do
ghníomhaireachtaí eile de chuid an Rialtais, do na meáin agus don phobal i gcoitinne;
agus;
. obair a dhéanamh ar bhonn trasrannach ó thaobh cabhair a thabhairt le straitéisí
éagsúla de chuid an Rialtais a chur i bhfeidhm, m. sh. Straitéis Náisiúnta Leanaí.
7
7
7
Page 8
9
CUSTAIMÉIRÍ AGUS CLIAINT
Ar deireadh, téann an chaoi a soláthraíonn an Roinn seirbhísí agus an toradh a thagann ar
na beartais agus na straitéisí dá leanann sí i bhfeidhm ar réimse leathan daoine, lena
n-áirítear turasóirí, iad siúd a ghlacann páirt i gcúrsaí ealaíon, cumainn spóirt agus a gcuid
ball agus na tionscail agus na fostóirí éagsúla a bhaineann le hábhar. Is iad seo a leanas
príomhpháirtithe leasmhara na Roinne agus na comhlachtaí atá ina mbonn custaiméirí aici:
Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta Gníomhaireachtaí Stáit
Rialtas agus Airí Comhlachtaí Ionadaíochta Turasóireachta
Baill an Oireachtais Comhlachtaí Ionadaíochta Spóirt
Comhairle Aireachta Thuaidh Theas Comhlachtaí Áitiúla agus Réigiúnacha
Ranna eile Rialtais Forais Chultúir agus a gcuid pátrún
Eagraíochtaí an Aontais Eorpaigh Comhlachtaí Ionadaíochta Ealaíona agus
Saothair Chruthaithigh
Comhairle na hEorpa
Ar deireadh, ní mór lárfhócas na Roinne a bheith ar an leas náisiúnta, seachas ar leas aon
chliant nó aon ghrúpa ar leith de chustaiméirí. Tá sí freagrach ar deireadh don saoránach
agus don cháiníocóir, agus chomh fada is a bhaineann sé le beartas a fhorbairt agus
gníomhaíochtaí dá réir, ní foláir di na torthaí a bhfuil cinneadh déanta ina leith ag an Aire, ag
an Rialtas agus ag Oireachtais na linne sin i gcomhair na Roinne, a sholáthar.
Tá an Roinn tiomanta do sheirbhísí a sholáthar dár gcuid custaiméirí atá ar an gcaighdeán is
airde, custaiméirí inmheánacha agus seachtracha araon. Leagfaimid na pleannana atá
againn lena dhéanamh sin amach inár gcéad Chairt Seirbhíse do Chustaiméirí, atá le bheith
curtha i gcrích faoi Bhealtaine 2003. Foilseofar ar Láithreán Gréasáin na Roinne í ag
www. gov. ie/ arts-sport-tourism. Leagfar amach sa Chairt na caighdeáin seirbhíse is féidir le
custaiméirí a bheith ag súil agus iad i mbun gnó leis an Roinn.
8
8
8
Page 9
10
SAINCHEISTEANNA TRASRANNACHA / TRASEARNÁLACHA
Is é an cineál sainchúraim atá ag an Roinn ná ceann a chiallaíonn go bhfuil roinnt réimsí
tábhachtacha ann ó thaobh torthaí straitéiseacha ina n-idirghníomhaíonn an Roinn le Ranna
agus le gníomhaireachtaí eile d'fhonn beartas an Rialtais a chur i bhfeidhm. Is iad na
heochairshaincheisteanna trasrannacha / trasearnálacha a théann i bhfeidhm ar an Roinn
ná:
RÉIMSE SAINCHEIST EOCHAIR-RANNA
FORAIS EALAÍON AGUS CULTÚIR
Creatlach cuí ó thaobh reachtaíochta agus
struchtúir a chruthú d'fhonn na healaíona a
fhorbairt, lena n-áirítear ealaíona idirnáisiúnta
agus poiblí, scannán agus an bonneagar
náisiúnta cultúir a fheabhsú.
Airgeadas; Gnóthaí
Eachtracha; Oideachas
& Eolaíocht; Comhshaol
& Rialtas Áitiúil; Fiontar,
Trádáil & Fostaíocht;
Cumarsáid; Muir &
Acmhainní Nádúrtha;
OOP.
SPÓRT
Deiseanna forleathnaithe chun páirt a
ghlacadh sa spórt a chruthú trí sholáthar
áiseanna spóirt ar leibhéal áitiúil, réigiúnach
agus náisiúnta a éascú le béim ar leith ar
áiseanna a sholáthar do dhaoine óga i
limistéir faoi mhíbhuntáiste. Cabhrú le cláir
spóirt a sholáthar tríd an gComhairle Spóirt
agus trí thionscail na rásaíochta capall agus
con a fhorbairt trí Rásaíocht Chapall Éireann
agus Bord na gCon. Timpeallacht a chruthú
inar féidir le rannpháirtíocht fhorleitheadach i
ngníomhaíochtaí spóirt tionchar dearfach a
imirt ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach
an náisiúin.
Airgeadas; Oideachas &
Eolaíocht; Comhshaol &
Rialtas Áitiúil; Sláinte &
Leanaí; Cumarsáid; Muir
& Acmhainní Nádúrtha;
OOP; Oifig an Phríomh-
Aturnae Stáit;
Coimisinéirí Ioncaim.
TURASÓIREACHT
Forbairt rochtana rialta ar phraghas iomaíoch
ar agus ónár bpríomhmhargaí a spreagadh;
chomh maith leo seo a leanas: bonneagar a
sholáthar chun tacú le húsáid a bheith á
baint as nithe is díol spéise do chuairteoirí
agus as limistéir mheallta turasóirí; raon de
ghníomhaíochtaí oidhreachta a fhorbairt
agus a bhainistiú go cuí, gníomhaíochtaí a
d'fhéadfaí a mhargú thar sáile; beartas
comhshaoil a bheith á leanúint i gcomhair an
turasóireacht a fhorbairt agus a fhorleathnú
ar bhonn tuisceanach agus beartas ina
mbeadh deiseanna leis an turasóireacht
tuaithe a fhorbairt chomh maith le taitneamh
a bheith á bhaint as acmhainní nádúrtha i
gcomhair turasóireachta agus spóirt.
Airgeadas; Iompar;
Cumarsáid; Muir &
Acmhainní Nádúrtha;
Comhshaol & Rialtas
Áitiúil; Talmhaíocht &
Bia; Dlí agus Cirt,
Comhionannais &
Athchóirithe Dlí; Fiontar,
Trádáil & Fostaíocht;
Gnóthaí Eachtracha;
Gnóthaí Pobail, Tuaithe
agus Gaeltachta.
9
9
9
Page 10
11
DÚSHLÁIN Ó THAOBH EAGRÚCHÁIN
Bhí breis is €400 milliún sa soláthar comhlán i Meastácháin 2003 i gcomhair na seirbhísí as
a bhfuil an Roinn freagrach, lena n-áirítear €20 milliún chun freastal ar chostais reatha na
Roinne.
Tá struchtúr nua eagrúcháin curtha i bhfeidhm a léiríonn méid agus sainchúram na Roinne
nua chomh maith lena timpeallacht oibriúcháin chun na príomhdhúshláin seo a leanas as
seo go ceann trí bliana a fhreagairt:
. an mór-athbhreithniú straitéiseach ar earnáil na turasóireachta, a fógraíodh le gairid, a
chur i gcrích;
. an bogadh ó chláir atá leagtha amach ar bhonn earnála go dtí cláir a leagtar amach ar
bhonn réigiúnach faoin bPlean Forbartha Náisúnta agus an t-athrú dá bharr i ról na
Roinne ó thaobh monatóireacht a dhéanamh ar chláir de chuid an PFN agus iad a
chur i bhfeidhm, cláir a bhaineann le tionscnaimh shonracha i réimsí na n-ealaíon,
spóirt agus turasóireachta;
. bunú na n-aonán le trí bliana anuas, amhail An Chomhairle Spóirt, Campas agus
Staidiam Éireann, Rásaíocht Chapall Éireann, Turasóireacht Éireann Teo. agus
Comhairle na bhForas Cultúir Náisiúnta (CNCI), agus mórthionscnaimh atá beartaithe,
amhail Fáilte Éireann – an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta;
. amharclann na Mainistreach a athfhorbairt agus forbairt straitéiseach fhadtéarmach an
Cheolárais Náisiúnta;
. infheistíocht leanúnach sna Forais Chultúir Náisiúnta chun saoráidí uasghrádaithe a
sholáthar i gcomhair mór-rudaí ealaíne agus oidhreachta a chur ar taispeáint, a
chaomhnú agus a stóráil;
. an gá le hacmhainn láidir ó thaobh iniúchta a fhorbairt laistigh den Roinn chun na
riachtanais uile maidir le caiteachas an Státchiste agus caiteachas AE a
chomhlíonadh; agus le hinniúlachtaí inmheánacha ó thaobh iniúchadh agus measúnú
a láidriú i gcoitinne i bhfianaise an leathnaithe shuntasaigh i gcaiteachais Vóta na
Roinne;
. an bhéim bhreise as seo go ceann trí bliana ar acmhainní daonna a fhorbairt, ar an
mbainistíocht airgeadais agus ar an r-rialtas mar chuid den chlár um nuachóiriú na
Státseirbhíse tríd síos;
Tá struchtúr eagrúcháin na Roinne, a leagtar amach in Aguisín 1, curtha le chéile sa chaoi
go mbainfear imlonnú barrmhaitheasach de acmhainní amach agus an Roinn ag leanúint dá
cuid spriocanna agus cuspóirí, agus sa chaoi go mbeidh an struchtúr eagrúcháin sin mar
bhonn lena ról straitéiseach sna hearnálacha uile atá faoi chuimsiú a sainchúraim, trí
acmhainní a chomhchruinniú sna háiteanna mar ar féidir leis an Roinn luach iarbhír a
sholáthar anuas ar obair na ngníomhaireachtaí, eagraíochtaí agus grúpuithe éagsúla a
oibríonn sna hearnálacha sin. Beidh an struchtúr faoi réir athbhreithnithe leanúnaigh chun a
chinntiú go léirítear i gcónaí ann an struchtúr is barrmhaitheasaí ó thaobh cuspóirí gnó na
Roinne a chomhlíonadh. Cé gur 454 duine croíleibhéal foirne na Roinne, 426 an líon foirne
a bhí ann an 31 Nollaig 2002 (tá miondealú mionsonraithe de réir gráid agus inscne curtha
isteach in Aguisín 2). Deanfaidh an Roinn a dícheall ag gach tráth chun a chinntiú go
mbainfear an úsáid is éifeachtaí as na hacmhainní uile a bhíonn ar fáil di, sa Roinn.
10
10
10
Page 11
12
TIMPEALLACHT OIBRE NA ROINNE
Soláthraíonn Clár um Rialú 2002 (Programme for Government) an creatlach i gcomhair
saincheisteanna na n-earnálacha a thagann faoi shainchúram na Roinne (féach Aguisín 4) a
bhainistiú, lena n-áirítear:
. Ealaíona agus na Forais Náisiúnta Chúltúir – chun an leibhéal ardaithe gníomhaíochta
ó thaobh tuiscint ar na healaíona agus a gcleachtadh timpeall na tíre, a fhorbairt agus
a bhuanú; tacú leis an tríú Plean Ealaíon, arna ullmhú ag an gComhairle Ealaíon, a
chur i bhfeidhm, de réir mar a bheifear in ann ó thaobh acmhainní de; an Bille nua
Ealaíon a achtú; ár n-amharclann náisiúnta, Amharclann na Mainistreach, a atógáil,
forbairt straitéiseach fhadtéarmach an Cheolárais Náisiúnta; agus tacaíocht le tionscal
scannán na hÉireann.
. Spórt – leanúint le hinfheistíocht i saoráidí cuí spóirt timpeall na tíre, go háirithe ar
leibhéal áitiúil agus straitéis fhadtéarmach a chur i bhfeidhm, a chuimseoidh iniúchadh
náisiúnta ar shaoráidí áitiúla, chun a chinntiú go bhforbrófar saoráidí riachtanacha;
rannpháirtíocht mhéadaithe; ardleibhéil fheidhmíochta a choimeád agus staidiam den
chéad scoth a thógáil;
. Turasóireacht – foinsí ár margaí a leathnú, leathnú agus iomaíocht ar bhealaí rochtana
a chothú; tacú le Turasóireacht Éireann Teo. ó thaobh oileán uile na hEireann a chur
chun cinn mar cheann scríbe; forbairt thuisceanach ar limistéir mheallta turasóirí agus
an cleachtas is fearr i leith na timpeallachta.
Lena chois sin, cuimsíonn clár oibre na Roinne forálacha iomchuí na nAchtanna Ealaíon
1951 & 1973 (agus forálacha Bille Ealaíon 2002 nuair a achtófar é) an tAcht um Bhord
Scánnán na hÉireann, 1980, na hAchtanna um Bhord Scannán na hÉireann (Leasuithe),
1993-2000, Acht na bhForas Cultúir Náisiúnta 1997, an tAcht um Chomhairle Spóirt na
hÉireann, 1999, Acht Tionscail na gCon, 1958, Acht Tionscail Rásaíochta Capall na
hÉireann, 1999, an tAcht um Rásaíocht Chapall agus Chon, 2001, na hAchtanna um
Thrácht Cuartaíochta, 1939-98 (a mbeidh forálacha An Bhille um Údarás Náisiúnta
Forbartha Turasóireachta, 2002 nuair a achtófar é curtha in áit roinnt dá chuid alt) agus trí
reachtaíocht ghinearálta phríomhúil amhail Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, Acht an Ard-Reachtaire
Cuntas agus Ciste (Leasú) 1983, an tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí,
1997, an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995.
I measc na ndálaí seachtracha gur dóigh go mbeidh tionchar acu ar ghníomhaíochtaí na
Roinne as seo go ceann trí bliana eile, tá:
. comhdhlúthú fioscach sa gheilleagar baile;
. an cor chun donais atá ag titim amach sa gheilleagar domhanda le gairid agus an
moilliú lena bhfuiltear ag súil ó thaobh rátaí fáis i ngeilleagar an domhain thar
thréimhse an Ráitis;
. pátrúin atá ag teacht chun cinn ó thaobh chomhoibriocht Thuaidh/ Theas faoi
Chomhaontú Aoine an Chéasta;
. saincheisteanna a thagann chun cinn a bhaineann le hUachtaránacht na hÉireann ar
an Aontas Eorpach in 2004;
. an gá le forbairt réigiúnach agus shóisialta a bheidh níos cothroime agus níos
inbhuanaithe i gcomhthéacs na Straitéise Spásúlachta arna fhoilsiú le gairid ag an
Rialtas;
11
11
11
Page 12
13
. leibhéil mhaoinithe ón AE chun críche infheistíochta a bheith ag dul i laghad agus ról
agus inniúlacht bhreisithe an AE ó thaobh cúrsaí amhail iomaíocht sa mhargadh, an
comhshaol, comhionannas, srl. a rialú;
. margadh idirnáisiúnta turasóireachta atá ag éirí níos iomaíche, agus a bhfuil cuairteoir
níos meabhraí le sonrú air, pátrúin athraitheacha ó thaobh saoirí a thógtar, daoine ag
éirí níos goilliúnaí ó thaobh chúrsaí comhshaoil, béim as an nua ar cháilíocht, ar
sheirbhís agus ar luach ar airgead, gníomhaíocht mhéadaithe mhargaíochta ag
iomaitheoirí agus ciorruithe ó thaobh líon áiteanna ar aerlínte idirnáisiúnta;
. méadú ar an ngairmiúlacht sa spórt idirnáisiúnta agus mian eiticí agus cothrom na
féinne a chur chun cinn, rud a thugann dúshláin nua le sárú do iomaitheoirí na
hÉireann agus don chultúr, atá láidir go traidisiúnta againn, ó thaobh rannpháirtíocht
dheonach áitiúil i leith spórt a eagrú agus a reachtáil;
. leathnú leanúnach ó thaobh raon agus éagsúlacht na ndeiseanna áineasa agus ó
thaobh an éilimh ar ghníomhaíochtaí áineasa;
. an pobal a bheith ag súil le caighdeáin seirbhíse níos airde; arna soláthar i ngar don
chustaiméir, rannpháirtíocht agus chomhpháirtíocht mhéadaithe ó thaobh struchtúir le
cinntí a dhéanamh agus oscailteacht, trédhearcacht agus cuntasacht ó thaobh seirbhís
a sholáthar;
. béim mhéadaithe ar luach ar airgead agus ar thorthaí intomhaiste;
. pá-bhille na seirbhíse poiblí a shrianadh agus laghdú pleanáilte ar líon foirne na
seirbhíse poiblí a fógraíodh i mBuiséad 2003;
. athrú gasta ó thaobh teicneolaíochta i dteicneolaíochtaí eolais agus cumarsáide; agus
. géarú ar luas an chláir um nuachóiriú na seirbhíse poiblí.
Ceapadh na spriocanna, straitéisí agus táirgeachtaí, arna leagadh amach ag an Roinn i
gcomhair na tréimhse chomh fada le deireadh 2005 sa Straitéis seo, mar fhreagra ar na
dúshláin thuas agus chun na beartais agus na tosaíochtaí, arna leagadh amach ag an
Rialtas, a léiriú agus a sholáthar.
12
12
12
Page 13
14
MISEAN AGUS SPRIOCANNA
MISEAN
"Is é misean na Roinne ná cur le dul chun cinn shochaí na hÉireann, ar bhonn geilleagrach, sóisialta agus cultúrtha, agus cabhrú le cáilíocht na beatha inti a
shaibhriú, trí thurasóireacht inbhuanaithe a chur chun cinn; trí shármhaitheas a spreagadh ó thaobh a mbaintear amach i gcúrsaí spóirt agus ealaíne; trí rochtain ag
níos mó daoine ar an spórt agus ar na healaíona a éascú; agus trín ár n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú."
SPRIOCANNA Ag teacht le hiomlán an Ráitis Mhisin sin, tá na spriocanna ardleibhéil seo a leanas leagtha
amach ag an Roinn di féin i gcomhair gach ceann de na réimsí gníomhaíochta earnála.
EALAÍONA & FORAIS CHULTÚIR Tuiscint ar na healaíona agus a gcleachtadh a chothú, agus na Forais Chultúir Náisiúnta a chumasú chun ár
n-oidhreacht inaistrithe agus ár n-acmhainní cultúrtha a bhailiú, a chaomhnú, a chosaint agus a chur i láthair, trí
chreatlach cuí, ó thaobh beartais, reachtaíochta agus acmhainní, a sholáthar.
SPÓRT Cuspóirí an Rialtais ó thaobh rannpháirtíocht sa spórt a mhéadú agus caighdeáin fheidhmíochta sa spórt a
fheabhsú agus saoráidí spóirt ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a fhorbairt, go háirithe i bpobail
faoi mhíbhuntáiste, a bhaint amach trí chomhthéacs cuí éifeachtach, ó thaobh beartais agus chistiú poiblí, a
sholáthar.
TURASÓIREACHT Éascú le tionscal na turasóireachta earnáil na turasóireachta a fhorbairt go leanúnach, earnáil a bheidh
inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil agus a bheidh cothrom ó thaobh
spásúlachta, trí raon de bheartais agus de chláir a thacóidh leis sin, go háirithe laistigh de fhrámaíocht an
Phlean Forbartha Náisiúnta agus chomhoibríocht Thuaidh/ Theas, a cheapadh, monatóireacht a dhéanamh
orthu agus a athbhreithniú.
CORPARÁIDEACH Tacú le misean agus spriocanna earnálacha na Roinne a sheachadadh agus le seirbhís ardchaighdeáin do
chustaiméirí a sholáthar, trí struchtúir fheabhsaithe eagrúcháin agus thacaíochta a fhorbairt chomh maith le
scileanna agus inniúlachtaí feabhsaithe foirne, de réir an chláir um nuachóiriú na státseirbhíse.
Cuirfidh pleananna rannacha gnó (a chuimseoidh eochairthascanna; tháirgáidí agus
thosaíochtaí acmhainní) na spriocanna agus straitéisí sin timpeall na heagraíochta ar fad.
13
13
13
Page 14
15
FÓCAS AR NA HEARNÁLACHA
Chun na spriocanna thuas a bhaint amach, tá an méid seo a leanas aitheanta againn i
gcomhair gach earnáil: straitéisí sonracha (conas a bhainfidh an Roinn gach sprioc amach),
táirgeachtaí sonracha (cuspóirí, seirbhís nó táirgáidí) agus táscairí feidhmíochta (conas a
thomhaisfear soláthar gach táirgeacht).
TURASÓIREACHT Earnáil shuntasach den gheilleagar is ea an turasóireacht in Éirinn, tuilleadh isteach is
amach ar €4 billiún d'airgead eachtrach ann in 2001, breis is €1.2 billiún i dtuilleamh
turasóireachta sa bhaile agus cothaíodh beagnach 150,000 i bhfostaíocht. Chonacthas
forbairt ag teacht ar an tionscal turasóireachta le blianta beaga anuas, ó thaobh aibíochta
agus ó thaobh a thábhachtaí is atá an earnáil do gheilleagar na hÉireann, cé gur fiontair
aonair ar mheánmhéid anuas go mionfhiontair is mó atá le sonrú ar an tionscal fós, agus iad
san iomaíocht i margadh turasóireachta idirnáisiúnta atá níos domhandaithe ná mar bhí
tráth, agus an treocht sin i leith an domhandaithe ó thaobh na hearnála seo ag fás.
Go traidisiúnta, ba é an rud suaithinseach a mheall daoine go hÉireann mar thurasóirí ná
leibhéal agus doimhneas na teagmhála a bhí acu le muintir na hÉireann i gcomhshaol a bhí
suaimhneach agus glan, a raibh tréithe ar nós saol suaimhneach gan deifir agus tírdhreacha
áille le sonrú ar air. Le blianta beaga anuas, tháinig cuairteoirí go hÉireann chun fónamh a
bhaint as an raon leathan de shaoráidí agus imeachtaí spóirt agus áineasa – m. sh. galf,
iascaireacht, siúl, rothaíocht, marcaíocht, cultúr agus oidhreacht – agus iad ag súil leis na
caighdeáin is airde a fháil ó thaobh cóiríochta, bia agus aíochta, i suíomh tuaithe den chuid
is mó. Tá a cháil gnóthaithe ag Baile Átha Cliath ag an am céanna, mar cheann scríbe
bríomhar as féin, in iomaíocht le príomhchathracha cáiliúla an domhain, go háirithe i
gcomhair gnó na sosanna gearra.
Tháinig dúshláin nua leis an rath a tháinig ar gheilleagar na hÉireann le déanaí. Orthu siúd
tá brú ar an gcomhshaol sna limistéir 'órga' turasóireachta; easnaimh sa bhonneagar in
áiteanna nár tháinig fás chomh sciobtha céanna ar sholáthar saoráidí tacaíochta is a tháinig
ar ghnó na turasóireachta; riosca do chroíúlacht fháilte thraidisiúnta na hÉireann de réir mar
a eascraíonn ganntanais fhoirne i margadh saothair ina bhfuil ráta íseal dífhostaíochta; agus
géarú i gcoitinne ar luas an tsaoil as a n-eascraíonn deacracht ó thaobh nádúr uathúil
tháirge turasóireachta na hÉireann a idirdhealú. Tá brú ar chumas iomaíochta thurasóireacht
na hEireann ó thaobh praghas freisin, an cumas sin faoi bhrú ó bhoilsciú agus faoi bhagairt
ag athruithe sa ráta malairte. Leagtar béim dá bharr ar an ngá atá ann le fócas láidir ó
thaobh luach ar airgead a sholáthar i gcomhair an eispéiris saoire in Éirinn.
Tháinig athrú treorach ar fhócas bheartas an Rialtais de bharr an fháis sa gheilleagar, ó
phoist a chruthú go dtí béim ar fhorbairt inbhuanaithe atá cothrom ó thaobh spásúlachta,
béim atá ag dul i méad. Léiríonn sé sin mian chun a chinntiú go roinntear torthaí an rath ar
an ngeilleagar ar fud na tíre agus go n-íoslaghdófar tionchair dhiúltacha na forbartha ar an
gcomhshaol, agus mar fhreagra ar an mian sin, tá an Rialtas ag leanúint de bheartas a
chuimsíonn forbairt agus leathnú tuisceanach ar an turasóireacht. Tá impleachtaí áirithe ag
an gcomhoibríocht fheabhsaithe thuaidh/ theas, a eascraíonn as Comhaontú Aoine an
Chéasta, ar sampla de bunú Turasóireacht Éireann Teo, i gcomhair na turasóireachta ó
thaobh comh-mhargú oileán na hÉireann a bheith forbartha, rud a théann chun tairbhe an
tionscail ó thuaidh agus ó dheas. Agus an méid sin cúplaithe le hÚdarás Náisiúnta Forbartha
14
14
14
Page 15
16
Turasóireachta, a bhfuil a chruthú siúd beartaithe agus a thabharfaidh le chéile na
feidhmeanna a chuireann Bord Fáilte agus CERT i gcrích, déanfar ollchóiriú agus
athfhorbairt iomlán ar na struchtúir náisiúnta i gcomhair beartas turasóireachta a
sheachadadh mar iarracht chun tacú le suíomh na hÉireann mar scothcheann scríbe
turasóireachta d'ardchaighdeán, agus an suíomh sin a láidriú.
Tá an méid sin ar fad ag titim amach agus athruithe suntasacha ag tarlú sa mhargadh
turasóireachta idirnáisiúnta, ina bhfuil turasóirí atá níos meabhraí ná mar a bhí agus a
chaitheann níos mó airgead, ag lorg na gcaighdeán is airde ó thaobh saoráidí agus seirbhísí
le cois eispéireas uathúil mar chuairteoir. Breathnaíonn an Rialtas ar chaighdeáin agus ar
sheirbhísí den scoth a bheith á gcothú, agus ar fhócas leanúnach a bheith ag an tionscal ar
luach ar airgead, mar nithe atá fíorthábhachtach le go n-éireodh le tionscal na turasóireachta
i gcónaí. Éascófar é sin trí fhócas láidir ar scileanna níos fearr ó thaobh acmhainní daonna,
a bheith á bhforbairt laistigh den tionscal. Tá forbairtí i dteicneolaíochtaí eolais agus
cumarsáide ag cabhrú le hathrú suntasach freisin i bpátrún na n-áirithintí agus na dtreochtaí
ó thaobh saoirí a thógtar. Tá an méadú atá tagtha ar an bhfáil atá ann ar bhonn idirnáisiúnta
ar iompar rochtana ar chostas íseal ag scaoileadh raon níos leithne de cheann scríbí saoire
ar an margadh. Agus an méid sin ag tarlú, d'fhéadfadh an lagú atá ag teacht ar gheilleagair
an domhain agus "geiteanna" amhail thionchar thubaiste an 11 Meán Fómhair, tionchar
nach beag a imirt ar an éileamh ar an turasóireacht, go háirithe ar mhargaí ina mbíonn
daoine ag cur achar fada díobh le teacht go hÉireann. Ghéaraigh ar an iomaíocht sa
mhargadh idirnáisiúnta de bharr feachtas láidir margaíochta ag ceann scríbí na
n-iomaitheoirí agus méid laghdaithe daoine a bheith ag taisteal ar bhealaí áirithe ó thaobh
aerthaistil idirnáisiúnta.
Agus earnáil na turasóireachta in Éirinn ag dul in aibíocht, agus an earnail sin i dtimpeallacht
aimhréidh ina dtarlaíonn athruithe go han-ghasta ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí, is
é an dúshlán atá le sárú ag an Roinn ná ailtireacht institiúideach agus raon beartas cuí a
bheith i bhfeidhm chun éascú le hearnáil turasóireachta, a bheidh inbhuanaithe agus
cothrom ó thaobh spásúlachta, a bheith á forbairt go leanúnach ag an tionscal, earnáil a
chuimseoidh na deiseanna uile-oileánda a thairgeann Turasóireacht Éireann Teo., agus an
méid sin i bhfianaise chreatlach an Phlean Forbartha Náisiúnta.
Ní dhearnadh mórathbhreithniú ar an mbeartas turasóireachta ó tháinig an borradh reatha
faoin ngeilleagar agus tá go leor athraithe idir an dá linn. Tar éis don rath a bhí ar an tionscal
le linn na 1990aidí, tá an tionscal ag oibriú i dtimpeallacht atá i bhfad níos suaite agus a
thaithigh mórgheití seachtracha. Thionscain an tAire mórathbhreithniú ar an mbeartas
turasóireachta i mí na Samhna 2002, d'fhonn na príomhnithe a dhéanfadh amach straitéis a
aithint, straitéis a bheadh á stiúradh ag an tionscal agus ag an Rialtas araon agus a mbeadh
d'aidhm aici forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ar an turasóireacht in Éirinn amach anseo.
Tá an t-athbhreithniú á stiúradh ag an Roinn, agus tá Grúpa Stiúrtha Ardleibhéil ag déanamh
maoirseachta air, le cúnamh sainchomhairle chomhliúcháin sheachtrigh, agus i gcomhairle
le tionscal na turasóireachta.
Tá an sprioc atá leagtha amach i gcomhair na turasóireachta curtha le chéile sa chaoi go
soláthrófar fócas oibriúcháin don Roinn as seo go ceann trí bliana agus is éard atá ann ná:
. Éascú le tionscal na turasóireachta earnáil na turasóireachta a fhorbairt go
leanúnach, earnáil a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair agus an
15
15
15
Page 16
17
chomhshaoil agus a bheidh cothrom ó thaobh spásúlachta, trí raon de bheartais agus de chláir a thacóidh leis sin, go háirithe laistigh de fhrámaíocht an Phlean
Forbartha Náisiúnta agus chomhoibríocht Thuaidh/ Theas, a cheapadh, monatóireacht a dhéanamh orthu agus a athbhreithniú.
Straitéis Táirgeachtaí Táscairí Feidhmíochta
1. Athbhreithniú a
dhéanamh ar
Bheartas agus ar
Fheidhmíocht na
Turasóireachta.
. Athbhreithniú ó bhonn ar
bheartas agus ar
fheidhmíocht reatha na
turasóireachta agus athruithe
i dtreo beartais a aithint.
. Athbhreithniú curtha i gcrích
roimh shamhradh 2003.
2. Meicníocht nua a chur
i bhfeidhm ó thaobh
tacaíocht an Stáit leis
an turasóireacht a
sholáthar.
. Údarás
Náisiúnta Forbartha
Turasóireachta (ÚNFT) nua a
rolladh amach.
. Acmhainní a leithdháileadh
sa chaoi go léireofar
tosaíochtaí straitéiseacha.
. Reachtaíocht nua achtaithe
faoi earrach 2003.
. ÚNFT i mbun oibre in am do
shéasúr 2003.
. Coigeartuithe i leithdháiltí
Bliantúla an Státchiste do
Ghníomhaireachtaí.
3. Éascú le húsáid an
chiste phoiblí i
gcomhair margaíochta
turasóireachta agus a
cur chun cinn, agus
athbhreithniú a
dhéanamh ar mar a
úsáidtear an ciste sin.
. Monatóireacht agus measúnú
a dhéanamh go rialta ar mar
a chuireann Turasóireacht
Éireann (TÉ) agus Bord Fáilte
(BFÉ)/ ÚNFT beart na
Margaíochta Turasóireachta i
gClár Oibriúcháin na
hEarnála Táirgí i bhfeidhm.
. Táscairí feidhmíochta ó thaobh
margaíochta turasóireachta
agus mar a éiríonn lena cur
chun cinn a bheith aitheanta
agus léirithe i bPleananna
Margaíochta BFÉ/ ÚNFT agus i
bPlean Corparáideach TÉ agus
tuairisc tugtha orthu ina gcuid
Tuarascálacha Bliantúla ó
2002.
. Athbhreithniú ar straitéis ghnó
TÉ curtha i gcrích faoi
dheireadh 2003 faoi réir a
dtiteann amach sa phróiseas
comhoibríochta thuaidh/ theas.
. Tuarascáil gach sé mhí ar dhul
chun cinn a dhéanann TÉ agus
BFÉ/ ÚNFT ó thaobh beart an
CO a chur i bhfeidhm.
4. Éascú le húsáid an
chiste phoiblí i
gcomhair acmhainní
daonna a fhorbairt, i
gcomhair earcaíochta
agus oiliúna agus
athbhreithniú a
dhéanamh ar mar a
úsáidtear an ciste sin.
. Monatóireacht agus measúnú
a dhéanamh go rialta ar mar
a chuireann CERT/ ÚNFT na
fobhearta Turasóireachta de
Chlár Oibriúcháin um
Fhorbairt Fhostaíochta agus
Acmhainní Daonna i
bhfeidhm.
. Táscairí ó thaobh Acmhainní
Daonna turasóireachta
aitheanta agus tuairisc tugtha
orthu i dTuarascáil Bhliantúil
CERT/ ÚNFT.
. Tuarascáil gach sé mhí ar dhul
chun cinn a dhéanann
CERT/ ÚNFT ó thaobh bheart
an CO a chur i bhfeidhm.
5. Éascú le húsáid an
chiste phoiblí i
gcomhair forbairt
inbhuanaithe
chothrom a
dhéanamh ar tháirgí
. Monatóireacht agus measúnú
a dhéanamh go rialta ar mar
a chuireann BFÉ/ ÚNFT an
Scéim um Fhorbairt Táirgí
Turasóireachta i bhfeidhm.
. Tuarascáil gach sé mhí ar dhul
chun cinn a dhéanann
BFÉ/ ÚNFT ó thaobh an Scéim
a chur i bhfeidhm.
16
16
16
Page 17
18
Straitéis Táirgeachtaí Táscairí Feidhmíochta
turasóireachta agus
cáilíocht táirgí a
fheabhsú agus
athbhreithniú a
dhéanamh ar mar a
úsáidtear an ciste sin.
. LárIonad Náisiúnta
Chomhdhálacha a fhorbairt.
. Tograí a bheith ceaptha lena
mbreithniú ag an Rialtas go
luath in 2003.
EALAÍONA & FORAIS CHULTÚIR:
(A) Na hEalaíona
Tá fás mór tagtha ar an spéis agus ar an rannpháirtíocht sna healaíona le blianta beaga
anuas agus tá earnáil na n-ealaíon i bhfad níos mó, níos bríomhaire agus tá níos mó
éagsúlachta inti ná mar a bhí riamh. Agus an méid sin á aithint, déantar socruithe sa Chlár
um Rialú (Programme for Government) chun reachtaíocht nua ealaíne, a bhfuil sainmhíniú
níos uileghabhálaí ar na healaíona inti, a achtú. Leagfar amach inti freisin, den chéad uair i
reachtaíocht, ról agus feidhmeanna an Aire maidir leis na healaíona a chur chun cinn laistigh
den Stát agus lasmuigh de chomh maith.
Is tríd an gComhairle Ealaíon go príomha a sholáthraítear tacaíocht an Rialtais leis na
healaíona. Cé go mbeidh eisíoc ciste ina phríomhfheidhm den Chomhairle fós, is mó mar
atá an Chomhairle ag obair ó thaobh oiliúna agus fobartha chun éifeachtúlacht bhainistíocht
na n-eagraíochtaí ealaíon a optamú, chomh maith lena gcuid margaíochta agus an lucht
féachana a mheallann siad.
Tá breis is €70m soláthraithe le blianta beaga anuas ag scéimeanna deontas caipitiúil, arna
riaradh go díreach ag an Roinn, chun an bonneagar ealaíon agus caipitil timpeall na tíre a
fhorbairt, lena n-áirítear amharclanna, iarsmalanna agus dánlanna ilchuspóireacha. Tháinig
méadú mór ar an stoc náisiúnta de bhonneagar ealaíne ardchaighdeáin, ar an rochtain ar na
healaíona agus ar an deis do phobail áitiúla páirt a ghlacadh sna healaíona de bharr na
bhforbairtí sin. Tá sé tábhachtach go gcoimeádfar an móiminteam a d'eascair astu.
Tá brí speisialta ag Amharclann na Mainistreach, mar ár n-amharclann náisiúnta, do
Éireannaigh i ngach áit, agus chuir an Rialtas é féin faoi ghealltanas go soláthródh sé
áitreabh nua do Amharclann na Mainistreach. Beidh sé sin ina bhreisiú suntasach ar
chreatlach cultúir agus ealaíne ár bpríomhchathrach, agus go deimhin an náisiúin ina
iomláine.
D'éirigh an ealaín phoiblí ina cuid thábhachtach dár sochaí le blianta beaga anuas, is é an
tosaíocht ansin ná treoirlínte a sholáthar chun a chinntiú gur córas cothromais a shroichfidh
ardchaighdeáin ealaíne a bheidh á oibriú ag gach comhlacht poiblí.
Bhí rudaí ann ar éirigh go suntasach leo i dtionscal scannán na hEireann le blianta beaga
anuas ach tá deacrachtaí agus réaltachtaí an gheilleagair le sárú ag an tionscal ina
iomláine, nach mbaineann le hÉirinn amháin, mar baineann siad le formhór mór Aontas na
hEorpa agus tíortha níos faide ar shiúl. Cuireadh de chúram ar Bhord athstruchtúraithe
Scannán na hÉireann, a fuair acmhainní breise airgeadais agus daonna le blianta beaga
anuas, an tionscal a fhorbairt, agus ag cuimhneamh dúinn ar thábhacht na scannán mar
17
17
17
Page 18
19
léiriú ar chultúr agus ar thaithí na hEireann agus mar ardán taispeántais do Éirinn thar sáile,
beidh an fhorbairt sin ina thosaíocht fós.
(B) Forais Chultúir Náisiúnta
Is é sprioc na Roinne ná forbairt na bhForas Cultúir Náisiúnta a chur chun cinn; béim a
leagadh ar a mhéid is a bhaineann a gcuid gníomhaíochtaí go leanúnach leis an bpobal
iomlán; agus creatlach éifeachtach ó thaobh beartais agus reachtaíochta a sholáthar chun
ár n-oidhreacht inaistrithe a chosaint agus chun go mbeadh tuiscint a bheith uirthi. Is féidir
na forais sin a fhoroinnt ina dhá chatgóir – iad siúd atá ina gcuid den Roinn go horgánach
viz Ard-Mhúsaem na hÉireann, Leabharlann Náisiúnta na hEireann agus An Chartlann
Náisiúnta, agus na forais eile úd a bhfuil sainchúram náisiúnta acu a thagann faoi scáth na
Roinne ach nach bhfuil ina gcodanna den Roinn. Is iad na forais sin ná Gailearaí Náisiúnta
na hÉireann, an Ceoláras Náisiúnta, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus Leabharlann
Chester Beatty. Is é an Roinn den chuid is mó, a mhaoiníonn speansais reatha Leabharlann
an Ardeaspaig March, Músaem Hunt, Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann agus Cartlann
Ailtireachta na hÉireann.
Déantar socruithe san Acht um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997, inter alia, chun an tArd-Mhúsaem
Náisiúnta agus an Leabharlann Náisiúnta a dhealú ó chroílár na Roinne agus
féinriail bhreise a bhronnadh orthu trína suíomh i measc na bhforas eile sin a bhfuil
sainchúram náisiúnta acu a thagann faoi scáth na Roinne. Tá sé i gceist na forálacha sin de
Acht 1997 a chur i ngníomh le linn na tréimhse lena mbaineann an Ráiteas Straitéise seo.
Ar mhórchuspóirí eile atá ann i gcomhair na tréimhse 2003-2005 tá: tograí a cheapadh i
gcomhair fhorbairt straitéiseach fhadtéarmach an Cheolárais Náisiúnta agus na tionscadail
caipitiúla atá beartaithe ag Dún Uí Choileáin (Ard-Mhúsaem na hÉireann), ag Leabharlann
Náisiúnta na hÉireann agus ag an gCartlann Náisiúnta, a bhaint amach. I measc
tionscnaimh ó thaobh beartais, áirítear cabhair a thabhairt do na forais a bheith bainteach le
réimse níos leithne de dhaoine agus ardchaighdeáin ó thaobh seirbhís do chustaiméirí a
chothú.
Is iad spriocanna na Roinne maidir leis na healaíona, scannán & ceol agus na Forais
Chultúir Náisiúnta i gcomhair thréimhse an phlean seo ná:
Tuiscint ar na healaíona agus a gcleachtadh a chothú, agus na Forais Chultúir Náisiúnta a chumasú chun ár n-oidhreacht inaistrithe agus ár n-acmhainní cultúrtha
a bhailiú, a chaomhnú, a chosaint agus a chur i láthair, trí chreatlach cuí, ó thaobh beartais, reachtaíochta agus acmhainní, a sholáthar.
18
Straitéis Táirgeachtaí Táscairí Feidhmíochta
1. An creatlach
reachtaíochta atá
ann i gcomhair na
nEalaíon faoi
láthair a thabhairt
cothrom le dáta.
. Bille Ealaíon 2002 achtaithe.
. Beartais a bhaineann leis na
healaíona a fhorbairt tar éis don
reachtaíocht a bheith achtaithe.
. Acht Ealaíon curtha i bhfeidhm
(tráthchlár ag brath ar an
Oireachtas).
. Faomhadh an Rialtais i
gcomhair beartas a bhaineann
leis na healaíona.
2. Tacaíocht a
thabhairt chun an
. Clár comhaontaithe faoin Scéim
Thacaíochta um Chaipiteal
. Tionscadail a faomhadh lena
maoiniú faoin Scéim
18
18
Page 19
20
Straitéis Táirgeachtaí Táscairí Feidhmíochta
thabhairt chun an
bonneagar
ealaíon agus
cultúir a fhorbairt
tuilleadh, lena n-áirítear
ealaín
phoiblí.
Thacaíochta um Chaipiteal
Ealaíon agus Cultúir a Bhreisiú
(Arts and Culture Capital
Enhancement Support Scheme) (ACCESS) a
sheachadadh.
. Oibriú sa treo go gcuirfear
tionscadail chaipitiúla eile i gcrích
agus go bhforbrófar tionscadail
chaipitiúla nua.
. Comhordú, cur chun cinn agus
tacaíocht i gcomhair tionscnamh
de chuid an Rialtais agus
Gníomhaireachtaí Stáit san
ealaín phoiblí.
maoiniú faoin Scéim
Thacaíochta um Chaipiteal
Ealaíon agus Cultúir a Bhreisiú
(Arts and Culture Capital
Enhancement Support) a chur i gcrích faoi dheireadh
2004.
. Treoirlínte ar nósanna
imeachta agus ar chur
chuigeanna i leith ealaín
phoiblí a bheith á choimisiúnú
ag Gníomhaireachtaí Stáit,
comhaontaithe faoi dheireadh
2003.
3. Infheistíocht i
ndéanamh
scannán in Éirinn
a spreagadh.
. Comhthéacs cuíchóirithe ó
thaobh nósanna imeachta i leith
Scéim Chánach Alt 481 a oibriú.
. Scrúdú a dhéanamh ar
chomhaontuithe, um chomh-tháirgeadh
déthaobhach, a
thabhairt isteach.
. Treoirlínte nua a bheith eisithe
faoi lár 2003.
. Comhaontuithe chun éascú le
scánnán a tháirgeadh a chur i
bhfeidhm.
4. Ról an Choiste
Chaidrimh
Chultúrtha a
dhéanamh amach
i bhfianaise
fhreagracht an
Aire sa Bhille
Ealaíon, 2002 as
ealaín na
hÉireann a chur
chun cinn thar
sáile.
. Téarmaí tagartha cuí a bheith
forbartha.
. Coiste nua ceaptha agus
maoiniú leordhóthaineach
daingnithe faoi Shamhain
2003.
5. Creatlach ó
thaobh
acmhainní,
beartais agus
reachtaíochta i
gcomhair na
bhForas Cultúir
Náisiúnta a
sholáthar, ag cur
éileamh a
eascraíonn as
athruithe sa
tsochaí san
áireamh chomh
. Bonneagar fisiciúil, caighdeáin
um léirmhíniú agus éadálacha a
fhaigheann na Forais Chultúir, a
bheith feabhsaithe.
. Féinriail bhreise don Leabharlann
Náisiúnta agus do Ard-Mhúsaem
na hÉireann trí fhoráil an Acht um
Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997 a
chur i gníomh.
. Cinneadh ar fhorbairt
. Forais Chultúir a bheith in ann
a gcuid oibleagáidi reachtúla,
riaracháin agus oibleagáidí eile
nach iad, a chomhlíonadh.
. Dáta a shocrú chun forálacha
iomchuí Acht 1997 a chur i
ngníomh.
. Láthair a chinneadh.
19
19
19
Page 20
21
Straitéis Táirgeachtaí Táscairí Feidhmíochta
maith le
riachtanais dlí.
straitéiseach fhadtéarmach an
Cheolárais Náisiúnta.
. Amharclann na Mainistreach a
atógáil.
. Taithí d'ardchaighdeán ag na
Forais Chultúir do gach úsáideoir.
. Cuspóirí straitéiseacha, táscairí
feidhmíochta, agus meicníochtaí
comhaontaithe i leith
athbhreithniú a dhéanamh ar
ghnóthúcháin agus ar
chomhoibríocht idir forais.
. Fráma ama i gcomhair an
tionscadal a fhorbairt, a
chomhaontú.
. Acmhainní airgeadais
daingnithe.
. Táirgáidí bliantúla agus táscairí
feidhmíochta iomchuí, lena
n-áireofar aitheantas ar
'cháilíocht' thaithí an
úsáideora, le cois líon na n-úsáideoirí,
a bheith glactha ar
bord ag na Forais Chultúir
Náisiúnta.
. Cuspóirí comhaontaithe.
. Meicníocht i bhfeidhm.
6. Creatlach beartais
a bhunú chun
eascú le rochtain
a bheith ag níos
mó daoine sa
phobal ar na
bailiúcháin
náisiúnta agus le
hiarsmalanna
áitiúla agus
réigiúnacha a
fhorbairt.
. Beartais i bhfeidhm chun go
mbeadh níos mó daoine sna
réigiúin in ann na hEalaíona a
rochtain, chomh maith le taithí a
bheith acu ar na hEalaíona.
. Beartas nua comhaontaithe i
gcomhair aire cheart a thabhairt
do dhéantáin /bhailiúcháin
thábhachtacha réigiúnacha,
chomh maith lena gcur i láthair
agus a léirmhíniú i gceart.
. Rochtain mhéadaithe do
dhaoine sna réigiúin chun taithí
a bheith acu ar na bailiúcháin
náisiúnta, agus chun teacht ar
eolas orthu – rud a chinnteoidh
go mbeidh baint ag na FCanna
le tuilleadh saoránach.
. Cumas taispeántais náisiúnta
(nó cuid díobh) a bhogadh go
dtí lárionaid réigiúnacha cuí.
7. Tacaíocht a
thabhairt do
Chomhairle na
bhForas Cultúir
Náisiúnta (CFCN).
. Oibriú éifeachtúil éifeachtach
CFCN, go háirithe maidir le
sainchúram reachtúil na
Comhairle maidir leis an gCiste
Oidhreachta.
. Tuarascáil bhliantúil a bheith á
tháirgeadh ag CFCN, chomh
maith le tuarascálacha
speisialta ó am go chéile ar
iarratas an Aire.
SPÓRT
Tá cáil i bhfad is i ngar ar mar a d'éirigh le lucht spóirt na hÉireann ar bhonn idirnáisiúnta. Ar
an leibhéal náisiúnta, tá na hardchaighdeáin fheidhmíochta agus déine na hiomaíochta idir
clubanna áitiúla, clubanna contae agus cúige, speisialta. Mar náisiún, bíonn idir chomórtais
náisiúnta agus idirnáisiúnta, go háirithe na cinn úd ina mbíonn Éireannaigh páirteach, i
gceist lenár rannpháirtíocht le spórt, agus shuim, a bhfuil fréamhacha doimhne aici ach atá
20
20
20
Page 21
22
éighníomhach den chuid is mó, sna cineálacha spóirt nach mbaineann an oiread fuinnimh
leo agus a nglacann go leor de shaoránaigh ár dtíre páirt iontu mar chaitheamh aimsire
fóillíochta. Tá an t-aitheantas atá á thabhairt ar thábhacht na turasóireachta spórt-bhunaithe
don gheilleagar ag dul i méad fosta.
Taobh leis sin, cabhraíonn an spórt le folláine fhisiciúil agus mheabhrach an náisiúin agus
imríonn sé ról suntasach i limistéir faoi mhíbhuntáiste sóisalta agus geilleagrach trí
dheiseanna rannpháirtíochta sa spórt agus san fhóillíocht a thairiscint, rud a chealaíonn
iompar frithshóisialta agus na contúirtí a bhaineann le mí-úsáid drugaí. Tá áit lárnach ag an
spórt i bhfeidhmiú roinnt straitéisí de chuid an Rialtais freisin m. sh an Straitéis Náisiúnta
Leanaí agus an Straitéis Sláinte.
Tá an ardfeidhmíocht ina cuid bhuntábhachtach den straitéis fhoriomlán spóirt. Cuireann
feidhmíochtaí thar barr, arna ndéanamh ag lucht spóirt na hEireann i gcomórtais
idirnáisiúnta spóirt agus arna mbaint amach i dtimpeallacht saor ar dhrugaí, pátrúin
dhearfacha ar fáil, feabhsaíonn siad braistint ár mbróid as an ngnóthachtáil; agus cuireann
siad le híomhá na hEireann thar sáile.
Agus méadú ag teacht ar an éileamh ó phobal meabhrach, a bhfuil méid méadaithe acu ó
thaobh am le haghaidh fóillíochta agus a n-acmhainní airgeadais, ar shaoráidí nua-aimseartha
spóirt agus áineasa atá níos fearr ó thaobh stóir threalaimh agus bainistíochta,
is ann don riachtanas tacaíocht a sholáthar don phobal spóirt i réimsí amhail an spórt
fóillíochta, forbairt chóitseálaithe agus bainistíocht spóirt, trí na chomhlachtaí náisiúnta
rialaithe faoi threoir na Comhairle Spóirt agus trí scéimeanna amhail na gclár um Chaipiteal
Spóirt agus Linnte Snámha. Bhain raonta rásaíochta capall agus con ar fud na tíre tairbhe
as saoráidí feabhsaithe a soláthraíodh agus as an méadú a tháinig dá mbarr ar líon a lucht
féachana.
Is é cuspóir foriomlán na Roinne i leith spórt na hÉireann as seo go ceann trí bliana ná
earnáil bhríomhar ghníomhach spóirt a chur chun cinn agus a spreagadh, go háirithe i
limistéir faoi mhíbhuntáiste; earnáil ina mbeidh rannpháirtíocht mhéadaithe, saoráidí
inbhuanaithe ar dhea-chaighdeán agus deiseanna do dhaoine ról gníomhach a imirt sa
spórt; earnáil ina gcothaítear tallanna, acmhainneacht chumais agus riachtanais
lúthchleasaithe iomaíochta agus sárlúthchleasaithe agus ina dtacaítear leo agus iad ar thóir
sármhaitheasa agus ratha.
Leagtar spriocanna na Roinne i gcomhair na hearnála spóirt amach sna straitéisí,
táirgeachtaí agus táscairí feidhmíochta seo a leanas:
. Cuspóirí an Rialtais ó thaobh rannpháirtíocht sa spórt a mhéadú agus caighdeáin fheidhmíochta sa spórt a fheabhsú agus saoráidí spóirt ar leibhéal náisiúnta,
réigiúnach agus áitiúil a fhorbairt, go háirithe i bpobail faoi mhíbhuntáiste, a bhaint amach trí chomhthéacs cuí éifeachtach, ó thaobh beartais agus chistiú poiblí, a
sholáthar.
Straitéis Táirgeachtaí Táscairí Feidhmíochta
1. Éascú le húsáid an
chiste phoiblí i
gcomhair clár a
chuireann an spórt
agus gníomhaíocht
. Monatóireacht agus measúnú
rialta a dhéanamh ar chláir
chaiteachas arna riaradh ag na
gníomhaireachtaí a oibríonn
leis an Roinn (An Chomhairle
. Táscairí ó thaobh fhorbairt
spóirt agus chur chun cinn
feidhmíochta aitheanta agus
léirithe i bPleananna Straitéise
na Comhairle Spóirt, Rásaíocht
21
21
21
Page 22
23
áineasa chun cinn
agus athbhreithniú a
dhéanamh ar mar a
úsáidtear an ciste
sin.
Spóirt, Rásaíocht Chapall
Éireann agus Bord na gCon).
Chapall Éireann agus Bhord na
gCon agus tuairisc tugtha orthu
ina gcuid Tuarascálacha
Bliantúla ó 2002.
. Athbhreithniú caiteachais chláir
ar chaiteachas na Comhairle
Spóirt curtha i gcrích faoi
dheireadh 2003.
2. Éascú le saoráidí
spóirt agus áineasa
a sholáthar ar bhonn
náisiúnta.
. An Clár Chaipiteal Spóirt a
sholáthar go héifeachtúil
éifeachtach.
. Straitéis nua um Shaoráidí
Spóirt a fhorbairt agus a chur i
bhfeidhm.
. Iniúchadh náisiúnta ar
shaoráidí áitiúla spóirt a chur i
gcrích.
. An Clár um Linnte Snámha
Údarás Áitiúil a sheachadadh
go héifeachtúil éifeachtach.
. Scéim fhaoisimh chánach i
gcomhair tionscadal chaipiteal
spóirt a riaradh go héifeachtúil
éif ht h
. Iarratais iarrta ar bhonn
bliantúil faoin gclár, agus
measúnachtaí agus leithdháiltí
déanta faoi cheann trí mhí ón
dáta a cuireadh an t-iarratas
isteach.
. Éilimh a dhéantar ar
íocaíochtaí i leith caiteachas
atá tarraingte ag daoine a
dtugtar deontais dóibh,
comhlíonta go sásúil faoi
cheann mí amháin ón am a
fhaightear iad.
. Buiséad bliantúil i gcomhair na
scéime tarraingte anuas go
hiomlán faoi dheireadh na
bliana.
. Athbhreithniú caiteachais chláir
ar Chlár Chaipiteal Spóirt
curtha i gcrích faoi lár 2003.
. Straitéis nua um Shaoráidí
Spóirt curtha i gcrích faoi lár
2003.
. Tús curtha le hiniúchadh ar
shaoráidí áitiúla spóirt faoi lár
2003.
. Athbhreithniú caiteachais ar
chlár na Linnte Snámha a
bheith curtha i gcrích faoi
dheireadh 2003.
. Buiséad bliantúil i gcomhair na
scéime tarraingte anuas go
hiomlán faoi dheireadh na
bliana.
. Éilimh a dhéantar ar
íocaíochtaí i leith caiteachas
atá tarraingte ag daoine a
dtugtar deontais dóibh,
comhlíonta go sásúil faoi
cheann mí amháin ón am a
fhaightear iad.
. Cinntí ar thograí a cuireadh
isteach lena bhfaomhadh faoin
22
22
22
Page 23
24
éifeachtach.
. Tacú le Rásaíocht Chapall
Éireann agus le Bord na gCon
agus iad ag cur a gcuid clár um
obair chaipitiúil i bhfeidhm.
. Athbhreithniú ar an gCiste
Rásaíochta Capall agus Con, a
ndearnadh socruithe dó san
Acht um Rásaíocht Chapall
agus Chon, 2001.
Scéim a bheith curtha in iúl don
iarratasóir faoi cheann mí
amháin ón am a fhaightear iad.
. Tograí agus cláir a cheadú go
tráthúil.
. Athbhreithniú curtha i gcrích
faoi dheireadh 2004..
3. Éascú le Campas
agus Staidiam
Éireann a fhorbairt.
. Bonn reachtúil a chur faoi CSÉ.
. Maoiniú Vóta i gcomhair an
Spórtlann Uisce Éireann ag
Baile an Aba a riaradh.
. Cinneadh Rialtais a lorg maidir
le heilimintí thionscadal
Staidiam agus Champas
Éireann atá le soláthar de réir
tiomantais sa Programme for
Government.
. Reachtaíocht dréachtaithe
agus Bille foilsithe faoi
dheireadh Mheitheamh 2003.
. Cinntiú go gcuirfear tógáil na
linne i gcrích agus go
dtabharfaidh CSÉ an tsaoráid
ar láimh chuig na hoibreoirí,
Dublin Waterworld Ltd, faoi
dheireadh Mhárta 2003 sa
chaoi go mbeidh saoráidí ar fáil
i gcomhair Chluichí
Oilimpeacha Speisialta an
tSamhraidh i mí Mheithimh
2003.
. Meamram um Rialú
(Memorandum for Government) a bheith curtha
isteach lena chinneadh faoi
dheireadh Mhárta 2003.
23
23
23
Page 24
25
SEIRBHÍSÍ CORPARÁIDEACHA
Is é an príomhdhúshláin ó thaobh eagrúcháin atá le sárú ag an Roinn nua le linn an chéad
trí bliana ar an saol di ná an próiseas ó thaobh braistint chomhaidhme agus féiniúlacht
chorparáideach a chothú i leith chomhlíonadh na bhfeidhmeanna a shann an Rialtas di i mí
Mheitheamh 2002, agus ag an am céanna, a bheith ag breathnú amach le go mbeidh an
Roinn ina foinse tacaíochta do na hearnálacha laistigh dá chúram agus seirbhís
ardchaighdeáin a sholáthar do bhonn a cuid custaméirí éagsúla. Tabharfar aghaidh ar na
dúshláin sin i gcomhthéacs an chláir um nuachóirú na státseirbhíse a bheith á chur i
bhfeidhm go leanúnach le teann comhpháirtíochta agus i gceist leis sin, beidh forbairt
Straitéise Comhtháite um Acmhainní Daonna agus feidhmiú an Chórais Bainistithe
Feidhmíochta (CBFF).
Foilseoidh an Roinn Cairt um Sheirbhís do Chustaiméirí faoi lár 2003. Déanfar dul chun cinn
ar straitéisí TE agus r-Rialtais chun go mbainfear amach an saothrú is éifeachtaí de na
teicneolaíochtaí atá ar fáil chun freastal ar riachtanais na Roinne. Rollfar an Creatlach um
Eolas Bainistíochta (MIF) amach agus cabhróidh sé sin le hacmhainní airgeadais agus
acmhainní eile nach iad a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtaí de réir chuspóirí agus
thosaíochtaí straitéiseacha na Roinne. Cuirfidh an clár oibre sin um athraithe fuinnimh na
Roinne i ngach réimse agus ar gach leibhéal ag obair.
Tá an méid seo a leanas leagtha amach ag an Roinn mar a sprioc eagrúcháin:
. Tacú le misean agus spriocanna earnálacha na Roinne a sheachadadh agus le
seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar, trí struchtúir fheabhsaithe eagrúcháin agus tacaíochta a fhorbairt chomh maith le scileanna agus inniúlachtaí
feabhsaithe foirne, de réir an chláir um nuachóiriú na státseirbhíse.
Straitéis Táirgeachtaí Táscairí Feidhmíochta
1. Creatlach Bainistíochta
Straitéisí a fhorbairt go
leanúnach.
. Pleananna gnó bliantúla
athbhreithnithe le héifeacht
a thabhairt do Ráiteas
Straitéise na Roinne.
. Próiseas comhpháirtíochta
neadaithe.
. Clár um nuachóiriú na
seirbhíse poiblí
leathnaithe chuig
comhlachtaí faoi scáth na
Roinne.
. Plean Gnó Bliantúil na Roinne agus é
tugtha cothrom le dáta ullmhaithe agus
foilsithe ar Láithreán Gréasáin faoi
Mhárta gach bliain ó 2004
. Iniúchadh ráithiúil ar nascáil idir CBFF
agus pleananna gnó/ cuspóirí
straitéiseacha.
. Tuarascáil Bhliantúil foilsithe faoi Aibreán
gach bliain.
. Réimse saincheisteanna comhaontaithe
trí Chomhpháirtíocht
. Líon cruinnithe na gCoistí
Comhpháirtíochta & foghrúpaí.
. Athbhreithniú bliantúil ar obair na
Comhpháirtíochta.
. Tuarascálacha ar dhul chun cinn curtha
faoi bhráid na Roinn de réir riachtanas
lárnach.
24
24
24
Page 25
26
Straitéis Táirgeachtaí Táscairí Feidhmíochta
2. Cumas agus solúbthacht ó
thaobh eagrúcháin a
fheabhsú.
. Straitéis Chomhtháite um
Acmhainní Daonna.
. Córas Bainistithe
Feidhmíochta agus
Forbartha (CBFF) curtha i
bhfeidhm.
. Straitéis Athbhreithnithe
Oiliúna agus clár
mionsonraithe oiliúna.
. Creatlach Eolais
Bhainistíochta (MIF) a chur
i bhfeidhm.
. Straitéis athbhreithnithe um Acmhainní
Daonna i bhfeidhm faoi Aibreán 2003.
. Plean athbhreithnithe i gcomhair feidhm
na Bainistíochta Acmhainní Daonna a
ath-threoshuí, i bhfeidhm faoi
Mheitheamh 2003.
. Oiliúint curtha ar gach ball foirne i gCéim
3 faoi Aibreán 2003.
. Scálaí ama difriúla ó thaobh thimthriallta
CBFF sna seanranna le bheith
athailínithe faoi Aibreán 2003.
. Dara timthriall de CBFF i gcomhair gach
ball foirne a bheith curtha i gcrích faoi
Mhárta 2004 agus leanta ar aghaidh ar
bhonn rollach.
. Faisnéis tugtha ar bhonn ráithiúil don
Choiste Comhpháirtíochta ar fheidhmiú
CBFF.
. Clár oiliúna mionsonraithe athbhreithnithe
i gcomhair na Roinne, bunaithe ar anailís
ar shonraí CBFF, i bhfeidhm faoi
Mheitheamh 2003.
. Plean oiliúna i gcomhair Foras Culútir
bunaithe ar anailís ar shonraí CBFF i
bhfeidhm faoi Mheitheamh 2003.
. Líon foirne oilte i scileanna agus
inniúlachtaí lárnacha na Roinne.
. Caiteachas oiliúna le 4% ar a laghad de
chostaisí párolla a shroicheadh faoi
dheireadh 2003.
. Tráthchlár nua le cur i bhfeidhm sa
Roinn, i bhfeidhm faoi Mhárta 2003.
. Córas i bhfeidhm faoi dheireadh 2004
3. Beartas na státseirbhíse i
leith comhionannais
deiseanna a chur i
bhfeidhm.
. Beartas comhionannais
forbartha.
. Tuarascálacha ar dhul
chun cinn.
. Beartas comhionannais curtha i bhfeidhm
agus beartais Acmhainní Daonna cothromas-phrofa.
. Ionadaíocht na mban méadaithe mar seo
a leanas faoi 2005: -I ngrád na bPríomhoifigeachCúnta
ó 41% go 45% -I ngrád na bPríomhoifigeach
ó 33% go 40%.
. Monatóireacht déanta ar
shaincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar fhorchéimniú gairm bheatha, go
háirithe sna gráid ghairmiúla/ Roinne.
. Tuairisc déanta ar dhul chun cinn sna
Tuarascálacha Bliantúla.
25
25
25
Page 26
27
Straitéis Táirgeachtaí Táscairí Feidhmíochta
4. Seirbhís ardchaighdeái
n a sholáthar dár gcuid
custaiméirí.
. Cairt um Sheirbhís
Ardchaighdeáin do
Chustaiméirí, lena n-áirítear
Beartas um Stádas
Comhionann.
. An tAcht um Shaoráil
Faisnéise (FOI) a
chomhall.
. Cairt i bhfeidhm agus foilsithe faoi
Bhealtaine 2003.
. Cuspóirí na Cairte curtha i bhfeidhm.
. Baill foirne oilte ar bheartas um stádas
comhionann.
. Monatóireacht déanta ar eatraimh shé
mhí ag Coiste Comhpháirtíochta ar dhul
chun cinn ó thaobh an Chairt a chur i
bhfeidhm.
. Tuairisc déanta ar dhul chun cinn i
dTuarascálacha Bliantúla.
. Cinnteoirí a bheith oilte.
. Nósanna imeachta tugtha cothrom le
dáta, ag teacht leis an gcleachtas is fearr.
. Saoráil Faisnéise rollta amach i
gcomhlachtaí iomchuí faoin Roinn.
5. Teicneolaíocht an Eolais (TE)
a fhorbairt agus a
bhainistiú chun tacú le
seachadadh mhisean agus
chuspóirí na Roinne.
. Athbhreithniú ar Straitéisí
TE shean-Ranna agus
Straitéis nua TE 2003-
2006 na Roinne, forbartha.
. Athbhreithniú Lár-Théarmach
ar Straitéis TE.
. Straitéis nua TE 2003-2006 i bhfeidhm
faoi Aibreán 2003.
. Curtha i gcrích faoi dheireadh 2004.
6. Na beartais um Shochaí an
Eolais agus r-Sheirbhís
Phoiblí a neadú san
eagrúchán agus sa
phleanáil a dhéanann an
Roinn.
. Úasmhéid úsáide as meáin
leictreonacha chun eolas a
scaipeadh.
. Measúnú leanúnach ar a
infheidhme is atá beartais
den sórt sin ó thaobh
oibríochtaí na Roinne.
. Roghanna i leith r-Oibre.
. Láithreán gréasáin na Roinne á thabhairt
cothrom le dáta agus monatóireacht á
déanamh air go rialta.
. Cur chun cinn phróiseas na n-iarratas Ar-Líne
a éascú chomh maith leis an
mbunachar sonraí i gcomhair Scéim
Dheontas i leith Caipitil Spóirt a
chothabháil.
. Straitéisí cuí ó thaobh r-Sheirbhíse Poiblí
a fheidhmiú i bpróisis phleanála agus
oibriúcháin na Roinne.
. Roghanna i leith r-Oibre laistigh den
Roinn a mheas i gcomhthéacs fhorbairt
agus fheidhmiú na Straitéise
Athbhreithnithe um Acmhainní Daonna
faoi dheireadh 2003.
7. Inniúlacht na Roinne i leith
iniúchadh agus measúnú a
dhéanamh a fheabhsú.
. Cláir bhliantúla um
iniúchadh inmheánach
arna chomhaontú ag
Coiste Comhairleach
Bainistíochta.
. Clár 3 Bliana
d'Athbhreithnithe
Caiteachais (2002-2004).
. Clár curtha i gcrích agus moltaí
comhaontaithe agus curtha i bhfeidhm.
. Athbhreithnithe curtha i gcrích, de réir
spriocdhátaí an chláir.
26
26
26
Page 27
28
Straitéis Táirgeachtaí Táscairí Feidhmíochta
. Athbhreithniú bliantúil ar
dhul chun cinn i leith
fheidhmiú moltaí um
Athbhreithniú Iniúchta agus
Caiteachais.
. % de mholtaí curtha i bhfeidhm.
8. Dúnadh oifigiúil na
gClár CSF 1994-1999 sna
réimsí Turasóireachta
agus Forbartha Áitiúla.
. Tuarascálacha agus
Iniúchtaí Deiridh ar na Cláir
Oibriúcháin
Turasóireachta, LURD
agus URBAN á gcur i
gcrích faoi dheireadh
Mhárta 2003 de réir
riachtanas na Roinne
Airgeadais agus an AE.
. 20% deiridh de mhaoiniú cláir a bheith
faighte faoi dheireadh 2003 (spriocdháta
na híocaíochta ag brath ar Choimisiún na
hEorpa).
27
27
27
Page 28
29
AGUISÍN 1
STRUCHTÚR EAGRÚCHÁIN Príomhoifigeach
Susan McGrath
Acmhainní Daonna & Tionscnamh Bainistíochta
Straitéisí
Rúnaí Cúnta
Paul Bates
Príomhoifigeach
Francis Rochford
Margaíocht Turasóireachta & Beartas um Chur Chun Cinn
Príomhoifigeach
Eugenie Deegan
Forbairt Turasóireachta & Beartas Oiliúna
Príomhoifigeach
Joe Timbs
Airgeadas & Spórt
Rúnaí Cúnta
Con Haugh
Príomhoifigeach
Paddy Heffernan
Rannán Spóirt 2 Príomhoifigeach
Helen Nugent
Rannán Spóirt 1
Aire
John O'Donoghue, TD
Ard-Rúnaí
Philip Furlong
Príomhoifigeach
Chris Flynn
Tionscadail Speisialta na bhForas Cultúir &
Seirbhísí TE Príomhoifigeach
Barry Murphy
Ealaíon, Scannán & Ceoil Príomhoifigeach
Liam Fitzgerald
Forais Chultúir
Rúnaí Cúnta
Michael Grant
Stiúrthóir
Pat Wallace
Ard-Mhúsaem na hÉireann Stiúrthóir
Brendan O'Donoghue
Leabharlann Náisiúnta Stiúrthóir
David Craig
An Chartlann Náisiúnta
Tuairiscíonn an tAonad Iniúchta Inmheánaigh go díreach chuig an Ard-Rúnaí.
28
28
28
Page 29
30
AGUISÍN 2
LÍON FOIRNE DE RÉIR GRÁID AGUS INSCNE (mar a bhí an 31 Nollaig 2002)
Grád Fireannach Baineannach Iomlán
Ard-Rúnaí 1 0 1 Rúnaí Cúnta 3 0 3
Stiúrthóir 3 0 3 Príomhoifigeach 5 3 8
Príomhoifigeach Cúnta 13 8.5 21.5 Cuntasóir Gairmiúil 0 1 1
Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin 17 15 32 Oifigeach Riarachain 1 0 1
Oifigeach Feidhmiúcháin 12 22 34 Oifigeach Foirne 0 4.5 4.5
Oifigeach Cléireachais 26 52 78 Oifigeach Seirbhísí 9 1 10
Freastalaí Sinsearach 5 0 5 Freastalaí Seirbhísí 5 0 5
Foirne Aireachta ar Chonradh 2 1 3 Glantóir 0 9 9
Airíoch 2 0 2 Coimeádaí 9 1 10
Cartlannaí Sinsearach 1 3 4 Cartlannaí 2 1 3
Oifigeach Caomhnúcháin 1 2 3 Ceann Seirbhísí (Príomhoifigeach) 1 0 1
Coimeádaí Cúnta Grád I 6 6 12 Coimeádaí Cúnta Grád II 12 30 42
Oifigeach Buanchoimeádta 1 0 1 Oifigeach Teicniúil Sinsearach 1 0 1
Oifigeach Teicniúil 1 0 1 Cúntóir Teicniúil Sinsearach 1 1 2
Cúntóir Teicniúil 4 15 19 Cúntóir Leabharlainne Sinsearach 3 1 4
Cúntóir Leabharlainne Grád I 5 1 6 Cúntóir Leabharlainne Grád II 3 1 4
Cúntóir Leabharlainne Grád III 10 4 14 Freastalaí Eolaíochta agus Ealaíona 51 14 65
Grianghrafadóir Sinsearach 0 1 1 Grianghrafadóir 1 0 1
Ceannasaí na bhFreastalaithe 1 0 1 Fear/ Bean Suite agus Ceanglóir 0 1 1
Seandálaí (Coiméadaí Cúnta II) 0 2 2 Teileafónaí Lagamhairc 1 0 1
Ábhar Oifigigh Chléireachais 2 1 3 Ealaíontóir Grafach Sinsearach 0 1 1
Ealaíontóir Grafach 2 0 2 _____ _____ _____
Iomlán 224 202 426
29
29
29
Page 30
31
AGUISÍN 3
GNÍOMHAIREACHTAÍ FEIDHMIÚCHÁIN/ COMHLACHTAÍ GAOLMHARA
Is é gnó na bhForas Cultúir agus an Stáit nó gnó na ngníomhaireachtaí
feidhmiúcháin/ comhlachtaí eile, bídís lastigh den Roinn féin nó faoi scáth fhreagrachtaí
feidhmiúla na Roinne, go leor de na beartais a dtagraítear dóibh sa Ráiteas Straitéise seo a
chomhlíonadh. Ar na comhlachtaí sin tá:
Ard-Mhúsaem na hÉireann Bunaíodh Ard-Mhúsaem na hÉireann leis an Science and Art Museums Act, 1877. Is é a
shainchúram ná: oidhreacht iniompartha nádúrtha agus ábhartha chultúr oileán na hÉireann
a chaomhnú agus rochtain uirthi a sholáthar; tuiscint ar an oidhreacht sin agus fís di a chur
in iúl do mhuintir na hÉireann agus do chuairteoirí ar Éirinn agus gníomhú mar
mhóracmhainn oideachasúil; nascanna cultúir laistigh d'Éirinn agus le tíortha eile a neartú.
An Chartlann Náisiúnta (agus Comhairle Chomhairleach na Cartlainne Náisiúnta) Bunaíodh An Chartlann Náisiúnta an 1 Meitheamh 1988 faoin Acht um Chartlann Náisiúnta,
1986. Cónascadh atá ann idir Oifig Thaifead Poibli na hÉireann (arna bhunú in 1867) agus
Oifig na Státpháipéar (arna bhunú in 1702). Dhá rud atá i gceist le misean na Cartlainne
Náisiúnta: caomhnú taifead a bhaineann le hEireann, agus ar fiú a chaomhnú mar chuid den
chartlann, a dhaingniú; agus a chinntiú go ndéanfar socruithe cuí le go mbeidh rochtain ag
an bpobal ar an gcartlann. Comhlíontar an misean sin de réir Acht na Cartlainne Náisiúnta,
1986 agus de réir reachtaíochta agus rialachán gaolmhar eile.
Bhí socruithe san Acht um Chartlann Náisiúnta i gcomhair Chomhairle Chomhairleach na
Cartlainne Náisiúnta a bhunú freisin. Cuireann sí comhairle ar fáil don Aire i leith
chomhlíonadh a chumhachtaí faoin Acht agus i leith na gcúrsaí uile a théann i bhfeidhm ar
an gcartlann agus ar an úsáid a bhaineann an pobal aisti.
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann Bunaíodh an Gailearí faoi na hAchtanna um Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, 1854 go
1963. Tá isteach is amach ar 3,000 péintéireachtaí ola ann; isteach is amach ar 8,000
líníochtaí agus pictiúir uiscedhathacha; greanadóireachtaí agus dealbhóireachtaí. Tá
iarsmalann Yeats ann, leabharlann tagartha ealaíon, siopa leabhar, gailearaí ilmheáin,
bialann agus amharclann léachtaí. Cuirtear taispeántais speisialta suas gach bliain i
Sciathán na Mílaoise.
An Leabharlann Náisiúnta Is é misean na Leabharlainne Náisiúnta ná leabhair, lámhscríbhinní agus ábhar léiriúcháin
ar díol spéise ó thaobh na hÉireann iad, a bhailiú, a chaomhnú agus a chur ar fáil. Oibríonn
an Leabharlann Seirbhís Ghinealeolaíochta freisin atá curtha le chéile chun cabhrú leo siúd
ar fad ar mian leo taighde a dhéanamh ar stair a muintire in Éirinn. Bíonn an tSeirbhís ar fáil
saor in aisce do gach duine a bhuaileann isteach ar an Leabharlann.
An Ceoláras Náisiúnta Is é an Ceoláras Náisiúnta an láthair cheoil is mó clú agus cáil in Éirinn. Ó osclaíodh in 1981
é, tá cáil gnóthaithe ag an gCeoláras mar phríomhionad na hÉireann i gcomhair ceol agus
ealaín a thaibhiú beo agus aithnítear é mar láthair thábhachtach ar thimchuairt na gceoltóirí
idirnáisiúnta.
30
30
30
Page 31
32
Leabharlann Chester Beatty Tá Leabharlann Chester Beatty ar cheann d'Fhorais Chultúir Náisiúnta na hÉireann, agus ba
é an Sior Alfred Chester Beatty a chruthaigh í agus d'fhág sé le hucht í le hiontaobhas ar
mhaithe leis an bpobal. Iarsmalann ealaíne agus leabharlann araon atá san Leabharlann, a
bhfuil sárbhailiúchán de lámhscríbhinní Ioslamacha agus ealaíon ón tSín, ón tSeapáin, ón
India agus ó thíortha eile an Oirthir ann. Luath-phaipírí, lena n-áirítear cuid de na téacsanna
Bíobla is luaithe agus lámhscríbhínní eile luath-Chríostaí, priontaí ón iarthar agus leabhair
chlóbhuailte, cuireann siad uile an dlaoi mhullaigh ar cheann de na bailiúcháin is saibhre dá
leithéid ar domhan. Tá 8,000 imleabhar ag Leabharlann Tagartha LCB a bhaineann leis an
mbailiúchán. Trí choinne a thugtar cead isteach faoi láthair. Téigh i dteagmháil leis an
Leabarlannaí Tagartha i gcomhair tuilleadh eolais (féach iatán le haghaidh sonraí
teagmhála).
Áras Nua-Ealaíne na hÉireann Is é Áras Nua-Ealaíne na hÉireann príomhfhoras náisiúnta na hÉireann i gcomhair ealaín
nua-aimseartha is chomhaimseartha a bhailiú agus a chur i láthair. Cuireann an tÁras
réimse leathan d'ealaín éagsúla agus de smaointe ealaíontóirí i láthair i gclár bríomhar de
thaispeántais lena n-áirítear go rialta bailiúcháin saothair as Bailiúcháin an Árais féin, óna
Roinn dhuaisbhuaiteach Oideachais agus Pobail, agus ó na cláir Stiúdeo agus Náisiúnta.
Leabharlann an Ard-Easpaig Marsh's Bhí Leabharlann an Ard-Easpaig Marsh ar an gcéad leabharlann phoiblí in Éirinn (arna
bhunú in 1701). Tá breis is 25,000 leabhar sa leabharlann a bhaineann leis an 16ú, 17ú
agus 18ú céad, a chuimsíonn an liacht, an dlí, an eolaíocht, an taisteal, an loingseoireacht,
an mhatamaitic, an ceol, an tsuirbhéireacht agus an litríocht chlasaiceach. Tá ceithre
phríomhbhailiúchán ann, ina bhfuil 25,000 leabhar a bhaineann leis an 16ú, 17ú céad agus
leis an chéad chuid den 18ú céad. Le cois na gceithre bailiúchán sin, tá thart ar thrí chéad
lámhscríbhínn sa leabharlann, chomh maith le seomra ar leith atá curtha in áirithe i
gcomhair leabhar agus tréimhseachán a bhaineann le stair na hÉireann agus a cuireadh i
gcló le céad bliain anuas.
Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann Cuireadh Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann ar bun i mí Dheiridh Fómhair 1928, faoi
bharántas de chuid Uachtarán Chomhairle Fheidhmiúcháin Saorstát Éireann. Bunaíodh an
Coimisiún chun tuairisciú ar chineál, ar mhéid agus ar thábhacht bhailiúchán ar díol spéise ó
thaobh na litríochta, na staire agus go ginearálta iad, a bhaineann le hÉirinn, bídís faoi
úinéireacht phríobháideach nó phoiblí agus ar na háiteanna ina bhfuil lámhscríbhinní agus
páipéir den sórt sin taiscithe. Ordaíodh don Choimisiún fosta socruithe a dhéanamh i
gcomhair féilirí, catalóga agus eagráin de lámhscríbhinní a ullmhú agus a fhoilsiú. Ó
bunaíodh Institúid Ard-Léinn Átha Cliath in 1940, is ar Dhámh Léinn Cheiltigh na hInstitiúide
a bhí an fhreagracht as ábhar i nGaeilge a fhoilsiú.
An Chomhairle Ealaíon Is comhlacht féinrialaitheach é an Chomhairle Ealaíon a bunaíodh in 1951 chun spéis an
phobail sna healaíona a spreagadh agus eolas agus tuiscint ar na healaíona, agus a
gcleachtadh, a chur chun cinn. Is í príomhionstraim Stát na hÉireann í maidir le maoiniú
ealaíon agus comhlacht comhairleach don Rialtas ar chúrsaí ealaíona, ag oibriú faoi na
hAchtanna Ealaíon 1951 agus 1973. Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon le gach gné de na
healaíona, i nGaeilge agus i mBéarla – ailtireacht, damhsa, drámaíocht, scannán, litríocht,
ceol, ceoldráma agus na hamharcealaíona.
Bord Scannán na hÉireann
31
31
31
Page 32
33
Oibríonn Bord Scannán na hÉireann faoi na hAchtanna um Bhord Scannán na hÉireann,
1980-2000, chun na gnéithe cruthaitheacha agus tráchtála de dhéanamh scannán in Éirinn
agus cultúr scannán na hÉireann a chur chun cinn, don lucht féachana sa bhaile agus don
lucht féachana idirnáisiúnta. Cuireann sé iasachtaí agus infheistíocht ghnáthscaireanna ar
fáil do dhéantóirí neamhspleácha scannán na hÉireann chun cabhrú le scannáin
Éireannacha a fhorbairt agus a tháirgeadh. Gníomhaíonn an Bord i gcomhoibriú le
gníomhaireachtaí leath-stáit eile in Éirinn freisin chun margaíocht, díolachán agus dáileadh
scánnán Éireannach a fheabhsú agus chun oiliúint agus forbairt i réimsí uile de dhéanamh
scannán a chur chun cinn. Tá oibrithe scannáin Éireannacha a bheith á bhfostú agus
seirbhísí fo-ghabhálacha Éireannacha a bheith á n-úsáid ina gcodanna ríthábhachtacha den
bhreithniú a dhéanann an Bord ar iarratais. Lena chois sin, cuirfidh aonad margaíochta an
Bhoird Éire chun cinn ar bhonn idirnáisiúnta mar bhunáit láithreach scannán.
Bord Ceoil na hÉireann Bunaíodh Bord Ceoil na hÉireann ar bhonn eatramhach i mí na Bealtaine 2001 ar bhonn
comhpháirtíochta idir an Roinn agus Grúpa Thionscal Ceoil IBEC. Is é ról an Bhoird Cheoil
ná gníomhú mar fhóram i gcomhair an tionscail, beartais straitéiseacha i gcomhair thionscal
an cheoil a fhorbairt, a cheapadh agus a chur chun cinn go gníomhach agus uasmhéadú a
dhéanamh ar an méid a thugann tionscal an cheoil do gheilleagar na tíre agus cabhrú le
gníomhaireachtaí Rialtais agus Stáit ina gcuid iarrachtaí an tionscal a fhorbairt.
An Chomhairle Spóirt (ISC) Bunaíodh an Chomhairle Spóirt i mí Iúil 1999 mar an comhlacht reachtúil i gcomhair spórt ar
gach leibhéal in Éirinn a chur chun cinn agus a fhorbairt. Soláthraíonn an Chomhairle Spóirt
deontais do Chomhlachtaí Rialaithe Náisiúnta Spóirt freisin chomh maith leis an Scéim
Chártála Idirnáisiúnta i gcomhair lúthchleasaithe ard-fheidhmíochta, Scéim Spóirt agus
Áineasa don Óige agus an Clár Frith-Dhópála a riaradh.
Forbairt Champas agus Staidiam Éireann Teo (CSID) Is cuideachta é Forbairt Champas agus Staidiam Éireann arna bhunú ag an Rialtas faoi Acht
na gCuideachtaí chun maoirseacht a dhéanamh ar phleanáil, ar fhorbairt agus ar sholáthar
gach eilimint de Champas Spóirt lena n-áirítear Staidium ag Baile an Aba, Co. Átha Cliath.
Tá a chead tugtha ag an Rialtas leis an mBille um Údarás Champas agus Staidiam Éireann
a dhréachtú, ina ndéanfar socruithe i gcomhair údarás reachtúil a bhunú chun maoirseacht a
dhéanamh a fhorbairt an tionscadail.
Rásaíocht Chapall Éireann Is Comhlacht nua Stáit é Rásaíocht Chapall Éireann a bunaíodh in 2001 chun stádas na
hÉireann mar lárionad domanda sármhaitheasa i gcomhair an capall folúil a thógáil agus a
rith, a fhorbairt agus a chur chun cinn. Tháinig sé in áit Údarás Rásaíocht Chapall Éireann
agus ghlac sé feidhmeanna áirithe ón Turf Club. Déanfaidh Rásaíocht Chapall Éireann
maoirseacht ar an bhforbairt a dhéanfar amach anseo ar thionscal na gcapall folúil in Éirinn
agus tá sé freagrach as an gcapall folúil a stiúradh, a mhaoiniú agus a chur chun cinn, as an
Chlárlann, an Tote agus an rannán ráschúrsa a ghabhann leis a oibirú, as feidhmiú ar son
rásaíocht chapall na hÉireann ar bhonn idirnáisiúnta maidir leis na feidhmeanna a ghabhann
léi agus as idirbheartaíocht a dhéanamh ó thaobh ioncaim ó na meáin agus ó thaobh cearta
craolacháin. Tá úinéireacht ag Rásaíocht Chapall Éireann ar roinnt ráschúrsaí agus oibríonn
sí iad, agus trína fhochuideachta, Tote Ireland Ltd., reachtálann sé suimitheoir ag gach
ráschúrsa in Éirinn, chomh maith le seirbhís ghealltóireachta chreidmheasa, ag an gcúrsa
agus lasmuigh de araon. Tá Rásaíocht Chapall Éireann freagrach as capall folúil na
hÉireann a chur chun cinn freisin trí Irish Thoroughbred Marketing Ltd.
32
32
32
Page 33
34
Bord na gCon Is comhlacht tráchtála leath-stáit é Bord na gCon, atá freagrach as tionscal na gcon in Éirinn
a rialú agus a fhorbairt. Bunaíodh an bord faoi Acht Tionscail na gCon, 1958, rud a thug
cumhachtaí fairsinge don bhord chun gach gné de rásaíocht chon in Éirinn a rialú lena
n-áirítear na raonta difriúla a cheadúnú, ceadúnais a eisiúint d'oifigigh, do gheallghlacadóirí,
d'oiliúnóirí agus na rialacha rásaíochta a chur i bhfeidhm. Tá seacht raon déag san iomlán
ceadúnaithe ag an mBord sa phoblacht, a bhfuil úinéireacht agus riail iomlán ag an mBord
ar ocht gcinn as a measc siúd. Is le fiontair phríobháideacha an fuíollach, a oibríonn na
raonta sin freisin. Tá trí staidiaim eile ann faoi úinéireacht phríobháideach i dTuaisceart
Éireann freisin. Oibríonn an Bord saoráidí Suimitheora ag gach raon con freisin.
Turasóireacht Éireann Teo. Is é Turasóireacht Éireann Teo. an cuideachta nua turasóireachta uile-oileánda arna bhunú i
mí na Nollag 2000 ag Bord Fáilte (BFÉ) agus ag Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann
(NITB) faoi chreatlach Chomhaontú Aoine an Chéasta. Rialaíonn Meabhrán agus Airteagail
Chomhlachais a chuid feidhmeanna agus tá sé freagrach don Chomhairle Aireachta
Thuaidh Theas. Tá freagracht ar an gCuideachta as (i) Branda Turasóireachta Éireann (ii)
margaíocht cheann-scríbe uile-Éireann, (iii) margaíocht réigiúnach agus margaíocht táirgí
agus gníomhaíocht i leith cur chun cinn thar cheann BFÉ agus Bhord Turasóireachta
Thuaisceart Éireann a sheachadadh thar sáile; agus (iv) líonra na hoifige margaíochta thar
sáile. Thosaigh sé ag obair in iomlán a fheidhme i gcomhair shéasúr margaíochta 2002.
Bord Fáilte Éireann (Bord Turasóireachta na hÉireann) agus CERT (Gníomhaireacht an Stáit um Oiliúint Turasóireachta)
Féach Fáilte Éireann thíos.
Fáilte Éireann. Bunaíodh An tÚdarás Náisiúnta ForbarthaTurasóireachta, a bhfuil Fáilte Éireann le bheith
tugtha air i mbun oibriúcháin dó, go hoifigiúil an 28 Bealtaine 2003 agus an dáta céanna,
scaoileadh Bord Fáilte agus CERT agus aistríodh a gcuid feidhmeanna chuig an tÚdarás
nua. Tá freagracht ar Fáilte Éireann as a bheith ag obair le tionscal turasóireachta na
hÉireann chun ionad ilfhreastail i gcomhair tacaíocht straitéiseach agus phraiticiúil a
sholáthar chun Éire a fhorbairt agus a choinneáil mar cheann scríbe iomaíoch ardcháilíochta
do thurasóirí. Ó thaobh idirghníomhaíocht idir Fáilte Éireann agus Turasóireacht Éireann
Teo., bíonn fócas Fáilte Éireann ar cháilíocht an eispéireas a sholáthraíonn tionscal
turasóireachta na hÉireann do chuairteoirí agus bíonn fócas Turasóireacht Éireann Teo. ar
chuairteoirí a mhealladh go hÉireann. Ní comhlacht Thuaidh-Theas é Fáilte Éireann.
Oibríonn sé laistigh den Stát."
Forbairt na Sionna (Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teo.) Tá Forbairt na Sionna freagrach as an turasóireacht a fhorbairt i Réigiún an Iarthair Láir,
lena n-áirítear táirgí nua turasóireachta a fhorbairt agus seirbhísí eolais do thurasóirí a
sholáthar.
33
33
33
Page 34
35
AGUISÍN 4
SLEACHTA AS AN g CLÁR UM RIALÚ (PROGRAMME FOR GOVERNMENT) 2002
CULTÚR AGUS OIDHREACHT *
Is é an aidhm atá againn ná a chinntiú go mbíonn gníomhaíocht chultúir ar fáil do, agus
inrochtana ag cách.
. Forbróimid agus buanóimid an leibhéal méadaithe gníomhaíochta atá ann sna
healaíona timpeall na tíre, tríd an gComhairle Ealaíon, agus ar bhealaí eile de réir
forálacha reachtúla.
. Tacóimid leis an Tríú Plean Ealaíon a chur i bhfeidhm. Oibreoimid mar chuid de sin
chun a chinntiú go bhfuil na struchtúir chuí ag an gComhairle i leith soláthair fhoirne
gairmiúla.
. Achtóimid Acht Ealaíon nua, an chéad cheann le breis is caoga bliain, chun
sainmhíniú níos uileghabhálaí ar na hEalaíona a sholáthar, agus leagfaimid amach,
ar bhonn reachtúil, caidreamh nua idir ealaíontóirí, an Chomhairle agus an tAire.
. Forbróimid an méid is mó comhoibríochta Thuaidh-Theas agus is féidir go díreach
agus trí na gníomhaireachtaí gaolmhara, ar sho