AN ROINN EALAÍON, SPÓIRT AGUS TURASÓIREACHTA RÁITEAS STRAITÉISE 2005-2007 Is é Misean na Roinne: "tacú le dul chun cinn náisiúnta geilleagrach agus sóisialta agus caighdeán saoil shochaí na hÉireann a shaibhriú trí chur chun cinn agus trí fhorbairt inbhuanaithe earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir, an spóirt agus na turasóireachta a éascú agus, ag an am céanna, tríd an tairbhe is fearr a bhaint as an idirghníomhaíocht eatarthu". CLÁR na nÁBHAR Cuid Lth. Focal ón Aire 4 Réamhrá an Ard-Rúnaí 5 1. Réamhrá 6 2. Misean agus Spriocanna 6 3. Sainordú 7 4. Comhshaol Oibríochtúil 9 5. Custaiméirí/Cliaint 10 6. Saincheisteanna Tras-Rannacha a Aithint agus a Bhainistiú 11 7. Ceangail Trasfheidhmiúla sa Roinn 13 8. Dílárú 14 9. Straitéisí Sonraí/Staitisticí 14 Aguisíní: Aguisín 1: Cuspóir, Gníomh agus Táscairí Feidhmiúcháin Ealaíona agus Cultúr Spórt Turasóireacht Seirbhísí Corparáideacha 15 19 24 27 Aguisín 2: Gníomhaireachtaí Feidhmiúcháin/Cuideachtaí Gaolmhara 33 Aguisín 3: Sleachta as: Clár don Rialtas 2002 37 Aguisín 4: Struchtúr na hEagraíochta 40 Aguisín 5: Briseadh síos ar an bhfoireann de réir gráid agus inscne 41 Iatán: Sonraí teagmhála rannóga ar leith don Roinn agus do chomhlachtaí sa Roinn nó faoi choimirce na Roinne FOCAL ón AIRE Fáiltím roimh fhoilsiú an dara Ráiteas Straitéise ón Roinn Ealaíon,Spóirt agus Turasóireachta a bunaíodh i mí an Mheithimh 2002. Tá sraith de chuspóirí agus de ghníomhartha beartaithe in earnálacha na n-ealaíon,an spóirt agus na turasóireachta do na trí bliana seo romhainn leagtha síos ann chun na tiomantais sna réimsí seo mar atá leagtha síos sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas, An Plean Forbartha Náisiúnta 2000- 2006, “Dul Chun Cinn a Inbhuanú”, An Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta 2003- 2005 agus an comhoibriú Thuaidh-Theas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, a chur i gcrích. Mar atá ráite i Ráiteas Misin na Roinne tá ionchur ar leith le déanamh ag gach earnáil sa Roinn chun tacú le forás go náisiúnta agus sa tsochaí agus le saibhriú chaighdeán saoil mhuintir na hÉireann. Is féidir seo a bhaint amach trí bharr feabhais i gcúrsaí ealaíne a bhaint amach agus trí rochtain níos fearr a bheith ar na healaíona agus an cultúr, trí bharr feabhais a spreagadh i gcúrsaí spóirt agus trí rochtain ar chúrsaí spóirt a éascú do chách agus trí thurasóireacht inbhuanaithe a fhorbairt. Príomhghné sa straitéis nua is ea an scóip do chomhghníomhaíocht sna trí réimsí fheidhmiúla atá sa Roinn a aithint agus a chothú d’fhonn forbairt na n-earnálacha atá i gceist a bhreisiú amach anseo, ar leas gach earnála díobh. Tá an scóip ann freisin cur is cúiteamh a dhéanamh ar ghníomhaíocht dá leithéid le Gníomhaireachtaí na Roinne agus fiú le Ranna eile Rialtais. Táim ag tnúth leis an ngné seo d’obair na Roinne a fheiceáil á cur chun cinn sna blianta beaga seo romhainn. Beidh dinimic nua ag gabháil le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann de bharr cinneadh a rinneadh le deireanas na forais seo a bheith bunaithe mar ghníomhaireachtaí féinrialaitheacha Stáit. Rachaidh sé seo chun tairbhe na saoránach go léir agus breiseoidh sé agus saibhreoidh sé an scóip atá ann chun oidhreacht chultúrtha na hÉireann a chaomhnú agus teacht a bheith uirthi. Mórchuspóir agus dúshlán don Roinn is ea dílárú na Roinne go Cill Áirne agus táim ag tnúth go mbeidh toradh rathúil ar an tionscnamh tábhachtach seo de chuid an Rialtais. Táim ag súil go mór le bheith ag obair le foireann mo Roinne agus lena Gníomhaireachtaí gaolmhara chun na cuspóirí dúshlánacha atá leagtha síos sa Ráiteas Straitéise seo a chur i gcrích. John O'Donoghue, Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta. Réamhrá an Ard-Rúnaí Sa tréimhse ó bunaíodh an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i lár 2002 bhíomar dírithe go príomha ar an Roinn nua a mhúnlú ina haonán comhtháite corparáideach. Ba léir dúinn de réir mar a chuamar i dteagmháil níos doimhne le hearnálacha na n-ealaíon, an spóirt agus na turasóireachta, agus próifíleanna ar leith ag gach earnáil díobh, go raibh tionchar suntasach á imirt acu, i dteannta a chéile, ar stíleanna maireachtála shochaí an lae inniu mar a bhfuil níos mó béime ar chúrsaí fóillíochta. Mar earnálacha tá ceangal eatarthu sa mhéid is go n-aithnítear an spórt agus an cultúr anois mar ghnéithe tábhachtacha de tháirge na turasóireachta náisiúnta. Dá réir sin cuirfimid romhainn sa dara ceann seo dár Ráitis Straitéise, agus muid ag feidhmiú na bpolasaithe, na gclár agus na ngníomhaíochtaí, a thugann an Clár Comhaontaithe don Rialtas agus an Plean Forbartha Náisiúnta san áireamh, leas a bhaint as acmhainn na gceangal seo d’fhonn cuidiú le déantús polasaithe níos éifeachtaí. Tugann an Ráiteas Straitéise seo forbhreathnú ar an Roinn agus déanann sé achoimre ar a misean agus ar a sainordú. Agus spriocanna ardleibhéil agus cuspóirí á leagan síos a leantar díobh i gcomhthéacs an tsainordaithe seo tá siad á nascadh aige leis an bpolasaí agus leis an gcomhshaol oibríochtúil a mhúnlaíonn iad. Molann an Straitéis, leis, táscairí feidhmiúcháin aschuir agus fothorthaí a bheidh mar phointí tagartha do phríomhpháirtithe leasmhara na Roinne, lena n-áirítear cáiníocóirí na hÉireann agus a n-ionadaithe poiblí, chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht feidhmiú na Roinne agus í a mheas sna trí bliana seo romhainn. Tá an Roinn á cur féin sa riocht is go mbeidh sí ábalta tabhairt faoin dúshlán eagraíochtúil a bhaineann le dílárú. Ó tharla go bhfuil an Roinn san áireamh ar an gcéad bhaicle de chomhlachtaí poiblí a bhfuil dílárú le tarlú iontu, beidh bainistiú an phróisis sin i gcomhcheangal le feidhmiú céimneach leanúnach an chláir don nuachóiriú sa tseirbhís phoiblí ar cheann de na príomhchuspóirí a mbeidh aghaidh le tabhairt ag an Roinn orthu le linn thréimhse an Ráitis Straitéise seo. Léiríonn an Ráiteas seo an toradh a bhí ar chomhairliúcháin fhorleitheadacha leis an bhfoireann ag gach aon leibhéal, le Coiste Comhpháirtíochta na Roinne, leis na Gníomhaireachtaí a thagann faoi scáth réimse freagarthachta na Roinne agus le Ranna eile Rialtais. Tá neart na Roinne bunaithe ar dhúthracht, ar dhíograis agus ar iarracht na foirne go léir. Is iomaí agus is éagsúil iad na dúshláin a ghabhann le bainistiú na n-earnálacha éagsúla atá faoi scáth shainchúraim leathana na Roinne agus is mian liom a admháil gur trí thacaíocht, trí sholúbthacht agus trí dhianobair na foirne oibre a bhainifimid amach na spriocanna atá romhainn. Philip Furlong, Ard-Rúnaí 1. Réamhrá Seo é an dara Ráiteas Straitéise ón Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta agus tá an tréimhse idir 2005 - 2007 á clúdach ann. Le linn di a bheith ag ullmhú a Ráitis Straitéise dhírigh an Roinn a díograis ar bhunú frámaíochta feabhsaithe i ndáil le Táscairí Feidhmiúcháin. Toradh na gconclúidí a dtáinig Grúpa inmheánach de mheánbhainisteoirí/de bhainisteoirí sinsearacha orthu atá anseo mar go raibh athbhreithniú déanta acusan, mar chuid de chúrsa oiliúna bainistíochta agus forbartha de chuid an Fhorais Riaracháin, ar Ráiteas Straitéise /ar phróiseas pleanála Gnó na Roinne. Ba é príomh-mholadh an Ghrúpa, ar ghlac Coiste Comhairleach Bainistíochta na Roinne leis, go raibh gá le haschur cuí nó le táscairí ar thionchar feidhmiúcháin a aithint sa Ráiteas Straitéise le cois na dTáscairí níos traidisiúnta aschuir. Thug an Grúpa le tuiscint cé go bhfuil táscairí aschuir an-úsáideach, go háirithe chun gníomhaíocht ghnó a thomhas, mar sin féin gur ghá táscairí fothorthaí a chur leo a cheadódh na torthaí nó na tionchair a theastaíonn ón Roinn a bhaint amach ar deireadh thiar thall agus a bheadh ag teacht le polasaithe agus cuspóirí Rialtais. I ngeall leis an gcur chuige seo, dhírigh an Roinn a cuid oibre ar na ráitis tháblacha (féach Aguisín 1) a léiríonn spriocanna ardleibhéil agus cuspóirí gaolmhara, gníomhartha agus táscairí feidhmiúcháin, agus colún nua do tháscairí fothorthaí dírithe ar na torthaí a theastaíonn ón Roinn a bhaint amach, san áireamh. Nuair a bhí an Ráiteas Straitéise seo á ullmhú tugadh faoi phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin chuimsithigh le foireann na Roinne agus inar ghlac an fhoireann iomlán páirt. Bhí comhairliúchán le Coiste Comhpháirtíochta na Roinne i gceist leis an bpróiseas seo freisin. Chuathas i gcomhairle le gach gníomhaireacht/bord atá faoi choimirce na Roinne freisin. Ina theannta sin chuathas i gcomhairle le gach Roinn lena gcomhoibríonn an Roinn ar shaincheisteanna ar leith. Cuireadh tuairimí na foirne, na ngníomhaireachtaí agus na Ranna eile san áireamh nuair a bhí an Ráiteas Straitéise seo á ullmhú. 2. Misean agus Spriocanna Is é Misean na Roinne: "tacú le dul chun cinn náisiúnta geilleagrach agus sóisialta agus caighdeán saoil shochaí na hÉireann a shaibhriú trí chur chun cinn agus trí fhorbairt inbhuanaithe earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir, an spóirt agus na turasóireachta a éascú, agus ag an am céanna, tríd an tairbhe is fearr a bhaint as an idirghníomhaíocht eatarthu". Trí léiriú na dtosaíochtaí atá sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas agus faoi réir “Dul Chun Cinn a Inbhuanú” – an Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta, 2003 – 2005, agus, faoi réir an ghealltanais i ndáil le comhoibriú breisithe Thuaidh-Theas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta is iad Spriocanna Ardleibhéil na Roinne: Ealaíona agus Cultúr: Comhshaol a chruthú a thabharfadh deis borrtha do na healaíona agus don chultúr trí fhoráil d’fhrámaíochta chuí reachtach, polasaí agus acmhainní. Spórt: Ról an spóirt i gcothú stíleanna folláine maireachtála a aithint, tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do spéis mhéadaithe agus do rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt, caighdeáin an tsaothraithe sa spórt a fheabhsú agus saoráidí spóirt a fhorbairt ar bhonn náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, trí fhrámaíocht chuí polasaí agus acmhainní. Turasóireacht: Tacú le forás inbhuanaithe thionscal na turasóireachta agus cuidiú leis aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an chomórtais trí raon de ghníomhartha agus de chláir pholasaithe a fhorbairt, a fheidhmiú agus trí thionchar a imirt orthu chun an leas is fearr a bhaint as buntáistí geilleagracha agus sóisialta na hearnála d’Éirinn. Seirbhísí Corparáideacha: Athrú eagraíochtúil agus acmhainní a bhainistiú d’fhonn seirbhísí caighdeánacha a chur ar fáil dár gcustaiméirí agus d’fhonn polasaí an díláraithe a chur i bhfeidhm. 3. Sainordú 3.1 Ginearálta Bunaíodh an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i mí an Mheithimh na bliana 2002 agsu tá sí freagrach as: ....foirmliú, forbairt agus meastóireacht ar pholasaí agus ar struchtúir chun comhshaol a chruthú a thugann deis borrtha do na healaíona agus don chultúr, lena n-áirítear cur chun cinn ealaín na hÉireann thar lear agus forbairt thionscal scannánaíochta na hÉireann; .... ....forbairt na bhForas Náisiúnta Cultúrtha agus tacú le forbairt tionscadail ealaíon agus chultúrtha eile ar bhonn réigiúnach agus áitiúil; .... ....foirmliú, forbairt agus meastóireacht ar pholasaí poiblí chun tacaíocht agus tionchar a imirt ar rannpháirtíocht mhéadaithe i gcúrsaí spóirt, caighdeáin an tsaothraithe sa spórt a fheabhsú agus saoráidí spóirt a fhorbairt ar bhonn náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil trí mhaoiniú caipitil don spórt agus trí chláir linnte snámha na n-údarás áitiúil agus trí fhoráil do mhaoiniú do Chomhairle Spóirt na hÉireann; .... ....forbhreathnú ar mhórthionscadail chaipitil spóirt, lena n-áirítear athfhorbairt Bhóthar Lansdúin mar staidiam den scoth agus forbairt choimpléisc spóirt ag Baile an Abba; .... ....foirmliú, forbairt agus meastóireacht ar pholasaí d’earnáil na turasóireachta chun tacú le forás inbhuanaithe, lena n-áirítear forás a chlúdódh na réigiúin turasóireachta go léir agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an chomórtais trí raon de ghníomhartha i réimsí mar fhorbairt acmhainní daonna agus oiliúint, margaíocht agus cur chun cinn, forbairt táirgí, struchtúir na bhforas agus maoiniú agus comhoibriú Thuaidh/Theas; .... ....forbhreathnú agus monatóireacht ar fheidhmiú na straitéise d’fhorbairt Thurasóireachta na hÉireann mar atá leagtha síos i dTuarascáil Ghrúpa Athbhreithnithe Pholasaí na Turasóireachta "Fís Nua don Turasóireacht in Éirinn: Clár Oibre don Chur i nGníomh"; .... ....an fhrámaíocht do sheachadadh na seirbhíse a sholáthar trí na príomhghníomhaireachtaí atá freagrach as cúrsaí ealaíon agus cultúir, spóirt, agus turasóireachta a chur i bhfeidhm ( tá liosta de Ghníomhaireachtaí na Roinne ar fáil in Aguisín 2). 3.2 Clár don Rialtas Daingníonn an Clár don Rialtas ról earnálacha na n-ealaíon, an spóirt agus na turasóireachta i ndul chun cinn geilleagrach, sóisialta agus cultúrtha na hÉireann. Soláthraíonn sé an fhrámaíocht (féach Aguisín 3) do thosaíochtaí Rialtais i ngach aon cheann de limistéir na n-earnálacha seo sa tréimhse cúig bliana 2002-2007, lena náirítear: ....Na hEalaíona agus na Forais Náisiúnta Chultúrtha: - an méadú sa leibhéal gníomhaíochta sna healaíona ar fud na tíre a fhorbairt agus a inbhuanú; ár namharclann náisiúnta, Amharclann na Mainistreach, a thógáil arís; forbairt straitéiseach fhadtéarmach an Cheolárais Náisiúnta a dhaingniú; agus tacú le tionscal scannán na hÉireann; .... ....Spórt: - leanúint den infheistíocht i saoráidí cuí spóirt ar fud na tíre, go háirithe ar bhonn áitiúil agus straitéis fhadtéarmach a chur i bhfeidhm, a dhéanfadh corprú ar iniúchadh náisiúnta na saoráidí áitiúla, chun forbairt na saoráidí riachtanacha agus rannpháirtíocht mhéadaithe i spórt, a chinntiú; ardleibhéil saothraithe a choimeád agus tacú le foráil de shaoráidí staidiaim den scoth do mhórimeachtaí spóirt ag a mbíonn lucht féachana. ....Turasóireacht: - ár mbunfhoinsí sna margaí a fhairsingiú agus leathnú agus comórtas a chothú ar na bealaí rochtana; tacú le Turasóireacht Éireann Teo agus í ag cur oileán iomlán na hÉireann chun cinn mar cheann scríbe turasóireachta; forbairt íogair na limistéar turasóireachta agus scothchleachtas comhshaoil a spreagadh; Tá foráil shainiúil déanta ag an Roinn i ndáil leis na spriocanna ardleibhéil, na cuspóirí, na gníomhartha agus an haschuir/fothorthaí atá aici do sheachadadh pholasaí an Rialtais de réir fhorálacha an Chláir don Rialtas; 3.3 Dul Chun Cinn a Inbhuanú Soláthraíonn próiseas na Comhpháirtíochta Sóisialta agus é ag teacht leis an gClár don Rialtas, frámaíocht ar leith don fhorbairt shóisialta agus geilleagrach ar bhain earnálacha mar an turasóireacht buntáiste aisti. Tá raon de thiomantais sainiúla i dtaca le forbairt Turasóireacht na hÉireann sa todhchaí san áireamh in “Dul Chun Cinn a Inbhuanú” agus tá siadsan á gcorprú go hiomlán mar chuid de chuspóirí na Roinne. Tá an Roinn ag díriú ar fhorbairt níos feidhmiúla agus níos éifeachtaí ar a polasaithe agus ar sheachadadh a seirbhísí faoi réir an chláir don athrú agus don nuachóiriú sa státseirbhís mar atá leagtha amach in “Dul Chun Cinn a Inbhuanú”. Léiríonn na ráitis tháblacha atá in Aguisín 1 den cháipéis seo an clár don athrú, atá leagtha síos go mion i bPleananna Gnímh na Roinne faoi “Dul Chun Cinn a Inbhuanú” agus díríonn siad go sonrach ar na pointí seo: ....seachadadh seirbhíse d’ardchaighdeán chuig custaiméirí agus an úsáid is mó is féidir á baint as Teicneolaíocht na Faisnéise; ....luach a fháil ar airgead trí phróisis láidre rialachais chorparáidigh lena n-áirítear iniúchadh inmheánach, bainistiú fhrámaíocht na faisnéise agus clár leanúnach d’athbhreithnithe ar chaiteachas; ....forbairt leanúnach ar fhoireann oilte dhíograiseach trí pholasaithe oiliúna agus trí pholasaithe feabhsaithe acmhainní daonna, lena n-áirítear na hathruithe reachtacha in Acmhainní Daonna a rinneadh le deireanas a chur san áireamh, agus ceangail níos fearr idir an próiseas pleanála gnó agus an Córas Bainistíochta Feidhmiúcháin agus Forbartha; .... solúbthacht eagraíochtúil agus freagrúlachta, go háirithe i gcomhthéacs an díláraithe. 3.4 Frámaíocht Reachtach Tá sainordú na Roinne faoi réir eolais freisin ag forálacha ábharthacha reachtacha lena náirítear: .... An tAcht Ealaíon 2003, An tAcht um Bord Scannán na hÉireann, 1980, Acht na bhForas Náisiúnta Cultúrtha, 1997, An tAcht um Chiste Oidhreachta 2001; .... An tAcht um Chomhairle Spóirt na hÉireann, 1999, Acht Tionscail na gCon, 1958, Acht Tionscail Rásaíochta Capall na hÉireann, 1999, Acht um Rásaíocht Chapall agus na gCon, 2001, .... Na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939-2003, agus .... trí reachtaíocht ghinearálta phríomhúil amhail Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, An tAcht um Bainistiú na Seirbhísí Poiblí, 1997, Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003 agus An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995. 4. Comhshaol Oibríochtúil Ar na tosca a rachaidh i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí na Roinne agus ag a mbeidh tionchar orthu sa tréimhse atá amach romhainn tá: Tosca ag trasnú a chéile: ....Clár díláraithe na Ranna Rialtais, agus, an Roinn san áireamh sa chéad chuid den chlár; ....Corparáidiú Ard-Mhúsaem na hÉireann agus na Leabharlainne Náisiúnta sa chéad leath de 2005 a chiallóidh stádas na bhForas a athrú ó aonaid státseirbhíse go gníomhaireachtaí féinrialaitheacha Stáit; ....Ionchais an phobail go mbeadh caighdeáin seirbhíse níos airde ar fáil, agus iad á seachadadh gar don chustaiméir, níos mó rannpháirtíochta agus comhpháirtíochta i struchtúir na ndéantús cinntí agus seachadadh na seirbhíse a bheith oscailte, follasach agus freagrach; ....Béim níos láidre ar luach ar airgead agus ar thorthaí intomhaiste; ....Srian a choinneáil ar phá-bhille na seirbhíse poiblí agus laghdú ar líon na foirne sa tseirbhís phoiblí; ....Clár nuachóirithe don státseirbhís/don tseirbhís phoiblí a dheifriú; ....Comhoibriú Thuaidh/Theas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a bhrú chun cinn; ....Leathnú ar raon agus ar éagsúlacht na ndeiseanna fóillíochta agus ar an éileamh atá ar ghníomhaíochtaí fóillíochta, i gcomhthéacs an bhorrtha atá faoi gheilleagar na tíre; ....Polasaithe a fhorbairt a léireoidh gnéithe ilchultúrtha atá ag athrú sa tsochaí in Éirinn; ....Freagrachtaí a bhaineann leis an Aontas Eorpach. Ealaíona agus Forais Chultúrtha: ....Acmhainní cuí a leithdháileadh chun go mbainfí an fheidhm ab fhearr as tacaíocht an Stáit i leith na n-iarrachtaí ealaíon agus cultúrtha, go díreach trí chláir na Roinne agus go hindíreach tríd na gníomhaireachtaí atá faoina coimirce mar shampla An Chomhairle Ealaíon agus Bord Scannán na hÉireann; ....An gá atá ann aghaidh a thabhairt ar na buneasnaimh atá i gcaighdeán infreastruchtúr Ealaíon agus Cultúir na hÉireann agus iad sin a chur ina gceart; ....Acmhainní cuí a leithdháileadh ar na forais chultúrtha atá faoi choimirce na Roinne chun buanchoimeád, caomhnú agus taispeáint na hoidhreachta náisiúnta iniompartha do na glúnta atá ann agus atá romhainn, a chinntiú. Spórt: ....Breis gairmiúlachta sa spórt idirnáisiúnta a bheith ina dúshlán d’iarrthóirí Éireannacha agus do thraidisiún na rannpháirtíochta deonaí áitiúla i reáchtáil agus in eagrú spóirt; ....Imní an phobail i dtaca leis an eitic i gcúrsaí spóirt go háirithe i dtaca le mí-úsáid substaintí faoi chosc; ....Ról an spóirt agus an chorpoideachais sa churaclam scoile; ....Breis suime sa spórt mar mhodh chun sláinte mhaith a chur chun cinn; ....Éileamh ar shaoráidí spóirt, ilchuspóracha agus ar scála mór mar chuid de chláir athghinúna chathrach; ....Idirghníomhaíocht le Comhairle Spóirt na hÉireann, leis an Roinn Sláinte agus Leanaí agus leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoi ról an spóirt i gcur chun cinn stíleanna maireachtála folláine; ....Leibhéil raimhre a bheith ag ardú i measc daoine óga agus an lear mór de chaithimh aimsire nach caithimh aimsire fisiciúla iad. Turasóireacht: ....Ionchais mhaithe fhadtéarmacha ag baint le turasóireacht idirnáisiúnta ach an comórtas idirnáisiúnta a bheith níos déine; ....Próifíl agus riachtanais na dturasóirí ag athrú agus éileamh breise ar luach ar airgead agus ar chaighdeán seirbhíse; ....Éileamh ar fhorbairt turasóireachta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de; ....An gá atá le polasaí feabhsaithe agus níos mó comórtais leis ó thaobh iompair rochtana de chun forbairt turasóireachta a éascú; ....Sonraí faoi acmhainní nach mbaintear úsáid iomlán astu agus easnamh i gcúrsaí infreastruchtúir mar shampla gan Lár-Ionad Náisiúnta Comhdhála a bheith ann; ....Costais arda ionchuir agus brabúis ag titim i bhfiontair thurasóireachta. 5. Custaiméirí/Cliaint Téann seachadadh na seirbhísí agus fothoradh na bpolasaithe agus na straitéisí dá leanann an Roinn i bhfeidhm i ndeireadh thiar ar lear mór daoine; orthu sin tá turasóirí, iad seo a bhíonn ag déileáil leis na healaíona agus leis an gcultúr, cumainn spóirt agus a mbaill agus na tionscail ghaolmhara éagsúla agus fostóirí. Tá na páirtithe leasmhara agus na custaiméirí seo i bpríomhbhunachar sonraí na Roinne: .... An tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta .... Gníomhaireachtaí Stáit .... An Rialtas agus na hAirí .... Comhlachtaí Ionadaíochta na Turasóireachta .... Baill an Oireachtais .... Comhlachtaí Ionadaíochta an Spóirt .... An Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas .... Comhlachtaí Áitiúla & Réigiúnacha .... Ranna eile Rialtais .... Forais Chultúrtha agus a bpátrúin .... Eagraíochtaí an Aontais Eorpaigh .... Comhairle na hEorpa .... Comhlachtaí Ionadaíochta na Saothar Ealaíne agus Cruthaitheach .... Eagraíochtaí deonacha agus pobail. .... An pobal. Is ar leas na tíre, seachas ar aon chliant ar leith ná ar aon ghrúpa de chustaiméirí, is cóir d’aird na Roinne a bheith dírithe. Tá sí freagrach i ndeireadh na dála don saoránach agus don íocóir cánach agus, i dtaca le téarmaí forbartha polasaí agus gníomhartha de, éilítear uirthi na torthaí a chinn an tAire, Rialtas agus Oireachtas an lae di, a chur ar fáil. Tá an Roinn tiomanta do sheirbhísí d’ardchaighdeán, a thagann leis na tiomantais seirbhíse atá i gCairt an Chustaiméara atá aici, a chur ar fáil dá custaiméirí go léir. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Roinn cheana féin i bhfeidhmiú Chairt an Chustaiméara agus, sa tréimhse seo amach romhainn, díreoidh an Roinn ar sheirbhís don chustaiméir a bheith i lár báire ghníomaíochtaí uile na Roinne agus ar mheicníochtaí níos éifeachtaí a shocrú chun feidhmiúchán i bhfianaise caighdeán seirbhíse i réimsí uile de ghníomhaíochtaí a mheas agus monatóireacht a dhéanamh orthu d’fhonn leibhéil sástachta an chustaiméara a ardú chomh mór is is féidir é. 6. Saincheisteanna Tras-Rannacha a Aithint agus a Bhainistiú Ealaíona agus Cultúr: Bíonn caidreamh leanúnach le hOifig na nOibreacha Poiblí agus leis na Forais Chultúrtha faoi choimirce na Roinne agus teagmháil chomhordaithe le hAonaid eile istigh sa Roinn i gceist le bainistiú na hinfheistíochta caipitil sna Forais Náisiúnta Chultúrtha. Déantar dianphleanáil agus monatóireacht ar chaiteachas agus tugtar tosaíocht d’oibreacha caipitil sa todhchaí mar thoradh ar theagmhálacha rialta trí chruinnithe a eagraítear le cliaint na bhForas agus le hOifig na nOibreacha Poiblí. Cinntíonn an polasaí fadréimneach maidir le cead isteach saor in aisce sna Forais Chultúrtha go bhfuil deis ag cách cuairt a thabhairt ar na mórbhailiúcháin bhuana sna Forais Chultúrtha agus mar sin go gcloíonn sé le forálacha an chuimsithe atá sa Straitéis Náisiúnta in aghaidh na Bochtaineachta. Tugtar na hoibleagáidí atá faoi réir na Straitéise Náisiúnta um Míchumas san áireamh nuair a bhíonn tionscadail á bpleanáil sna Forais Chultúrtha. Dírítear Cláir Oideachais na bhForas go speisialta ar leanaí agus cloíonn na cláir sin leis an Straitéis Náisiúnta um Leanaí. Tá an Roinn ag obair leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus le hArd-Mhúsaem na hÉireann i ndáil le feidhmiú Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasaithe) 2004 agus an athbhreithnithe mholta agus leasú Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 agus na reachtaíochta leasaithe dá leanann. Comhoibríonn an dá Roinn le chéile i gcomhlíonadh riachtanas na gClár Oibríochtúil faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Tá an dá Roinn tiomanta, i gcomhar leis an Ard-Mhúsaem, comhaontú a bheith eatarthu ar chur chuige cothrom i leith an riachtanais maidir le hinfreastruchtúr feabhsaithe náisiúnta agus é á chur san áireamh go cuí acu go bhfuil siad faoi réir oibleagáide an oidhreacht agus na déantúsáin a chaomhnú do na glúnta atá romhainn. Bíonn saincheisteanna comónta suntasacha i gceist leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha maidir leis na healaíona idirnáisiúnta. Tá meicníochtaí socraithe do chaidreamh leanúnach ar leibhéal foirmiúil agus ar leibhéal neamhfhoirmiúil. Is í an mhóraidhm atá le maoiniú na Roinne do na healaíona, tríd an gComhairle Ealaíon agus trí dheontais chaipitil dhíreacha, deiseanna sa bhreis a bheith ag cách chun taitneamh a bhaint as na healaíona agus a bheith rannpháirteach iontu. Tá leanaí i gceist leis seo de réir na Straitéise Náisiúnta um Leanaí. Tugtar na hoibleagáidí faoi réir na Straitéise Náisiúnta um Míchumas san áireamh i dtaca leis na deontais chaipitil go léir a bhíonn á riar ag an Roinn in earnáil na n-ealaíon. Comhoibrítear leis na Coimisinéirí Ioncaim agus leis an Roinn Airgeadais agus bítear i gcaidreamh leo faoi fheidhmiú Ailt 481 den scéim faoisimh chánach. Spórt: Bíonn an Roinn i dteagmháil go rialta leis na comhlachtaí iomadúla ar a n-áirítear gníomhaireachtaí Stáit agus Údaráis Áitiúla a bhfuil baint acu le seachadadh na ngíomhaíochtaí agus na dtionscadal spóirt. Cinntíonn sé seo gur féidir comhshaol cuí a chruthú a cheadóidh rannpháirtíocht leathan i ngníomhaíochtaí spóirt agus ag a mbeidh tionchar deimhneach ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach an daonra. Gabhann leibhéal suntasach de ghníomhaíocht tras-Rannach, idirchaidreamh i measc roinnt mhaith gníomhaireachtaí agus comhlachtaí agus caidreamh comhordaithe idir na hAonaid istigh sa Roinn chun deiseanna níos mó a chruthú chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt trí fhoráil saoráidí spóirt ar bhonn áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta. Nuair a bhíonn próiseas bliantúil meastóireachta na n-iarratas ar bun faoin gClár Caipitil Spóirt téann an Roinn i gcomhairle leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus leis an mBainistíocht Forbartha Limistéar Teo i ndáil le tionscadail atá sainithe ag an Rialtas chun tacaíocht ar leith a fháil tríd chláir Tascfhórsa Áitiúil ar Dhrugaí, RAPID 1 agus RAPID 2 agus CLÁR. Ina theannta sin cáilíonn deontaithe faoin gClár Caipitil Spóirt a dtagann a dtionscadail faoin gclár CLÁR agus iad siúd i limistéir RAPID atá formhuinithe ag an bhFoireann áitiúil Feidhmiúcháin i Limistéar RAPID, do mhaoiniú “le cois” ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Oibríonn an Roinn go dlúth leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun an Cláir Chaipitil Spóirt a riar i dtaca le maoiniú le cois faoi CLÁR agus RAPID agus bíonn ionadaíocht aici freisin ar an gCoiste Náisiúnta Monatóireachta. Feidhmíonn an Roinn, i gcomhar leis na Coimisinéirí Ioncaim, an Faoiseamh Cánach ar Thabhartais i leith scéim na dtionscadal chaipitil spóirt. Ní mór dóibh siúd a dhéanann iarratas go dtí an Roinn stádas spóirt a bheith faighte acu ó na Coimisinéirí Ioncaim. Eisíonn an Roinn tuarascálacha ráithiúla chuig na Coimisinéirí maidir leis na tionscadail a bhíonn ceadaithe ag an Roinn faoin scéim. Ullmhófar straitéis saoráide spóirt agus críochnófar iniúchadh saoráidí spóirt faoi scáth Ghrúpa Idir-Rannach Stiúrtha. Tá Grúpa Idir-Rannach agus idirghníomhaireachta Stiúrtha i mbun forbhreithnithe ar éascú na hathfhorbartha ar Staidiam Bhóthar Lansdúin. Tá caidreamh le Forbairt Champas Stadiaim Éireann Teo (maidir le Campas Bhaile an Abba), leis an IRFU, FAI agus Cuideachta Forbartha Staidiam Bhóthar Lansdúin (maidir le hAthfhorbairt Staidiam Bhóthar Lansdúin), CLG (maidir le Páirc an Chrócaigh agus saoráidí eile de chuid CLG), Údaráis Áitiúla agus príomhchomhlachtaí rialaithe uile spóirt, i gceist le seachadadh na mórshaoráidí náisiúnta. Ba chóir go mbeadh ionchur mór ag críochnú agus feidhmiú na moltaí a thiocfaidh as an Athbhreithniú ar Chaiteachas na Linnte Snámha ar fhreastal ar na riachtanais a leagadh síos i líon áirithe de straitéisí tábhachtacha tras-Rannacha – a bhaineann le sláinte, le leanaí, curraclam na bunscoile, an polasaí spásúil, turasóireacht agus athnuachan an rialtais áitiúil. Tarlaíonn comhairliúchán agus comhoibriú ar bhonn foirmiúil agus neamhfhoirmiúil idir an Roinn agus Comhairle Spóirt na hÉireann maidir le tosaíocht a thabhairt do mhaoiniú na saoráidí spóirt faoin gClár Caipitil Spóirt mar go bhfuil an Roinn san airdeall ar na buntáistí do shláinte fisiciúil agus mheabhrach mhuintir na tíre a eascraíonn as gníomhaíochtaí spóirt agus fisiciúla. Gníomhaíonn Oifig na nOibreacha Poiblí mar chomhairleoir teicniúil don Roinn i dtaca leis na mórthionscadail infreastruchtúrtha a bhaineann leis na trí hearnáil seo: Turasóireacht: Ba mhúnla i ndáil le freastal ar shaincheisteanna tras-Rannacha a bhaineann le forbairt na turasóireachta ab ea an straitéis forbartha a leagadh síos i dTuarascáil Ghrúpa Athbhreithnithe Pholasaí na Turasóireachta, Fís Nua don Turasóireacht in Éirinn. Bunaíodh Grúpa Feidhmiúcháin Phlean Gnímh na Turasóireachta mar chuidiú chun na moltaí a bhí i dTuarascáil Ghrúpa an Athbhreithnithe a bhrú chun cinn. Déanann an Grúpa iarracht tionchar a bheith aige ar raon de pholasaithe cliathánacha a théann i bhfeidhm ar an turasóireacht agus monatóireacht a dhéanamh orthu trína chruinnithe míosúla agus a thuarascálacha leathbhliantúla ar dhul chun cinn. Díríodh i dtús báire ar chumarsáid agus ar chaidreamh níos déine leis na Ranna Airgeadais, Iompair, Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus Gnóthaí Pobail,Tuaithe agus Gaeltachta i leith saincheisteanna gur spéis leo go léir iad. Comhlánann an ghníomhaíocht seo raon oibre agus rannpháirtíocht ar Choistí idir-Rannacha ar an gcomhshaol, oideachas, trádáil, Thuaidh/Theas, Cistí Struchtúrtha an AE agus saincheisteanna iompair. 7. Ceangail Trasfheidhmiúla sa Roinn Tugadh faoin tsaincheist breis comhghníomhaíochta a bheith idir na réimsí éagsúla d’earnálacha na Roinne i dtionscadal inmheánach a rinneadh le deireanas mar chuid de chlár oiliúna agus forbartha na bainistíochta sinsearaí. D’aimsigh sé an gá atá le comhpháirtíochtaí nua agus caidrimh a bhunú a dhéanfadh lánpháirtiú níos fearr ar earnálacha na n-ealaíon/an chultúir, an spóirt agus na turasóirechta d’fhonn an leas ab fhearr a bhaint as pleanáil lánpháirtithe don todhchaí i ngníomhaíochtaí éagsúla na nearnálacha. Is é bunú fóraim inmheánaigh Príomhoifigigh an chéad chéim sa phróiseas seo, mararbh fhéidir faisnéis faoi chláir agus faoi shaincheisteanna a roinnt ar bhonn rialta. Baineadh úsáid as comharghníomhaíochtaí cheana i réimsí áirithe, go speisialta i gcomhthéacs na mórócáidí idirnáisiúnta mar Chlár Cultúrtha Uachtaránacht an AE, féile an chultúir Éireannaigh sa tSín, féile ReJoyce agus Corcaigh: Príomhchathair Eorpach an Chultúir 2005. Déanann Coiste Comhordaithe AE de chuid na Ranna saincheisteanna ar bith AE a mbeadh tionchar tras-Rannach acu a mheas, mar shampla impleachtaí pholasaí an Chonartha ar Bhunreacht na hEorpa, agus aithníonn sé aon ghníomh cuí is cóir a dhéanamh. Déanann Aonad Comhordaithe AE monatóireacht ar chomhlíonadh oibleagáidí na Roinne faoi Acht an Aontais Eorpaigh (Grinnscrúdú) an Oireachtais, 2003. Tá Aonad Comhordaithe Thuaidh-Theas freagrach as comhordú a dhéanamh ar ionchur na Roinne i dtionscnaimh an pholasaí a bhaineann le Comhoibriú idir Thuaidh- Theas agus idir an Bhreatain-Éirinn. 8. Dílárú Cuireadh an Roinn san áireamh sa chéad bhaicle de chomhlachtaí poiblí le bheith rannpháirteach sa chlár díláraithe a d’fhógair an Rialtas. Is léir gurb í bainistiú an phróisis díláraithe, leis an athrúchán suntasach foirne a bheidh i gceist, an príomhdhúshlán eagraíochtúil a bheidh amach roimh an Roinn sa tréimhse seo romhainn. Léirítear é seo i Sprioc Ardleibhéil na Seirbhísí Corparáideacha agus sna Cuspóirí, sa Ghníomh agus sna Táscairí Feidhmiúcháin a bhaineann léi. 9. Straitéisí Sonraí\Staitisticí D’aithin an Roinn a riachtanais i leith staitisticí sonraí i dtaca le leagan amach polasaí istigh sa Roinn agus thug sí tús áite dóibh agus í ag teacht le cinneadh an Rialtais ar fhorbairt straitéisí ar shonraí/ar staitisticí do na Ráitis Straitéise. Tá cur chuige comhordaithe agus comhoibritheach riachtanach maidir leis an tsaincheist seo de bhíthin díriú sa bhreis a bheith ar tháscairí feidhmiúcháin agus ar fhothorthaí, gné thábhachtach de “Dul Chun Cinn a Inbhuanú”. Leagann aighneacht chuig Grúpa an Úsáideora Shaineolaigh ar straitéisí sonraí agus staitisticí, a d’ullmhaigh an Roinn i gcomhoibriú leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, riachtanais staitisticiúla tosaíochta na Roinne sna trí hearnáil in ord tosaíochta mar a d’aontaigh an Coiste Comhairleach Bainistíochta. Déanfar a thuilleadh forbartha ar na tosaíochtaí seo le linn thréimhse an Ráitis Straitéise seo. AGUISÍN 1 Ráiteas Misin na Roinne Is é misean na Roinne tacú le dul chun cinn náisiúnta geilleagrach agus sóisialta agus caighdeán saoil shochaí na hÉireann a shaibhriú trí chur chun cinn agus trí fhorbairt inbhuanaithe earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir, an spóirt agus na turasóireachta a éascú, agus ag an am céanna, tríd an tairbhe is fearr a bhaint as an idirghníomhaíocht eatarthu. SPRIOC ARDLEIBHÉIL: EALAÍONA agus CULTÚR Comhshaol a chruthú a thugann deis borrtha do na healaíona agus don chultúr trí fhoráil d’fhrámaíocht chuí reachtach, polasaí agus acmhainní. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh 1. Na foráil atá fágtha ó Acht na bhForas Náisiúnta Cultúrtha, 1997, a chur i bhfeidhm. .... Aon idirbheartaíocht atá fágtha le críochnú, a chríochnú i gcomhar leis an Aonad Acmhainní Daonna, leis na Ceardchumainn .... Próisis roghnachais agus ceapachán bhallraíocht an Bhoird a chríochnú. .... Idirbheartaíochtaí a thosú le Boird reachtúla i dtaca le feidhmiú na coda deireanaí (tús le córas ceadúnaithe easpórtála i ndáil le Mínealaín, san áireamh). .... Na codanna ábhartha d’Acht na bhForáa Náisiúnta Cultúrtha curtha i bhfeidhm, Boird reachtúla á mbunú don Ard- Mhúsaem agus don Leabharlann Náisiúnta, sa chéad leath de 2005 .... Boird nua reachtúla socraithe agus ag feidhmiú ar an gcaighdeán is airde i dtaca le rialachas corparáideach tar éis dáta a mbunaithe. .... Comhlánú comhaontaithe na nacmhainní socraithe agus aistriú céimnithe na bhfeidhmeanna riaracháin ón Roinn (go lár-2005). .... Breis féinrialach ag na Forais chun dul i mbun gnóthaí ó lá go lá. .... Na Forais a bheith ag freastal ar na dualgais reachtúla go léir atá leagtha síos san Acht. 2. Athbhreithniú ar Acht na Cartlainne Náisiúnta, 1986 agus ceist stádais féinrialaithe na Cartlainne Náisiúnta san .... Athbhreithniú iomlán ar bhonn Rannóige. .... Plécháipéis a dhréachtú agus grúpa fócais a .... Athbhreithniú inmheánach críochnaithe, agus an gaol idir Acht 1986 agus reachtaíocht na Saorála Faisnéise tugtha san áireamh. .... Cinneadh deireanach déanta maidir le cur chuige i dtaca le reachtaíocht faoi dheireadh na bliana 2005. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh áireamh. bhunú. .... Dul i mbun comhairliúcháin le húsáideoirí na Cartlainne. .... Moltaí curtha i dtoll a chéile tríd an bpróiseas comhairliúcháin, agus comhaontú faighte orthu. 3. Athbhreithniú ar Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann. .... Faoi réir chead an Aire straitéis nua do Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann a chur i bhfeidhm bunaithe ar mholtaí ón athbhreithniú comhairliúcháin ar Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann. .... Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann a athbhunú faoi réir sainchúraim nua agus rialachais. .... Seirbhísí a bheadh ábhartha dá pháirtithe leasmhara a bheith á gcur ar fáil ag Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann. 4. Déantús scannán a spreagadh & a chur chun cinn in Éirinn .... Comhaontuithe déthaobhacha comhtháirgthe a bheith críochnaithe faoi dheireadh 2005 nuair a mheastar iad a bheith úsáideach. .... Comhaontú leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi fheidhmiú éifeachtach paraiméadar Ailt 481 den scéim. .... Comhaontuithe déthaobhacha socraithe faoi dheireadh 2005. .... Tús curtha le Deimhniú ag na Coimisinéirí Ioncaim ar threoir ón Roinn seo de réir na forála san Acht Airgeadais 2004. .... Ardú tagtha ar dhéantús scannán in Éirinn agus iad déanta ag scannánóirí Éireannacha. .... An scéim ag feidhmiú faoi mar atá riachtanais réasúnta sa tionscal. .... An mhí-úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an scéim laghdaithe chomh híseal is is féidir. 5. Tacú lena thuilleadh forbartha in infreastruchtúr na n-ealaíon agus an chultúir. .... Clár comhaontaithe a sheachadadh faoin Scéim reatha maidir le Tacaíocht Bhreisithe Chaipitil do na .... Cistí tarraingthe anuas do thionscadail atá ceadaithe. .... Na tionscadail go léir oscailte agus ag feidhmiú. .... Rochtain chuig agus infhaighteacht saoráidí na n-ealaíon agus an chultúir feabhsaithe. .... Stoc saoráidí ealaíon agus cultúir méadaithe agus Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh hEalaíona agus don Chultúr (ACCESS) .... Moltaí a chur i dtoll a chéile don scéim nua. .... Comhaontú a bheith faighte ar chritéir agus iarratais a bheith iarrtha taobh istigh de thrí mhí d’aon scéim nua ceadaithe. .... Tionscadail, músaeim agus dánlanna in earnáil, nach earnáil Stáit í, a mhaoiniú, mar is cuí. .... Cead d’aon chlár nua le fógairt taobh istigh de thrí mhí ón dáta deiridh ar a raibh iarratais le bheith istigh. .... Líon áirithe tionscadal críochnaithe agus éagsúlacht iontu. feabhsaithe. .... Freastal ar ghníomhaíochtaí ealaíon agus an chultúir méadaithe. 6. Éifeachtacht agus feidhmiúlacht na meicníochtaí seachadta i dtaca le tacaíocht Stáit do na healaíona agus don chultúr, a fheabhsú trí struchtúir éagsúla na nGníomhaireachtaí Stáit. .... Leithdháileadh cuí ar acmhainní do chomhlachtaí na n-ealaíon agus an chultúir a chinntiú faoi réir socruithe córa rialachais chorparáidigh. .... Soláthar acmhainní faighte ag comhlachtaí Ealaíon agus Cultúir agus é curtha ar a gcumas cuspóirí polasaí a chur i gcrích. .... Comhlachtaí Ealaíon agus Cultúir ag cur a rólanna comhaontaithe i gcrích. 7. An Amharclann Náisiúnta a thógáil arís. .... Dul i dteagmháil le hOifig na nOibreacha Poiblí agus le hAmharclann na Mainistreach i dtaca le roghnú agus ceannach suímh. .... Suíomh ceannaithe a thagann le coimre chóiríochta na hAmharclainne agus sceideal na hathfhorbartha fógartha. .... Conradh don áitreabh nua ligthe .... Amharclann den scoth ag feidhmiú de réir nuachaighdeán freagrachta agus rialachais chorparáidigh agus an úsáid ba mhó ab fhéidir a bheith á baint aisti. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh .... Dearadh amharclainne a bheadh fiúntach d’amharclann náisiúnta,a dhaingniú agus an maoiniú riachtanach agus gach cead eile a fháil. amach. .... Struchtúir nua chuí i ndáil le rialachas corparáideach socraithe d’Amharclann na Mainistreach. .... Figiúirí lucht freastail. 8. Tacú le Cultúr Éireann. .... Comhaontú a fháil ar phlean straitéiseach chun freastal dá shainchúram. .... Comhlacht nua réidh dá chuspóir. .... Taispeánadh breisithe na n-ealaíon Éireannach faoi reir thosaíochtaí réamhbheartaithe. 9. Forbairt straitéiseach fhadtéarmach an Cheolárais Náisiúnta a éascú. .... Cead an Rialtais a fháil i leith cheannach suímh Ardán Earlsfort atá in áitíocht ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath faoi láthair. .... Idirbheartaíochtaí rathúla idir an Roinn/Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le haistriú suímh Ardán Earlsfort chuig an Stát. .... Athfhorbairt chéimnithe ar an suíomh chun freastal ar riachtanais na nealaíon léirfheidhmeach agus an Cheolárais Náisiúnta. .... Saoráid ealaíon léirfheidhmeach den scoth comhionann leo siúd i bpríomhchathracha eile an AE, go háirithe don cheol siansach. .... Figiúirí don líon daoine ag freastal ar an tsaoráid nua ardaithe. .... Aitheantas idirnáisiúnta do chaighdeán na saoráide nua agus tagairt faoi leith don chaighdeán fuaimniúil do léirfheidhmiú an cheoil shiansaigh. 10. Áiseanna stórála/taispeántais sna Forais Náisiúnta Chultúrtha a mheas agus meastóireacht a dhéanamh orthu. .... Tuarascáil a chur le chéile ina measfaí an gá le, agus a dhlisteanaí is a bheadh, áiseanna feabhsaithe i bhfianaise scothchleachtais idirnáisiúnta. .... Áiseanna feabhsaithe stórála/taispeántais. .... Cosaint bhreisithe ar nithe cultúrtha agus rochtain chucu as a n-éascófaí ardú ar líon na gcuairteoirí. 11. Spreagadh a thabhairt do na Forais Náisiúnta .... Moltaí a chur i dtoll a chéile i ndáil le leanúint .... An dá scéim socraithe agus in úsáid go gníomhach .... Saothair ealaíon róoirirc agus nithe cultúrtha ceannaithe Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh Bhailiúcháin saothair ealaíon agus nithe cultúrtha a cheannach. den Chiste Oidhreachta agus Alt 1003 den fhaoiseamh cánach a choimeád. chun nithe oidhreachta a meastar gurb iad an scoth dá gcineál iad, a cheannach. chun cur leis na bailiúcháin náisiúnta. SPRIOC ARDLEIBHÉIL: SPÓRT Ról an spóirt i gcothú stíleanna folláine maireachtála a aithint, tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do spéis mhéadaithe agus do rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt, caighdeáin an tsaothraithe sa spórt a fheabhsú agus saoráidí spóirt a fhorbairt ar bhonn náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, trí fhrámaíocht chuí polasaí agus acmhainní. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothorthaí 1. Úsáid chistí poiblí a éascú chun rannpháirtíocht mhéadaithe i ngníomhaíocht spóirt a chur chun cinn. .... Maoiniú agus treoir i leith polasaí a chur ar fáil do Chomhairle Spóirt na hÉireann. .... Athbhreithniú iomlán ar chaiteachas Chomhairle Spóirt na hÉireann. .... Athbhreithniú iomlán ar na Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt atá ann. .... Táscairí feidhmiúcháin ar fhorbairt spóirt agus ar chur chun cinn aimsithe agus soiléirithe sna Pleananna Straitéiseacha agus i dTuarascálacha Chomhairle Spóirt na hÉireann. .... Athbhreithniú ar Chaiteachas críochnaithe faoi lár 2005. .... Moltaí as an Athbhreithniú Caiteachais curtha i bhfeidhm i 2006. .... Athbhreithniú ar na Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt críochnaithe faoi lár 2005. .... Leibhéil rannpháirtíochta ag gach aois méadaithe i gcúrsaí spóirt rud a chuidíonn le stíleanna maireachtála níos folláine. .... An iarracht dheonach i gcúrsaí spóirt in Éirinn mar a bhí. .... Leibhéil an tsaothraithe ag feabhsú. 2. Foráil saoráidí spóirt a éascú ar bhonn náisiúnta. .... Seachadadh éifeachtach agus feidhmiúil an Chláir Chaipitil Spóirt. .... Athbhreithniú iomlán ar Chaiteachas an Chláir Chaipitil .... Iarrtar iarratais go bliantúil. .... Cuirtear measúnuithe agus moltaí faoi bhráid an Aire taobh istigh de thrí mhí de dháta deiridh an iarratais. .... Íoctar na deontais faoin gClár go pointeáilte agus go héifeachtach. .... Moltaí as an Athbhreithniú ar Chaiteachas curtha i bhfeidhm faoi 2006. .... Leibhéil rannpháirtíochta ag gach aois méadaithe i gcúrsaí spóirt. .... An iarracht dheonach i gcúrsaí spóirt in Éirinn, coinnithe,aitheanta agus tacaíocht faighte aici. .... Leibhéil saothraithe ardaithe trí rochtain chuig áiseanna cuí. .... Faisnéis sa bhreis as a dtagann feidhmiúlacht Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothorthaí Spóirt. .... Scrúdú rialta ar thionscadail d’fhonn riarachán, an próiseas déanta cinntí agus leibhéil ghéilliúlachta a bhreisiú. .... Riarachán Faoisimh Chánach ar thabhartais do scéim na dtionscadal caipitil spóirt. .... Seachadadh éifeachtach agus feidhmiúil Chláir Linnte Snámha na nÚdarás Áitiúil. .... Athbhreithniú iomlán ar Chaiteachas Chláir na Linnte Snámha. .... Straitéis nua do shaoráid spóirt a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. .... Íosmhéid de 40 tionscadal ionadaíoch ar 5% ar a laghad d’íocaíochtaí deontais á scrúdú in aghaidh na bliana. .... Gach iarratas faoin scéim próiseáilte go pointeáilte agus go héifeachtach. .... Tógáil tosaithe ar shé linn snámha in aghaidh na bliana bainte amach. .... Comhoibriú níos dlúithe bainte amach ar Chláir Caipitil Spóirt na nÚdarás Áitiúil i leith iarratas ar thionscadail linnte snámha i gcaitheamh chlár na bliana 2005. .... Athbhreithniú ar Chaiteachas Chláir na Linnte Snámha críochnaithe i rith 2005. .... Moltaí ag éirí as an Athbhreithniú curtha i bhfeidhm go luath sa bhliain 2006. .... Grúpa Stiúrtha idir- Rannach a bhunú faoi Mheitheamh 2005. .... Tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin faoi níos fearr in oibriú an Chláir Chaipitil Spóirt. .... Bainistiú níos éifeachtaí ar an gclár. .... Airdeall an iarratasóra méadaithe i leith coinníollacha deontais agus a ngéilliúlachta. .... Líon sa bhreis de linnte snámha in aghaidh an duine bainte amach. .... Feabhsú san úsáid a bhaintear as linnte snámha poiblí. .... An clár á chur i bhfeidhm níos éifeachtaí. .... Deiseanna sa bhreis ag gach uile aois a bheith rannpháirteach i gcúrsaí spóirt. .... Breis rannpháirtíochta i gcúrsaí spóirt ag gach uile aois. .... Leibhéil saothraithe a fheabhsú trí theacht a bheith ar na háiseanna Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothorthaí .... Iniúchadh náisiúnta ar shaoráidí áitiúla spóirt a chríochnú. Mheán Fómhair 2005 leis na comhlachtaí poiblí agus na príomhchomhlachtaí ar spéis leo saoráidí spóirt a sholáthar. .... Straitéis críochnaithe faoi dheireadh 2005. .... Ábhar agus próiseas an iniúchta comhaontaithe faoi Mheán Fómhair 2005. .... An t-iniúchadh tosaithe i 2005 agus críochnaithe faoi dheireadh 2006. cuí. .... Cur chuige níos straitéisí i bhforáil mhaoiniú an Rialtais i gcomhair saoráidí spóirt sa todhchaí. 3. Athfhorbairt Staidiam Bhóthar Lansdúin a éascú agus forbhreathnú a choinneáil uirthi agus forbairt champais d’áiseanna spóirt i mBaile an Abba. .... Riarachán ar mhaoiniú Chuideachta Forbartha Staidiam Bhóthar Lansdúin, go pointeáilte agus go héifeachtach, le cuidiú Oifig na nOibreacha Poiblí ós iad comhairleoirí teicniúla na Roinne iad, faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Dhlíthiúil a shínigh na comhpháirtithe. .... A chinntiú, trí Ghrúpa Stiúrtha an Staidiaim, go gcoinnítear an fhorbairt ag dul ar aghaidh de réir na bpleananna agus go gcuirtear cabhair ar fáil nuair a bhíonn deacrachtaí .... Maoiniú curtha ar fáil taobh istigh d’fhrámaíocht shásúil íocaíochta, a thiocfadh leis an leibhéal forbartha a thógfadh Cuideachta Forbartha Staidiam Bhóthar Lansdúin uirthi féin. .... Tacaíocht a chur ar fáil, dá mba ghá, dá mbeadh aon deacracht ann. .... Líon áiteanna sa bhreis agus áiseanna nuaaimseartha i Staidiam athfhorbartha Bhóthair Lansdúin a mbainfeadh an lucht féachana tairbhe níos fearr as agus a d’ardódh próifíl gach spóirt a ndéanfaí freastal air ansin. .... Breis feasachta ag gach aois faoi thábhacht na rannpháirtíochta sa spórt. .... Deiseanna sa bhreis ag Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothorthaí ann. .... Moltaí a chur isteach chun comhaontú an Rialtais a dhaingniú i leith Champais Spóirt i mBaile an Abba. .... Forbairt Champas agus Staidiam Éireann Teo a bhunú ar bhonn reachtúil, mar chomhlacht a bhfuil sé de chúram air clár áiseanna an Champais Spóirt a sheachadadh. .... Clár maoinithe rialaithe agus éifeachtach a shocrú. .... Forbairt Champas agus Staidiam Éireann a bheith i mbun forbhreithnithe ar sheachadadh chlár na náiseanna. .... An fhéidearthacht atá ann i gcomhair codanna leanúnacha forbartha a .... Clár socraithe do sheachadadh raon d’áiseanna mar atá comhaontaithe ag an Rialtas. .... Forbairt Champas agus Staidiam Éireann bunaithe mar Ghníomhaireacht Reachtúil i 2005. .... Clár maoinithe comhaontaithe leis a Roinn Airgeadais. .... Áiseanna seachadta de réir buiséid agus an chláir ama a réitíodh. .... Tuarascáil ar fhéidearthacht chodanna leanúnacha forbartha curtha ar fáil faoi dheireadh 2006. gach uile aois a bheith rannpháirteach i gcúrsaí spóirt. .... Breis rannpháirtíochta i gcúrsaí spóirt ag gach uile aois. .... Deiseanna traenála agus leibhéil saothraithe lúthchleasaithe den scoth a fheabhsú. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothorthaí mheas m.sh. Airéine le hinfheistíocht ón earnáil phríobháideach, forbairt cheanncheathrú d’eagraíochtaí Spóirt. 4. Tacú le forbairt na hEarnála Capall agus Con in Éirinn. .... Caidreamh leanúnach le Rásaíocht Chapall na hÉireann agus le Bord na gCon maidir le feidhmiú fhorálacha na reachtaíochta i ndáil le rásaíocht chapall agus chon, go speisialta, An tAcht um Rásaíocht Chapall agus Chon, 2001. .... Tacú le Rásaíocht Chapall na hÉireann agus le Bord na gCon i bhfeidhmiú a gClár Forbartha Caipitil. .... Táscairí forbartha agus feidhmiúcháin aimsithe agus soiléirithe i bPleananna Straitéiseacha Rásaíocht Chapall na hÉireann agus Bhord na gCon agus tuairiscí orthu sna Tuarascálacha Bliantúla. .... Méadú ar leibhéal freastail ag Cruinnithe Rásaíochta Capall agus Rianrásaíochta Con. 5. Freastal ar fhreagrachtaí na Roinne i dtaca le saincheisteanna spóirt arna éileamh ag an Aontas Eorpach, ag Comhairle na hEorpa agus ag an nGníomhaireacht Dhomhanda Frith- Dhópála. .... Ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag cruinnithe agus aird a thabhairt ar shaincheisteanna a ardaítear agus iad a mheas. .... An caidreamh leis an nGníomh. Dhomhanda .... Freastal leanúnach ar an nGníomhaireacht Dhomhanda Frith- Dhópála, ar an AE agus ar Chomhairle na hEorpa faoi shaincheisteanna frithdhópála agus faoi shaincheisteanna idirnáisiúnta eile. .... Cur chuige .... Eolas níos forleithne ar riarachán polasaí spóirt ar fud na hEorpa. .... Comhaontú an Choimisiúin Dhomhanda Frith- Dhópála go luath i 2006. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothorthaí Frith-Dhópála, le Comhairle na hEopra agus le Comhairle Spóirt na hÉireann a choinneáil sa siúl faoi shaincheisteanna frith-dhópála. .... Cuidiú le forbairt an Choinbhinsiúin Dhomhanda Frith-Dhópála faoi UNESCO. comhordaithe ar shaincheisteanna a bhaineann le spóirt agus saincheist na frith-dhópála san áireamh. .... Daingniú na hÉireann ar an gCoinbhinsiún Domhanda Frith- Dhópála. .... Polasaí spóirt agus spéiseanna na hÉireann cumhdaithe sna fóraim idirnáisiúnta. SPRIOC ARDLEIBHÉIL: TURASÓIREACHT Tacú le forás inbhuanaithe thionscail na turasóireachta agus cuidiú leis aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an chomórtais trí raon de ghníomhartha agus de chláir pholasaithe a fhorbairt, a fheidhmiú agus trí thionchar a imirt orthu chun an leas is fearr a bhaint as buntáistí geilleagracha agus sóisialta na hearnála d’Éirinn. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh 1. Cur i bhfeidhm na straitéise d’fhorbairt inbhuanaithe thurasóireacht na hÉireann 2003- 2012 a éascú mar atá leagtha amach i dTuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Pholasaí na Turasóireachta. .... Rúnaíocht agus tacaíocht a sholáthar don Ghrúpa Feidhmiúcháin don Phlean Gníomhaíochta don Turasóireachta. .... Monatóireacht a dhéanamh ar agus tionchar a bheith ar shaincheisteanna agus cláir pholasaí eile a bhaineann le forbairt inbhuanaithe na turasóireachta. .... Tuarascálacha dul chun cinn a fhoilsiú faoi dhó sa bhliain ar chur i bhfeidhm Phlean Gnímh na Turasóireachta, lena n-áirítear measúnuithe ar na gníomhartha a chuir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha i bhfeidhm. .... Fóram Bliantúil Thionscal na Turasóireachta chun tuairisciú ar ais don earnáil faoi dhul chun cinn agus tosaíochtaí a bhunú. .... Réimse de pholasaithe maicreacnamaíochta an Rialtais agus eile a thabharfadh tacaíocht don turasóireacht a bhreisíonn an comhshaol gnó ina mbeadh earnáil nuálach turasóireachta ábalta forás a dhéanamh. .... Cur chuige “uile Rialtais” i leith fhorbairt na turasóireachta ina léirítear i straitéisí Ranna agus gníomhaireachtaí eile, na tosaíochtaí agus na ceisteanna a d’aithin earnáil na turasóireachta. .... Feidhmiúchán thurasóireacht na hÉireann: o i gcomhlíonadh na spriocanna fáis a leagadh agus o mar earnáil do dheiseanna infheistíochta, earnáil nuálachta agus fiontraíochta o mar ionstraim Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh d’fhorbairt sóisialta agus geilleagrach an Rialtais ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach. 2. Éifeachtach agus feidhmiúlacht na meicníochtaí seachadta do thacaíocht an Stáit i leith na turasóireachta a fheabhsú trí struchtúir Ghníomhaireachtaí turasóireachta Stáit. .... Leithdháileadh cuí acmhainní airgeadais agus foirne chuig Gníomhaireachtaí Turasóireachta Stáit a chinntiú. .... A chinntiú go bhfuil socruithe cuí do rialachas corparáideach i bhfeidhm i leith Gníomhaireachtaí Turasóireachta Stáit. .... Socruithe maidir le seachadadh pholasaí na turasóireachta a mheas agus a fheabhsú ag leibhéal fonáisiúnta. .... Acmhainní curtha ar fáil agus curtha ar chumas Gníomhaireachtaí Turasóireachta Stáit cuspóirí an pholasaí a sheachadadh. .... Aontú faighte ar shocruithe maidir le seachadadh an pholasaí turasóireachta ag leibhéal fonáisiúnta agus socruithe forais curtha i bhfeidhm. .... Gníomhaireachtaí Turasóireachta Stáit agus Údaráis Réigiúnacha Turasóireachta a bheith ‘réidh don chuspóir’ agus iad ag cur i bhfeidhm a rólanna forbartha turasóireachta ar ar aontaíodh. .... Cur chuige ‘na réigiúin uile’ maidir le forbairt na turasóireachta ina léirítear i straitéisí na ngníomhaireachtaí agus na rannpháirtithe eile áitiúla agus réigiúnacha, na tosaíochtaí a d’aithin earnáil na turasóireachta. 3. A chinntiú go bhfuil na hacmhainní do mhargaíocht agus do chur chun cinn na turasóireachta, d’fhorbairt na nacmhainní daonna agus d’fhorbairt tairgí imlonnaithe chomh mór is is féidir é d’fhonn na cuspóirí agus na moltaí a leagadh amach sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas, sa Phlean Náisiúnta Forbartha agus i dTuarascáil Ghrúpa .... A chinntiú go léiríonn Pleananna Gnó agus Corparáideacha agus cláir feidhmiúcháin na nGníomhaireachta í Turasóireachta Stáit go cuí cuspóirí an pholasaí agus go ndéantar athbhreithniú orthu d’fhonn cúinsí a bhíonn ag athrú agus cuspóirí a bhaineann le ‘luach ar airgead’ a léiriú. .... Cuspóirí an pholasaí a corpraíodh i bPleananna Gnó agus Corparáideacha agus i gcláir feidhmiúcháin na nGníomhaireachtaí curtha i bhfeidhm d’fhonn tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt an tionscail. .... Monatóireacht déanta ar chaiteachas na nGníomhaireachtaí ar chláir feidhmiúcháin agus athbhreithniú déanta orthu in aghaidh chuspóirí an .... Frámaíocht chuí polasaí i bhfeidhm don tréimhse 2006- 2013 d’fhonn tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe na hearnála sa todhchaí de réir na spriocanna. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh Athbhreithnithe Pholasaí na Turasóireachta .... Deireadh Chlár Feidhmiúcháin na Turasóireachta 1994-1999 a chinntiú. .... Measúnú an tionscadail agus íostarraingt na gcistí faoi Scéim Forbartha Táirge na Turasóireachta 2000-2006 críochnaithe. .... Conclúid a fháil ar chonradh CPP do thógáil agus d’fhorbairt an Lár- Ionaid Náisiúnta Comhdhála. .... Cuspóirí agus riachtanais a bhaineann le margaíocht agus le cur chun cinn, le forbairt acmhainní daonna agus le forbairt táirgí do 2006-2013 a scrúdú agus frámaíochtaí cuí do thacaíocht an pholasaí a fhorbairt don tréimhse. pholasaí. .... Clár Feidhmiúcháin na Turasóireachta 1994-1999 dúnta. .... Cinntí ar iarratais ar dheontais agus cistí caite. .... Conclúid faighte ar chonradh CPP an Lár-Ionaid Náisiúnta Comhdhála faoi dheireadh 2005. .... Athbhreithniú déanta ar chuspóirí mhargaíocht agus chur chun cinn na turasóireachta chomh maith le forbairt acmhainní daonna agus forbairt táirgí do 2006-2013 agus frámaíochtaí cuí don pholasaí forbartha. .... Feabhas tagtha ar fhairsinge na turasóireachta agus bunús táirge na turasóireachta breisithe. .... Lár-Ionad Náisiúnta Comhdhála i gcrích ag tacú le forbairt ghnó comhdhálacha agus cruinnithe. 4. An scóip do ghníomh comhoibritheach thar thrí limistéar feidhmiúcháin na Roinne (.i. ealaíona agus cultúr, spórt agus turasóireacht) a aithint agus a chur chun cinn d’fhonn forbairt na nearnálacha lena mbaineann a .... Frámaíocht feidhmiúcháin agus clár ama a bhunú d’fhonn moltaí do ghrúpa trasrannóige sa Roinn ar chomharghníomhaíochtaí a chur chun cinn. .... Frámaíocht feidhmiúcháin bunaithe faoi Mheitheamh 2005 d’fhonn í a chur i bhfeidhm go céimneach an bhliain dár gcionn. .... Dúshaothrú féidearthachta do chomharghníomhaíocht thar thrí limistéar feidhmiúcháin na Roinne. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh bhreisiú ar a leas go léir.* * Is cuspóir Tras-Rannach é seo. SPRIOC ARDLEIBHÉIL: SEIRBHÍSÍ CORPARÁIDEACHA Athrú eagraíochtúil agus acmhainní a bhainistiú d’fhonn seirbhísí d’ardchaighdeánach a chur ar fáil dár gcustaiméirí agus d’fhonn an polasaí dílárnaithe a chur i bhfeidhm. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh 1. Seirbhísí d’ardchaighdeán a chur ar fáil dár gcustaiméirí. .... An próiseas de sheirbhís na gcustaiméirí a cheangal isteach le gach gníomhaíocht laethúil Roinne, a chríochnú. .... Eiteas, nósanna imeachta, cleachtas agus scileanna sheirbhís na gcustaiméirí a chur trasna ar gach ball foirne nua i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an díláraithe. .... Scéim Ghaeilge a bhunú de réir ailt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 .... Meicníochtaí a bheith i bhfeidhm faoi dheireadh 2005, ag leibhéal áitiúil, d’fhonn caighdeáin seirbhísí a mheas agus monatóireacht a dhéanamh orthu. .... Tús curtha le modhanna breise comhairliúcháin agus modhanna breise chun aiseolas a fháil ó chustaiméirí faoi Dheireadh Fómhair 2005. .... Athbhreithniú déanta ar nósanna imeachta gearán na Rannóige faoi Mhárta 2005. .... Athbhreithniú agus athfhócasú déanta ar Chairt an Chustaiméara faoi Bhealtaine 2006. .... Plean sonraithe ar chothabháil eiteas sheirbhís na gcustaiméirí i gcomhthéacs clár ama don dílárú ullmhaithe. .... Seirbhís níos fearr don chustaiméir agus measúnú níos fearr de chaighdeán na seirbhísí. .... Leibhéil sástachta na gcustaiméirí feabhsaithe. .... Leibhéil sheirbhís na gcustaiméirí cothaithe le linn phróiseas feidhmiúcháin an díláraithe. .... Seirbhís níos fearr do chustaiméirí ar mian leo a ngnó a Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh agus de réir Treoirlínte arna ullmhú faoi alt 12 den Acht céanna. .... Teicneolaíocht na Faisnéise (TF) a fhorbairt agus a bhainistiú d’fhonn seachadadh chuspóirí agus mhisean na Roinne a thacú. .... Polasaithe na Sochaí Faisnéise agus na Seirbhíse ríomhPhoiblí a neadú in eagraíocht agus i bpleanáil na Roinne. .... Scéim críochnaithe faoi Mhárta 2005. .... Cur i bhfeidhm le tosú Iúil 2005 agus le críochnú faoi Iúil 2008 de réir an chláir ama ar ar aontaíodh go lárnach. .... Athbhreithniú lártéarma ar Straitéis TF na Roinne 2003- 2006, lena náirítear ionchur TF sa pholasaí díláraithe. .... Straitéis Athbhreithnithe TF 2003-2006 ullmhaithe. .... An úsáid is mó á baint as modhanna daingne leictreonacha i gcomhair faisnéis a scaipeadh go forleathan. .... Monatóireacht rialta ar shuíomh gréasáin na Roinne agus é tugtha suas chun dáta. .... Monatóireacht leanúnach ar shláine agus ar dhéanamh i nGaeilge. .... Úsáid éifeachtach na n-áiseanna TF d’fhonn seachadadh chuspóirí agus mhisean na Roinne a thacú. .... Faisnéis ar pholasaí agus ar idirghníomh leictreonach idir an Roinn agus a custaiméirí ar fáil trí Bhróicéir na Seirbhísí Poiblí. .... Úsáid dhaingean, eolasach agus inrochtana chruinn, cothrom le dáta, de shuíomh gréasáin na Roinne ag léiriú spriocanna straitéisí na “Sochaí Faisnéise” agus “na dTeagmhálacha Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh shábháilteacht Líonra na Roinne. .... Measúnú á dhéanamh ar straitéisí cuí na Seirbhíse ríomhPhoiblí i bpróisis phleanála agus feidhmiúcháin na Roinne agus iad á gcur i bhfeidhm. .... Na seirbhísí/áiseanna a bhíonn á soláthar agus beartaithe ag Bróicéir na Seirbhísí Poiblí á n-úsáid an méid agus is féidir é. Nua”. 2. Ábaltacht eagraíochtúil indibhidiúil agus solúbthacht a uasmhéadú agus dílárú a chur i bhfeidhm. .... Frámaíocht agus nósanna imeachta nua a fhorbairt do phróiseas pleanála gnó na Roinne (lena náirítear an Córas Bainistíochta Feidhmiúcháin agus Forbartha). .... Athbhreithniú a dhéanamh ar Straitéis Acmhainní .... Nósanna Imeachta nua forbartha agus i bhfeidhm faoi dheireadh Eanáir 2005. .... Ráiteas Straitéise aontaithe faoi dheireadh Mhárta 2005. .... Pleananna Gnó agus Pleananna Oibre an Aonaid Ghnó do 2005 i bhfeidhm faoi dheireadh Bealtaine 2005 chun feidhm éifeachtach a thabhairt don Ráiteas nua Straitéise. .... Pleananna Gnó i bhfeidhm faoi Eanáir sna blianta dár gcionn. .... A thuilleadh nasc díreach idir gach gné den phróiseas maidir le pleanáil ghnó. .... Comhlánú foirne atá oilte, sásta agus díograiseach. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh Daonna na Roinne 2003- 2005, i bhfianaise na nathruithe reachtacha, chorparáidiú na bhForas Cultúrtha agus díláraithe. .... Athbhreithniú a dhéanamh ar na Struchtúir Chomhpháirtíoc hta de bharr chorparáidiú na bhForas Cultúrtha agus agus dílárú á chur san áireamh. .... Cur i bhfeidhm an chláir reatha Oiliúna a chríochnú. .... An Clár Oiliúna reatha a mheas. .... Athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis oiliúna na Roinne agus clár oiliúna a fhorbairt, bunaithe ar threoirlínte lárnacha, d’fhonn deileáil leis an bpróiseas díláraithe. .... Athbhreithniú críochnaithe faoi Mheitheamh 2005. .... Straitéis na nAcmhainní Daonna athbhreithnithe i bhfeidhm faoi dheireadh 2005. .... Polasaí athbhreithnithe cur chun cinn agus plean feidhmiúcháin i bhfeidhm faoi dheireadh 2005. .... Rannpháirtíocht an Choiste Chomhpháirtíoch ta i ngach gné de chlár nuachóirithe na Státseirbhíse. .... Athbhreithniú déanta ar na struchtúir chomhpháirtíocht a agus struchtúr nua i bhfeidhm faoi Mheán Fómhair 2005. .... Cur i bhfeidhm an chláir críochnaithe faoi Bhealtaine 2005. .... Próiseas meastóireachta i bhfeidhm faoi Aibreán 2005. .... Próiseas Comhpháirtíochta atá níos éifeachtaí agus níos mó feidhm leis. .... Forbairt foirne agus feabhas tagtha ar an mbunús scileanna. .... Cláir oiliúna don todhchaí curtha ar an eolas faoi thorthaí an phróisis mheastóireacht a. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh .... Athbhreithniú críochnaithe agus straitéis nua i bhfeidhm faoi Mheán Fómhair 2005. .... Cur i bhfeidhm de réir an chláir ama do dílárú na Roinne. 3. Córas bainistíochta agus smachta airgeadais a chothabháil chun tacú le cur i bhfeidhm chuspóirí/pholasaithe/sheirbhísí na Roinne. .... Cur i bhfeidhm Frámaíochta Bainistíochta Faisnéise. .... Monatóireacht a dhéanamh ar chothabháil na gcóras smachtaithe airgeadais inmheánaigh. .... Sealbhú agus suiteáil an Chórais Bhainistíochta Airgeadais nua faoi dheireadh Mhárta 2005. .... Críoch le Comhaontú Leibhéal na Seirbhíse leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí faoi Bhealtaine 2005. .... Treoirlínte a bhaineann le ceannach, glacadh, taisteal & liúntas cothaithe, Deontais agus Sócmhainní Seasta ullmhaithe faoi dheireadh Mhárta 2005. .... Táscairí Feidhmiúcháin do gach Príomh- Oifigeach áirithe i dTuarascálacha Míosúla .... Córais tuairiscithe airgeadais breisithe ag feidhmiú sa Roinn go hiomlán. .... Clú airgeadais na Roinne agus an Oifigigh Chuntasaíocht a cothaithe. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh .... Forbairt d’fhrámaíocht neartaithe Rialachais Chorparáidigh don Roinn. .... Athbhreithniú a dhéanamh ar Bainistíochta 2006. .... Inúsáideacht na dTuarascálacha Bainistíochta Airgeadais ar bhonn ráithe do gach Ionad Costais faoi Mheán Fómhair 2005. .... Cuntas Leithreasaithe do Vóta na Roinne críochnaithe agus curtha faoi bhráid An Ard- Reachtaire Ciste & Cuntas taobh istigh den spriocdháta reachtúil. .... Nósanna imeachta smachta airgeadais agus bainistíochta i bhfeidhm i ngach Rannóg agus lámhleabhar cothrom le dáta a bhaineann le nósanna imeachta agus le húdarú táirgithe le linn 2005. .... Córas na rialachán inmheánach a bhreisiú arna éascú ag cláir .... Riarachán níos éifeachtaí ar an Roinn. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh oibríocht shocruithe an Rialachais Chorparáidigh i ndáil le Gníomhaireachtaí na Roinne. bhliantúla iniúchta. .... Measúnú agus Bainistiú Riosca neadaithe thar gach córas bainistíochta. .... Iniúchadh inmheánach comhtháite leis na próisis phleanála agus forbartha. .... Anailís sonraithe ar an riosca a bhaineann le cur i bhfeidhm an pholasaí díláraithe ullmhaithe agus bearta cuí smachta d’fhonn réiteach a fháil ar na rioscaí aithnithe. .... Athbhreithniú críochnaithe faoi Mheitheamh 2005. .... Córais nua i bhfeidhm faoi dheireadh 2005 de réir mar is gá. 4. Comhshaol oibre sábháilte, deimhneach, cothrom agus tacúil a chur ar fáil do gach ball foirne. .... Athbhreithniú a dhéanamh ar an gCóras reatha Bainistíochta Sláinte agus Sábháilteachta. .... Athbhreithniú críochnaithe faoi Aibreán 2005. .... Córas nua Bainistíochta Sláinte agus Sábháilteachta i bhfeidhm faoi Mheitheamh 2005. .... Córas nua i .... Comhshaol oibre sábháilte deimhneach don fhoireann agus foireann níos eolasaí. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh .... Comhionannais deiseanna a chur chun cinn san ionad oibre. .... Moltaí a ullmhú do rochtain níos fearr ar sheirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas de thoradh treoirlínte agus teimpléid aontaithe a bheith faighte ón Údarás Náisiúnta um Míchumas i Meitheamh 2005. bhfeidhm faoi dheireadh 2005. .... Athbhreithniú déanta ar an gCóras faoi dheireadh Mheitheamh na bliana 2005. .... Tuarascáil na Roinne agus an Údaráis um Chomhionannas ar chomhathbhreithniú na dtionscnamh comhionannais ullmhaithe faoi Mheitheamh 2005. .... Plean i gcomhair chur i bhfeidhm mholtaí na tuarascála ullmhaithe faoi Mheán Fómhair 2005. .... Cur i bhfeidhm an phlean críochnaithe faoi Mhárta 2006. .... Treoirlínte agus teimpléid aontaithe curtha i bhfeidhm roimh Mheitheamh 2006. .... Baint amach na spriocanna inscne mar a leanas: .... Comhshaol oibre deimhneach comhdheiseach don fhoireann. .... Rochtain níos fearr ar sheirbhísí na Roinne i gcomhair daoine faoi mhíchumas. Cuspóir Gníomh Táscairí Feidhmiúcháin Táscairí Aschuir Táscairí Fothoraidh .... I ngrád an Phríomh- Oifigigh Chúnta ó 41% go 45% .... I ngrád an Phríomh- Oifigigh ó 33% go 40%. AGUISÍN 2 GNÍOMHAIREACHTAÍ FEIDHMIÚCHÁIN/COMHLACHTAÍ GAOLMHARA Is faoi na Forais Chultúrtha agus an Stát nó gníomhaireachtaí feidhmiúcháin/comhlachtaí eile atá sa Roinn nó atá faoi choimirce fhreagrachtaí feidhmiúla na Roinne atá sé go leor de na polasaithe a luaitear sa Ráiteas Straitéise seo a chur i gcrích. Áirítear leis na comhlachtaí seo: Ard-Mhúsaem na hÉireann Bunaíodh an tArd-Mhúsaem faoin Science and Art Museums Act,1877. Áirítear faoina shainchúram: ábhar oidhreachta iniompartha, nádúrtha agus cultúrtha na hÉireann a bheith faoi bhuanchoimeád agus inrochtana; fís agus tuiscint na hoidhreachta sin a chur ar a súile do mhuintir na hÉireann agus do na cuairteoirí a thagann go hÉirinn agus gníomhú mar mhóracmhainn oideachais; ceangail chultúrtha a dhaingniú in Éirinn agus le tíortha eile. Rinneadh comhlacht féinrialaitheach Stáit de faoi choimirce na Roinne sa Bhealtaine, 2005 faoi fhorálacha Acht na bhForas Náisiúnta Cultúrtha, 1997. An Chartlann Náisiúnta (agus Comhairle Chomhairleach na Cartlainne Náisiúnta) Bunaíodh An Chartlann Náisiúnta faoin Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986 ar an 1 Meitheamh 1998. Is cónascadh í d’Oifig na dTaifead Poiblí (a bunaíodh 1867) agus d’Oifig na Stát-Pháipéar (a bunaíodh 1702). Tá dhá chuid i misean na Cartlainne Náisiúnta: caomhnú thaifead na hÉireann lena mbaineann údar lena gcaomhnú mar chartlann a dhaingniú: agus a chinntiú go bhfuil socruithe cuí i bhfeidhm i gcomhair rochtana poiblí chuig an gcartlann. Cuirtear an misean seo i gcrích de réir an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986 agus reachtaíocht agus rialacháin ábhartha eile. Sholáthair an tAcht um Chartlann Náisiúnta do bhunú Chomhairle Comhairleach na Cartlainne Náisiúnta. Cuireann sé comhairle ar an Aire agus leas á bhaint aige as a chumhachtaí faoin Acht agus ar gach ábhar a bhaineann leis an gcartlann agus a húsáid phoiblí. Dánlann Náisiúnta na hÉireann Bunaíodh an Dánlann faoi na hAchtanna um Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, 1854 go 1963. Sa Dánlann tá tuairim is 3,000 saothar péintéireachta in ola, tuairim is 8,000 saothar líníochta agus uiscedhathanna; greanadóireachtaí agus deilbh. Tá músaem Yeats, leabharlann de thagairtí ealaíon, siopa leabhar, gailearaí ilmheáin, bialann agus téatar léachtaí ann. Crochtar taispeántais speisialta gach bliain in Eite na Mílaoise. Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Is é misean na Leabharlainne Náisiúnta ná leabhair, lámhscríbhinní agus ábhar léiriúcháin ar ábhar spéise as Éirinn iad a bhailiú, a bheith ar bhuanchoimeád agus fáil a bheith orthu. Tá Seirbhís Ghinealaigh ag an Leabharlann chomh maith d’fhonn cabhair a thabhairt dóibh siúd go léir ar mian leo taighde a dhéanamh ar stair a gclainne in Éirinn. Tá an tSeirbhís ar fáil saor in aisce do dhaoine a bhuaileann isteach chuig an Leabharlann. Rinneadh comhlacht féinrialaitheach Stáit faoi choimirce na Roinne di i mBealtaine 2005 faoi fhorálacha Acht na bhForas Náisiúnta Cultúrtha, 1997. An Ceoláras Náisiúnta Is é an Ceoláras Náisiúnta an t-ionad ceoil is mó clú in Éirinn. Óna oscailt sa bhliain 1981, bhunaigh an Ceoláras Náisiúnta é féin mar phríomhionad do léirfheidhmiú an cheoil bheo agus na n-ealaíon agus aithnítear é mar ionad tábhachtach sna ciorcail idirnáisiúnta don léirfheidhmiú. Leabharlann Chester Beatty Tá Leabharlann Chester Beatty ar cheann d’Fhorais Náisiúnta Cultúrtha na hÉireann agus ba é Sir Alfred Chester Beatty a bhunaigh í agus a thiomnaigh in iontaobhas í chun go rachadh sí chun tairbhe an phobail. Is músaem ealaíne agus leabharlann atá sa leabharlann, ina bhfuil cnuasach iontach de lámhscríbhinní Ioslamacha, agus ealaín ón tSín, ón tSeapáin, ón India, agus ó thíortha eile san Oirthear. Tá papyri luath lena náirítear roinnt de na téacsanna is luaithe ón mBíobla agus lámhscríbhinní eile ón luathChríostaíocht, priontaí ón iarthar agus leabhair chlóbhuailte le fáil inti agus dá bharr tá an cnuasach sin ar cheann de na cnuasaigh is saibhre ar domhan. Tá 8,000 imleabhar i Leabharlann Tagairtí Leabharlann Chester Beatty a bhaineann leis an gcnuasach. Is ar choinne amháin atá cead isteach chuig an Leabharlann Tagairtí faoi láthair. Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann Is é Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann an foras náisiúnta ceannródaíoch in Éirinn do bhailiúchán agus do léiriúchán na n-ealaíon comhaimseartha agus nua-aimseartha. Léiríonn an Músaem éagsúlacht mhór ealaíon agus smaointe ealaíontóirí i gclár dinimiciúil taispeántas lena n-áirítear go minic saothar ó Chnuasach an Mhúsaeim féin, ón Rannóg Oideachais agus Phobail ag a bhfuil gradaim bainte amach, agus ón Stiúideo agus ó na Cláir Náisiúnta. Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann Bunaíodh Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann i nDeireadh Fómhair 1928, faoi bharántas Uachtarán Phríomh-Chomhairle Shaorstát Éireann. Bunaíodh an Coimisiún d’fhonn tuairisc a thabhairt ar nádúr, ar fhairsinge agus ar thábhacht na gcunasach lámhscríbhinní agus páipéar de leasa litríochta, stairiúla agus ginearálta na hÉireann, atá faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí chomh maith le tuairisc a thabhairt ar na háiteanna ina gcoinnítear lámhscríbhinní agus páipéir dá leithéid. B’éigean don Choimisiún chomh maith socruithe a dhéanamh maidir le hullmhú agus le foilsiú féilirí, catalóg agus eagrán de na lámhscríbhinní. Ó bunaíodh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1940, cuireadh an fhreagracht as ábhar a fhoilsiú i nGaeilge ar Scoil an Léinn Cheiltigh na hInstitiúide. An Chomhairle Ealaíon Is comhlacht féinrialaitheach Stáit í An Chomhairle Ealaíon a bhunaíodh sa bhliain 1951 d’fhonn spéis an phobail a mhúscailt sna healaíona chomh maith le heolas, tuiscint agus cleachtadh na n-ealaíon a chur chun cinn. Is í príomhionstraim an Stáit í maidir le maoiniú na n-ealaíon agus is comhlacht comhairliúcháin ag an Rialtas í ar ghnéithe a bhaineann leis na healaíona, arna fheidhmiú faoi na hAchtanna Ealaíon 1951 go 1973. Tacaíonn An Chomhairle Ealaíon le gach gné de na healaíona, i mBéarla agus i nGaeilge – ailtireacht, damhsa, dráma, scannán, litríocht, ceol, ceoldráma agus na hamharcealaíona. Bord Scannán na hÉireann Feidhmíonn Bord Scannán na hÉireann faoi Achtanna um Bord Scannán na hÉireann, 1980-2000, d’fhonn gnéithe cruthaitheacha agus tráchtála i gcultúr déantúsaíochta scannán agus i gcultúr scannán in Éirinn a chur chun cinn do lucht féachána sa bhaile agus i gcéin. Cuireann sé iasachtaí agus infheistíocht chothromais ar fáil do lucht neamhspleách déantúsaíochta scannán in Éirinn d’fhonn cuidiú a thabhairt dóibh i bhforbairt agus i léiriú scannán Éireannach. Oibríonn an Bord i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí eile leath-stáit na hÉireann d’fhonn margaíocht, díol agus dáileadh scannán Éireannach a fheabhsú agus d’fhonn oiliúint agus forbairt i ngach gné den déantúsaíocht scannán a chur chun cinn. Bíonn fostaíocht d’oibreoirí scannánaíochta na hÉireann agus úsáid de sheirbhísí coimhdeacha na hÉireann fíorthábhachtach agus an Bord ag glacadh le hiarratais. Ina theannta sin cuireann aonad margaíochta an Bhoird Éire chun cinn go hidirnáisiúnta mar láthair do shuíomh scannán. Cultúr Éireann Bunaíodh Cultúr Éireann d’fhonn ealaíona agus ealaíontóirí na hÉireann a chur chun cinn sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus d’fhonn úsáid a bhaint as cistí a chuireann an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta ar fáil dó lena gcríoch sin, de réir cuspóirí polasaí agus tosaíochta arna ainmniú aige ón Aire. Áirítear lena shainchúram leithdháileadh deontas d’ealaíontóirí nó d’eagraíochtaí ealaíon i gcomhair gníomhaíochtaí thar sáile, maoiniú agus éascaíocht de rannpháirtíocht na hÉireann ag imeachtaí straitéiseacha ealaíon idirnáisiúnta agus bainistiú d’imeachtaí samhailteacha cultúrtha in Éirinn nó thar lear. Tuigtear freisin go gcuirfidh sé comhairle ar an Aire faoi ghnéithe idirnáisiúnta ealaíon agus cultúrtha. Comhairle Spóirt na hÉireann Bunaíodh Comhairle Spóirt na hÉireann i mí Iúil 1999 mar chomhlacht reachtúil do chur chun cinn agus d’fhorbairt spóirt ag gach leibhéal in Éirinn. Cuireann an Chomhairle deontais ar fáil chomh maith do Choistí Rialaithe Náisiúnta Spóirt chomh maith leis an Scéim Cardála Idirnáisiúnta do lúthchleasaithe d’ardsaothrú, an Scéim Spóirt agus Caithimh Aimsire do Dhaoine Óga agus an Clár Frith-Dhópála, a riar. Forbairt Champas agus Staidiam na hÉireann Teo. Is cuideachta é Forbairt Champas agus Staidiam na hÉireann a bhunaigh an Rialtas faoi Acht na gCuideachtaí d’fhonn forbhreathnú a dhéanamh ar phleanáil, ar fhorbairt agus ar sholáthar gach gné de Champas Spóirt i mBaile an Abba, Co. Átha Cliath. Cheadaigh an Rialtas dréacht de Bhille Údaráis Forbartha Champas Spóirt Bhaile an Abba a dhéanfaidh foráil do bhunú údarás reachtúil chun forbhreathnú a dhéanamh ar fhorbairt an tionscadail. Rásaíocht Chapall Éireann Is Comhlacht nua Stáit é Rásaíocht Chapall Éireann a bunaíodh sa bhliain 2001 d’fhonn stádas na hÉireann mar ionad domhanda sárchaighdeáin i gcomhair póraithe agus rásaíocht an chapaill fholúil a fhorbairt agus a chur chun cinn. Tháinig sé in áit Údarás Rásaíochta Capall na hÉireann agus tá sé freagrach anois as roinnt d’fheidhmeanna Chumann na Móna. Déanfaidh Rásaíocht Chapall Éireann forbhreathnú ar fhorbairt an tionscail rásaíochta capall in Éirinn sa todhchaí agus tá sé freagrach as an gcapall folúil a stiúradh, a mhaoiniú agus a chur chun cinn agus as feidhmiúchán na hOifige Clárúcháin, an Tote, agus a rannóg a bhaineann leis an ráschúrsa, as ionadaíocht a dhéanamh ar rásaíocht chapall Éireann go hidirnáisiúnta i ndáil lena feidhmeanna agus as idirbheartaíocht ioncaim ó chearta na meán agus an chraolta. Tá úinéireacht ag Rásaíocht Chapall Éireann ar agus oibríonn sé líon áirithe de ráschúrsaí agus trína fhochuideachta, Tote Éireann Teo., ritheann sé iomlánaitheoir ag gach ráschúrsa in Éirinn, seirbhís ghealltóireachta creidmheasa, ar an gcúrsa agus den chúrsa araon. Tá Rásaíocht Chapall Éireann freagrach chomh maith as cur chun cinn chapall folúil na hÉireann trí Mhargaíocht Chapall Folúil na hÉireann Teo. Bord na gCon Is comhlacht tráchtála leath-stáit é Bord na gCon atá freagrach as smacht agus as forbairt thionscal na gcon in Éirinn. Bunaíodh an bord faoi Acht Tionscail na gCon, 1958, a thug cumhachtaí leathana don bhord gach gné de rásaíocht con in Éirinn a rialú lena n-áirítear ceadúnais na rianta éagsúla, ceadanna a eisiúint d’fheidhmeanna, do gheallghlacadóirí, do thraenálaithe agus rialacha a bhaineann le rásaíocht a chur i bhfeidhm. Thug an bord ceadúnas do sheacht rian déag san iomlán, agus ocht gcinn díobh faoi úinéireacht agus smacht iomlán an bhoird. Tá na cinn eile faoi úinéireacht agus faoi fheidhmiúchán fiontair phríobháideacha. Tá trí staidiam eile faoi úinéireacht phríobháideach i dTuaisceart Éireann chomh maith. Oibríonn an Bord áiseanna Tote ag gach rianchúrsa con chomh maith. Turasóireacht Éireann Teo Is cuideachta margaíochta turasóireachta don oileán go léir í Turasóireacht Éireann Teo. a bhunaigh Bord Fáilte agus Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann i Nollaig na bliana 2000 faoi fhrámaíocht Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá a hoibríochtaí rialaithe ag Meamrán agus Airteagail Chomhlachais agus tá sé freagrach d’Aireacht na Comhairle Thuaidh Theas. Tá freagrachtaí ag an gComhairle do (i) Bhranda Turasóireachta Éireann (ii) mhargaíocht ceann scríbe na hÉireann go huile, (iii) sheachadadh thar lear de mhargaíocht réigiúnach agus táirge agus de ghníomhaíocht chur chun cinn ar son Fáilte Éireann agus ar son Bhord Turasóireachta Thuaisceart Éireann agus (iv) líonra oifige na margaíochta thar sáile. Bhí sé ag feidhmiú go hiomlán do shéisiúr margaíochta 2002. Fáilte Éireann Bunaíodh an tÚdarás Forbartha Náisiúnta Turasóireachta, Fáilte Éireann mar is fearr aithne air, go foirmiúil i mBealtaine 2003 agus ag an am céanna, díscaoileadh Bord Fáilte agus CERT agus aistríodh a bhfeidhmeanna go dtí an tÚdarás nua. Tá freagracht ar Fháilte Éireann oibriú le tionscal turasóireachta na hÉireann d’fhonn áis aonair a sholáthar i dtaca le tacaíocht straitéiseach agus phraiticiúil d’fhonn Éire a fhorbairt agus a inbhuanú mar cheann scríbe turasóireachta iomaíoch agus d’ardchaighdeán. I dtéarmaí na hidirghníomhaíochta idir Fáilte Éireann agus Turasóireacht Éireann Teo., tá béim Fáilte Éireann dírithe ar chaighdeán an taithí a chuir tionscal turasóireachta na hÉireann ar fáil do chuairteoirí agus tá béim Thurasóireacht Éireann Teo., dírithe ar chuairteoirí a mhealladh go hÉirinn. Is comhlacht Thuaidh Theas é Turasóireacht na hÉireann Teo., ní hionann is Fáilte Éireann. Forbairt na Sionainne (Cuideachta Forbartha SaorAerfoirt na Sionainne.) Tá Forbairt na Sionainne freagrach as forbairt na turasóireachta i Réigiún an Lár-Iarthair, lena n-áirítear forbairt táirgí nua turasóireachta agus foráil seirbhísí eolais don turasóir. AGUISÍN 3 SLEACHTA AS CLÁR DON RIALTAS 2002 CULTÚR AGUS OIDHREACHT Is í an aidhm atá againn a chinntiú go mbeidh gníomhaíocht chultúrtha ar fáil agus rochtain uirthi ag cách. .... Forbróimid agus coinneoimid an leibhéal ardaithe gníomhaíochta sna healaíona ar fud na tíre, tríd an gComhairle Ealaíon, agus ar mhodhanna eile de réir na bhforálacha reachtacha. .... Tacóimid le cur i bhfeidhm an Tríú Plean do na hEalaíona. Mar chuid de seo oibreoimid d’fhonn a chinntiú go mbeidh na struchtúir chuí ghairmiúla foirne ag an gComhairle. .... Déanfaimid Acht nua Ealaíon a achtú, an chéad cheann le caoga bliain anuas, d’fhonn sainmhíniú níos cuimsithí de na hEalaíona a chur ar fáil agus caidreamh nua, ar bhonn reachtach, a leagan amach idir na healaíontóirí, an Chomhairle agus an tAire. .... Forbróimid an comhoibriú Thuaidh Theas is mó is féidir go díreach agus tríd na gníomhaireachtaí ábhartha, mar aitheantas ar leasa comónta agus cultúir atá roinnte den chuid is mó. .... Cuideoimid le forbairt thionscail an ceoil in Éirinn tríd an mBord Ceoil. .... Tógfaimid Amharclann na Mainistreach, An Amharclann Náisiúnta, arís. .... Tabharfaimid forbairt fhadtéarmach straitéiseach an Cheolárais Náisiúnta chun críche. .... Tacóimid le tionscal scannán na hÉireann agus an ról lárnach atá ag Bord athstruchtúrtha Scannán na hÉireann. Nóta: Tugann an chuid de Chlár Comhaontaithe don Rialtas idir Fianna Fáil agus An Páirtí Daonlathach, Meitheamh 2002, a dheileálann le Cultúr agus Oidhreacht cuntas chomh maith ar thosaíochtaí áirithe nach bhfuil mar fhreagracht ar an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta agus dá réir níl siad san áireamh anseo. Luadh an fhreagracht, i ndáil le hAcadamh na hÉireann do na hEalaíona Léirfheidhmeacha a chur chun cinn, sa Chlár don Rialtas mar seo a leanas: Cinnteoimid go mbunófar Acadamh na hÉireann do na hEalaíona Léirfheidhmeacha faoi scáth na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, go luath. Ina dhiaidh sin aistríodh Acadamh na hÉireann do na hEalaíona Léirfheidhmeacha ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta go dtí an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta. ÁISEANNA NÍOS FEARR DO SPÓRT AGUS DO CHAITHEAMH AIMSIRE Creidimid go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag spórt agus fóillíocht i bhforbairt phearsanta, phobail agus ghinearálta agus táimid tiomanta dul i ngleic lena fhorbairt ag gach leibhéal. .... Leanfaimid ag infheistiú in áiseanna spóirt ar fud na tíre tríd an gCrannchur Náisiúnta agus trí mhaoiniú an Státchiste, go háirithe ag bhonn áitiúil áit a mbíonn cumainn de gach saghas, arna n-eagrú go deonach, mar bhunchloch ag spórt na hÉireann. .... Críochnóimid iniúchadh náisiúnta de na háiseanna áitiúla spóirt agus cuirfimid plean straitéiseach fadtéarmach i bhfeidhm d’fhonn forbairt na náiseanna riachtanacha seo ar fud na tíre a chinntiú. .... Tósóimid obair ar thógáil staidiaim náisiúnta den scoth. .... Tógfaimid saoráidí áitiúla agus náisiúnta araon a dhéanfaidh freastal ar riachtanais na gcomhlachtaí náisiúnta agus áitiúla spóirt araon. .... Tabharfaidh an tAire Spóirt, i gcomhar le Forbairt Champas agus Staidiam Éireann, leis na comhlachtaí náisiúnta spóirt agus le hOifig na nOibreacha Poiblí, pleananna agus moltaí feidhmiúcháin na bpolasaithe sin chun cinn ar an mbealach is éifeachtúla costais chomh luath agus is féidir. .... Oibreoimid le hÚdaráis áitiúla d’fhonn réimse d’áiseanna poiblí cosúil le linnte snámha, giomnáisiaim agus páirceanna sintéiseacha peile faoi thuilsoilse a chur ar fáil ag leibhéal na mbardas. .... Leanfaimid ag tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise Ardsaothraithe agus go háirithe, a aidhm ghearrthéarmach i ndáil le saothrú fhoireann na hÉireann a fheabhsú ag na Cluichí Oilimpeacha san Aitéin i 2004. .... Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú na gComhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt atá ann cheana, tacóimid lena mbunú ar fud na tíre chomh tapa agus is féidir. .... Leanfaimid ag spreagadh obair dheonach i Spórt na hÉireann agus aithneoimid, ar ardán náisiúnta an méid atá tugtha ag daoine áitiúla deonacha trí Ghradaim Náisiúnta d’Obair Dheonach a bhunú cosúil le Gradaim Ghaisce. .... Bunóimid, faoi Chiste an Rialtais Áitiúil, Ciste nua Saoráidí don Phobal a thacóidh le forbairt saoráidí pobail nach gclúdaítear i scéimeanna atá ann cheana. TURASÓIREACHT A CHUR CHUN CINN Creidimid go leanfaidh tionscal na Turasóireachta air mar thionscal fíorthábhachtach agus go bhfuil tacaíocht inbhuanaithe agus infheistíocht riachtanach sna blianta atá le teacht. .... Leathnóimid ár margaí foinse sa chaoi nach mbeimid ag brath rómhór ar aon mhargadh amháin agus, go háirithe, féachaimid lenar sciar de mhargadh Mhór-Roinn na hEorpa a mhéadú. .... Uchtóimid leathnú agus comórtas ar na haerbhealaí agus ar na muirbhealaí. .... Tacóimid agus cuirfimid obair Thurasóireacht Éireann Teo. i gcur chun cinn oileán na hÉireann mar cheann scríbe turasóireachta, chun cinn. .... Cuirfimid críoch leis an obair ar Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta a bhunú a chomhlánfaidh obair Thurasóireacht Éireann. .... Cinnteoimid tógáil Lár-Ionaid Náisiúnta Comhdhála den scoth agus cuirfimid Éire chun cinn mar ionad do ghnó comhdhála idirnáisiúnta. .... Cuirfimid cothabháil caighdeáin agus seirbhísí ar bharr chlár na turasóireachta. .... Leanfaimid ag tacú leis an earnáil Leaba & Lóistín agus le hearnáil na mionchóiríochta trí thionscnaimh shonraithe margaíochta. .... Spreagfaimid turasóireacht ghníomhaíocht-bhunaithe agus turasóireacht lena mbainfidh spéis speisialta ar feadh na bliana go léir. .... Cinnteoimid go n-áireoidh na húdaráis áitiúla riachtanais thionscal na turasóireachta i bhforáil an infreastruchtúir. .... Cuirfimid forbairt leochaileach na gceantar turasóireachta chun cinn agus spreagfaimid scothchleachtas comhshaoil i measc sholáthróirí na turasóireachta. AGUISÍN 4 STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA Príomhoifigeach Susan McGrath Acmhainní Daonna & TBS Rúnaí Cúnta Paul Bates Príomhoifigeach Francis Rochford Margaíocht ar Thurasóireacht & Polasaí Cur Chun Cinn Príomhoifigeach Eugenie Deegan Forbairt Turasóireachta & Polasaí Oiliúna Príomhoifigeach Joe Timbs Airgeadas & Spórt Rúnaí Cúnta Con Haugh Príomhoifigeach Paddy Heffernan Rannóg Spóirt 1 Príomhoifigeach Helen Nugent Rannóg Spóirt 2 An tAire John O'Donoghue, TD Ard-Rúnaí Philip Furlong Príomhoifigeach Chris Flynn Tionscadail Speisialta na bhForas Cultúrtha & Seirbhísí Theic. na Faisnéise Príomhoifigeach Barry Murphy Ealaíona, Scannáin & Ceol Príomhoifigeach Liam Fitzgerald Forais Chultúrtha Rúnaí Cúnta Michael Grant Stiúrthóir An Dr. Pat Wallace Ard-Mhúsaem na hÉireann * Stiúrthóir Aonghus O'hAonghusa An Lea