Pictiúr Clúdaigh

Subaquatic Dublin, 2004, le Paul Gregg
Arna choimisiúnú ag Ospidéal Mhuire do Leanaí atá tinn, Cromghlinn,
leis An Áirc

Clár

1 Réamhrá an Aire 5

2 Brollach 9

3 Réamhrá 13

3.1. Gearrchuntas 15

3.2. Cuspóir na dTreoirlínte 15

3.3. Cur i bhfeidhm na Scéime 16

3.4. Scóip na Scéime 16

3.5. Forbhreathnú 16

4 Leibhéil an Mhaoinithe 19

4.1 Coinníollacha 21

4.2 Buiséid 21

4.3 Comhthiomsú 21

4.4 Costais Ghaolmhara 22

5 An Scéim a chur i bhFeidhm 25

5.1 Prionsabail Bharr Chleachtais 27

5.2 Roghanna i ndáil le Coimisiúnú 28

5.3 Céimeanna i dTionscadal Ealaíne Poiblí 28 Céim 1 - Pleanáil 29 Céim 2 - Roghnú 32 Céim 3 –Taighde agus Forbairt 34 Céim 4 –Cur i nGníomh 35 Céim 5 –Athbhreithniú 37

Aguisíní 39

Aguisín 1 Ballraíocht na nGrúpaí ar Fhorbairt na dTreoirlínte 41 Aguisín 2 Buiséad Samplach Caipitil do Thógáil an Tionscadail 42 Aguisín 3 Roghanna i ndáil le Coimisiúnú 44 Aguisín 4 Coimre na nEalaíontóirí 46 Aguisín 5 Seicliosta de ghnéithe le háireamh agus Conradh á réiteach 47 Aguisín 6 Bileog Shamplach Fardail 48 Aguisín 7 Athbhreithniú agus Meastóireacht ar an Tionscadal 49

Leabharliosta Roghnaithe agus Tuarascálacha Sainmhínithe

Sisters, le John Kindness, 2003, (Michelle agus Yvonne Dunne) Lár-Ionad na Saoránach, Baile Munna
Arna choimisiúnú ag Briseadh na Talún, Athnuachan Bhaile Munna Teo.

Réamhrá an Aire

Bhí spéis thar na bearta síos trí na cianta ag an ealaíontóir comhbhá a bheith aige le comhshaol fisiciúil agus geografach na sochaí. D’éirigh go maith leis an sprioc seo nuair a bhí dlúthbhaint ag an saothar ealaíne le háit nó le heachtra ar leith. Is féidir leis an saothar cur le dearscnaitheacht an cheantair áitiúil agus tríd sin is féidir léamh nó brí eile a bhaint as an stair nó as an gcomhshaol. Anseo in Éirinn féachaimid ar shaothar na n-ealaíontóirí agus ar an gciall a bhaineann siadsan as ionad chun ár bhfor bairt féin mar phobal a thomhas. Bíonn a thuilleadh suntais leis an mbrí seo nuair a lonnaítear an saothar i suíomh nó i limistéar ar leith.

Tá i bhfad níos mó suime á chur againn go léir, le déanaí, sa chomhshaol agus san éifeacht atá aige ar ár saol.Tá ról an-tábhachtach ag an ealaín inár gcomhshaol agus,le fírinne,is cuid lárnach de roinnt mhaith de limistéir chathrach í anois. Tá caighdeán ard comhshaoil riachtanach chun caighdeán maith saoil a bheith ann agus teastaíonn ealaín phoiblí d’ardchaighdeán chun an comhshaol sin a chruthú cibé ar spás oscailte, foirgneamh poiblí, ospidéal nó saoráid oideachais atá i gceist.

Is deis iontach í Scéim an Chéatadáin don Ealaín chun comhoibriú a bheith idir ealaíontóirí agus pobal. Níor mhór a bheith airdeallach faoin úinéireacht logánta nuair a bheadh an ealaín phobail á forbairt agus á cruthú. Léirigh an Rialtas a thiomantas don ealaín phoiblí nuair a cheadaigh sé maoiniú don Scéim seo agus tá roinnt mhaith éagsúlachta sroichte sna saothair ealaíne cheana féin. Cé go mb’fhéidir nach mbeadh ach taithí ala na huaire le roinnt mhaith de shaothair ealaíne den sórt seo, mar sin féin bíonn a n-éifeacht féin acu agus cruthaítear cuimhní buana dá mbarr. Tá sé d’acmhainn ag gach Roinn Rialtais, ag a ngníomhaireachtaí agus ag na húdaráis áitiúla leas iomlán a bhaint as an Scéim seo agus is iontach iad na deiseanna a chuireann an acmhainn seo ar fáil dúinn maidir leis an gcrot is féidir linn a chur ar na limistéir ina lonnaimid.

Tá sé i gceist go gcuideoidh na Treoirlínte seo le gach Roinn Rialtais agus le gach comhlacht poiblí agus go spreagfaidh siad iad chun páirt a ghlacadh sa Scéim. Tá súil agam go gcruthófar de thoradh na dTreoirlínte seo, nach bhfuil iontu ach céim a haon d’fhorbairt chur chuige náisiúnta i leith na healaíne poiblí, saothair ealaíne a spreagfaidh ár samhlaíocht agus a mheadóidh ár rannpháirtíocht san ealaín.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo siúd go léir a bhí páirteach i ndréachtú na dTreoirlínte, baill an Ghrúpa Idir-Rannaigh Chomhordaithe ar an Ealaín Phoiblí, Painéal na Sainchomhairleoirí Ealaíne Poiblí, agus na daoine sin go léir a ghlac páirt sna cruinnithe Comhairleacha ar an Ealaín Phoiblí a bhí eagraithe ag an gComhairle Ealaíon. Tá sé i gceist acu a sprioc níos fadthéarmaí .i. cur chuige náisiúnta i gcomhair Scéim an Chéatadáin don Ealáin, a chur i gcrích sa dá bhliain seo romhainn. Idir an dá linn beidh feasacht mhéadaithe faoi Scéim an Chéatadáin don Ealaín agus an scéim féin a bheith ag feidhmiú ar leibhéal níos airde mar chomhartha ar a bhfuil á chur i gcrích acu.

John O’Donoghue TD Minister for Arts, Sports and Tourism

RÉAMHRÁ AN AIRE

The Whisper of Ghosts, 2004, leis an gCumadóir Elaine Agnew
(Cleachtaí ar siúl)
Ceol arna choimisiúnú ag Comhairle Contae Loch Garman

Brollach

Agus a sainmhíniú leathan á tabhairt di is iomaí crot agus is iomaí feidhm a d’fhéadfadh a bheith leis an ealaín phoiblí. D’fhéadfadh gur ábhar mórtais chathartha nó ábhar díospóireachta spreagúla í. D’fhéadfadh gur teagasc mórálta nó siamsaíocht a bhain feadh léi. D’fhéadfadh gurbh fhoinse phléisiúir agus shóláis í go príobháideach nó gur chomhartha féin-aitheantais agus iniaimh í i bpobail. Cé gur glacadh leis an ealaín phoiblí go traidisiúnta, i go príomha, i dtéarmaí na n-ealaíon plaisteach - agus go speisialta saothar seachtrach dealbhóireachta – tá réimse níos leithne d’fhéidearthachtaí á gcíoradh go rathúil le blianta beaga anuas. Tá leathnú tagtha ar scóip na healaíne poiblí ionas go n-áirítear leathcheann ealaíon na dealbhóireachta, .i. an ailtireacht agus an phéintéireacht, léi chomh maith le ceol, litríocht, scannánaíocht, déantús físe, na hilmheáin agus ealaín na fuaime i dteannta na n-ealaíon éagsúil léirfheidhmeach mar amharclannaíocht, damhsa, ceoldrámaíocht, léirfheidhmiú agus ealaín bheo.

Táthar tar éis ceist faoi riachtanas na buaine a ardú freisin. Is féidir le saothair ealaíne bhuana a bheith mar chomóradh éifeachtach ar ghnéithe speisialta den saol cathartha nó mar chuimhneacháin ar bhuaicphointí i stair phobail. Is féidir freisin, áfach, go dtiocfadh athrú go han-tapa ar a luachanna ionas gur luachanna seanchaite i gcrotanna seanaimseartha a bheadh ag gabháil leo. Bhí roinnt de na saothair den ealaín phoiblí ba mhó a mhair i gcuimhne na ndaoine, le blianta beaga anuas, in Éirinn agus thar lear nach raibh aon bhuaine fhisiciúil ag baint leo. Níor cheart beag is fiú a dhéanamh den tsolúbthacht a ghabhann le healaín phoiblí shealadach ná den réimse a chlúdaíonn sí. Dá laghad é, tharlódh go gcuimhneodh siadsan a bhfuil meas acu ar ealaíona den sórt seo atá uaillmhianach agus dúshlánach, go geanúil orthu i bhfad tar éis dóibh siúd nach spéis leo iad ligean dá gcuid geonaíola. Ó tharla gur gné thábhachtach de shaothair ealaíne den sórt seo é an doiciméadú cuimsitheach tharlódh go mbeadh luach le cur orthu amach anseo mar fhoilseacháin a scaipeadh ar bhain cruthaíocht shamlaíoch leo.

Uaireanta is iontach spleodrach mar a éiríonn le saothair den ealaín phoiblí a chuirtear i láthair i bhfoirm taispeántais; ní hé sin le rá gur amhlaidh a bhíonn i gcónaí. Amhail na nuálachta ní fada a mhaireann loinnir an taispeántais. Ní gá gur ionann níos mó agus níos fearr. B’fhéidir gurbh fhearr an tairbhe a bheadh le saothair níos caoithiúla a shuíomh in áiteanna poiblí mar atá le tuiscint as an nós Éireannach sin leasainm, a bhaineann an ghaoth as na seolta, a bhaisteadh ar an séadchomhartha is galánta dá bhfuil ann. Is tionscadail ar scála chomh beag sin is nach díol suntais iad na saothair den ealaín phoiblí ab fhearr ar éirigh leo agus atá comhtháite go ceart ina gcomhshaol seachas a bheith ann mar go gcreidtear gurb iad is fearr a d’fheilfeadh don suíomh, barúil nach bhfuil inti ach deargbhréag nó bréagbharúil. Bíonn na healaíontóirí is fearr a bhíonn ag obair sa réimse poiblí fíorghéarchúiseach i ndáil leis an timpeallacht fhisiciúil agus shóisialta a roghnaíonn siad ach fós seachnaíonn siad ról oibrithe sóisialta, gan oiliúint ná scil, a tharraingt orthu féin.

BROLLACH

Bíonn an ealaín phoiblí is fearr bunaithe ar a bheith ar an eolas faoi riachtanais agus
ionchais na ndaoine sin go léir atá rannpháirteach ann, ón gcomhlacht a thionscnaíonn
an tionscadal go dtí an pobal ar a bhfuil an tionscadal ainmnithe sin dírithe. Ní hé sin
le rá go ngéilltear d’éileamh an phobail agus dó sin amháin mar d’fhágfadh sin gur
dhóigh nach ealaín fhíornuálach a chruthófaí. Ní féidir leis an bpobal a mhian a chur in
iúl i leith an ní sin nach bhfuil taithí faighte fós aige air. Ní chaitheann ealaín phoiblí atá
éifeachtach anuas ar a pobal ná ní choinníonn sí sásta é. Ní mór sásamh grod an
phobail a mheá in aghaidh éilimh na proifisiúntachta a mbíonn buaine chaighdeáin agus
glacadh na gcomhghleacaithe léi. Tá saineolas proifisiúnta riachtanach le gach céim den
phróiseas. Ní féidir leo siúd nach bhfuil an taithí acu cinntí eolasacha a dhéanamh.
Mar sin féin, i ndeireadh na dála ní ann don ealaín phoiblí d’uireasa rannpháirtíochta an
phobail ar a dtéann sí i bhfeidhm, fiú más gá an ‘pobal’ áirithe sin atá i gceist a
ghaibhniú as an nua le gach tionscadal. Tá fíorghá mar sin le forálacha struchtúrtha a
chur in áit a chuirfeadh castacht an chaidrimh idir an saothar ealaíne atá beartaithe
agus an pobal ina mbeidh sí lonnaithe, san áireamh ag gach uile chéim dá próiseas
forbartha.

Caoimhín Mac Giolla Léith,
Ball de Phainéal na Sainchomhairleoirí san Ealaín Phoiblí

SCÉIM AN CHÉATADÁIN DON EALAÍN

Perpetual Motion, 1995, le Rachel Joynt & Remco de Fouw
Arna choimisiúnú ag Comhairle Contae Chill Dara

Réamhrá

3.1 Gearrchuntas

Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí tús le scéim sa bhliain 1978 a bhí bunaithe ar na prionsabail Céatadán don Ealaín. Bhunaigh an Roinn Comhshaoil a mhacasamhail de scéim dár teideal Scéim Sciamhaithe don Ealaín sa bhliain 1986. Foilsíodh Tionscadal Taighde ar an Ealaín Phoiblí – Tuarascáil an Ghrúpa Stiúrtha chuig an Rialtas (Tuarascáil TTEP) de bharr chinnidh a tógadh sa bhliain 1994 athbhreithniú a dhéanamh ar an dá scéim. Sa bhliain 1997, ar bhonn na moltaí a bhí i dTuarascáil TTEP, cheadaigh an Rialtas leasú a dhéanamh ar na Scéimeanna reatha agus iad a roinnt le gach Roinn Rialtais a raibh buiséid tógála acu. Bhí an scéim á feidhmiú go leibhéil áirithe ó shin i leith ag Ranna Rialtais agus ag comhlachtaí poiblí.

Tá an Grúpa Idir-Rannach Comhordaithe ar an Ealaín Phoiblí le comhoibriú Phainéal Sainchomhairleoirí ar an Ealaín Phoiblí tar éis na Treoirlínte seo a dhréachtú chun cabhair a thabhairt maidir leis an scéim a chur ag feidhmiú go huile agus go héifeachtach. Tá sonraí bhallraíocht na ngrúpaí seo tugtha síos in Aguisín 1. Freisin thionóil an Chomhairle Ealaíon, thar ceann Ghrúpa Idir-Rannach Comhordaithe ar an Ealaín Phoblí, sraith de cheithre Chruinniú Comhairleach ar an Ealaín Phoiblí i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath. Tugadh cuireadh chuig na cruinnithe seo do thart ar dhaichead ball de phobal na n-ealaíon ar a n-áirítear ealaíontóirí atá ag obair, gníomhairí coimisiúnaithe, bainisteoirí tionscadal agus coimeádaithe, daoine atá gníomhach faoi láthair i gcúrsaí na healaíne poiblí in Éirinn, chun a dtuairimí faoi ghnéithe faoi leith de na dréacht-treoirlínte do Scéim an Chéatadáin don Ealaín, faoin athbhreithniú atá beartaithe faoi cheann dhá bhliain agus faoin tréimhse forbartha, a chur in iúl.

3.2 Cuspóir na dTreoirlínte

Is é cuspóir na dTreoirlínte cur chuige coitianta náisiúnta, i ndáil le feidhmiú Scéim an Chéatadáin don Ealaín, a sholáthar do chomhlachtaí poiblí a sholáthraíonn tionscadail chaipitil tógála1. Is í an aidhm soiléireacht agus comhsheasmhacht a bhaint amach sna próisis, ionas go mbeadh oscailteacht agus solúbthacht sna próisis phleanála, roghnúcháin agus athbhreithnithe agus ionas go bhféadfaí nósanna an choimisiúnaithe a thabhairt céim eile chun cinn.

Is í an aidhm atá leis na Treoirlínte seo nósanna imeachta bunúsacha oibriúcháin a leagan síos d’fhoirne sna Ranna Rialtais agus sna gníomhaireachtaí gaolmhara, agus d’Údaráis Áitiúla atá ag cur Scéim an Chéatadáin don Ealaín i bhfeidhm. Treoirlínte

1 Tá an téarma tionscadal caipitil tógála in úsáid anseo mar thagairt don réimse iomlán oibre a dhéantar faoin gceannteideal seo agus lena n-áirítear tógáil, athchóiriú, athshlachtú, agus scéimeanna athnuachana cathrach agus tuaithe, & araile.

RÉAMHRÁ

ginearálta is ea iad mar go bhfuil feidhmiú uilíoch leo. B’fhéidir gur mhaith le comhlachtaí aonair a thuilleadh treoracha níos sainiúla a eisiúint maidir le feidhmiú na Scéime laistigh dá réimse féin agus tá seo le moladh fad is nach dtagann na treoracha sin salach ar a bhfuil sna Treoirlínte.

3.3 Feidhmiú Scéim an Chéatadáin don Ealaín

Aithnítear go bhfuil cur chuige straitéiseach náisiúnta riachtanach chun an Scéim seo a fheidhmiú go huile agus go héifeachtach agus is iad na Treoirlínte seo an chéad chéim sa chur chuige sin. Is iad na Treoirlínte seo na céimeanna tosaigh i ndáil le prionsabail bharr chleachtais a leagan síos d’fhonn go gcuirfí an Scéim i bhfeidhm go rathúil go náisiúnta agus nuair a bhí forbairt á déanamh orthu socraíodh próiseas meastóireachta intáite a dhíríonn ar athbhreithniú ar an obair atá ar siúl. Tugadh aird chuí ar mhúnlaí náisiúnta agus idirnáisiúnta dea-chleachtais, chomh fada agus ab fhéidir é, nuair a bhí próiseas an dréachtaithe ar bun.

Tá sé i gceist dhá bhliain a leagan síos don tréimhse forbartha le bheith ag obair i dtreo cur chuige náisiúnta don ealaín phoiblí agus aithnítear go mb’fhéidir go mbeadh gá le hathbhreithniú ar na Treoirlínte amach anseo.

3.4 Scóip na Scéime

Cruthaíonn an Ealaín Phoiblí idirphlé le pobal, am agus áit. Tugann Scéim an Chéatadáin don Ealaín deis do phobal na hÉireann dul i dtaithí, le linn ghnáthimeachtaí an lae, ar raon an-leathan den ealaín chomhaimseartha, ar chostas na dtionscadal caipitil tógála. Mar mhalairt air sin is deis agus dúshlán í do líon forleathan d’ealaíontóirí saothair a chruthú lena mbeadh dlúthbhaint ag an bpobal agus faoina mbeadh tuairimí aige.

Is iomaí crot a d’fhéadfadh a bheith ar an ealaín phoiblí agus is féidir léi a bheith mar pháirt de roinnt mhaith de dheilbhíní ealaíne nó roinnt mhaith deilbhíní den ealaín a chlúdach, mar shampla ealaín amhairc, damhsa, scannánaíocht, litríocht, ceol, ceoldrámaíocht, amharclannaíocht agus ailtireacht; agus gach aon ghné den saothar sna healaíona comhaimseartha mar léirfheidhmiú, ealaín bheo, na hilmheáin, físealaín, fuaimealaín agus araile a bheith san áireamh léi freisin. D’fhéadfadh gur saothair shealadacha nó gur shaothair bhuana nach mbeadh achar ama leo iad na saothair seo, agus is féidir iad a lonnú i gcomhthéacs cathrach nó i gcomhthéacs tuaithe.

3.5 Forbhreathnú

Tá dhá phríomhchuid á gclúdach sa doiciméad seo, Maoiniú Scéim an Chéatadáin don Ealaín agus Feidhmiú Scéim an Chéatadáin don Ealaín.

SCÉIM AN CHÉATADÁIN DON EALAÍN

Dry, 2001, le Locky Morris
Arna choimisiúnú ag Comhairle Baile Bhun Dobhráin

Maoiniú 4.1 Coinníollacha

I dtaca leis na buiséid chaipitil tógála aonair tá sé fíor-riachtanach go mbíonn:

  • An buiséad do Scéim an Chéatadáin don Ealaín san áireamh i meastachán iomlán an bhuiséid don tionscadal caipitil tógála. Ní mór don chomhlacht coimisiúnaithe é seo a dhéanamh nuair a chuirtear tús leis an tionscadal.
  • An buiséad do Scéim an Chéatadáin don Ealaín daingnithe .i. is buiséad urraithe é agus ní bheidh sé ar fáil i gcomhair gné ar bith eile den tionscadal.
  • An méid airgid a bhíonn sa bhuiséad do Scéim an Chéatadáin don Ealaín ag tagairt do chostas iomlán caipitil na tógála, agus go mbeidh sé sin ríofa de réir na dteorainneacha atá breactha anseo thíos.

4.2 Buiséid do Scéim an Chéatadáin don Ealaín

Ceadaíonn cinneadh an Rialtais de chuid mhí Lúnasa 1997 go mbeadh suas le 1% san áireamh sna buiséid do na tionscadail chaipitil tógála go léir mar mhaoiniú do thionscadal ealaíne, faoi réir na dteorainneacha seo a leanas:

  • Is féidir buiséad ealaíne de 1% de ghlanchostais tógála a bheith san áireamh le tionscadail tógála a chosnaíonn suas le 2,550,000, .i. 25,500.
  • Ceadaítear buiséad ealaíne de 1% suas go huasmhéid de 38,000 i gcomhair tionscadal a chosnaíonn idir 2,550,000 agus 6,300,000.
  • Ceadaítear buiséad ealaíne de 51,000 i gcomhair tionscadal a chosnaíonn idir 6,300,000 agus 12,700,000.
  • Ceadaítear buiséad ealaíne de 64,000 i gcomhair tionscadal a chosnaíonn os cionn 12,700,000.

Níor chóir go measfaí go mbeadh na figiúirí seo mar theorainn iomlán ar thionscadail ealaíne mar go mb’fhéidir go mbeifí ábalta, i roinnt mhaith cásanna, cur leis an maoiniú seo trí chabhair airgid a fháil ó fhoinsí eile, (m.sh. urraíocht phríobháideach agus comhthiomsú acmhainní, agus araile).

Nuair is tionscadail chaipitil tógála don Tógáil Deartha nó don Chompháirtíocht Phoiblí Phríobháideach atá i gceist níor mhór don chliant a chinntiú go bhfuil Scéim an Chéatadáin don Ealaín neadaithe sa tsonraíocht agus sa chonradh.

Féach ar Aguisín 2 (féach ar leathanach 42) i gcomhair sampla de bhuiséad tionscadail chaipitil.

MAOINIÚ

4.3 Comhthiomsú

D’fhéadfadh go nglacfaí le comhthiomsú cistí d’fhonn a thuilleadh solúbthachta a cheadú maidir le húsáid cistí faoin Scéim. D’fhéadfaí cistí a chomhthiomsú laistigh de ghníomhaireacht nó ar bhonn idirghníomhaireachtaí. B’fhéidir gur mhian le comhlachtaí poiblí maoiniú a bhailiú ó thionscadail éagsúla in aon limistéar amháin d’fhonn tionscadal ealaíne níos téagartha a chur le chéile.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh Roinn Rialtais agus údarás áitiúil acmhainní i gcomhair tionscadail laistigh d’aon limistéar amháin a chomhthiomsú d’fhonn comhthionscadal ealaíne a chur le chéile.

Áirítear An Clár: Ealaín á Suíomh le Comhairle Contae Shligigh [1998 - 2002], an tsraith g | gcomhthéacs le Comhairle Contae Átha Cliath Theas [1998 - 2001], agus an tsraith Briseadh Talún atá ag Athnuachan Bhaile Munna Teo [2001 - 2011] faoi láthair, ar na múnlaí coimisiúnaithe sin a ghlac leis an bprionsabal cistí a chomhthiomsú laistigh de chomhthéacs údarás áitiúil agus idirghníomhaireachtaí.

4.4 Costais Ghaolmhara

Mura mbíonn aon bhuiséad eile ar fáil, is féidir cuid bheag den bhuiséad a bhí leagtha amach in aon bhliain do thionscadail ealaíne faoin Scéim Chéatadáin don Ealaín a úsáid do chostais ghaolmhara mar thionscnaimh rannpháirtíochta poiblí, foilseacháin, doiciméadú nó, nuair is cuí, i gcomhair cothabhála agus deisithe. .

Níor mhór a mheabhrú, áfach, gurb é príomhchuspóir na scéime coimisiúnú nó sealbhú ealaíne nua a éascú agus gur cheart maoiniú a cuireadh ar fáil faoin scéim a úsáid faoina chomhair seo chomh fada agus is féidir é.

SCÉIM AN CHÉATADÁIN DON EALAÍN

When the bells go down, portráid de Bhriogáid Dóiteáin Chathair Chorcaí, 2001, le Judy Kravis & Peter Morgan
Arna choimisiúnú ag Comhairle Cathrach Chorcaí

Feidhmiú na Scéime

5.1 Prionsabail Bharr Chleachtais

Tá forbairt shuntasach tagtha ar chleachtadh na healaíne poiblí in Éirinn sna deich mbliana seo caite go háirithe. Tá raon leathan de chleachtaí comhthéacsacha ealaíon á gcuimsiú anois i gcleachtadh na healaíne poiblí agus tagann deilbhíní sealadacha agus buana ealaíne faoina scáth agus is dírithe ar phróiseas atá sí anois in ionad a bheith dírithe go hiomlán ar tháirge nó ar thoradh. Mar sin is iomaí féidearthacht a bhíonn ann anois agus ealaín phoiblí á coimisiúnú.

Ní mór do phróiseas an tsoláthair do chaiteachas bhuiséid Scéim an Chéatadáin don Ealaín a bheith cóir, oscailte, follasach agus freagrach faoi réir na gcleachtas coitianta mar atá sa ‘Phróiseas Soláthair Phoiblí’.

Ba chóir do gach comhlacht coimisiúnaithe grinnchuntas a bhreacadh ar an gcúis agus ar an mbealach gur mhian leo oibriú le healaíontóirí agus ag freagairt dó sin na critéir shoiléire d’fhonn tionscadail ealaíne a ndearnadh coimisiúnú orthu faoi Scéim an Chéatadáin don Ealaín a roghnú agus a mheas. Is tionscadal ann féin é gach tionscadal san ealaín phoiblí agus a scéal féin le ríomh aige; mar sin ba chóir gur chritéir shainiúla na critéir a bhainfeadh leis.

Sa dea-chleachtas coimisiúnaithe tugtar tús áite do:

5.1.1 Am – I ndáiríre bíonn am ag teastáil chun coimisiúnú a dhéanamh ar ealaín phoiblí. Bíonn roinnt mhaith pleanála, gusa agus an cumas déileáil le nithe gan choinne leo, ag teastáil má táthar chun oibriú ar smaoineamh maith agus an smaoineamh sin a chur i ngníomh. Agus an tionscadal á dhearadh caithfear am a chur i leataobh ionas go mbeidh idirphlé tháirgiúil ann, go mbeidh deis ag ealaíontóirí smaointe a chur in iúl faoin gcoimre, go ndéanfar taighde agus forbairt agus go dtiocfaidh aischothú ón gcoimisinéir.

5.1.2 Rannpháirtíocht Luath – Ba chóir don ealaíontóir a bheith rannpháirteach nó é a bheith coimisiúnaithe ag an am céanna is atáthar ag machnamh ar an tionscadal caipitil tógála. Cinnteoidh sé seo go dtarlóidh idirphlé go luath idir an coimisinéir agus an t-ealaíontóir, agus go mbeidh cinntí faoin dearadh san áireamh, cinntí a bhféadfadh tionchar a bheith acu níos déanaí ar chomhthéacs an tionscadail ealaíne arna chríochnú dó.

5.1.3 Comhairle Chomhairleora Ealaíne – Má fheidhmítear comhairle chomhairleora phroifisiúnta ealaíne chomh luath is is féidir é i bpleanáil na dtionscadal, cuirfidh sin chomh mór is is féidir é le deis na n-ealaíontóirí ionchur fiúntach a bheith acu sa tionscadal. Tá fíorghá leis an gcomhairle seo agus fís shoiléir chruthaitheach á forbairt don phróiseas coimisiúnaithe.

5.1.4 Coimre Ealaíontóirí – Cuireann coimre shoiléir nach bhfuil athbhríoch, agus ar a bhfuil taighde déanta, frámaíocht shoiléir faoi bhráid na

FEIDHMIÚ NA SCÉIME

n-ealaíontóirí chuir freagra a thabhairt uirthi. Bíonn tionchar ag caighdeán na coimre ar chaighdeán aighneachtaí na n-ealaíontóirí.

5.1.5 Freagracht an Chomhlachta Choimisiúnaithe agus na Foirne Tacaíochta – D’fhéadfadh na healaíontóirí atá faoi choimisiún a bheith ag glacadh le hobair de chineál nach bhfacthas roimhe sin i gcomhthéacs tionscadail chaipitil tógála; dá bhrí sin glactar leis go bhfuil tábhacht an-mhór ag baint le hionchur an chomhlachta choimisiúnaithe.Ach oiread le réimse an tsoláthair shainiúil san innealtóireacht agus san ailtireacht teastaíonn sainscileanna an bhainisteora phroifisiúnta ealaíne (mar a bheadh ag Oifigeach na nEalaíon Poiblí) i gcoimisiúnú na healaíne poiblí chun comhordú a dhéanamh ar gach gné d’obair an choimisiúin agus chun lámh chúnta a thabhairt le tionscadail agus le fadhbanna de réir mar a bheidís ag tarlú. Beidh an fhoireann shainiúil san ealaín phoiblí ag déileáil le forbairt pholasaithe, rannpháirtíocht phoiblí agus bainistiú tionscadal. Ba chóir an costas seo a bheith clúdaithe, nuair is féidir é, mar chatagóir faoi tháillí comhairleoireachta, mar aon le táillí eile comhair leoireachta proifisiúnta, cuir i gcás táillí an tSuirbéara Chainníochta, táillí an Ailtire, táillí an Innealtóra, agus araile, i mbuiséad foriomlán an tionscadail. Nuair nach bhfuil seo indéanta ní mór a mheabhrú, mar a tugadh síos thuas (uimhir 4.4), gur cheart an maoiniú faoi scéim an chéatadáin don ealaín a úsáid chomh fada is is féidir é chun saothair ealaíne a choimisiúnú nó a shealbhú.

5.2 Coimisiúnú

Is féidir le comhlachtaí coimisiúnaithe tionscadail a fhorbairt trí raon de phróisis éagsúla maidir le soláthar ealaíne poiblí. San áireamh tá:

1 Comórtas Oscailte; 2 Comórtas Teoranta; 3 Cuireadh Díreach nó Ceannachán

B’fhéidir gur mhian le coimisinéirí líon áirithe de phróisis maidir le soláthar ealaíne poiblí a úsáid agus tionscadal ar leith idir lámha acu. Tá pleanáil chúramach agus comhairle shaineolaí riachtanach d’fhonn go n-éireoidh go maith lena leithéid sin de chur chuige.

Léigh Aguisín 3 (féach ar leathanach 44) mar a bhfuil sonraí ar an mbealach chun gach aon cheann de na roghanna a bhaineann le coimisiúnú a chur i bhfeidhm.

5.3 Céimeanna i dTionscadal na hEalaíne Poiblí

Go ginearálta, is féidir na tionscadail agus na coimisiúin san ealaín phoiblí a roinnt i gcúig phríomhchéim:

1 Pleanáil 2 Roghnú 3 Taighde agus Forbairt
4 Cur i nGníomh 5 Athbhreithniú

Ní mór taifead soiléir, le bheith ar fáil don athbhreithniú foriomlán, a choinneáil ar gach aon chéim.

SCÉIM AN CHÉATADÁIN DON EALAÍN

CÉIM 1 – PLEANÁIL

Comhthéacs

Tá fíorthábhacht ag baint le comhthéacs agus coimisiúnú á dhéanamh ar ealaín phoiblí. D’fhéadfaí a rá gurb é an comhshaol ina mbeartaítear agus ina gcuirtear an coimisiún i ngníomh an comhthéacs. Moltar do choimisinéirí cur chuige ar a bhfuil taighde déanta agus atá solúbtha a ghlacadh chucu i ndáil le comthéacs don choimisiún. Ceadóidh sé seo don tionscadal ealaíne ceangail a dhéanamh leis an tionscadal caipitil tógála agus leis an gcomhshaol a bhaineann leis an tionscadal sin.

Grúpa Oibre ar an Ealaín Phoiblí

Ba chóir Grúpa Oibre ar an Ealaín Phoiblí a bhunú go luath agus próiseas an tionscadail chaipitil á dhearadh. Ní mór a bheith ar an airdeall go luath chun a chinntiú go ndéantar na ceangail riachtanacha idir próiseas an dearaidh agus an comhthéacs don tionscadal ealaíon.

Tá saineolas ar an ealaín riachtanach ag an bpointe seo agus ba chóir go mbeadh beirt, ar a laghad, mar bhaill den ghrúpa.

Ba chóir go mbeadh ballraíocht iomlán an Ghrúpa Oibre ar an Ealaín Phoiblí chomh cuimsitheach agus ab fhéidir é d’fhonn a chinntiú go mbeadh bonn láidir tacaíochta ag an bpróiseas agus is cuidiú é tacaíocht dhíreach a bheith ar fáil ó phearsanra sinsearach taobh istigh den chomhlacht coimisiúnaithe.

Braithfidh uimhir agus comhdhéanamh an ghrúpa seo ar leibhéal an tsaineolais a bheidh riachtanach agus ar chastacht an tionscadail agus teastóidh é a mheas go cúramach ionas go mbeidh an toradh is fearr is féidir le fáil. Is dea-chleachtas iad seo a bheith san áireamh:

CÉIM 1 - PLEANÁIL

Ba chóir go mbeadh na pointí seo a leanas san áireamh i ról an Ghrúpa Oibre ar an
Ealaín Phoiblí:

Coimre na nEalaíontóirí

Tá sé tábhachtach coimre shoiléir, chruthaitheach, bunaithe ar thaighde chruinn, a chur le chéile. Ní amháin go soláthraíonn sí an deis don ealaíontóir lena iarratas a chur isteach ach spreagann sí breis suime agus is fearrde a torthaí. Nuair a bhíonn tionscadal á bheartú ní mór am a chur de leataobh chun deis a thabhairt d’ealaíontóirí a smaointe a chur in iúl, chun taighde agus forbairt a dhéanamh, chun aischothú a fháil ón gcliant agus chun idirphlé tháirgiúil a bheith ann. Ní mór dóthain ama a fhágáil freisin, sula sínítear an conradh leis an ealaíontóir, d’fhonn taighde agus forbairt, lena n-áirítear a thuilleadh teagmhála idir ealaíontóirí, coimisinéir agus príomhpháirtithe leasmhara, a éascú.

Léigh Aguisín 4 (féach ar leathanach 46) chun liosta samplach a fháil den eolas a bheadh le cur san áireamh i ndoiciméid na coimre.

Bolscaireacht agus Poiblíocht

Nuair a tharraingítear aird ar thionscadal trí fhoilseacháin agus trí bhealaí eile poiblíochta cinntíonn sé sin go mbíonn an pobal ar an eolas faoin saothar agus seo gné lánpháirtithe de thionscadail atá ag feidhmiú mar ealaín phoiblí. D’fhéadfadh gur thionscadal conspóideach é an tionscadal ealaíne agus b’fhéidir go spreagfadh sé díospóireacht phoiblí ach ba chóir gurbh é a thionchar foriomlán ar an bpobal áitiúil an tairbhe ba mhó a bheadh leis. Cuideoidh sé le toradh iomlán an tionscadail an pobal a bheith curtha ar an eolas faoi agus baint a bheith aige leis. Ba chóir pleananna bolscaireachta, costais agus freagrachtaí a bheith aontaithe idir an comhlacht coimisiúnaithe agus an t-ealaíontóir ó thús an tionscadail.

SCÉIM AN CHÉATADÁIN DON EALAÍN

Árachas

Ní mór don chomhlacht coimisiúnaithe a bheith sásta ann féin go bhfuil árachas cuí á chlúdach.

Buiséad an Tionscadail

Ní mór do choimisinéirí gach costas a thabhairt san áireamh agus a lamháil nuair atá obair nua á coimisiúnú acu, cosúil le:

Ní mór taifead soiléir ar an bpróiseas pleanála a choinneáil le bheith ar fáil don athbhreithniú foriomlán

CÉIM 1 - PLEANÁIL

CÉIM 2 – ROGHNÚ

Painéal Roghnaithe

Ní mór Painéal Roghnaithe a bhunú d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar aidhmeanna agus ar chuspóirí an choimisiúin a bheadh leagtha amach ag an gcéim phleanála agus d’fhonn ealaíontóir agus togra a roghnú don choimisiún i gcomhar leis an gcoimre sin. De rogha air sin tá an rogha ag na coimisinéirí coimeádaí aonair le saineolas speisialta san ealaín a shannadh d’fhonn gearrliosta a dhéanamh agus d’fhonn socruithe a dhéanamh do cheapachán ealaíontóra a d’oibreodh ar choimisiún.

Is féidir baill an phainéil a roghnú ón nGrúpa Oibre ar an Ealaín Phoiblí. Breathnaítear air mar dheachleachtas má áirítear ar a laghad ealaíontóir proifisiúnta amháin atá i mbun a cheirde agus atá ag obair i ndeilbhín ealaíne atá feiliúnach don choimisiún ar an bpainéal, agus ar a laghad coimeádaí nó comhairleoir proifisiúnta amháin sna healaíona. Nuair atá ceithre bhall nó níos mó ar an bPainéal, is cóir líon na rannpháirtithe le saineolas ealaíne a mhéadú. Ní mór don chomhlacht coimisiúnaithe a chinntiú go mbíonn gach comhairle ealaíne agus theicniúil ar fáil don phainéal.

Ní mór don phainéal a bheith curtha ar an eolas nó aontú ar phróiseas d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar aighneachtaí agus is cóir an t-am, na córais agus na scileanna cuí a chur ar fáil dóibh chun an próiseas roghnaithe a bhainistiú. Beidh an próiseas a bhaineann le hathbhreithniú agus le machnamh a dhéanamh ar aighneachtaí agus le haighneachtaí a roghnú níos éifeachtaí má bhíonn cathaoirleach nó éascaitheoir aontaithe i gceannas air. Tá an rogha ealaíontóirí a bheith ag cur a dtograí faoi bhráid an Phainéil Roghnaithe ar fáil do choimisinéirí agus má chuirtear an rogha seo i ngníomh is cóir an t-am agus an costas a bhainfeadh leis a thabhairt san áireamh.

Beidh dualgas ar an bPainéal Roghnaithe:

Agus an próiseas roghnaithe curtha i gcrích ní mór baill chuí foirne laistigh den chomhlacht coimisiúnaithe a chur ar an eolas faoi chinneadh an Phainéil Roghnaithe.

SCÉIM AN CHÉATADÁIN DON EALAÍN

Faomhadh Foirmiúil

Is cóir don chomhlacht coimisiúnaithe cinneadh a dhéanamh ag tús an tionscadail fúthu seo a leanas:

  1. Ar cheart dó údarás roghnaithe a tharmligean don Phainéal Roghnaithe
  2. Ar cheart dó féin an cinneadh deiridh a dhéanamh Sa chás go gcoinneodh an comhlacht coimisiúnaithe an faomhadh deiridh, is cóir dó líon áirithe céimeanna a leagan amach roimh ré ag ar cheart dul i gcomhairle leis. Is iad seo a leanas na céimeanna ginearálta:
  1. Faomhadh Choimre na nEalaíontóirí
  2. Faomhadh an Ealaíontóra a roghnaigh an Painéal Roghnaithe
  3. Faomhadh shonraí an choimisiúin lena n-áirítear scálaí ama, aon taighde agus aon fhorbairt a bheidh le déanamh agus sceideal íocaíochta

Ní mór don Ghrúpa Oibre ar an Ealaín Phoiblí a chinntiú go bhfaightear gach faomhadh cuí ón gcomhlacht coimisiúnaithe.

Ealaíontóirí nach nÉiríonn leo / Roghanna Eile

Le linn dóibh a bheith ag cur ealaíontóirí ar an eolas faoina gcinntí is féidir leis an bpainéal roghnúcháin tuairimí ar leith agus aischothú a roinnt, sna litreacha aiféala, le healaíontóirí nár éirigh leo.

Nuair a mheasann an painéal roghnúcháin nár shroich aon cheann de na haighneachtaí na critéir a bhí leagtha síos i ndoiciméad na coimre d’fhéadfadh sé go mbeartódh siad roghanna coimisiúnaithe eile a mheas nó, dá mb’fhéidir é, socruithe eile a dhéanamh chun an maoiniú a athdháileadh ar thionscadail eile faoin Scéim amach anseo.

Ní mór taifead soiléir den phróiseas roghnaithe a choinneáil, lena n-áirítear aischothú ón bpainéal roghnaithe, le bheith ar fáil don athbhreithniú foriomlán agus mar eolas do thionscadail sa todhchaí.

CÉIM 2 - ROGHNÚ

CÉIM 3 – TAIGHDE AGUS FORBAIRT

Moltar tosú ar phróiseas taighde agus forbartha, a thúisce is a roghnaítear ealaíontóir, d’fhonn rathúlacht an tionscadail a chinntiú. Bíonn gá ag ealaíontóirí le taighde agus ba chóir go mbeadh sí i gceist sa chlár ama agus sna buiséid nuair a bhíonn an tionscadal á mholadh agus nuair a bhíonn sé á ligean ar chonradh.

Is é aidhm chéim na forbartha a chinntiú go mbaineann an tionscadal céim amach ag a n-aithnítear cuspóirí cinnte insroichte, dearthaí nó moltaí agus go gcuirtear costas réalaíoch orthu sa bhuiséad.

A thúisce is a roghnaítear ealaíontóir b’fhéidir gur ghá sciar den bhuiséad a chaitheamh ar chéimeanna na forbartha agus na pleanála ar chúiseanna cruthaitheacha, teicniúla agus geilleagracha. D’fhéadfaí cuid den bhuiséad, a bheadh de réir scála, a chur de leataobh lena aghaidh seo agus ba chóir go mbeadh an próiseas seo faoi réir conartha

idir an t-ealaíontóir agus an coimisinéir.

Caithfear aontú roimh ré ag an gcéim seo ar chostais agus ar ghníomhaíochtaí agus b’fhéidir go mbeadh idirphlé, ceardlanna nó tionscadal píolótach faoi stiúir an ealaíontóra, táirgeadh fuaimthaifeadta, amharcábhar agus araile a bhainfeadh leis an d eilbhín ealaíne ar leith a bheadh roghnaithe ag an gcoimisiún, san áireamh; cuairt an ailtire nó an innealtóra ar shuíomh chun féidearthacht theicniúil an tionscadail a bhí á mholadh a mheas, nó chun an suíomh a mheas nó chun iniúchadh a dhéanamh ar na léaráidí a bheadh tarraingthe ag an innealtóir. Ba chóir gur leor na táillí aontaithe a bheadh íoctha leis na healaíontóirí le linn chéim na taighde agus na pleanála chun a chur ar chumas an ealaíontóra dul i mbun ráthaíochta ar na buiséid nó ar na sonraíochtaí teicniúla atá á moladh aici/aige.

Ba chóir go mbeadh an struchtúr ceart ar Thaighde agus Forbairt agus ba chóir plé a dhéanamh ar na nithe seo a leanas, iad a dhoiciméadú agus aontú a bheith faighte orthu nuair a bheadh an chéim seo á haontú:

Ní mór taifead soiléir ar chéim na taighde agus na forbartha a choinneáil le bheith ar fáil don aithbhreithniú foriomlán agus mar eolas do thionscadail sa todhchaí.

SCÉIM AN CHÉATADÁIN DON EALAÍN

CÉIM 4 – CUR I NGNÍOMH

Socruithe Conarthacha

Nuair a bheidh an aighneacht roghnaithe faofa ba chóir don chomhlacht coimisiúnaithe conradh ina ndeimhnítear na sonraí ábhartha go léir, agus clár ama agus sceideal íocaíochta na dtáillí a bheith leis, a eisiúint nó ba chóir go n-eiseofaí é thar ceann an chomhlachta choimisiúnaithe.

Léigh Aguisín 5 (leathanach 47) mar a bhfuil seicliosta de na réimsí atá le meas ag an gComhlacht Coimisiúnaithe nó ag an nGrúpa Oibre ar an Ealaín Phoiblí le linn conradh a bheith á dhréachtú.

Tá sé fíorthábhachtach idirphlé a bheith ag tarlú idir an t-ealaíontóir, an Grúpa Oibre ar an Ealaín Phoiblí agus an comhlacht coimisiúnaithe lena chinntiú go mbíonn an próiseas oscailte agus go bhfágfaí an deis ann d’fhorbairtí cruthaitheacha agus d’athruithe a tharlódh a bheith ann le linn na céime seo.

Má tá sé i gceist sa straitéis go mbeadh an tionscadal ealaíne intáite go fisiciúil san fhoirgneamh nó sa struchtúr ba chóir, dá mb’fhéidir é, próiseas an choimisiúnaithe a shocrú fad is a bheadh an conraitheoir tógála fós ar an suíomh. I gcás buiséid chaipitil tógála, mar shampla, tabharfaidh sé seo tacaíocht don ealaíontóir a bheidh ag obair ar an suíomh faoi chlásal ‘Ealaíontóirí agus Ceardaithe’ de chuid chonradh na Ranna Rialtais agus na nÚdarás Áitiúil (RRÚÁ), conradh a bhíonn in úsáid ag comhlachtaí poiblí.

Ba chóir go mbeadh ball ainmnithe de chuid an Ghrúpa Oibre ar an Ealaín Phoiblí nó do bhainisteoir an tionscadail ealaíne poiblí a bheith i dteagmháil go rialta leis an ealaíontóir fad is a bheadh an obair ar bun ar an tionscadal ealaíne poiblí lena chinntiú

Íocaíocht

Sula dtosaítear ar an tionscadal ba chóir idirbheartaíocht a dhéanamh faoin sceideal íocaíochta, é a chur le chéile agus aontú a fháil air idir an comhlacht coimisiúnaithe agus an t-ealaíontóir. I bprionsabal féadfar obair dheartha a dhéantar le linn do mholtaí faoin tionscadal a bheith á n-ullmhú nó á bhforbairt, taighde agus forbairt ar an gcoincheap, ceannach ábhar nó ealaíontóirí léirfheidhmeacha faighte go speisialta ar fhruilchonradh le haghaidh an tionscadail, nó an obair a bhain le déantús nó léirfheidhmiú tionscadail ealaíon de réir an choimisiúin, a chur san áireamh. Ba chóir don chomhlacht coimisiúnaithe a chinntiú go mbíonn comhthuiscint shoiléir roinnte, go luath sa phróiseas, idir é féin agus an t-ealaíontóir atá ceaptha, i leith nósanna imeachta íocaíochta agus riachtanas.

CÉIM 4 - CUR I NGNÍOMH

Doiciméadú agus Rannpháirtíocht Phoiblí

Tá sé tábhachtach gach céim den choimisiún a dhoiciméadú, ó thogra na n-ealaíontóirí go forbairt an tionscadail, go dtí go gcuirtear an tionscadal i gcrích nó go ndéantar léirfheidhmiú nó suiteáil air. Is cuimhne agus taifead tréan an t-eolas seo de phróiseas an choimisiúnaithe agus cabhróidh sé le coimisinéirí tionscadail a phleanáil, a chur i bhfeidhm, chomh maith le monatóireacht agus le meastóireacht a dhéanamh orthu. Ba chóir go mbeadh duine amháin ar a laghad freagrach as taifead iomlán a choinneáil ar an tionscadal fad is atá sé á fhorbairt. Tugtar iad seo a leanas mar shamplaí den doiciméadú: taifid scríofa, fótagrafaíocht, taifid físe, DVD, CD ROM, eolas bunaithe ar an ngréasán, na hilmheáin agus araile.

Ní mór lipéadú an choimisiúin, lena mbainfidh míniú ar an tionscadal nuair is gá, a sholáthar, ar an suíomh go hinmhianaithe agus nuair a dhéantar an léirfheidhmiú nó an suiteáil. Is cóir go mbeadh sé sin aontaithe leis an ealaíontóir. Tharlódh go mbeadh luach le cur ar ealaín phoiblí shealadach amach anseo mar fhoilseacháin a scaipeadh ar bhain cruthaíocht shamlaíoch leo.

Nuair a bhíonn an tionscadal ealaíne críochnaithe ba chóir d’fhótagrafadóir proifisiúnta nó an t-ealaíontóir coimisiúnaithe taifead/grianghraf a thógáil de, le cur san áireamh i bhfardal a ndéanfaidh an comhlacht coimisiúnaithe a choimeád mar a mhínítear thíos.

Caomhnú agus Cúram

Tá cothabháil leanúnach na healaíne tábhachtach dá caomhnú fadtéarmach agus do rannpháirtíocht leanúnach phoiblí i gcás buantionscadail ealaíon. Ní mór don chomhlacht coimisiúnaithe gach tionscadal ealaíne a coimisiúnaíodh nó a ceannaíodh faoi Scéim an Chéatadáin don Ealaín a chothabháil. Ní mór iniúchadh rialta a dhéanamh ar thionscadail ealaíne d’fhonn a chinntiú nár athraíodh iad nó nach ndearnadh damáiste dóibh. Uaireanta d’fhéadfadh go gcaithfí tionscadail ealaíne a athlonnú nó a dheisiú. Is cóir obair seo a fhágáil faoi shaineolaithe amháin, faoi threoir agus i gcomhar leis an ealaíontóir coimisiúnaithe. Dá réir sin, ní mór comaoin a thabhairt d’fhoráil a dhéanamh i mbuiséid bhliantúla ioncaim do gach tionscadal cothabhála mar sin.

Fardal

Mar a luaitear thuas, is cóir d’fhoráil eolais phoiblí ar thionscadail ealaíne a bheith mar chuid lárnach de Scéim an Chéatadáin don Ealaín. Is cóir don chomhlacht coimisiúnaithe bunachar sonraí a choimeád ar gach tionscadal ealaíne a coimisiúnaíodh faoin scéim agus is cóir rochtain phoiblí a bheith air seo, mar shampla trí na leabharlanna áitiúla nó trí shuíomh gréasáin na n-eagraíochtaí. Ní mór do shonraí an choimisiúin agus grianghraf (arna sholáthar ag grianghrafadóir proifisiúnta nó ag an ealaíontóir) a bheith san áireamh san fhardal. Is cóir do na coimisinéirí taifead a choinneáil ar shonraí aon iniúchtaí a dhéanfaí thar thréimhse ama d’fhonn riocht an tionscadail ealaíne a fhiosrú agus is féidir é sin a bheith san áireamh chomh maith. Is cóir taifid d’aon phoiblíocht nó d’aon bholscaireacht a chur san áireamh chomh maith. Féach ar Aguisín 6 (leathanach 48) do bhileog shamplach fardail agus sonraí

Cóipcheart

Tá cóipcheart de réir an Achta um Chóipcheart agus Cearta Gaolmhara 2000 (Uimh. 28 de 2000).

Ní mór taifead soiléir, le bheith ar fail don athbhreithniú foriomlán, a choinneáil ar an gcéim fhíoraithe.

SCÉIM AN CHÉATADÁIN DON EALAÍN

CÉIM 5 – ATHBHREITHNIÚ

D’fhonn a bheith éifeachtach, is cóir modhanna athbhreithnithe agus meastóireachta a aontú agus a bhunú ag tús an tionscadail.

Beidh doiciméadú lena n-áirítear tuairiscí scríofa á ndréachtú ag gach céim den phróiseas coimisiúnaithe feiliúnach mar bhunús d’athbhreithniú foriomlán. Tar éis a chríochnaithe tá sé riachtanach don Ghrúpa Oibre ar an Ealaín Phoiblí athbhreithniú a dhéanamh ar an tionscadal nó ar an gclár ealaíne poiblí d’fhonn na modhanna oibre is fearr a fháil amach agus d’fhonn a fháil amach céard iad na feabhsúcháin ba cheart a dhéanamh sa todhchaí. Is cóir athbhreithniú ar láidreachtaí agus ar laigí na gcinntí a rinneadh a dhéanamh agus is cóir torthaí gach céim den fhorbairt a áireamh. Is féidir leis an gcomhlacht coimisiúnaithe úsáid a bhaint as an eolas a bailíodh i gcomhair tionscadal nó i gcomhair clár ealaíne poiblí sa todhchaí, lena n-áirítear forbairt pholasaí don ealaín phoiblí, tionscnaimh do rannpháirtíocht phoiblí chomh maith le bainistíocht tionscadail don ealaín phoiblí

D’fhéadfadh tábhacht áirithe a bheith leis an eolas a bailíodh ar an mbealach seo do chomhlachtaí coimisiúnaithe atá páirteach sa phróiseas coimisiúnaithe den chéad uair.

Féach Aguisín 7 (leathanach 49) do sheicliosta samplach i gcomhair athbhreithnithe agus meastóireachta.

CÉIM 5 - ATHBHREITHNIÚ

Gan teideal, 2003, Dealbhóireacht ag Halla na Cathrach, Dún Dealgain, le Ronan Halpin
Arna choimisiúnú ag Comhairle Cathrach Dhún Dealgain

AGUISÍN 1

Grúpa Idir-rannach Comhordaithe na hEalaíne Poiblí – Ballraíocht

Christine Sisk An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
Cathaoirleach
Jackie Hannon An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
Mary Cloake Rúnaí Comhairle Ealaíon na hÉireann
Annette Moloney Comhairle Ealaíon na hÉireann
Michael McKenna/
Betty Moriarty An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
Niall Bradley Cumann Bainisteoirí Cathrach & Contae / Comhairle
Contae Chill Dara
Paul de Fréine An Roinn Sláinte agus Leanaí
Helen O’Neill An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Angela Rolfe Oifig na nOibreacha Poiblí
Jacquie Moore Oifig na nOibreacha Poiblí
Dick McKeever An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha
Richard Evers An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta
Comdt David McGonnell An Roinn Cosanta / Cór na nInnealtóirí
Shay Kirk Bord na Seirbhíse Cúirteanna

Painéal de Shainchomhairleoirí ar an Ealaín Phoiblí – Ballraíocht

Mary McCarthy

Mary McDonagh Tom de Paor Declan McGonagle Caoimhín Mac Giolla Leith John Fairleigh Catherine Nunes Jane O’Leary Mick Hannigan Maureen Kennelly Leas-Stiúrthóir, Cathair Chultúra na hEorpa – Corcaigh 2005 Oifigeach na hEalaíne Poiblí, Comhairle Contae Shligigh Ailtire Stiúrthóir Ealaíon, Lár-Ionad Ealaíon na Cathrach Coimeádaí, Criticeoir & Acadóir Scríbhneoir & Eagarthóir Stiúrthóir Ealaíon, Féile Idirnáisiúnta Damhsa Cumadóir & Stiúrthóir Concorde Ensemble Stiúrthóir Fhéile Scannán Chorcaí Comhairleoir Ealaíon

AGUISIN 1

AGUISÍN 2

Buiséad Samplach Caipitil an Tionscadail

Ní mór buiséad Céatadáin don Ealaín, atá bunaithe ar an bhfoirmle atá nótáilte ar leathanach 5 seiceáil # arna fheidhmiú don ghlanchostas tógála, a thabhairt san áireamh i mbuiséad foriomlán an tionscadail ó thúschéim phleanála an tionscadail agus ní mór

cloí leis síos tríd an tionscadal.

Sampla 1:

Meastachán Bhuiséad Tógála an Tionscadail

Costais tógála
1500m
2 @