AN CHÉAD TUARASCÁIL BHLIANTÚIL
2002/ 2003
1
1
Page 2
3
An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
MISEAN
"Is é misean na Roinne a cion a dhéanamh i leith dhul chun cinn geilleagrach, sóisialta agus
cultúrtha shochaí na hÉireann agus i leith shaibhriú a caighdeáin saoil trí thurasóireacht
inmharthana a chur chun cinn; trí bharr feabhais a spreagadh i gcúrsaí spóirt agus ealaíon;
trí níos mó rochtana ar chúrsaí spóirt agus ar chúrsaí ealaíon a éascú; agus trínár n-oidhreacht
chultúrtha a chaomhnú."
1
2
2
Page 3
4
CLÁR na nÁBHAR
Uimh. Leath.
Ráiteas Misin 1
Focal ón Aire 3
Réamhrá an Ard-Rúnaí 5
Struchtúr na hEagraíochta 7
Briseadh síos na Foirne de réir Ghráid/ Inscne 8
Forbhreathnú Meitheamh 2002 Nollaig 2003 9
Dul chun cinn i dtreo Spriocanna na Turasóireachta 17
Dul chun cinn i dtreo Spriocanna na nInstitiúidí Ealaíon agus Cultúrtha 23
Dul chun cinn i dtreo Spriocanna Spóirt 31
Forbairt Eagraíochtúil sa Roinn 35
Aguisíní 42
2
3
3
Page 4
5
Focal ón Aire
Cuireann sé gliondar orm an deis seo a bheith agam an chéad tuarascáil seo ar a bhfuil bainte
amach ag an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, a bunaíodh i Meitheamh na bliana
2002, a chur i láthair. Clúdaíonn an tuarascáil seo an tréimhse ón am ar bunaíodh an Roinn
nua suas go deireadh na bliana 2003.
Léirítear sa tuarascáil an dul chun cinn fíorfhollasach a rinneadh i dtréimhse ghairid ama i
dtaca le cur i gcrích na ngealltanas dúshlánach a bhí leagtha síos do na hearnálacha ealaíon,
spóirt agus turasóireachta sa Chlár Aontaithe don Rialtas, sa Phlean Forbartha Náisiúnta,
2000 2006 agus in "Dul Chun Cinn a Inbhuanú", An Comhaontú Comhpháirtíochta
Sóisialta, 2003 -2005.
Tá an turasóireacht ag teacht chuici féin go láidir anois tar éis suaitheadh nár braitheadh
riamh roimhe seo a fháil sna blianta beaga deireanacha seo. Tá a bhuíochas seo ag dul ní
amháin don teacht aniar agus don phroifisiúntacht atá go dlúth sa tionscal ach freisin do
thacaíocht dhírithe agus fhorghníomhach an pholasaí phoiblí. Ba phointe suntasach i dtaca
le forbairt pholasaí na turasóireachta é foilsiú thuarascáil An Ghrúpa um Athbhreithniú
Polasaí Turasóireachta: "Fís Nua don Turasóireacht in Éirinn: Clár Oibre don Chur i
nGníomh" i Meán Fómhair na bliana 2003. Díríonn sé ar chlár nua uaillmhianach chun an
tionscal a fhorbairt agus chun tuilleamh ó ioncam iasachta a dhúbailt sna 10 mbliana seo
romhainn. Is breá liom gur ghlac an tionscal chomh maith sin leis an tuarascáil. Is uirlís
éifeachtach sa mhargaíocht idirnáisiúnta turasóireachta d'oileán na hÉireann í Turasóireacht
Éireann Teoranta a leagann béim ar an tairbhe atá le baint as comhoibriú trasteorann.
Cheadaigh achtú Údarás Náisiúnta Forbartha na Turasóireachta, 2003, bunú chomhlacht nua
forbartha lánpháirtithe na turasóireachta, Fáilte Éireann, a leagfaidh béim nua ar fhorbairt
tairgí agus ar chur i bhfeidhm seirbhísí.
Rinneadh dul chun cinn freisin i réimse na n-ealaíon/ an chultúir nuair a cuireadh reachtaíocht
nua, Acht Ealaíon, 2003, i bhfeidhm i mí Lúnasa ar lean athstruchtúrú agus ceapadh
Chomhairle nua Ealaíon é. Tá fáil anois, ar leibhéil nach raibh ann roimhe seo, ar acmhainní
chun na healaíona a chur chun cinn agus a fhorbairt. Tá an clár ACCESS a bhfuil deontais
chaipitil ag gabháil leis chun tacú le hinfreastruchtúr cultúrtha agus na n-ealaíon áitiúil a
chruthú ar fud na tíre, ag cuidiú le hathbheochan na bpobal áitiúil. Cuirfidh síneadh Alt 481
3
4
4
Page 5
6
maidir le faoiseamh cánach go 2008, a fógraíodh i mí na Nollag 2003, ar chumas earnáil na
scannánaíochta bualadh chun cinn arís go misniúil. Is léir go ndearnadh infheistíocht
shuntasach chaipitil inár bpríomhinstitiúidí cultúrtha náisiúnta an Dánlann Náisiúnta, Ard-Mhúsaem
na hÉireann agus an Leabharlann Náisiúnta. Tá roghanna a bhaineann le
hathfhorbairt na hAmharclainne Náisiúnta á gcur chun cinn.
Tá an clár caipitil spóirt atá á riar ag an Roinn ag cinntiú go bhfuil saoráidí nua-aimseartha,
dea-fheistithe spóirt ar fáil ar fud na tíre chun rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt a ardú.
Leithroinneadh beagnach €269 milliún ar bhreis is 3,500 tionscadal faoin gclár seo ó 1998 i
leith.
Níos luaithe i mbliana bheartaigh an Rialtas tacaíocht airgid a chur ar fáil d'athfhorbairt
ollmhór ar Bhóthar Lánsdúin chun staidiam den chineál is nua-aimsearthaí a dhéanamh de a
d'fhreastalódh ar 50,000 lucht féachana ar chostas beagnach €300 milliún,. D'aontaigh sé, i
bprionsabal, freisin, le príomhghnéithe an champais spóirt i mBaile an Abba mar ar osclaíodh
doirse An Lár-Ionaid Uisciúil Náisiúnta den chéad uair anuraidh. Bhí baint mhór ag an
tsaoráid seo, a bhfuil dea-theist uirthi i bhfad is i ngearr, ar an rath a ghabh le Cluichí
Speisialta Oilimpeacha Domhanda an tSamhraidh a chuaigh i gcion chomh mór sin ar an tír
go léir i gcaitheamh shamhraidh na bliana 2003.
Cé go bhfuil roinnt mhaith bainte amach, mar a léirítear sa tuarascáil seo, tá clár oibre
substaintiúil le cur chun cinn fós mar a leagadh síos i gcéad Ráiteas Straitéise na Roinne a
foilsíodh i mí Iúil na bliana 2003. Tá mé ag tnúth leis an treoir pholaitiúil a sholáthar agus le
bheith ag obair go dlúth leis an Ard-Rúnaí agus le foireann uile na Roinne, leis na hInstitiúidí
agus na Gníomhaireachtaí dá mbaineann, chun an misean tábhachtach atá againn a chur i
gcrích ar mhaithe le forás geilleagrach, sóisialta agus cultúrtha shochaí na hÉireann agus
chun caighdeán saoil na tíre a shaibhriú.
John O'Donoghue T. D. An tAire Ealaíon Spóirt agus Turasóireachta
Réamhrá an Ard-Rúnaí
Is í seo an chéad tuarascáil de chuid na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta a
bhunaigh an Rialtas i mí Meitheamh na bliana 2002 nuair a comhnascadh na Rannóga Spóirt
agus Turasóireachta a bhí faoin iar-Roinn Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa, agus an
Rannóg Ealaíon agus Cultúir a bhí faoin iar-Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus
Oileán, mar aon le freagracht as Rásaíocht Chapall na hÉireann agus Bord na gCon.
Is léir ó ábhar na tuarascála seo, a chlúdaíonn an tréimhse 18 mí go deireadh mhí na Nollag
2003, go bhfuil roinnt mhaith bainte amach cheana féin i dtaca leis an misean agus leis na
spriocanna uaillmhianacha a bhí leagtha síos cheana féin i Ráiteas Straitéise na Roinne nua a
foilsíodh i mí Iúil na bliana 2003 agus atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin, www. arts-sport-tourism.
gov.
ie.
.
Is próiseas dúshlánach é Roinn nua a fhí le chéile agus eagraíocht dhlúth a mbeadh dúthracht
iomlán agus dílseacht foirne aici, a bhunú. Dá bhrí sin, is mian liom gach leibhéal den
fhoireann a mholadh as a bproifisiúntacht agus a ndúthracht mar is iad na tréithe sin, nach
beag, is cúis leis an bhforás breá atá déanta.
Chuir an Grúpa um Athbhreithniú Polasaí Turasóireachta a dtáinig tuairisc uatha i
gcaitheamh na bliana léirmheas fíorghrinn ar fáil i dtaca le polasaí agus le feidhmiú na
turasóireachta agus leag sé síos clár gnímh dúshlánach a raibh breis is 70 gníomh molta ann.
Tá grúpa feidhmithe d'ardleibhéal, a cheap an tAire, ag dul i ngleic go fuinniúil leis an gclár
seo agus é mar aidhm ag an ngrúpa tionchar a bheith acu ar chlár níos leithne de
saincheisteanna a bhainfeadh le forbairt na turasóireachta sa todhchaí. Thar aon ní ba mhór
an sásamh dúinn an dúthracht a chaith foireann Rannóg Thurasóireachta na Roinne agus í ag
tacú leis na tionscnaimh seo. Rinneadh dul chun cinn maith freisin sna hiarrachtaí a rinneadh
tacaíocht a thabhairt don tionscal teacht ar a bhonnaibh foráis arís agus reachtaíocht a ullmhú
a raibh bunú Fáilte Éireann mar thoradh uirthi, eagraíocht a thug na gníomhaíochtaí a bhí faoi
chúram Bhord Fáilte agus CERT roimhe seo, faoina scáth.
Pointe suntasach maidir leis an bpolasaí ealaíon ab ea gur glacadh leis an Acht Ealaíon, 2003
agus gur ceapadh Comhairle nua Ealaíon i mí Lúnasa a bhfuil coiste uirthi atá freagrach as
5
6
6
Page 7
8
comhairliú i dtaobh na n-ealaíon traidisiúnta. Tá spreagadh tugtha do thodhchaí na
scannánaíochta in Éirinn trí shíneadh atá curtha le hAlt 481 um Fhaoiseamh Cánach.
Rinneadh dul chun cinn mór freisin san fheabhsú a rinne na hinstitiúidí cultúrtha ar
chaighdeáin mhínithe agus ar nithe sealbhaithe, agus rinneadh dul chun cinn ar phleananna
maidir le féinriail níos leithne don Leabharlann Náisiúnta agus d'Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Tá moltaí faoi atógáil na hAmharclainne Náisiúnta á gcur chun cinn freisin.
Tréimhse ghnóthach, tháirgiúil a bhí ag an Rannóg Spóirt freisin mar gur thug sise babhta eile
leithroinntí faoin gClár Caipitil Spóirt agus na Linnte Snámha chun críche go rathúil.
Rinneadh roinnt mhaith oibre freisin ar iniúchadh a dhéanamh ar an acmhainn atá ann
saoráidí staidiam a fhorbairt agus as sin cuireadh moltaí faoi bhráid an Rialtais go luath sa
bhliain 2004 a raibh sé de thoradh orthu go ndearnadh an cinneadh Bóthar Lánsdúin a
athfhorbairt, i gcomhar leis an IRFU agus an FAI, mar staidiam faoi shuíocháin amháin agus
é ábalta 50,000 duine a thógáil agus freisin ceadaíodh do Champas agus Staidiam Éireann
leanúint ar aghaidh le coimpléasc spóirt a fhorbairt i mBaile an Abba.
I Márta 2003, d'oscail an Taoiseach an Lár-Ionad Uisciúil Náisiúnta go hoifigiúil i mBaile an
Abba; críochnaíodh an Lár-Ionad in am agus de réir buiséid. Agus cé nach gcuimhneodh ar
an ngliondar croí agus ar an áthas a bhí le brath ar fud na tíre le linn do Chluichí Speisialta
Oilimpeacha Domhanda an tSamhraidh a bheith ar bun i gcaitheamh shamhraidh na bliana
2003.
Chuir bunú na Roinne nua an-bhrú ar aonaid tacaíochta Sheirbhísí Corparáideacha na Roinne
agus ní mór moladh ar leith a thabhairt dóibh as an obair a rinne siad chun socruithe a chur i
dtoll a chéile chun tacú le misean lárnach na Roinne. Mar chlabhsúr ba mhaith liom buíochas
a ghlacadh leis an Aire as an spreagadh agus an tacaíocht láidir a thug sé dúinn chun cuspóirí
na Roinne nua a chur chun cinn agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh le gach aon
duine sa Roinn as a gcion a dhéanamh agus an oiread sin dul chun cinn a bheith déanta in
achar chomh gearr sin.
Philip Furlong Ard-Rúnaí
6
7
7
Page 8
9
Struchtúr na hEagraíochta mar atá 31 Nollaig, 2003
Príomhoifigeach
Susan McGrath
Acmhainní Daonna & TBS
Rúnaí Cúnta
Paul Bates
Príomhoifigeach
Francis Rochford
Margaíocht ar Thurasóireacht & Measúnú ar Thionchair
Príomhoifigeach
Eugenie Deegan
Forbairt Turasóireachta
Príomhoifigeach
Joe Timbs
Airgeadas & Spóirt
Rúnaí Cúnta
Con Haugh
Príomhoifigeach
Paddy Heffernan
Rannóg Spóirt 2( Clár Caipitil Spóirt agus forbairt spóirt)
Príomhoifigeach
Helen Nugent
Rannóg Spóirt 1( tionscadail mhóra spóirt)
An tAire
John O'Donoghue, TD
Ard-Rúnaí
Philip Furlong
Príomhoifigeach
Chris Flynn
Tionscadail Speisialta na nInstitiúidí Cultúrtha & Seirbhísí
Theic. na Faisnéise Príomhoifigeach
Barry Murphy
Ealaíona, Scannáin & Ceol
Príomhoifigeach
Liam Fitzgerald
Institiúidí Cultúrtha
Rúnaí Cúnta
Michael Grant
Stiúrthóir
Pat Wallace
Ard-Mhúsaem na hÉireann Stiúrthóir
Aongus Ó hAonghusa (Feidhmeach)
An Leabharlann Náisiúnta Stiúrthóir
David Craig
An Chartlann Náisiúnta
Aonad an Iniúchta Sheachtraigh
7
8
8
Page 9
10
8
9
9
Page 10
11
Briseadh síos na Foirne de réir Ghráid/ Inscne mar atá 31 Nollaig 2003
Grád Fireann Baineann Iomlán
Ard-Rúnaí 1 0 1 Rúnaí Cúnta 3 0 3
Stiúrthóir 3 0 3 Príomhoifigeach 6 3 9
Príomhoifigeach Cúnta 13 8.5 21.5 Cuntasóir Proifisiúnta 0 1 1
Ardoifigeach Feidhmiúcháin 17 15 32 Oifigeach Riaracháin 1 0 1
Oifigeach Feidhmiúcháin 12 22 34 Oifigeach Foirne 0 4.5 4.5
Oifigeach Cléireachais 26 52 78 Oifigeach Seirbhísí 9 1 10
Freastalaí Sinsearach 5 0 5 Freastalaí Seirbhísí 5 0 5
Foireann an Aire (ar chonradh) 2 1 3 Glantóir 0 9 9
Airíoch 2 0 2 Coimeádaí 9 1 10
Cartlannaí Sinsearach 1 3 4 Cartlannaí 2 1 3
Oifigeach Caomhnúcháin 1 2 3 Ceann na Seirbhísí 1 0 1
Coimeádaí Cúnta Grád 1 6 6 12 Coimeádaí Cúnta Grád II 12 30 42
Oifigeach Nithe Buanchoimeádta 1 0 1 Oifigeach Sinsearach Teicniúil 1 0 1
Oifigeach Teicniúil 1 0 1 Oifigeach Sinsearach Cúnta Teicniúil 1 1 2
Oifigeach Teicniúil 4 15 19 Oifigeach Sinsearach Cúnta Leabharlainne 3 1 4
Cúntóir Leabharlainne Grád I 5 1 6 Cúntóir Leabharlainne Grád II 3 1 4
Cúntóir Leabharlainne Grád III 10 4 14 Freastalaí Eolaíochta agus Ealaíne 51 14 65
Grianghrafadóir Sinsearach 0 1 1 Grianghrafadóir 1 0 1
Ceann na bhFreastalaithe 1 0 1 Cló-eagraí agus Ceangaltóir Leabhar 0 1 1
Seandálaí 0 2 2 Teileafónaí ar mhíchumas Amhairc 1 0 1
Ábhar Oifigigh chléireachais 2 1 3 Ealaíontóir Sinsearach Grafaice 0 1 1
Ealaíontóir Grafaice 2 0 2 _____ _____ _____
Iomlán 223 203 427*
* Is 460 líon iomlán na bpost sa Roinn lena n-áirítear poist atá ar tí a líonta.
9
10
10
Page 11
12
Forbhreathnú Meitheamh 2002-Nollaig 2003
Turasóireacht
Taispeánann na staitisticí Turasóireachta agus Taistil atá foilsithe ag an Lár-Oifig Staidrimh
don bhliain 2003 gur tháinig ardú de 5% go 6.4 milliún díreach (LOS), ar líon na gcuairteoirí
ón iasacht a tháinig go hÉirinn. Léiríonn an toradh seo go bhfuil feabhas leanúnach ag tarlú
san earnáil thábhachtach seo den gheilleagar agus i ndáiríre, go sáraíonn siad, i dtéarmaí líon
na gcuairteoirí de, an bhuaicphointe a sroicheadh sa bhliain 2000. Tháinig forás, díreach faoi
3% go €4.1 billiún, freisin, faoi thuilleamh ioncaim ón iasacht a tháinig leis an ardú i líon na
gcuairteoirí agus bhí an t-ardú seo go mór chun cinn ar an sprioc ioncaim mheántéarmaigh a
bhí leagtha síos don turasóireacht sa Phlean Forbartha Náisiúnta.
Sa bhliain 2003 bhí forás deimhneach le sonrú freisin sa mhargadh turasóireachta baile a
bhfuil fíorthábhacht ag baint léi maidir le dáileadh níos fearr agus níos séasúraí den ioncam
turasóireachta a ghnóthú. Léiríonn Suirbhé Taistil Teaghlaigh na Lár-Oifige Staidrimh go
ndearnadh breis is 5 mhilliún turas baile sa chéad naoi mí den bhliain 2003 ( seo iad na
staitisticí is mó atá cothrom le dáta agus an tuarascáil seo á foilsiú) sin ardú de 3.4% ar an
mbliain 2002. Ó thaobh caiteachais de chaith na turasóirí baile os cionn €745 milliún, ardú
de 16% ar an mbliain 2002.
Go hidirnáisiúnta, tá Éire ag leanúint ar aghaidh ag sárú roinnt mhaith de na hiomaitheoirí is
gaire di agus nuair a chuirtear a cuid torthaí i gcomparáid le torthaí domhanda agus torthaí ón
Eoraip léirítear go bhfuil Éire ag méadú a sciar de mhargadh a bhfuil fíoriomaíocht ag baint
leis. Ghlac an cogadh san Iaráic, an galar SARS a bhris amach agus geilleagar lag domhanda
a bpáirteanna féin i lagú an éilimh a bhí ar thurasóireacht go hidirnáisiúnta sa bhliain 2003. I
ndáiríre bhí titim de 1.2% ar líon na dturasóirí ar fud an domhain agus, ar an dea-uair, d'fhan
leibhéal na turasóireachta cothrom san Eoraip de réir mar a bhí le tuairisciú ag an Eagraíocht
Dhomhanda Turasóireachta.
Le comparáid a dhéanamh idir margadh amháin agus margadh eile is ábhar muiníne freisin é
taispeántas na hÉireann don bhliain 2003 mar go bhfuil margadh Mheiriceá Thuaidh, agus
margadh na Stát Aontaithe go háirithe, ag léiriú go bhfuil athfhorás ann a bhfuil fáilte roimhe,
(ardaithe 6% ón mbliain 2002) cé go bhfuil tarlúintí neamhfhabhracha ag titim amach ar fud
na cruinne. Is féidir seo a chur i gcomparáid le hardú de 1% i líon na Meiriceánach atá ag
10
11
11
Page 12
13
teacht ar cuairt chun na hEorpa go ginearálta agus le hísliú de 8% ar an líon atá ag teacht
chun na Breataine. Tá cuma dheimhneach freisin ar líon na bhfigiúirí ó Mhór-Roinn na
hEorpa mar a bhfuil ardú thart ar 8% ag teacht ar líon na gcuairteoirí sin. Is vóta láidir
muiníne é an ráta foráis de 4% a tháinig ar líon na gcuairteoirí ón mBreatain anuraidh go
bhfuil Éire fós go mór chun cinn mar iomaitheoir sa mhargadh turasóireachta is mó atá
againn.
Is léir, mar sin féin, gur le dua a baineadh amach an méid seo agus gur tháinig brabús an
tionscail faoi bhrú mór. Is léir freisin, nach raibh roinnt chothrom ar an bhforás seo de réir
réigiúin ná de réir earnála. Sa chomhthéacs seo tá sé riachtanach fós bealaí maithe rochtana a
fhorbairt, go speisialta aerbhealaí, d'fhonn suíomh iomaíoch na réigiún a neartú. Leanfar den
tacaíocht mhargaíochta, chun an fhorbairt ar bhealaí maithe aerthaistil agus muirthaistil a
neartú, mar uirlís fhíorthábhachtach i ngineadh na turasóireachta, i dteannta le béim láidir
mhargaíochta a leagan ar ghnéithe áirithe de na margaí reatha, mar shampla saoire
chamchuairte do theaghlaigh as an mBreatain, a mbíonn gnóthachtáil mhaith ag na réigiúin
orthu. Is comhpháirteanna láidre de chláir mhargaíochta Ghníomhaireachtaí Turasóireachta
an Stáit, Turasóireacht Éireann Teo. agus Fáilte Éireann, an spriocinfheistíocht sna gnéithe
níos traidisiúnta den taisteal, mar shampla, gnó na dturas bus, mar aon le lear maith
acmhainní a dhílsiú d'fhonn briseadh isteach ar mhargaí nua nó ar mhargaí atá díreach ag
oscailt, mar shampla, an taistealaí aonraic, agus cuideoidh siad seo le dul i ngleic leis an
dáileadh de réir réigiúin agus de réir earnála.
Maidir le polasaí de, ba é foilsiú Thuarascáil an Ghrúpa um Athbhreithniú Polasaí
Turasóireachta "Fís Nua don Turasóireacht in Éirinn: Clár Oibre don Chur i nGníomh" (ar
fáil ar www. dast. gov. ie) ar an 30 Meán Fómhair buaicphointe na bliana 2003. Tá aitheantas
forleathan faighte ag an tuarascáil seo as a bheith ar an gcáipéis is tábhachtaí agus is údarásaí
ar pholasaí agus ar fheidhmiú na turasóireachta le breis is deich mbliana. Tá forbhreathnú
ann ar chúrsaí turasóireachta ar fud na cruinne, measúnú ar ionchur geilleagrach earnáil na
turasóireachta i ngeilleagar na hÉireann, anailís ar fheidhmiú na turasóireachta le deireanas,
measúnú grinn ar thurasóireacht in Éirinn sa lá atá inniu ann agus cur síos ar na dúshláin agus
na deiseanna atá amach roimh an tionscal. Thar aon ní eile leagtar straitéis chomhtháite,
lánpháirtithe i gcomhair fhorbairt na turasóireachta in Éirinn sna deich mbliana seo romhainn
síos ann agus moltar 70 gníomh chun an straitéis a chur i bhfeidhm. Tá spriocanna
uaillmhianacha tugtha síos sa tuarascáil maidir le caiteachas chuairteoirí ón iasacht a dhúbailt
11
12
12
Page 13
14
go €6 bhilliún faoin mbliain 2012, mar aon le méadú dá réir i líon na gcuairteoirí ón iasacht ó
6 mhilliún to 10 milliún.
Bhunaigh an tAire grúpa feidhmithe go luath sa bhliain 2004 chun an clár a leagadh síos i
dtuarascáil an ghrúpa athbhreithnithe a chur chun cinn agus chun tuairisc a chur faoina bhráid
go tréimhsiúil ar an dul chun cinn atá á bhaint amach.
Sprioc thábhachtach eile a baineadh amach sa bhliain 2003 ab ea bunú an Údaráis nua
reachtúil, Údarás Forbartha Náisiúnta na Turasóireachta .i. Fáilte Éireann a chomhtháthaíonn
na feidhmeanna agus na gníomhaíochtaí a bhí faoi chúram Bhord Fáilte agus CERT roimhe
seo. Tá gníomhaireacht lánpháirtithe ann anois den chéad uair atá tiomanta do bharr feabhais
a bhaint amach i gcur i bhfeidhm táirgí agus seirbhísí araon, sé sin sa dá phríomhghné a
mbíonn teagmháil ag an gcuairteoir leo in Éirinn. Leanfaidh Fáilte Éireann uirthi ag obair go
dlúth le tionscal na turasóireachta mar aonad lárnach amháin mar thaca straitéiseach agus
praiticiúil chun Éire a fhorbairt agus a inbhuanú mar sprioc iomaíoch d'ardchaighdeán don
turasóir.
Cuireadh próiseas oscailte iomaíoch tairisceana ar bun i gcaitheamh na bliana 2003 d' fhonn
Lár-Ionad Comhdhála Náisiúnta a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath. Ceann de na
príomhghníomhartha chun tacú le forbairt agus nuálaíocht tháirge na turasóireachta a
aithníodh i dTuarascáil an Ghrúpa um Athbhreithniú Polasaí Turasóireachta a bheadh i
mbunú ionaid dá leithéid i gcomhpháirtíocht le hinfheisteoirí as an earnáil phríobháideach.
De réir mar atá tugtha le fios ag Fáilte Ireland is 120,000 líon na gcuairteoirí reatha a thagann
go hÉirinn gach bliain chun freastal ar chomhdhálacha agus ar chruinnithe agus is é Baile
Átha Cliath an réigiún is mó ar fad a bhfuil tóir air. Is cuairteoirí iad lucht na gcomhdhálacha
atá gnaíúil lena gcuid airgid agus, má shásaítear iad fanfaidh siad níos faide sa tír, sin nó
fillfidh siad níos deireanaí ar shaoire phríobháideach. Meastar go meallfaí 30,000 cuairteoir
bhreise sa bhliain ach lárionad tiomnaithe comhdhála a bheith ann. Rinneadh meastachán
neamhspleách ar an ioncam bliantúil sa bhreis ón iasacht a ghinfeadh saoráid dá leithéid agus
de réir an mheastacháin sin bheadh idir €25 milliún agus €50 milliún i gceist.
Cé go raibh an tús mall tá dul chun cinn ag tarlú i bpróiseáil na n-iarratas ar dheontais faoi
Scéim Forbartha na dTáirgí Turasóireachta atá cómhaoinithe ag an AE faoin bPlean
Forbartha Náisiúnta. Is é an aidhm atá ann réimse nua d'ionaid tarraingteacha do
12
13
13
Page 14
15
chuairteoirí, cnuasachtaí comhordaithe de tháirgí agus de ghníomhaíochtaí fóillíochta, a
sholáthar i bpáirteanna den tír nach bhfuil mórán forbartha déanta orthu d'fhonn cuidiú le gnó
na turasóireachta a scaipeadh amach níos forleithne ar bhonn tíreolaíoch. Leithroinneadh
deontais arbh fhiú €1.2 milliún san iomlán iad ar líon de thionscadail chúrsála, spóirt uisce
agus eachracha i gcaitheamh na bliana 2003.
Príomhghné in ábaltacht thionscal turasóireachta na hÉireann a bheith iomaíoch ar an
margadh domhanda is ea go bhfuil fáil ar lucht oibre le scileanna agus oiliúint
d'ardchaighdeán. Baineadh céimeanna suntasacha amach sa dá bhliain, 2002 agus 2003 in
ardú chaighdeán na seirbhíse, na dtréithe agus na proifisiúntachta a ghabhann le hearnáil na
turasóireachta. Dhaingnigh Comhairle na gCáiliúchán Ardoideachais agus Oiliúna, mar
shampla, ceithre cinn de chláir tríú leibhéal Fháilte Éireann; fuair suas le 10,000 duine
oiliúint faoi scáth Fháilte Éireann; agus chuir fiche cuideachta tús le próiseas feidhmithe an
Bharr Chleachtais, rud a léiríonn an bhéim bhreise atá á cur ar fheabhsú na n-ábaltachtaí sa
tionscal.
Ealaíona, Scannáin agus Ceol
Seo mar a shainmhíníonn Acht Ealaíon, 2003 na healaíona:
" ... aon léiriú cruthaíoch nó mínitheach (cibé acu traidisiúnta nó comhaimseartha),
cibé cén leagan atá air, agus a bhfuil na healaíona amhairc, an amharclannaíocht,
litríocht, ceol, damhsa, ceoldrámaíocht, scannánaíocht, an sorcas, agus ailtireacht, i
gceist go háiríthe leis, agus a chuireann aon mheán eile san áireamh fad is gur faoi
chomhair na gcuspóirí seo a úsáidtear é."
Sainmhíniú an-leathan is ea é seo a chuireann in iúl gur le gach duine na healaíona agus go
bhfuil áit iontu do gach uile dhuine. Tá tacaíocht an Rialtais i leith na n-ealaíon bunaithe ar
an réamhphrionsabal go mbíonn tionchar suntasach deimhneach ag na healaíona ar shaol
gach duine sa tír, beagnach.
13
14
14
Page 15
16
Faoi láthair tá ardú meanman ag baint le cúrsaí ealaíon in Éirinn. Tá acmhainní ann nach
raibh fáil orthu riamh roimhe seo. Ritheadh Acht nua Ealaíon sa bhliain 2003 a thugann
aitheantas den chéad uair d'Aire sa Rialtas a bhfuil freagracht ar leith aige as na healaíona.
Tugadh stádas reachtúil do neamhspleáchas na Comhairle Ealaíon i leith cinntí faoi mhaoiniú
a dhéanamh í féin ( "an prionsabal coinnigh uait iad" mar a thugtaí air). Táthar tar éis
athstruchtúrú a dhéanamh ar an gComhairle Ealaíon, tá comhairle nua ina háit agus tá Coiste
Speisialta den Chomhairle ag breathnú go grinn ar bhealaí ina bhféadfaí tacú le healaíona
traidisiúnta na hÉireann agus forbairt a dhéanamh orthu don todhchaí.
Tá an Roinn i mbun polasaí a leagan síos ar fhorbairt ealaíon na hÉireann ar an stáitse
idirnáisiúnta agus táthar tar éis treoirlínte a chur le chéile i dtaca leis an scéim "céadatán don
ealaín" faoina ndéanfar coimisiúnú ar shaothair ealaíne i gcomhcheangal le tionscadail
chaipitil phoiblí. Tá feabhas á chur go leanúnach ar shaoráidí don infreastruchtúr ealaíon
agus cultúrtha in ionaid ar fud na tíre, trí bhithín na ndeontas substaintiúil caipitil ón Roinn
agus tá iniúchadh ar bun ar fhoráil d'áitreabh nua dár nAmharclann Náisiúnta.
Tá céim chomh hard sroichte ag earnáil scannáníochta na hÉireann anois is go bhfuil ar
chumas ár saoráidí agus ár bpearsanra freastal ar na caighdeáin idirnáisiúnta is airde. Tá
Bord Scannán na hÉireann ag leanúint dá chuid oibre ag gach leibhéal den scannánaíocht
chun cur leis an ábaltacht atá ag earnáil scannánaíochta na hÉireann, uatha siúd nach bhfuil
ach ag tosú amach ar a gceird i gcúrsaí scannánaíochta go dtí na daoine siúd a bhfuil cáil
idirnáisiúnta bainte amach acu. Tá an Bord freagrach freisin as Éirinn a dhíol mar ionad do
léirithe idirnáisiúnta a mbíonn buntáistí soiléire geilleagracha leo ach freisin a sholáthraíonn
deiseanna luachmhara agus taithí do phearsanra scannánaíochta na hÉireann. Sa
chomhthéacs seo tá fíorthábhacht go deo leis an bhfaoiseamh cánach de réir shíneadh Ailt
481 go dtí 2008, mar a d'fhógair an tAire Airgeadais in óráid an bhuiséid i mí na Nollag
2003, d'earnáil scannánaíochta na hÉireann, mar go mbeidh an tsuim a d'fhéadfaí a ardú ag
dul i méid ón mbliain 2005 ar aghaidh. Féadfaidh an earnáil aghaidh a thabhairt ar an
todhchaí agus muinín aici an athuair go dtiocfaidh sí i dtír, sna blianta atá amach roimpi, ar
an tsárchuimse cumais atá aici.
Institiúidí Cultúrtha
14
15
15
Page 16
17
Cuireadh leis an bhforbairt agus leis an bhfeabhsú atá ag tarlú sna hInstitiúidí Cultúrtha
Náisiúnta trí chlár leathan infheistíochta caipitil a bhí dírithe ar shaoráidí d'Ard-Mhúsaem na
hÉireann i nDún Uí Choileáin agus ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath.
Trí bhithín an Chiste Oidhreachta Náisiúnta agus na bhforálacha ar fhaoiseamh cánach faoi
Alt 1003 den Acht um Dhaingniú Cánach, 1997 leanadh den chuidiú le cur leis na
Bailiúcháin Náisiúnta sna hInstitiúidí. Tugadh aitheantas agus creidmheas don obair a rinne
na hÚdaráis Áitiúla in earnáil na músaem faoi Scéim na Músaem do Chontaetha Aitheanta
atá á riar ag Ard-Mhúsaem na hÉireann. Cuireadh leis an ngné Thuaidh/ Theas nuair a
tosaíodh ar chomhthionscadal ar aistriú Commentarius Rinnuccianus i gcomhpháirtíocht le
hOllscoil Uladh. Leanadh den chabhair airgeadais le cuidiú le feidhmiú na n-institiúidí nach
institiúidí stáit iad a bhfuil bailiúcháin iontu gur díol spéise iad go náisiúnta nó go
hidirnáisiúnta.
Sa bhliain 2003 leanadh den obair a bhain le cur i bhfeidhm na n-alt sin d'Acht na
nInsititiúidí Náisiúnta, 1997, a bhí fós le feidhmiú chun stádas féinrialaithe a bhronnadh ar
Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ar an Leabharlann Náisiúnta, agus chun socruithe
comhordaithe a dhéanamh do cheiliúradh céad bliain 'Bloomsday' sa bhliain 2004. Cuireadh
tús freisin le hathbhreithniú ar Choimisiún Lamhscríbhinní na hÉireann.
Spórt
Sa tréimhse atá faoi chaibidil sa tuarascáil seo lean an Roinn ar aghaidh ag soláthar
frámaíochta an pholasaí iomláin agus ag soláthar an mhaoinithe a bhí riachtanach chun
infreastruchtúr spóirt a fhorbairt na hÉireann a fhorbairt agus chun cur ar chumas
Chomhairle Spóirt na hÉireann a feidhmeanna a chur i gcrích maidir le cur chun cinn agus le
forbairt an spóirt go ginearálta.
Leithroinneadh €78.5 milliún ar 859 tionscadal aonair faoi Chlár Caipitil Spóirt na bliana
2002, agus fuair 617 tionscadal beagnach €53 milliún sa bhliain 2003. Ón mbliain 1998 i
leith tá beagnach €267 milliún leithroinnte ar bhreis is 3,500 tionscadal faoin gclár. Is
iontach go deo an tionchar a bhí ag an maoiniú a cuireadh ar fáil faoin gClár Caipitil Spóirt.
Tá raon de shaoráidí comhaimseartha dea-fheistithe forbartha ag an gcuid is mó de na pobail,
15
16
16
Page 17
18
sin nó tá siad i mbun forbartha ar na saoráidí sin d'fhonn freastal ar na riachtanais atá ina
gceantair. Táthar tar éis forbairt a dhéanamh ar pháirceanna nua peile agus uasgrádú a
dhéanamh ar pháirceanna a bhí ann cheana. Táthar tar éis seomraí feistis agus clubthithe
compórdacha a thógáil.
Tugadh tacaíocht do raon de shaoráidí ag leibhéal réigiúnach agus náisiúnta chun freastal ar
riachtanais an scothaclaí chomh maith leis an té nach bhfuil aige sa spórt ach caitheamh
aimsire. Ina theannta sin tá ilsaoráidí spóirt á bhforbairt i mbailte ag líon áirithe d'údaráis
áitiúla a chuirfidh leis na ceantair ina bhfuiltear á lonnú agus a sholáthróidh saoráidí a bhfuil
géarghá ag na pobail áitiúla leo. Cuireadh maoiniú ar fáil faoi Chlár Linnte Snámha na
nÚdarás Áitiúil i gcomhair linnte snámha a fhorbairt i líon áirithe d'ionaid. Tá tionchar mór
ag infheistíochtaí faoi na cláir seo i bhfreastal ar riachtanais an daonra, sé sin raon de
shaoráidí comhaimseartha atá dea-fheistithe agus faoi bhainistíocht éifeachtach.
Thacaigh an Roinn freisin ó thaobh airgid agus riaracháin de le hobair Fhorbairt Champas
agus Staidiam Éireann Teoranta nuair a bhí an Lár-Ionad Uisciúil Náisiúnta i mBaile an Abba
á chríochnú. Críochnaíodh an Lár-Ionad seo, a bhfuil sé de cháil air a bheith ar cheann de na
hionaid uisciúla is breátha san Eoraip, in am agus de réir buiséid. Thuill sé cáil fhorleathan
nuair a ritheadh comórtais snámha Chluichí Oilimpeacha Speisialta Domhanda an
tSamhraidh ann i Meitheamh na bliana 2003 agus nuair a ritheadh Craobhchomórtais
Ghearrchúrsa Snámha na hEorpa i mí na Nollag 2003.
Chuidigh an t-ardú sa mhaoiniú le Comhairle Spóirt na hÉireann leanúint dá cuid oibre agus í
ag cur le hábaltacht na gComhlachtaí Rialaithe Náisiúnta Spóirt; ba í sin an obair mhór a bhí
fúithi sna blianta 2002 agus 2003. Bhí na Comhlachtaí Rialaithe go léir, a bhfuil tacaíocht na
Comhairle acu, páirteach i bpróiseas de phleanáil straitéiseach agus iad ag obair i dtreo
aontú ar phlean nó plean a chríochnú. Fuair na Comhlachtaí Rialaithe os cionn €15 milliún
mar chuidiú dá ngníomhaíochtaí lárnacha agus cuireadh €4.8 milliún ar fáil freisin faoi
Straitéis an Ardfheidhmithe, do spóirt a mbeadh ar a gcumas a bheith rathúil i gCluichí
Oilimpeacha agus Para-oilimpeacha na hAithne, 2004. Leithroinneadh maoiniú speisialta ar
Chomhairle Oilimpeach na hÉireann chun cuidiú léi fáil faoi réir don Aithin, agus bhí campaí
traenála, a bhí le cur ar fáil do scothiomaitheoirí, san áireamh ansin. Fuair an IRFU, an FAI
agus CLG maoiniú speisialta freisin chun a thuilleadh rannpháirtíochta, faoin aois, i gcúrsaí
16
17
17
Page 18
19
spóirt, a spreagadh agus chun deiseanna feabhsaithe spóirt a chur ar fáil do dhaoine óga sna
limistéir atá faoi mhíbhuntáiste.
Osclaíodh Ceanncheathrú Spóirt i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag 2003. Foirgneamh nua
is ea é seo ina bhfuil áiseanna agus cóiríocht oifige d'ardchaighdeán i gcomhair na
gComhlachtaí Rialaithe Náisiúnta Spóirt agus is áis shuntasach eile é chun ábaltachtaí
riaracháin agus corparáideacha na n-eagraíochtaí seo a fheabhsú.
Chríochnaigh Comhairle Spóirt na hÉireann an oiliúint a bhí á cur ar gach oifigeach náisiúnta
leanaí, atá ar na Comhlachtaí Rialaithe Náisiúnta, i bhfeidhmiú an Chóid Eitice agus Dea-Chleachtais
do Spórt na Leanaí in Éirinn, i gcaitheamh na bliana 2002. In Aibreán na bliana
2003 d'fhoilsigh an Chomhairle a straitéis nua do 2003-2005, "Spórt don Saol", a dhíríonn ar
dheiseanna spóirt a chur ar fáil do dhaoine óga.
Chuaigh Éire chun cinn sa seasamh a thóg sí i gcoinne na dópála sa spórt i gcaitheamh na
bliana 2003 trí tharlúintí suntasacha áirithe. I mí na Márta cuireadh i bhfeidhm daingniú
foirmiúil an Choinbhinsiúin um Fhrithdhópáil de chuid Chomhairle na hEorpa agus tar éis
don Aire páirt a ghlacadh sa Chomhdháil Domhanda i gcoinne na Dópála i gCopenhagen,
chuir sé a ainm le Forógra Chopenhagen a léirigh díograis na hÉireann comhoibriú san
iarracht dhomhanda d'fhonn deamhan na dópála a dhíbirt as an spórt. Leanadh ar aghaidh ag
cur Chláir Frithdhópála Náisiúnta na hÉireann i bhfeidhm go héifeachtach i gcomhar leis na
Comhlachtaí Rialaithe Náisiúnta agus rinneadh 762 tástáil sa bhliain 2002 agus rinneadh os
cionn a leath díobh sin nuair nach raibh na comórtais ar siúl.
Rinneadh 774 tástáil sa bhliain 2003; rinneadh 60% díobh sin nuair nach raibh comórtais ar
siúl. Glactar leis anois go bhfuil an Clár frithdhópala ar cheann de na cláir is éifeachtaí ar
domhan.
Ba iad iarrachtaí cróga drámatúla fhoireann na nÉireann i gCluichí Ceannais Chorn an
Domhain sa Sacar agus bua Ard Mhacha i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann den chéad uair
na buaicphointí poiblí a bhí i gcúrsaí spóirt sa bhliain 2002. Bhain rath agus spleodar le
Cluichí Oilimpeacha Speisialta Domhanda an tSamhraidh a ritheadh in Éirinn sa bhliain 2003
agus choinnigh an tuaisceart greim ar chraobh na peile Gaelaí nuair a bhain Tír Eoghain
amach í den chéad uair freisin. Thug iomaitheoirí as Éirinn boinn óir, airgid agus chré-umha
17
18
18
Page 19
20
leo i spóirt éagsúla domhanda sa dá bhliain, 2002 agus 2003, éachtaí a chinntigh go maireann
cáil na hÉireann as a bheith ábalta fós gradaim a ghnóthú ag an leibhéal is airde.
Aistríodh freagracht as rásaíocht chapall agus chon chuig an Roinn sa bhliain 2002. Leanadh
den rath a bhaineann leis an dá spórt agus d'fhreastail sluaite ollmhóra ar na rásaí sa dá
bhliain 2002 agus 2003. Tá tús curtha freisin le cláir uaillmhianacha a bhaineann le forbairt
chaipitil agus forbairt na raonta rásaíochta. Tá cáil idirnáisiúnta ar Éirinn as an luí nádúrtha
atá aici leis na spóirt seo agus léirítear é seo sa rathúlacht iontach agus sa cháil dhomhanda a
ghabhann le rásaíocht chapall agus chon na hÉireann.
18
19
19
Page 20
21
Dul chun cinn i dTreo Spriocanna Turasóireachta
Seo a leanas a bhfuil glactha chuici féin ag an Roinn mar sprioc don turasóireacht:
"Forbairt leanúnach d'earnáil turasóireachta atá inmharthana go heacnamúil
agus ó thaobh an chomhshaoil de agus atá cothrom ó thaobh spáis de a éascú, trí
mhonatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar raon de pholasaithe agus de
chláir thacaíochta go háirithe laistigh d'fhrámaíocht an Phlean Forbartha
Náisiúnta agus den Chomhoibriú Thuaidh /Theas agus foirmliú a dhéanamh ar na
polasaithe agus na cláir úd. "
Tá na straitéisí a aithníodh chun an sprioc seo a chur i gcrích leagtha síos go mion i gcéad
Ráiteas Straitéise na Roinne a chlúdaíonn an tréimhse trí bliana 2003 2005, agus atá luaite
arís, mar aon le táscairí ábhartha feidhmiúcháin, in Aguisín 1 den tuarascáil seo.
STRAITÉIS 1
Athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí agus ar fheidhmiú na turasóireachta.
Cheap an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta an Grúpa Athbhreithnithe ar Pholasaí na
Turasóireachta i mí na Nollag 2002 chun feidhmiú agus éifeacht thionscal na turasóireachta
in Éirinn thar na deich mbliana roimhe sin a mheas agus chun straitéis a mholadh d'fhorbairt
inmharthana na hearnála sa todhchaí. Thionóil an Grúpa a chruinniú tionscnaimh ar an 28
Eanáir 2003. Foilsíodh tuarascáil dheireanach an Ghrúpa Athbhreithnithe dár teideal "Fís
Nua don Turasóireacht in Éirinn: Clár Oibre don Chur i nGníomh", i Meán Fómhair na
bliana 2003 agus bhí breis is 70 moladh ann ar an gcaoi ar chóir an straitéis nua a chur i
bhfeidhm. Is iad seo na príomhthiománaithe rathúlachta don turasóireacht a léirítear sa
tuarascáil: an comhshaol gnó, iomaíochas agus luach ar airgead, bealaí rochtana iompair,
teicneolaíochtaí na cumarsáide agus na faisnéise, forbairt agus nuálaíocht táirgí, margaíocht
agus cur chun cinn, na daoine sa turasóireacht, earnáil an Rialtais agus faisnéis, eolas agus
taighde. Tá sé de sprioc ag an nGrúpa caiteachas na gcuairteoirí ón iasacht a dhúbailt go €6
bhilliún sa tréimhse deich mbliana go dtí 2012 le hardú dá réir ar líon na gcuairteoirí ó 6
mhilliún go 10 milliún. Tá spriocanna leagtha síos freisin maidir le turais ag baile agus
cuairteanna ón iasacht chuig Réigiún na Teorann, Lár tíre agus an Iarthair.
19
20
20
Page 21
22
STRAITÉIS 2
Meicníocht nua soláthair a chur i bhfeidhm do thacaíocht Stáit don turasóireacht.
Chuir an Grúpa Feidhmithe a bunaíodh d'fhonn comhairle a thabhairt i leith bhunú Údarás
Náisiúnta Forbartha na Turasóireachta, a nascfadh feidhmeanna agus gníomhaíochtaí Bhord
Fáilte agus CERT, a dtuairisc i láthair go luath sa bhliain 2002. Bhunaigh an tAire Bord
Eatramhach ar bhonn na tuairisce sin agus baill air a bhí ar Bhord Bhord Fáilte agus ar
Chomhairle CERT, chun bunú an Údaráis a bhrú chun cinn. Thionóil an Bord Eatramhach
cruinnithe go míosúil idir Iúil na bliana 2002 agus Aibreán na bliana 2003 agus chuir sé
roinnt saincheisteanna a bhain le bunú an Údaráis chun cinn agus orthu sin bhí, go speisialta,
ceapadh an chéad Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin.
Achtaíodh an reachtaíocht chun an tÚdarás nua Acht Údarás Náisiúnta Forbartha na
Turasóireachta, 2003, a bhunú go luath sa bhliain 2003, agus bunaíodh an tÚdarás nua
Fáilte Éireann go foirmiúil agus thosaigh sé ag feidhmiú ar an 28 Bealtaine 2003.
Tá Fáilte Éireann ag díriú ar an taithí a fhaigheann cuairteoirí nuair a thagann siad anseo agus
tá sí ag oibriú go dlúth le tionscal na turasóireachta chun aon ionad amháin a bheith ann do
thacaíocht straitéiseach agus phraiticiúil d'fhonn Éire a fhorbairt agus a inbhuanú mar sprioc
thurasóireachta atá iomaíoch agus d'ardchaighdeán. Táthar á dhéanamh seo trí dheiseanna
gnó atá ag eascairt, a aithint; trí choibhneas le hiomaitheoirí i dtíortha ceann scríbe eile; trí
phrionsabail barr chleachtais turasóireachta a aimsiú agus a chothú; trí chaighdeáin barr
feabhais a bhunú agus a chothú i seirbhís na gcustaiméirí; trí spreagadh agus tacaíocht a
thabhairt d'fhorbairt táirgí nua turasóireachta; trí thairiscintí tarraingteacha margaíochta a
fhorbairt do tháirgí turasóireachta agus tacaíocht a thabhairt do chumas an tionscail a
mhargaíocht a neartú ag gach leibhéal den tionscal (cuireann Turasóireacht Éireann na
tionscnaimh mhargaíochta i bhfeidhm thar lear ); leanúint d'fhorbairt agus de chur chun cinn
na gné sin atá chomh fíorthábhachtach sin an tsaoire ag baile; spreagadh a thabhairt chun na
bacainní atá ar fhorbairt sa chomhshaol níos leithne gnó a chur de leataobh; monatóireacht a
dhéanamh ar fheidhmiú an tionscail agus ar thaithí na gcustaiméirí; agus tacaíocht a thabhairt
do na sé hÚdarás Réigiúnacha Turasóireachta.
20
21
21
Page 22
23
STRAITÉIS 3
Úsáid na gcistí poiblí do mhargaíocht agus do chur chun cinn na turasóireachta a éascú
agus athbhreithniú a dhéanamh ar an úsáid sin.
Bhí foráil de Chiste ilbhliantúil Margaíochta Turasóireachta de bhreis ar €200 milliún san
áireamh i leithroinnt na turasóireachta faoin bPlean Forbartha Náisiúnta. Tuilleamh ioncaim
ón iasacht agus teacht isteach laethúil ó chuairteoirí a ardú na príomhchuspóirí atá ag
margaíocht thurasóireacht na hÉireann don tréimhse 2000 2006 chomh maith le cuidiú leis
an tionscal dáileadh séasúrach agus réigiúnach níos leithne a bhaint amach don ghnó agus tríd
sin a cion a dhéanamh chun na spriocanna inbhuanaitheacha a fhorbairt.
Forbraíonn agus aontaíonn na gníomhaireachtaí agus ionadaithe turasóireachta ón earnáil
turasóireachta, Thuaidh agus Theas, straitéis bhliantúil mhargaíochta d'oileán na hÉireann
bunaithe ar an maoiniú a bhíonn ar fáil tríd an bPlean Forbartha Náisiúnta agus an
ranníocaíocht bhreise a fhaigheann lárbhuiséad margaíochta Thurasóireacht Éireann ó
Thuaisceart Éireann. Tarlaíonn sé seo faoi Chomhpháirtíocht Mhargaíochta na
Turasóireachta a bunaíodh sa bhliain 2000 agus a athbhunaíodh sa bhliain 2002 faoi scáth
Thurasóireacht Éireann Teo. Tháinig ardú de 30% ó €23 milliún sa bhliain 2001 go €30
milliún sa bhliain 2003 ar an leithroinnt bhliantúil ón Státchiste chuig an gCiste Margaíochta
Turasóireachta sa dá bhliain 2002/ 2003.
Réadtiomnaíodh dhá Phlean Mhargaíochta, don dá bhliain 2002 agus 2003; glacadh leo agus
cuireadh i bhfeidhm iad de réir na gcuspóirí a leagadh sa Phlean Forbartha Náisiúnta. Chuir
Bord Fáilte agus Turasóireacht Éireann, araon, tuarascálacha ar a bhfeidhmiú i gcomhthéacs
na gcuspóirí/ na spriocanna seo ar fáil ina dTuarascálacha Bliantúla don bhliain 2002. Ina
theannta sin chuir an Mheastóireacht Lár téarma de Chlár Oibriúchán na hEarnála Táirgíochta
a rinneadh sa bhliain 2003, tuairisc dheimhneach ar fáil maidir le hoibriú agus le héifeacht an
Chiste Mhargaíochta Turasóireachta. Ba í breith na meastóireachta, inter alia, gur cuireadh
an caiteachas faoin mbeartas seo chun cinn go maith agus cé gur chuir tarlúintí domhanda as
d'earnáil na turasóireachta sa bhliain 2001, saraíodh spriocanna lártéarmacha ioncaim (2003)
sa dá bhliain 2001 agus 2002. Ina theannta sin bhí toradh bainte amach ar an sprioc de 2%
den ghnó séasúrach a chasadh amach ó bhuaicthréimhsí mhí Iúil agus mhí Lúnasa cé go raibh
21
22
22
Page 23
24
sé níos deacra an dáileadh réigiúnach a fháil ó tharla margadh na Stát Aontaithe a bheith lag
agus go rabhthas ag gearradh siar go leanúnach ar thréimhse na saoire.
O thaobh polasaí de ba é bunú Fháilte Éireann i mBealtaine na bliana 2003 agus an
tAthbhreithniú mór a rinneadh ar Pholasaí na Turasóireachta dá ndearnadh tagairt cheana
féin, an dá fhorás ba shuntasaí dár tharla i gcúrsaí margaíochta agus cur cur cinn i gcaitheamh
na tréimhse. Ó bunaíodh í tá Fáilte Éireann freagrach as straitéisí margaíochta táirgí/ nideoige
agus baile a bhíodh faoi chúram Bhord Fáilte go dtí sin. Soláthraíonn Tuarascáil
Dheireanach an Ghrúpa um Athbhreithniú Polasaí Turasóireachta mionmheasúnú ar
fheidhmiú na turasóireachta in Éirinn agus leagann sí síos clár gnímh chun forbairt a
dhéanamh ar earnáil na turasóireachta in Éirinn sa todhchaí; tá an cur i bhfeidhm sin faoi
mhonatóireacht Ghrúpa Fheidhmithe d'Ardleibhéal. Tá impleachtaí móra maidir le
margaíocht, le polasaí foráis agus le leithroinnt acmhainní ag baint le líon mór de na
gníomhartha atá molta sa Tuarascáil.
STRAITÉIS 4
Úsáid na gcistí poiblí d'fhorbairt acmhainní daonna, d'earcaíocht agus d'oiliúint
d'earnáil na turasóireachta a éascú agus athbhreithniú a dhéanamh ar an úsáid sin.
Rinneadh dul chun cinn suntasach i bhfeabhsú na seirbhísí, an chaighdeáin agus na
proifisiúntachta san earnáil turasóireachta le linn na bliana 2003. Bhronn HETAC, Comhairle
na gCáiliúchán Ardoideachais agus Oiliúna bailmheas ar cheithre chlár nua tríú leibhéal a
chuir Fáilte Éireann le chéile i gcomhar le hionadaithe ón tionscal agus ón earnáil oideachais.
Tá sé beartaithe na cláir seo a bheith á n-ofráil i bhFómhar na bliana 2004.
Bhain beagán le cois 2,500, san iomlán, de mhic léinn turasóireachta agus fáilteachais
gradaim amach sa bhliain 2003 ar chláir atá faofa ag FETAC agus ag HETAC. D'fhreastail
2,800 mac léinn ar chláir thurasóireachta agus fáilteachais in Institiúidí breisoideachais agus
ardoideachais, d'fhreastail 2,000 oiliúnaí ar chúrsaí ag Ionaid Oiliúna Fháilte Éireann féin,
agus d'fhreastail breis is 5,000 duine ar chláir inseirbhíse a dearadh dóibh siúd atá ag obair sa
tionscal cheana féin.
22
23
23
Page 24
25
Thaispeáin an Seó Bóthair: Déan do Bhealach a fhiúntas mar uirlís mhaith mhargaíochta agus
é ag léiriú na turasóireachta mar ghairm céad rogha do 10, 000 fágálaí scoile. Ina theannta
sin thug ionadaithe ó Fháilte Éireann cuairt ar suas le 200 meánscoil, agus thionóil siad
seisiúin eolais do dhaltaí faoi ghairmeacha sa turasóireacht.
Cuireadh an Clár Barr Chleachtais le chéile as anailís a bhí déanta ag Fáilte Éireann ar na
cleachtais idirnáisiúnta ab fhearr agus cuireann sé uirlís shainiúil tagairmharcála ar fáil don
tionscal bunaithe ar "na cleachtais is fearr sa rang". Chuir fiche cuideachta tús le feidhmiú
phróisis an Bharr Chleachtais trí féinmheasúnú a dhéanamh, réimsí ina bhféadfaí feabhas a
chur orthu a aimsiú agus pleananna gnímh a ullmhú. Tá an chéad chuid den iniúchadh agus
an chéad chuid de bhronnadh na ngradam beartaithe do thús na bliana 2004. Bhain caoga
cuideachta i raon earnálacha i dtionscal na turasóireachta Gradam Barr Chleachtais na
hÉireann amach sa bhliain 2003.
Táthar ag leanúint le cur chun cinn agus le cothú de chultúr barr feabhais i gcúram
custaiméara sa tionscal trí bhithín ghradaim Fháilte Éireann " Gradam Barr Feabhais na
hÉireann don tSeirbhís is Fearr". Tá an Gradam, a ndéantar iniúchadh neamhspleách air,
leagtha amach i gcaoi go gcuideofar le fostóirí an oiread is is féidir a bhaint as a bhfoirne ar
bhealach struchtúrtha inmharthana ionas go bhfanfaidh foirne leo níos faide agus ionas go
mbeidh caighdeán na seirbhíse, sa tionscal, níos airde.
Táthar i mbun athbhreithnithe ar chaiteachas Fháilte Éireann i réimsí na hoiliúna, na
hearcaíochta agus na forbartha gnó d'fhonn straitéis nua d'fhorás acmhainní daonna i
dtionscal na turasóireachta a fhorbairt. Déantar athbhreithniú trí thuarascálacha rialta a chur
ar fáil ar an dul chun cinn atá ag tarlú i bhfeidhmiú i gcoibhneas na sainspriocanna atá leagtha
síos do bheartais oiliúna agus fostaíochta faoi na tionscnaimh ábhartha faoi Chlár Oibriúcháin
na Fostaíochta agus na nAcmhainní Daonna mar atá sa Phlean Forbartha Náisiúnta.
STRAITÉIS 5
Éascú a dhéanamh ar úsáid na gcistí poiblí chun forbairt inmharthana agus chothrom a
dhéanamh ar tháirgí na turasóireachta agus chun caighdeán na dtáirgí a fheabhsú .
23
24
24
Page 25
26
Cuireadh suas le €55 milliún mar dheontas i gcabhair ó Chiste Forbartha Réigiúin na hEorpa
ar fáil chun tacú le hinfheistíocht i dtáirge na turasóireachta thar thréimhse an Phlean
Forbartha Náisiúnta, 2000 2006 trí Scéim Forbartha Tháirgí na Turasóireachta. Ceann de
na príomhchuspóirí atá leis an Scéim cur leis an scaipeadh ó thaobh spáis de, a dhéantar ar
thurasóireacht ar fud na hÉireann. Cabhróidh sé seo leis na limistéir thurasóireachta nach
bhfuil an oiread sin forbartha déanta orthu a n-acmhainn a bhaint amach chun ionaid nua,
d'fhorás láidir turasóireachta, a spreagadh. Cuireann sé roimhe freisin bainistiú níos fearr a
chothú sa cheangal idir an turasóireacht agus an comhshaol.
Tá an Scéim á riar ag Fáilte Éireann agus is iad na Boird neamhspleácha Bhainistíochta
Táirgí, a dhéanann aon chinneadh a bhaineann le hiarratais aonaracha ar dheontais. Bunaíodh
na Boird go speisialta faoina chomhair seo. Fuair Fáilte Éireann agus na hÚdaráis
Réigiúnacha Turasóireachta 265 iarratas san iomlán i dtús báire ar dheontas i gcabhair faoin
Scéim. Críochnaíodh an chéad chéim den mheasúnú agus de dhéanamh na gcinntí faoi
Shamhradh na bliana 2003 agus faoi dheireadh na bliana bhí thart ar 100 moladh bailithe
chun cinn chuig an dara céim den phróiseas. Leithroinneadh deontais de luach €1.2 milliún ar
cheithre thionscadal agus glacadh go coinníollach le 18 tionscadal eile. Táthar ag dréim le
cinneadh a dhéanamh i leith na moltaí atá fágtha sa bhliain 2004.
I Meitheamh na bliana 2003, ghlac an Rialtas i bprionsabal le foráil de Lár-Ionad Comhdhála
Náisiúnta trí phróiseas soláthair iomaíoch agus oscailte. Bunaíodh Grúpa Stiúrtha
d'Ardleibhéal chun athbhreithniú a dhéanamh ar shonraíocht an tionscadail agus na
riachtanais a bhainfeadh lena fheidhmiú a bheith san áireamh, agus chun aontú ar phointí
phróiseas an tsoláthair. D'eisigh Oifig na nOibreacha Poiblí fógra ag lorg Léiriú Suime i
bhforáil de Lár-Ionaid Comhdhála Náisiúnta i limistéar Bhaile Átha Cliath le freastal de réir
meastacháin, ar tuairim is 2000 toscaire. Foilsíodh an fógra in Iris Oifigiúil Aontas na
hEorpa i mí na Samhna. Fógraíodh an comórtas freisin sna meáin náisiúnta. Fuarthas
ceithre thairiscint faoin 21 Eanáir 2004, an dáta deiridh i gcomhair iarratais a bheith istigh.
Tá sé i gceist cinneadh deimhneach a fháil ón Rialtas faoin Lár-Ionad faoi dheireadh na
bliana 2004.
24
25
25
Page 26
27
Dul chun cinn sna Spriocanna Ealaíon agus Institiúidí Cultúrtha
Seo a leanas an cuspóir i leith na n-ealaíon, na scannánaíochta & an cheoil agus na
nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta atá glactha ag an Roinn uirthi féin:
"Cleachtadh agus meas ar na healaíona a chothú, agus cur ar chumas na
nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta ár n-oidhreacht shoghluaiste agus ár sócmhainní
cultúrtha a bhailiú, a chaomhnú, a chosaint agus a chur i láthair trí fhoráil
d'fhrámaíocht chuí reachtaíochta, pholasaí agus acmhainní."
Tá na straitéisí a aithníodh chun an cuspóir seo a chur i gcrích breactha síos go mion i gcéad
Ráiteas Straitéise na Roinne a chlúdaíonn an tréimhse trí bliana 2003 2005, agus atá luaite
arís, mar aon le táscairí ábhartha feidhmiúcháin, in Aguisín 2 den tuarascáil seo.
STRAITÉIS 1
Frámaíocht reatha reachtaíochta do na healaíona a uasghrádú.
Achtaíodh Acht Ealaíon, 2003 ar an 14 Lúnasa 2003. Aisghairmíonn an tAcht seo an
reachtaíocht ealaíon a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1951 agus sa bhliain 1973 agus
soláthraíonn sé bonn dlíthiúil atá níos ábhartha agus níos oiriúnaí i gcomhthéacs shaol an lae
inniu. Is iad príomhfhorálacha an Achta:
-Sainnítear "na healaíona" d'fheidhmeanna an Achta, ar shlí is go mbeifear fós ag tagairt
d'fhoirmeacha comhdhamhna sna healaíona, ach go mbainfidh an oiread sin
solúbhthachta leo go mbeidh foirmeacha traidisiúnta de na healaíona mar aon le
foirmeacha atá ag eascairt agus atá nuálach agus foirmeacha de na healaíona i nGaeilge, i
mBéarla, nó in aon teanga eile san áireamh leo.
-Forálann an tAcht go gcuirfidh an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta na healaíona
chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus tugann sé aitheantas do ról an Aire i
leith pholasaí iomlán an Stáit a leagan amach do na healaíona.
25
26
26
Page 27
28
-Leanfaidh an Chomhairle Ealaíon dá ról mar phríomhghníomhaireacht an Stáit a bheidh
freagrach as cur chun cinn agus forbairt na n-ealaíon, agus beidh sé riachtanach go
mbeidh pleananna agus straitéisí na Comhairle ag réiteach le polasaí an Rialtais i leith na
n-ealaíon.
-Tugann an tAcht aitheantas sainiúil do neamhspleáchas na Comhairle Ealaíon cinntí a
dhéanamh i leith íocaíochta as an gciste.
-Tá líon na mball ar an gComhairle Ealaíon laghdaithe ó seacht mball déag go trí bhall
déag. Tá tús curtha le ballraíocht rollach ionas go mbeidh leanúnachas níos fearr ag baint
le hobair na Comhairle.
Tá sé de chumhacht ag an Aire treoir a thabhairt don Chomhairle suas le trí Choiste Speisialta
a bhunú lena comhairliú ar na saincheisteanna polasaí sin a shainneoidh sé. Comhairle i
dtaca le ceisteanna a bhaineann leis na healaíona traidisúnta a chuirfidh an chéad Choiste
Speisialta ar an gComhairle Ealaíon.
STRAITÉIS 2
Tacaíocht a thabhairt d'obair bhreise a dhéanamh ar infreastruchtúr na n-ealaíon agus
an chultúir lena n-áirítear ealaín phoiblí.
Sa dá bhliain 2002 agus 2003 leanadh de chur i bhfeidhm na dtionscadal faoi Scéim
Thacaíochta na Roinne do chur chun cinn na nEalaíon agus an Chultúir (ACCESS), a
chuirfidh €45.7 milliún ar fáil faoin gclár do 44 tionscadal infreastruchtúir i gcomhair na n-ealaíon
agus an chultúir thart timpeall na tíre. Tá an scéim leagtha amach sa chaoi is go
mbeidh soláthar infreastruchtúir d'ardchaighdeán ann faoi chomhair na n-ealaíon agus an
chultúir agus tá trí chuid inti:
. Saoráidí nua
. Athfhorbairt ar shaoráidí reatha na nEalaíon agus an Chultúir agus
. Tionscadail níos lú agus iad bunaithe ar an bPobal.
26
27
27
Page 28
29
Cuireadh béim faoi leith ar thionscadail phobal-bhunaithe agus glacadh le deontas i gcabhair
a leithroinnt ar sheacht gcinn déag de thionscadail dá leithéid. Cuideoidh an scéim le
rannpháirtíocht níos iomláine sna healaíona agus le líon níos mó de shaoráidí a bheith á
sholáthar níos forleithne ar fud na tíre. Táthar ag súil freisin go gcruthóidh an scéim
fostaíocht dhíreach agus indíreach sna healaíona agus sa gheilleagar áitiúil go ginearálta.
Ginfidh an scéim infheistíocht iomlán de bheagnach €58.4 milliún in infreastruchtúr caipitil
na n-ealaíon thar thréimhse ceithre bliana nuair a chuirtear san áireamh go mbeidh maoiniú
dá réir á sholáthar ag tionscnóirí na dtionscadal.
Bunaíodh Grúpa Idir-Ranna um Chomhordú na hEalaíne Poiblí faoi chathaoirleacht na
Roinne i nDeireadh Fómhair na bliana 2002 chun cur chuige náisiúnta i leith ealaín phoiblí a
fhorbairt. Bhí dréachtadh shraith de threoirlínte d'fheidhmiú Chéadatán Scéim na hEalaíne i
dtéarmaí tagartha an Ghrúpa Idir-Ranna, treoirlínte atá ionann is a bheith críochnaithe anois,
tar éis comhairle a fháil ó phainéal saineolaithe. D'aimsigh an Grúpa réimsí eile nách mór
dul i ngleic leo agus orthu seo tá feasacht faoin scéim agus faoina feidhmiú a fhógairt agus a
spreagadh, oiliúint a chur ar ealaíontóirí, ar mhic léinn ealaíne agus ar chomhlachtaí
coimisiúnaithe, fardail a chothú agus an ealaín phoiblí a úsáid mar acmhainn oideachais.
Rachaidh an Grúpa i ngleic leis na saincheisteanna seo agus é i mbun a chuid oibre.
STRAITÉIS 3
Infheistíocht a spreagadh i ndéantúsaíocht scannán in Éirinn.
Spreagann an Roinn déantúsaíocht scannán in Éirinn trí thacú le Bord Scannán na hÉireann,
comhlacht reachtúil neamhspleách atá freagrach as cur chun cinn déantúsaíocht scannán in
Éirinn agus ina theannta sin as cur chun cinn na hÉireann mar ionad do léirithe idirnáisiúnta.
Tá tacaíocht le fáil ón mBord ag gach leibhéal de léiriú na scannán ón léiritheoir gur
tosaitheoir é/ í go dtí mórléirithe idirnáisiúnta.
Is í an scéim faoisimh chánach faoi alt 481 den Acht Airgeadais 1991 faoina bhfuil
faoiseamh cánach le fáil as infheistíocht a dhéanamh i léiriú scannán, an chuid mhór eile óna
bhfuil tacaíocht na Roinne le fáil ag tionscal na scannánaíochta fúithi. D'fhógair an tAire
Airgeadais ina óráid le linn bhuiséad mhí na Nollag 2003 go leanfar anois le hAlt 481 den
27
28
28
Page 29
30
scéim faoisimh chánach go dtí deireadh na bliana 2008 agus go mbeidh an tsuim gur féidir a
fháil ag ardú ó €10.48 milliún go €15 milliún ón mbliain 2005 ar aghaidh.
Tá cainteanna ar siúl le líon áirithe de Bhallstáit an AE maidir le comhaontaithe déthaobhacha
ar léiriú scannán a thabhairt chun críche go luath.
STRAITÉIS 4
Ról an Choiste Chaidrimh Chultúrtha a dheimhniú i bhfianaise fhreagracht an Aire i
leith chur chun cinn ealaíne na hÉireann thar lear mar atá leagtha síos in Acht na
nEalaíon 2003.
Sainnítear faoi réir Acht Ealaíon 2003 gurb í feidhm an Aire na healaíona a chur chun cinn
taobh istigh agus taobh amuigh den Stát.
Tuairiscíonn an Coiste Chaidrimh Chultúrtha don Aire. Déanann an Coiste Chaidrimh
Chultúrtha moltaí ar chabhair airgeadais a chur ar fáil d'ealaíontóirí agus do lucht taispeántais
gur mhian leo a bheith ag léiriú nó ag cur a gcuid oibre ar taispeáint thar lear. Chuaigh an
Roinn i mbun oibre i gcaitheamh na bliana 2003 ar pholasaí nua a fhorbairt maidir le cur
chun cinn na ealaíne na hÉireann thar lear.
Leanadh de na hullmhúcháin a bhain le clár leathan ar mhalartú gnéithe cultúrtha idir Éirinn
agus an tSín, i rith na bliana 2003. Bhuail an coiste idir-rialtas a bhí faoi
chomhchathaoirleacht na Roinne agus Aireacht Chultúr na Síne le chéile faoi dhó chun aontú
ar chlár imeachtaí sa dá thír. D'aontaigh an dá thaobh, ar mholadh ó údaráis na Síne, clár na
hÉireann a bhí beartaithe do Dheireadh Fómhair na bliana 2003 sa tSín a chur siar mar go
raibh an galar SARS tar éis briseadh amach. Beidh clár na hÉireann ar siúl anois i mBéising
agus i Shang-hai i mBealtaine agus Meitheamh na bliana 2004. Beidh an clár a fhreagróidh
dó sin, a bheidh ag teacht isteach ón tSín, ar bun in Éirinn sa dara leath den bhliain 2004.
Le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach b'iontach iad na deiseanna ar leith a
bhronn leathnú Aontas na hEorpa maidir le béim a chur ar ábharthacht na hEorpa do mhuintir
na hÉireann agus san am céanna fáilte chroíúil Éireannach a chur roimh na Ballstáit Nua a
bhí ag teacht i réim. Is í an Roinn seo an Roinn atá chun tosaigh i bpleanáil agus i
28
29
29
Page 30
31
bhfeidhmiú Chlár Cultúrtha na hÉireann d'Uachtaránacht na hÉireann ar Aontas na Eorpa.
Ceapadh Coimisinéir i mí Lúnasa na bliana 2003 chun Plean Cultúrtha a phleanáil agus a
réadtiomnú agus chun dul i dteagmháil le Ranna eile Rialtais agus lenár n-oifigí thar lear.
Seo a leanas ceithre thaca an chláir:
. Ceolchoirmeacha agus taispeántais tábhachtacha sa Bhruiséil
. Lá na bhFáiltí leathnú na hEorpa a bheith á cheiliúradh ar fud na tíre Lá Bealtaine
. Sraith de thurais agus de chuairteanna cultúrtha ag ealaíontóirí as Éirinn ar na deich
mballstát nua a tháinig i réim, agus
. Teagmháil idir eagraíochtaí féilte agus ealaíon na hÉireann cuireadh go hÉirinn a
thabhairt d'ealaíontóirí ó na ballstáit nua go hÉirinn.
STRAITÉIS 5
Frámaíocht acmhainne, pholasaithe agus reachtaíochta a sholáthar do na hInstitiúidí
Cultúrtha Náisiúnta agus éilimh a éiríonn as athruithe sa tsochaí agus i riachtanais
dhlíthiúla á gcur san áireamh.
Leanadh ar aghaidh i gcaitheamh na bliana den obair fhorbartha a bhí ar bun ag Ard-Mhúsaem
na hÉireann, ag Dún Uí Choileáin, agus ba é an stóras troscáin san Fhaiche
Iompair an ghné faoi leith a raibh aird le tarraingt uirthi. Osclaíodh an tsaoráid nua seo go
hoifigiúil i mí Eanáir na bliana 2004. Tá pleananna athbhreithnithe ailtireachta leagtha
amach don Bhloc Lárnach Nua, saoráid atá molta don Mhúsaem agus do spás taispeántais i
gcomhair mórthaispeántais ar an stair mhíleata mar atá beartaithe a chur ar taispeáint i nDún
Uí Choileáin sa bhliain 2005. Táthar ag leanúint den obair chun feabhas a chur ar halla na
coda sin den Mhúsaem atá ar Shráid Chill Dara agus críochnófar an obair seo sa bhliain 2004.
Leanadh den obair ar chlár forbartha Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a bhfuil €88.5
milliún measta mar chaiteachas dó don tréimhse suas go dtí 2006. Tá athchóiriú á dhéanamh
ar iar-fhoirgneamh an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, d'fhonn taispeántas mór
bunaithe ar shaothar Joyce, a bheidh ag oscailt i Meitheamh na bliana 2004, a lonnú ann mar
chuid de cheiliúradh céid Bloomsday. Tosaíodh sa bliain 2003 ag glanadh aghaidh áitreabh
na Leabharlainne ag 2/ 3 Sráid Laighean Theas.
29
30
30
Page 31
32
Bunaíodh Grúpa Feidhmithe Oibre agus ionadaithe ón dá Institiúid Chultúrtha agus ón Roinn
air chun stádas féinrialaithe a bhaint amach d'Ard-Mhúsaem na hÉireann agus don
Leabharlann Náisiúnta faoi réir Acht na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997. Cé go
bhfáiltítear go ginearálta roimh an athrú go stádas féinrialaithe braitheann sé ar bhunú
struchtúir oiriúnacha foirne agus airgeadais a chuirfidh ar chumas an dá Institiúid Chultúrtha
feidhmiú ar bhonn neamhspleách, agus ardleibhéal seirbhísí a sheachadhadh do chustaiméirí
laistigh agus lasmuigh, araon. Táthar ag leanúint den phlé ar na saincheisteanna seo.
Leanadh, i gcaitheamh na bliana 2003, den phlé ar an rogha atá ann An Ceoláras Náisiúnta a
athoscailt ar shuíomh atá faoi smacht Údarás Forbartha Cheantar Dugaí Átha Cliath.
In Eanáir na bliana 2003, cheadaigh an Rialtas don Aire tairiscintí ar léiriú suime a lorg trí
chuireadh poiblí chuig an earnáil phríobháideach a bheith rannpháirteach, ar bhonn an Chláir
um Shíocháin agus Rathúnas in athfhorbairt chaipitil Amharclann na Mainistreach ar an
láthair ar a bhfuil sí agus/ nó in abhantrach an tsuímh ar a bhfuil sí lonnaithe anois. Tá an
Roinn ag leanúint le hiniúchadh a dhéanamh ar na saincheisteanna atá á n-ardú sa
chomhthéacs seo.
Bhunaigh an tAire 'Coiste Comhordaithe Cheiliúradh Céid Bloomsday' mar aitheantas ar a
thábhachtaí is atá sé céad bliain "Bloomsday", a cheilúradh. Is é sainordú an Choiste
eachtraí ceiliúrtha don cheiliúradh céid a spreagadh a bheidh tarraingteach do réimse leathan
de mhuintir na hÉireann agus clár cultúrtha turasóireachta d'ardchaighdeán a réiteach a
leanfaidh ar aghaidh ar feadh roinnt míonna ach a bheidh dírithe ar dháta Cheiliúradh Céid
Bloomsday, an 16 Meitheamh. Gné thábhachtach in imeachtaí cultúrtha na bliana 2004 a
bheidh san Fhéile agus beidh sí á reáchtáil faoin teideal oibre "ReJoyce Áth Cliath 2004".
STRAITÉIS 6
30
31
31
Page 32
33
Frámaíocht pholasaí a bhunú d'fhonn rochtain níos fearr chuig na bailiúcháin náisiúnta
don phobal a éascú agus d'fhonn forbairt a dhéanamh ar mhúsaeim go háitiúil agus go
réigiúnach.
Tharla comhráití idir An Chartlann Náisiúnta agus idir Leabharlann agus Cartlann Cheanada
maidir le roghanna i dtaobh na faisnéise atá i ndaonáirimh na mblianta 1901 agus 1911 a chur
i bhfoirm dhigití ionas go mbeadh an fhaisnéis seo ar fáil ar líne taobh istigh de roinnt blianta.
Meastar gur acmhainn an-suntasach í an fhaisnéis atá sna daonáirimh agus táthar ag súil nuair
a bheidh fáil uirthi ar líne go léireoidh an comhluadar Éireannach atá scaipthe ar fud na
cruinne suim thar na bearta inti.
Tosaíodh ar athbhreithniú a dhéanamh ar ról, ar fheidhmeanna agus ar eagrúchán Choimisiún
na Lámhscríbhiní Éireannacha i rith na bliana agus táthar ag súil go dtabharfar sin chun
críche sa chéad leath den bhliain 2004.
Chaith an Roinn go fial freisin le caiteachas reatha Leabharlann an Ardeaspaig Marsh,
Coimisiún na Lamhscríbhinní Éireannacha, Cartlann Ailtireachta na hÉireann agus
Comhairle na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta.
STRAITÉIS 7
Tacú le Comhairle na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta.
Thacaigh an Roinn le hobair Chomhairle na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta agus spreag sí
úsáid Ailt 1003 den Acht um Dhaingniú Cánach, 1997 agus úsáid an Chiste Oidhreachta chun
na Bailiúcháin Náisiúnta a leathnú de réir na gcritéar atá leagtha síos sa reachtaíocht.
Forálann Alt 1003 den Acht um Dhaingniú Cánach, 1997 faoiseamh ó cháin i leith nithe
oidhreachta a bhronnadh mar bhronntanais ar na hInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta. Bronnadh
luach tuairim is €5.5 milliún san iomlán de na bronntanais seo a leanas sa bhliain 2003:
. dhá Bhailiúchán ar Mhúsaem na hÉireann don Ealaín Chomhaimseartha,
. ábhar breise ó bhailiúchán "Leon" agus beidh na píosaí deireanacha dá mbaineann á
gceannach ag Dánlann Náisiúnta na hÉireann sa bhliain 2003, agus
31
32
32
Page 33
34
. fuair Dánlann Náisiúnta na hÉireann seilbh ar cheithre phíosa nua oibre tríd an Scéim.
Bhunaigh an tAcht um Chiste Oidhreachta, a feidhmíodh sa bhliain 2001, Ciste a raibh
teorann iomlán de bheagnach €13 milliún aige thar thréimhse cúig bliana. Tá na cúig
institiúid seo a leanas i dteideal leas a bhaint as an gCiste Oidhreachta ó tharla gurb iadsan na
príomhinstitiúidí bailiúcháin náisiúnta:
-An Chartlann Náisiúnta
-Dánlann Náisiúnta na hÉireann
-Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
-Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus
-Músaem na hÉireann don Ealaín Chomhaimseartha.
D'aontaigh an tAire sa bhliain 2001, agus é ag feidhmiú ar mholadh Chomhairle na
nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta, go mbainfí úsáid as na hacmhainní a bhí sa Chiste
Oidhreachta chun teacht i gcabhair ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chun seilbh a fháil
ar bhailiúchán de pháipéir le Joyce, a raibh luach de stg £8 milliún leagtha orthu.
32
33
33
Page 34
35
Dul chun cinn i dtreo Spriocanna Spóirt
Seo a leanas an cuspóir i leith an spóirt atá glactha ag an Roinn uirthi féin:
"Cuspóirí an Rialtais a chur i gcrích i leith rannpháirtíocht mhéadaithe sa spórt
agus feabhsú i gcaighdeáin na gníomhaíochta sa spórt agus forbairt a dhéanamh ar
shaoráidí spóirt, ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, go speisialta i bpobail
faoi mhíbhuntáiste trí fhoráil de pholasaí cuí agus éifeachtach agus i gcomhthéacs an
mhaoinithe phoiblí."
Tá na straitéisí a aithníodh chun an cuspóir seo a chur i gcrích breactha síos go mion i gcéad
Ráiteas Straitéise na Roinne a chlúdaíonn an tréimhse trí bliana 2003 2005, agus atá luaite
arís, mar aon le táscairí ábhartha feidhmiúcháin, in Aguisín 3 den tuarascáil seo.
STRAITÉIS 1
Éascaíocht agus athbhreithniú a dhéanamh ar úsáid na gcistí poiblí do chláir a
chuireann spórt agus gníomhaíocht chaithimh aimsire chun cinn.
Tacaíonn an Roinn le gníomhaíochtaí Chomhairle Spórt na hÉireann, le Rásaíocht Chapall na
hÉireann agus le Bord na gCon agus an polasaí spóirt á fheidhmiú aici. Coinníonn an Roinn i
dteagmháil go rialta leis na heagraíochtaí seo agus monatóireacht á déanamh ar fhorbairt
éifeachtach, ar mhaoiniú agus ar fheidhmiú clár, chun géilliúlacht i leith riachtanais airgeadais
agus pholasaí an Rialtais a chinntiú. Tugann pleananna agus tuarascálacha bliantúla na dtrí
ghníomhaireacht seo mioneolas i dtaobh leibhéal na ngníomhaíochtaí agus na dtáscairí atá á
gcur i gcrích. Tá clár athbhreithnithe ar chaiteachas i dtaca le Comhairle Spórt na hÉireann le
cur i gcrích faoi dheireadh na bliana 2004.
33
34
34
Page 35
36
STRAITÉIS 2
Foráil de shaoráidí spóirt agus caithimh aimsire a éascú ar bhonn náisiúnta.
Is é an Clár Caipitil Spóirt atá ag an Roinn an príomhchlár d'fhoráil mhaoiniú an Rialtais
d'fhonn saoráidí spóirt a fhorbairt ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta in Éirinn.
D'éirigh go hiontach leis an gclár seo cabhrú le clubanna agus le heagraíochtaí saoráidí nua
nó saoráidí feabhsaithe go mór a chur ar fáil ag gach uile leibhéal agus i ngach uile chineál de
ghníomhaíochtaí spóirt agus caithimh aimsire i mbailte beaga, i mbailte móra agus i bparóistí
ar fud na tíre. Leithroinneadh beagnach €270 milliún ón mbliain l998 i leith ar bhreis is
3,500 tionscadal dá leithéid sin. Tógadh seomraí nua-aimseartha feistis, osclaíodh páirceanna
peile, dromchla féir nádúrtha nó féir shintéisigh orthu, agus tuilsoilsiú ina lán díobh, agus
leathnaíodh raon saoráidí na gclubanna mar thoradh díreach ar an infheistíocht seo. Cuspóir
faoi leith a ghabhann leis an gclár is ea díriú ar na riachtanais spóirt ag an leibhéal réigiúnach.
Rinneadh, mar shampla, athchóiriú ar an Staidiam Dornálaíochta Náisiúnta i mBaile Átha
Cliath, tá an fhorbairt ar an Lár-Ionad nua Rámhaíochta Náisiúnta in Inis Carra, Corcaigh,
ionann is críochnaithe, agus ina theannta sin tá raon de shaoráidí lánpháirteacha spóirt á chur
ar fáil sna bailte i gcomhar le húdaráis áitiúla roghnaithe.
Cabhraíonn an Clár Caipitil Spóirt agus Clár na nÚdarás Áitiúil um Linnte Snámha, araon, le
foráil d'infreastruchtúr fisiciúil a bhunú ar a bhféadfar tionscnaimh éagsúla na Comhairle
Spóirt a fhorbairt agus a fheidhmiú agus a straitéis fadtéarmach bunaithe ar rannpháirtíocht,
ar ghníomhú agus ar bharr feabhais á cur i bhfeidhm aici.
Tá athbhreithniú caiteachais an Chláir Chaipitil Spóirt ar cuireadh tús leis sa bhliain 2003 faoi
réir Chláir Athbhreithnithe ar Chaiteachais na Roinne beagnach críochnaithe. Beidh an t-athbhreithniú
seo mar threoir agus plean straitéiseach fadtéarmach á fhorbairt d'fhoráil
saoráidí spóirt ar fud na tíre. Críochnófar iniúchadh náisiúnta ar shaoráidí spóirt mar ghné
chomhchoda den straitéis seo.
Tá tionchar mór fós ag Clár na nÚdarás Áitiúil um Linnte Snámha ar cuireadh tús leis sa
bhliain 2000. Ba €9 milliún caiteachas iomlán an chláir don bhliain 2003. I ndeireadh na
bliana 2003 ba é seo an seasamh a bhí ag na 55 iarratas ar glacadh leo ar an gclár: bhí aon
34
35
35
Page 36
37
cheann déag críochnaithe, bhí ceithre cinn á dtógáil, bhí cúig cinn faoi réir tairisceana agus
bhí cáipéisí conartha á réiteach don ocht gcinn déag eile.
Bunaíodh Coiste Stiúrtha i bhFómhar na bliana 2003 chun tabhairt faoi athbhreithniú
caiteachais ar Chár na Linnte Snámha.
STRAITÉIS 3
Forbairt ar Champas agus Staidiam Éireann a éascú.
D'eisigh an Rialtas cuireadh i Meán Fómhair na bliana 2002 i leith suim a léiriú i staid den
chineál is nua-aimsearthaí a sholáthar, a bheadh maoinithe go príobháideach agus a shuífeadh
65,000 lucht féachana. Cé go mba léir ó na freagraí a fuarthas go raibh suim sách maith ag
earnáil na n-infheisteoirí príobháideacha a bheith rannpháirteach ina leithéid d'fhiontar
(fuarthas 23 freagra ag léiriú suime), ní bheadh ar chumas an Aire glacadh leo de bharr na
gcoinníollacha a ghabh leo.
D'iarr an tAire ar an IRFU agus ar an FAI i mí Feabhra 2003 cuntas a chur le chéile i dtaca
leis na gnéithe riachtanacha a bhainfeadh lena staid agus tuairisc a chur ar ais chuige. Leag
an IRFU agus an FAI síos go mion ina dtuarascáil (ullmhaithe ag Comhairleoirí Arup) agus a
cuireadh faoi bhráid an Aire in Aibreán na bliana 2003, a dtograí tosaíochta ar fhorbairt
staidiaim a dhéanfadh freastal ar na riachtanais i leith imeachtaí tábhachtacha idirnáisiúnta a
chur ar siúl i mórlimistéar Bhaile Átha Cliath. Cuireadh tuarascáil bhreise faoi bhráid an Aire
i mí na Nollag 2003.
Tar éis d'Oifig na nOibreacha Poiblí agus dá sainchomhairleoirí scrúdú a dhéanamh ar na
haighneachtaí chuir an tAire tograí faoi bhráid an Rialtais go luath sa bhliain 2004. Faoi réir
na dtograí seo ar ghlac an Rialtas leo, déanfar athfhorbairt ar Bhóthar Lánsdúin mar staidiam
suite amháin do 50,000 duine agus a bheidh faoi chomhbhainistiú an IRFU agus an FAI.
Leithroinnfear maoiniú Rialtais, faoi chaidhp €191 milliún, ar an tionscadal. Ina theannta sin
d'údaraigh an Rialtas do Champas agus Staidiam Éireann Teo. leanúint ar aghaidh le forbairt
fhorchéimnithe ar champas spóirt i mBaile an Abba a ligean chun cinn.
35
36
36
Page 37
38
D'oscail an Taoiseach an Lár-Ionad Uisciúil Náisiúnta go hoifigiúil i mBaile an Abba i Márta
na bliana 2003. Cónascann an Lár-Ionad Uisciúil Náisiúnta saoráidí i gcomhair comórtais ar
chaighdeán domhanda sa snámh, sa tumadóireacht agus i spóirt linnte uisce eile le saoráid
chaitheamh aimsire den scoth. I Meitheamh na bliana 2003 ba sa Lár-Ionad Uisciúil
Náisiúnta a tionóladh imeachtaí snámha Chluichí Oilimpeacha Speisialta Domhanda an
tSamhraidh 2003 agus i mí na Nollag 2003 b'ann a tionóladh Craobhchomórtais
Ghearrchúrsaí Snámha na hEorpa. Tá aitheantas forleathan idirnáisiúnta bainte amach ag an
tsaoráid as a caighdeán. Críochnaíodh an tionscadal in am agus de réir buiséid.
36
37
37
Page 38
39
Forbairt Eagraíochtúil sa Roinn
Tá an méid seo a leanas mar sprioc d'fhorbairt eagraíochtúil ag an Roinn:
"Tacú le cur i bhfeidhm mhisean agus spriocanna earnálacha na Roinne agus tacú
le foráil de sheirbhís d'ardchaighdeán do chustaiméirí, trí struchtúir eagraíochtúla
agus struchtúir thacaíochta, scileanna agus ábaltachtaí na foirne a fhorbairt i
gcomhar le clár nuachóirithe na Státseirbhíse."
Tá na straitéisí a aithníodh chun an cuspóir seo a chur i gcrích breactha síos go mion i gcéad
Ráiteas Straitéise na Roinne a chlúdaíonn an tréimhse trí bliana 2003 2005, agus atá luaite
arís, mar aon le táscairí ábhartha feidhmiúcháin, in Aguisín 4 den tuarascáil seo.
STRAITÉIS 1
Forbairt Leanúnach ar Fhrámaíocht Straitéiseach Bhainistíochta.
D'éirigh dúshláin shuntasacha as bunú na Roinne nua. Níor bhain na dúshláin seo le hábhair
lóistíochúla mar chóiríocht foirne, mar Theicneolaíocht na Faisnéise agus saincheisteanna eile
córais amháin, bhain siad chomh maith le tuiscint ar ghnáthaidhm agus ar aitheantas
corparáideach na bhfeidhmeanna a shannaigh an Rialtas don Roinn nua a fhorbairt agus le
clár nuachóirithe na státseirbhíse a chur chun cinn d'fhonn riachtanais an Tionscnaimh
Straitéisigh Bhainistíochta a chomhlíonadh agus Dul Chun Cinn a Inbhuanú. Rinne an iar-Roinn
Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, agus an iar-Roinn Turasóireachta, Spóirt
agus Áineasa, as ar bunaíodh an Roinn nua, dul chun cinn suntasach lena gceart féin a
thabhairt dóibh, i gcur i bhfeidhm an chláir nuachóirithe ach chaithfí breathnú arís ar an obair
seo de bharr bhunú na Roinne nua.
Go gairid i ndiaidh bhunú na Roinne nua i Meitheamh na bliana 2002 tugadh tús áite
d'fhorbairt Ráitis Straitéisigh agus, ina dhiaidh sin, d'fhorbairt Phleanna Gnó, d'fhonn fócas
straitéiseach a sholáthar don Roinn nua agus d'fhonn a ról, a feidhmeanna agus a
37
38
38
Page 39
40
príomhchuspóirí a shoiléiriú. Foilsíodh Misean agus Ráiteas Straitéiseach na Roinne 2003-
2005, inar tugadh saintáscairí ar thorthaí, ar aschur agus ar fheidhmiúchán i mí Iúil 2003.
Cuireadh Coiste nua Comhpháirtíochta le chéile in Eanáir 2003 ag a raibh clár oibre
suntasach a dhírigh go mór ar chlár athchóirithe agus solúbthachta na státseirbhíse a leagtar
amach i "Dul Chun Cinn a Inbhuanú". Thionóil an Coiste Comhpháirtíochta sé huaire le linn
2003 agus stiúir siad agus d'aontaigh siad ar réimse tionscnamh, lena n-áirítear an Ráiteas
Straitéiseach, 2003-2005, An Plean Gnó 2003, An Plean Gnímh agus An Chéad Tuairisc ar
Dhul Chun Cinn atá faoi Dul Chun Cinn a Inbhuanú, An Straitéis Acmhainní Daonna 2003-
2005, Cairt na gCustaiméirí agus Plean Feidhmiúcháin Chairt na gCustaiméirí, Straitéis
Teicneolaíocht na Faisnéise agus An Straitéis Oiliúna agus An Plean Oiliúna. Bhí foghrúpaí
Comhpháirtíochta gníomhach chomh maith i réimsí d'Fhorbairt Acmhainní Daonna, de
Sheirbhís na gCustaiméirí agus de Theicneolaíocht na Faisnéise.
Rinneadh tomhas ar chur i bhfeidhm chlár nuachóirithe na státseirbhíse sa Roinn in aghaidh
chur i ngnímh réimse de spriocanna agus de chuspóirí a leagadh amach i straitéisí éagsúla
agus a shainmhínítear i bPlean Gnímh na Roinne atá riachtanach mar chuid de Dhul Chun
Cinn a Inbhuanú. Ghlacadh leis de bharr an scrúdú a rinne Grúpa Fíorúcháin Fheidhmiúchán
na Státseirbhíse, a bunaíodh le dul chun cinn ar sholúbthacht agus ar nuachóiriú faoi théarmaí
Dhul Chun Cinn a Inbhuanú a mheas, go raibh dul chun cinn go leor déanta ar an bPlean
Gnímh d'fhonn íocaíocht ar arduithe pá dlite ón 1 Eanáir 2004 a bharántú.
STRAITÉIS 2
Ábaltacht agus solúbthacht eagraíochtúil a bhreisiú.
I mí na Márta 2003, chuir an Grúpa Straitéise Acmhainní Daonna (foghrúpa de chuid an
Choiste Chomhpháirtíochta) dréacht lánpháirtithe den Straitéis Acmhainní Daonna don Roinn
nua faoi bhráid an Choiste Comhpháirtíochta agus tar éis sraith de sheisiúin eolais le gach
pearsanra, cuireadh an Straitéis i bhfeidhm agus foilsíodh í i Meitheamh 2003. Is í aidhm na
Straitéise Acmhainní Daonna a chinntiú go bhfuil sainsraith de pholasaithe acmhainní daonna
38
39
39
Page 40
41
i bhfeidhm ag an Roinn a chuirfidh feabhas ar fheidhmiúchán na heagraíochta agus na foirne
uile.
Cuireadh tús le cur i bhfeidhm na Straitéise Acmhainní Daonna trí chomhlíonadh líon áirithe
tionscnamh sa bhliain 2003, lena n-áirítear forbairt de Straitéis agus de Phlean Oiliúna,
comhlíonadh d'oiliúint an Phróisis Forbartha agus Bhainistíochta Feidhmiúcháin do gach ball
foirne, forbairt de Pholasaí Ionduchtúcháin, ullmhú Ráitis nua Sláinte agus Sábháilteachta,
Foireann chros-ghráid/ rannóige a bhunú d'fhonn cáipéis díospóireachta ar pholasaí dul chun
cinn a bhunú agus ceistneoir i bhfoirm agallaimh do dhaoine a bheadh ag fágáil a chur i
bhfeidhm.
Is próiseas leanúnach é an Próiseas Forbartha agus Bainistíochta Feidhmiúcháin a cuireadh le
chéile chun a chinntiú go mbeadh daoine aonair soiléir faoi nádúr a bpoist agus lena
bhfuiltear ag siúl uathu. Is córas bunaithe ar ábaltacht atá ann a chabhraíonn leis an
bhfoireann na scileanna riachtanacha a bhíonn de dhíth chun feidhmiú go héifeachtach, a
fhorbairt. Tháinig ardú de 300% ar an bhfoireann le bunú na Roinne nua. Ba é an cuspóir
láithreach a bhí ann a chinntiú go gcuirfí oiliúint iomlán sa Phróiseas Forbartha agus
Bainistíochta Feidhmiúcháin ar gach ball den fhoireann agus cuireadh é sin i gcríoch in
Aibreán na bliana 2003.
Ullmhaíodh clár Oiliúna agus Forbartha do gach ball den fhoireann i gCeanncheathrú na
Roinn mar chuid den Phróiseas Forbartha agus Bainistíochta Feidhmiúcháin agus aontaíodh
air tríd an bpróiseas Comhpháirtíochta i Meán Fómhair na bliana 2003. Cuireadh tús le cur i
bhfeidhm an phlean sa bhliain 2003 agus leanfar de sa bhliain 2004. Táthar ag leanúint den
dul chun cinn ar chláir oiliúna agus forbartha d'fhoireann na nInstitiúidí Cultúrtha.
Tar éis bhunú na Roinne i Meitheamh na bliana 2002, tosaíodh athbhreithniú ar an dul chun
cinn a bhí déanta ar thionscadal na Frámaíochta Faisnéise Bainistíochta, agus athraíodh an
fráma ama. Is mí na Nollag 2004 an sprioc do chur i bhfeidhm thionscadal na Frámaíochta
Faisnéise Bainistíochta. Rinne foireann inmheánach na Frámaíochta Faisnéise Bainistíochta
taighde leathan, inar áiríodh measúnú ar thaithí Ranna eile; sain-anailís ar impleachtaí
costais/ VFM; agus comaoin iomlán den fhéidearthacht "uasghrádú" a rinneadh, lena n-áirítear
eolas sainchomhairleoireachta don phróiseas sin.
39
40
40
Page 41
42
STRAITÉIS 3
Polasaí na státseirbhíse ar chomhionannas deiseanna a chur i bhfeidhm.
Mar pháirt dá Straitéis Acmhainní Daonna a aontaíodh i Meitheamh na bliana 2003, tá an
Roinn tiomanta i leith réimse gníomhaíochtaí d'fhonn comhionannas deiseanna i ndáil le
polasaí comhionannais na státseirbhíse faoin teideal "Éagsúlacht sa Státseirbhís" a chur chun
cinn. Deireanach sa bhliain 2003 d'aontaigh an Roinn freisin, páirt a ghlacadh in
athbhreithniú an Údaráis Chomhionannais, atá le déanamh sa bhliain 2004. Athbhreithniú ar
thionscnaimh chomhionannais sna hearnálacha Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta atá i
gceist a sholáthróidh eolas chun polasaithe comhionannais níos sainiúla a fhorbairt sa Roinn
agus ina gníomhaireachtaí.
Leanann an Roinn dá monatóireacht ar rannpháirtíocht agus ar thorthaí ó thaobh inscne agus
aoise i gcomórtais inmheánacha d'ardú céime agus tá sí ag leanúint dá hiarrachtaí
rannpháirtíocht bhan a mhéadú sna gráid mheán-shinsearacha bainistíochta. Faoi dheireadh
na bliana 2003, ba 41% agus 33% faoi seach na céadatáin a bhain le hionadaíocht bhan ag
leibhéal Príomhoifigeach Cúnta agus Príomhoifigeach.
Tá teorainn riachtanach lena bhfuil de thionchar ag an Roinn ar leibhéil ionadaíochta ban i
ngráid an Phríomhoifigigh Chúnta agus an Phríomhoifigigh mar gurb é Coimisiún na
Státseirbhíse atá i bhfeighil earcaíochta den chuid is mó agus mar go bhfuil dualgais phainéil
ar an Roinn i ngráid an Phríomhoifigigh Chúnta agus an Phríomhoifigigh agus, chomh maith
leis sin go mbeidh tionchar ag dílárú air sa todhchaí.
I dtéarmaí comhionannais i seachadadh seirbhíse de, tá tiomantas i gCairt na gCustaiméirí
don Roinne i leith polasaí chomhstádais.
40
41
41
Page 42
43
STRAITÉIS 4
Seirbhís d'ardchaighdeán a sholáthar dár gcustaiméirí.
I mBealtaine na bliana 2003, tháinig an Coiste Comhpháirtíochta ar aontú Cairt na
gCustaiméirí don Roinn nua a leagfadh amach réimse de chaighdeáin seirbhíse de réir an dá
phrionsabal déag de Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí a chuirtear i bhfeidhm sa
tseirbhís phoiblí. D'fhorlíon Plean inmheánach Gnímh do Chustaiméirí, a bhí aontaithe ag an
gCoiste Comhpháirtíochta, an Chairt, Deireadh Fómhair 2003. Sa Phlean Gnímh seo leagadh
amach an bealach ina gcuirfidh an Roinn na caighdeáin seirbhíse, atá breactha i gCairt na
gCustaiméirí, i bhfeidhm agus an bealach ina ndéanfaí monatóireacht orthu. De réir Phlean
inmheánach Gnímh na gCustaiméirí bunaíodh líonra inmheánach d'Oifigeach Idirchaidrimh
Custaiméirí sa bhliain 2003 ar a raibh ionadaithe ó gach Rannóg den Roinn, d'fhonn
maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Cairte agus d'fhonn tuairiscí ar dhul chun cinn
a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Comhpháirtíochta.
Taispeánann an t-aischothú cothrom le dáta atá faighte ó chustaiméirí, ar a ndéantar
monatóireacht go príomha trí chártaí tráchta Saorphoist na Roinne do Chustaiméirí, go
gceapann 93% de na daoine a líonann na cártaí go bhfuil seirbhís na Roinne díreach nó níos
fearr ná mar a bhí súil léi.
Ba é an Clár Caipitil Spóirt an príomhchlár a cuireadh ar fáil go díreach don phobal.
Caithfear béim áirithe a leagan ar fheabhas a chur ar na gnéithe den Chlár a bhaineann leis an
tseirbhís do chustaiméirí, lena n-áirítear:
. seisiúin speisialta eolais d'eagraíochtaí ó cheantair faoi mhíbhuntáiste agus do
ghníomhaireachtaí a bhíonn ag plé leis an heagraíochtaí sin chun iad a chur ar an eolas
faoin gClár, faoina riachtanais agus na spriocanna ama atá leis agus chun cuidiú leo
déileáil leis na castachtaí a bhaineann le próiseas an iarratais ar dheontais
. athbhreithniú ar cháipéisí an Chláir chun breis eolais, faoi na riachtanais a ghabhann
le hiarratais, a chur ar fáil do chustaiméirí
. foirm admhála inscortha a sheoladh le casadh an phoist, ag cinntiú go raibh an t-iarratas
faighte agus an fráma ama a mheastar don phróiseas cinntí á lua, agus
. nósanna imeachta dlíthiúla a líomhchóiriú agus laghdú ar chostais na n-iarrthóirí trí
idirghábháil le hOifig Phríomh-Aturnae an Stáit.
STRAITÉIS 5
Teicneolaíocht na Faisnéise a fhorbairt agus a bhainistiú d'fhonn cur i bhfeidhm
mhisean agus chuspóirí na Roinne a thacú.
D'éirigh go maith le haistriú agus le lánpháirtiú fhoireann na nInstitiúidí Ealaíon/ Cultúrtha go
dtí líonra limistéar áitiúil na Roinne. Chomh maith leis sin d'éirigh leis an Roinn san aistriú
go dtí líonra príobháideach samhltach na Roinne/ Eircom do chomhcheangaltacht sheachtrach.
Cuireadh córas nua níos fearr frithvíris isteach lena n-áirítear córais scagacháin ríomhphoist
agus gréasán ionas go mbeadh an líonra níos sábháilte agus níos sláine. Cuireadh isteach
crua-earraí falla tine agus bogearraí nua chomh maith atá ábalta riachtanais sábháilteachta na
seirbhísí nua de líonra príobháideach samhltach a chomhlíonadh.
Forbraíodh Straitéis Teicneolaíocht na Faisnéise don Roinn do 2003-2006 agus
d'fhormhuinigh an Coiste Comhpháirtíochta í ina dhiaidh sin. Cuireadh rannóg uathoibríoch
chartlainne de Phreas-sheomra isteach ar shuíomh gréasáin na Roinne ionas go mbeadh sé
níos éasca ábhar a fhoilsiú. Coimisiúnaíodh iniúchadh míosúil ar rochtain (WAI leibhéal 1) ó
chomhairleoirí seachtracha d'fhonn a chinntiú go gcomhlíonfadh an suíomh gréasáin an
ceangaltas seo.
STRAITÉIS 6
Polasaithe Shochaí na Faisnéise agus Sheirbhís r-Phobail a neadú in eagrúchán agus i
bpleanáil na Roinne.
Leanann príomhfhócas na Roinne sa réimse seo ag díriú ar fhorbairt agus ar uasghradú an
tsuímh ghréasáin ( www. gov. ie/ arts-sport-tourism
). Déanann an Roinn monatóireacht
sheasta ar an suíomh gréasáin d'fhonn a chinntiú go bhfuil sé cothrom le dáta. Tá sé fós ar
cheann de na chéad suíomh gréasán ar bronnadh teastas air de bhrí gur féidir le húsáideoirí
faoi mhíchumas teacht isteach air mar go bhfuil an suíomh chomh maith agus is féidir leis a
42
43
43
Page 44
45
bheith, agus déanann comhairleoir seachtrach, ag a bhfuil sé mar aidhm aon diall a thabhairt
faoi deara agus leigheas a fháil ar aon diall a thugtar faoi deara, an leibhéal rochtana seo a
sheiceáil go míosúil.
Tá measúnú á dhéanamh ar an bpróiseas iarratas ar líne do Scéim Deontais an Chláir
Bhliantúil Chaipitil Spóirt, ar ar cuireadh feabhas sa bhliain 2002, d'fhonn é a fheabhsú a
thuilleadh. Rinneadh nuachóiriú agus uasghrádú ar shábháilteacht na saoráidí r-phoist agus
Idirlín a bhíonn in úsáid ag an Roinn.
43
44
44
Page 45
46
STRAITÉIS 7
Iniúchadh agus ábaltacht mheastóireachta na Roinne a fheabhsú.
Ba í tuairisc an Ghrúpa Oibre ar Fhreagracht na nArd-Rúnaithe agus na nOifigeach
Cuntasaíochta (tuairisc Mullarkey), a cheadaigh an Rialtas i mí na Nollag 2002, ba chúis leis
na hathruithe suntasacha san fheidhm iniúchta inmheánaigh le linn 2003.
Ceapadh Ceannaire ar Iniúchadh Inmheánach a bheidh ag tuairisciú go díreach chuig an Ard-Rúnaí
agus atá freagrach as aonad iniúchta inmheánaigh neamhspleách a bheadh ag feidhmiú
go hiomlán. Aontaíodh ar Chairt Iniúchta agus críochnaíodh clár iomlán d'iniúchtaí córais-bhunaithe
de réir cláir aontaithe iniúchta don bhliain. Bunaíodh Coiste Iniúchta don Roinn.
Bhí a chéad tionól aige i Márta na bliana 2004.
STRAITÉIS 8
Dúnadh Foirmiúil an Chláir Oibriúcháin CSF 1994-1999 i réimse na Turasóireachta.
Críochnaíodh an Tuairisc Dheireanach de Chlár Oibriúcháin na Turasóireachta 1994-1999 i
bhFeabhra na bliana 2003. Bhí an obair bhreise i ndáil le dúnadh an Chláir, i gcomhar leis an
Roinn Airgeadais agus le Coimisiún na hEorpa, fós ar bun ag deireadh na bliana 2003 agus
táthar ag súil go gcríochnófar í sa bhliain 2004.
44
45
45
Page 46
47
AGUISΝN 1
Spriocanna don Turasóireacht
Straitéis Aschur Táscairí Feidhmi&