An Roinn Ealaíon, Spóirt agus
Turasóireachta
AN DARA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL
2004
1
Ábhar Uimh. Lth.
Ráiteas Misin 3
An Brollach leis an Aire 4
Réamhrá an Ard-Rúnaí 7
Forléargas ar 2004 9
Dul chun cinn i Spriocanna na Turasóireachta 21
Dul chun cinn i Spriocanna na nEalaíon agus na bhForas Cultúrtha 29
Dul chun cinn i Spriocanna an Spóirt 38
Forbairt Eagraíochtúil sa Roinn 42
Aguisíní
1. Turasóireacht 50
2. Na hEalaíona agus na Forais Chultúrtha 54
3. Spórt 58
4. Forbairt Eagraíochtúil 62
5. Tuairisc Airgeadais 70
6. Struchtúr na hEagraíochta 73
7. Briseadh síos na Foirne de réir Gráid agusInscne 74
8. An Clár Caipitil Spórt – Leithroinnt 2004 76
9. Tuarascáil Bhliantúil ar Shaoráil Faisnéise 95
2
An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
MISEAN
"Is é misean na Roinne tacú le dul chun cinn náisiúnta geilleagrach, sóisialta agus cultúrtha agus caighdeán saoil shochaí na hÉireann a shaibhriú trí thurasóireacht inbhuanaithe a chur chun cinn; trí bharr feabhais a spreagadh i ngnóthachtálacha spóirt agus ealaíonta; an teacht ar spórt agus ar na healaíona a éascú a thuilleadh; agus trí bhuanchoimeád ár n-oidhreachta cultúrtha"
3
An Brollach leis an Aire
Is breá liom an deis a bheith agam an dara tuarascáil seo ar ar bhain an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta amach agus a chlúdaíonn an bhliain féilire 2004, a chur i láthair.
D’éirigh le mo Roinn sa tréimhse sin dul chun cinn suntasach a dhéanamh sna tiomantais a bhí tugtha aici d’earnálacha na n-ealaíon, an spóirt agus na turasóireachta mar atá leagtha amach i gClár Comhaontaithe an Rialtais, sa Phlean Forbartha Náisiúnta, 2000-2006 agus in “Dul Chun Cinn a Inbhuanú” – An Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta, 2003-2005.
Tháinig a thuilleadh borrtha fós sna sála ar an dul chun cinn a tharla sa turasóireacht in 2003, tar éis ar bhain de dheacrachtaí agus de dhúshláin di sna blianta roimhe sin. Meastar gur tháinig sé mhilliún go leith cuairteoir go hÉirinn in 2004 agus gur tuilleadh breis is €4 bhilliún dá mbarr; ardú 6% é sin ar bhuaicfhigiúr na bliana 2000. Fágann na figiúirí sin, le cois an €1 billiún d’ioncam a chruthaíonn Éireannaigh sa turasóireacht ag baile, go bhfuil tionscal thurasóireacht na hÉireann, a bhfuil luach €5 bhilliún air, ar an earnáil seirbhísí intrádála is mó atá ag Éirinn ar na margaí idirnáisiúnta.
Cuireann an straitéis nua atá leagtha amach i dTuarascáil Ghrúpa Athbhreithnithe Pholasaí na Turasóireachta roimpi an t-ioncam as an turasóireacht a dhúbailt faoi 2012, agus líon na gcuairteoirí ón iasacht chun na tíre seo, agus chuig na réigiúin tearcfhorbartha go háirithe, a ardú go mór. Cheap mé grúpa ardleibhéil chun maoirseacht a dhéanamh ar an straitéis nua go luath sa bhliain 2004 agus chuir an Grúpa a chéad tuarascáil ar dhul chun cinn faoi mo bhráid i mí Lúnasa.
Chuir an bhliain 2004 tús le hoscailt oifigiúil mhargadh ollmhór turasóireachta na Síne d’Éirinn nuair a síníodh an conradh stairiúil – An Comhaontú um Stádas do Cheann Scríbe Ceadaithe – idir údaráis turasóireachta na hÉireann agus na Síne, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath sa Bhealtaine.
D’imir an tSín príomhpháirt chomh maith in imeachtaí ealaíon agus cultúir mo Roinne in 2004 bliain
inar tharla a oiread sin gníomhaíochta is nach bhfacthas a leithéid riamh i gcúrsaí na n-ealaíon idirnáisiúnta. Ba shamhail iad Féilte na hÉireann-na Síne a bhí ar bun ar feadh an chuid ba mhó den bhliain 2004 ar an malairt chultúrtha ba mhó inar ghlac Éire páirt riamh taobh amuigh den Eoraip.
4
Bhain
Clár Cultúrtha ar éirigh go hiontach leis le hUachtaránacht na hÉireann ar an
Aontas Eorpach. Rinne an clár ceiliúradh ar bhallraíocht na ndeich mBallstát
nua le sraith d’ócáidí ealaíon agus cultúrtha ag baile agus thar lear, agus
Ceiliúradh Céad Bliain Bloomsday orthu sin. Cuireadh straitéis nua le chéile
chomh maith in 2004 chun ealaíona agus ealaíontóirí Éireannacha a chur chun
cinn thar lear.
Leanadh den tacaíocht don fhorbairt bhreise ar na Forais Chultúrtha Náisiúnta in 2004 trí ollchlár d’infheistíocht chaipitil ina leagtar béim ar shaoráid Ard-Mhúsaem na hÉireann i nDún Uí Choileáin agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i Sráid Chill Dara, dhá fhoras ar éirigh leo stádas cuideachtaí féinrialaitheacha a bhaint amach in 2005.
Gné thábhachtach i gClár an Rialtais is ea go leanfaí de mhaoiniú na spórt agus go spreagfaí rannpháirtíocht in imeachtaí spóirt. Measann an Rialtas go bhfuil an caiteachas ar spórt tábhachtach ní amháin do shláinte, d’fholláine, d’fhorbairt shóisialta, chultúrtha agus phearsanta daoine aonaracha ach freisin go bhfuil sé tábhachtach d’fhorbairt shóisialta agus gheilleagrach na tíre.
Ba €113 milliún iomlán an mhaoinithe don spórt don bhliain 2004. Rinneadh seo a riar trí bhuiséad bliantúil Chomhairle Spórt na hÉireann agus chlúdaigh sé raon de shaoráidí spóirt go háitiúil, go réigiúnach agus go náisiúnta agus limistéir faoi bhuntáiste san áireamh. Leithdháileadh €61 milliún de seo ar 738 tionscadal spóirt ar fud na tíre faoin gClár Caipitil Spórt. Leithdháileadh suas le €331 milliún ar 4271 tionscadal faoin gClár ó 1997 i leith. Ba €13 milliún buiséad Chomhairle Spórt na hÉireann in 2000, an chéad bhliain iomlán ina raibh sí ag obair. Ardaíodh é sin go €30.7 milliún in 2004.
Bheartaigh an Rialtas, sa bhliain 2004, maoiniú a chur ar fáil chun athfhorbairt ollmhór a dhéanamh ar Staidiam Bhóthar Lansdúin agus moltaí a lorg maidir leis an gcampas spórt i mBaile an Aba a fhorbairt.
Cuireadh an líon ab airde de dheontais ar fáil i gcomhair linnte snámha chomh maith in 2004 agus dúblaíodh an caiteachas faoi chlár na Linnte. Caitheadh €17.6 milliún in 2004, an tsuim ab airde go dtí sin, i gcomparáid le €9 milliún in 2003.
5
Chuir
an Rialtas rialacháin i bhfeidhm chun an teorann a bhí le Ciste Rásaíocht
Chapall agus na gCon a ardú ó €254 milliún go €550 milliún agus chun an Ciste a
choinneáil ar oscailt ar feadh ceithre bliana eile go dtí 2008, d’fhonn a
chinntiú go mbeidh ar chumas earnálacha na gcapall agus na gcon tionscnaimh
mhóra forbartha a chríochnú sa tréimhse suas go dtí 2008.
Bunaíodh ceithre Chomhpháirtíocht Áitiúla Spórt, leis, sa bhliain 2004 do Chiarraí, do Chill Chainnigh, do Mhaigh Eo agus don Iarmhí chun tacú le forbairt na spórt go háitiúil. Is sé déag líon iomlán na n-ionad comhpháirtíochta atá sa tír anois. Tá athbhreithniú neamhspleách coimisiúnaithe ag mo Roinn ar oibríocht na gcomhpháirtíochtaí seo agus ba chóir go mbeadh sé sin críochnaithe in 2005.
Is iomaí ní atá bainte amach i ngach aon cheann de na hearnálacha ó bunaíodh mo Roinn in 2002 agus is mian liom buíochas a ghlacadh le gach aon duine atá ar an bhfoireann as cuidiú leis an obair. D’fhoilsigh mo Roinn Ráiteas nua Straitéise i mBealtaine 2005 chun forbairt a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach agus chun cur leis. Tá clár an-leathan oibre ann do 2005-2007 agus obair ar dhílárú na Roinne go Cill Airne san áireamh. Táim ag tnúth le bheith i mbun ceannródaíochta mar pholaiteoir, ar an gclár seo agus le bheith ag obair leis an Ard-Rúnaí, le foireann uile na Roinne agus a Forais agus a Gníomhaireachtaí gaolmhara, chun an t-ionchur leanúnach a bhíonn againn i gcur chun cinn geilleagrach, sóisialta agus cultúrtha shochaí na hÉireann agus saibhriú an chaighdeáin saoil, a bhrú chun cinn.
John O'Donoghue T.D.
Aire Ealaíon Spóirt agus Turasóireachta
6
Réamhrá an Ard-Rúnaí
Seo í an dara tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn ón Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, a bhunaigh an Rialtas i Meitheamh na bliana 2002. B’iomaí ní a bhain leis an misean agus leis na spriocanna uaillmhianacha a bhí leagtha síos i gcéad Straitéis an Roinne, a foilsíodh i mí Iúil 2003, a cuireadh i gcrích in 2004.
Leanann an Roinn de bheith ag neartú na mbealach ar leith atá ag gach aon cheann dá trí earnáil chun tionchar a imirt ar chaighdeán saoil mhuintir na hÉireann. Ó tharla gur thugamar an dúshlán na hearnálacha ealaíon, spóirt agus turasóireachta a thabhairt le chéile in aon aonán corparáideach amháin tá aidhmeanna uaillmhianacha curtha romhainn againn sa dara Ráiteas Straitéise dár gcuid, a foilsíodh níos túisce i mbliana, chun polasaithe, cláir agus gníomhaíochtaí a fhorbairt a thuilleadh chun teacht le pleananna an Rialtais rud a fheabhsóidh agus a shaibhreoidh saol geilleagrach agus sóisialta ár muintire go léir.
Tá borradh fós faoin turasóireacht, agus tacaíocht aici ó raon de pholasaithe agus de chláir Rialtais, agus fágann an méadú i bhfigiúirí na gcuairteoirí agus an t-ardú san ioncam go bhfuil sí ar cheann de na tionscail is mó atá againn. Is bonn d’fhorás leanúnach inbhuanaithe feidhmiú céimneach na straitéise níos leithne atá i dTuarascáil “Fís Nua” Ghrúpa Athbhreithnithe Pholasaí na Turasóireachta atá faoi mhaoirseacht an ghrúpa ardleibhéil feidhmiúcháin, chomh maith le margaí nua a bheith á n-oscailt d’Éirinn. Thacaigh Rannóg Turasóireachta na Roinne go gníomhach leis na tionscnaimh seo agus chuir sí an fhrámaíocht polasaí agus maoinithe d’obair na bpríomhghníomhaireachtaí turasóireachta – Tourism Ireland agus Fáilte Ireland – ar fáil.
Tréimhse tháirgiúil ghnóthach ab ea í chomh maith don Rannóg Ealaíon agus na bhForas Cultúrtha a raibh an Clár Cultúrtha d’Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, Féilte na Síne agus Féile Rejoyce faoina cúram agus a chion féin a dhéanamh ag gach ceann díobh sin chun ealaíona agus ealaíontóirí na hÉireann a chur os comhair an tsaoil thar lear. Rinneadh dul chun cinn ar an bpleanáil do stádas féinrialaitheach don Leabharlann Náisiúnta agus don Ard-Mhúsaem agus bhí toradh rathúil ar an obair in 2005.
Rinne an Rannóg Spórt leibhéal ardaithe maoinithe a riar ar na cláir tacaíochta éagsúla, a leanann i mbun forbartha ar na spóirt, na saoráidí fóillíochta agus an t-infreastruchtúr atá againn. Thángthas ar chinntí ar phríomhpholasaithe maidir le forbairt saoráidí staidiaim agus spórt ar Bhóthar Lansdúin agus i mBaile an Aba.
7
Nuair a bhí dea-obair Aonaid Tacaíochta na Seirbhísí Corparáideacha maidir le maoirseacht a dhéanamh ar bhunú na Roinne nua in 2002 agus 2003 curtha i bhfeidhm lean na hAonaid den obair ag cinntiú go raibh lántacaíocht le fáil chun misean agus freagrachtaí na Roinne a chur i gcrích.
Mar fhocal scoir ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis an Aire as a spreagadh agus a thréantacaíocht as cuspóirí na Roinne a bhrú chun cinn agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis an bhfoireann ag gach leibhéal sa Roinn as a dúthracht, a gairmiúlacht agus a díograis, na príomhthréithe a chinntigh gur éirigh leis an Roinn a haidhmeanna a chur i gcrích go rathúil sa bhliain 2004.
Ard-Rúnaí
8
Forléargas ar 2004
Turasóireacht
Is í tionscal na turasóireachta an earnáil seirbhísí intrádála is mó atá ag Éirinn ar mhargaí idirnáisiúnta anois. Meastar go dtagann 6.5 milliún cuairteoir ón iasacht go hÉirinn in 2004 – 6% níos mó ná an líon ab airde riamh a sroicheadh in 2000. Tháinig breis is €4 bhilliún isteach ó thuilleamh airgeadraí a bhí cruthaithe ag na cuairteoirí seo agus b’ionann sin agus leath de luach na n-onnmhairí a thuill na cuideachtaí déantúsaíochta uile faoi úinéireacht Éireannach. Leis sin agus le cois an €1 billiún d’ioncam a chruthaíonn Éireannaigh sa turasóireacht ag baile, is tionscal atá i dturasóireacht na hÉireann anois a bhfuil luach €5 bhilliún air.
Léiríonn meastacháin do 2004 ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur tháinig méadú foriomlán 3.2% ar líon na gcuairteoirí ón iasacht thar mar a bhí sa tréimhse chéanna in 2003 agus gur tháinig ardú 0.4% ar ioncam. Tharla athrúcháin shuntasacha i ngníomhú na margaí éagsúla. Léiríonn figiúirí an taistil fadchúrsa go bhfuil an margadh ag teacht chuige féin le méadú 8% ar chuairteoirí ó Mheiriceá Thuaidh agus méadú 27% ar chuairteoirí ón gCuid eile den Domhan. Bhí gníomhú comhiomlán mhargadh Mhór-Roinn na hEorpa deimhneach le forás 7%, beagnach, faoi i dtéarmaí líon cuairteoirí de. Comhréidh a bhí gníomhú mhargadh na Breataine, an margadh is mó atá ag Éirinn, le titim imeallach 1% faoi i dtéarmaí líon cuairteoirí de, i gcomparáid le figiúirí 2003.
Ba í an phríomhfhorbairt a tharla in 2004, ó thaobh téarmaí polasaí de, gur cheap an tAire grúpa ardleibhéil chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú an chéad Phlean Ghnímh chéimnigh, dhá bhliain, don Turasóireacht, mar a leagadh síos i dTuarascáil Ghrúpa Athbhreithnithe Pholasaí na Turasóireachta dar teideal "Fís Nua don Turasóireacht in Éirinn: Clár Oibre don Chur i nGníomh", a foilsíodh i Meán Fómhair 2003. Leagtar straitéis nua don tréimhse 2003-2012, amach san athbhreithniú lena n-áirítear sraith nua de spriocanna agus ina measc tá: ioncam ón iasacht a dhúbailt go €6 bhilliún in 2012; 10 milliún cuairteoir ón iasacht a thabhairt isteach faoi 2012; agus turasóirí so-mhargaíochta (.i. iad siúd gur dóigh gur orthu ba mhó a rachadh gníomhaíochtaí margaíochta i gcion) chuig Réigiún na Teorann agus an Lár-Iarthair, a dhúbailt (ó 0.8 milliún nó níos lú ná 30% de thurasóirí dá leithéid go 1.6 milliún).
9
Fuair
an Grúpa Feidhmiúcháin amach ina chéad tuarascáil ar dhul chun cinn, a
foilsíodh i Lúnasa 2004, go raibh dul chun cinn maith déanta i bhfeidhmiú an
Chlár Oibre ach gur bhain na réimsí sin de ab fhearr a chruthaigh le
gníomhaíochtaí riaracháin agus comhordaithe – de réir mar a thosaigh na
príomhghníomhairí ag ullmhú chun an straitéis nua a chur i bhfeidhm. Ba iad na
réimsí ba lú a ndearnadh dul chun cinn iontu ag an am sin na sainréimsí a
bhféadfaí an "fíorgheilleagar" a thabhairt orthu agus tá na gnéithe
sonracha a chuireann bac ar fhorbairt thurasóireacht na hÉireann ann fós –
áirítear ina measc gan Lár-Ionad Náisiúnta Comhdhála a bheith ann, an gá atá le
huasghrádú a dhéanamh ar ghréasáin na mbóithre náisiúnta agus na mbóithre nach
bóithre náisiúnta iad, go háirithe ag na pointí rochtana agus an mhoill a bhain
le príomh-shaincheisteanna i gcúrsaí eitlíochta (ina measc an Comhaontú
Déthaobhach idir Éirinn/Na Stáit Aontaithe agus an dara críochphort ag Aerfort
Átha Cliath) a bhrú chun cinn.
An gearradh iomaíoch atá faoi Éirinn a choinneáil sa siúl go hidirnáisiúnta an príomhdhúshlán atá romhainn amach. Cé gur lean na huimhreacha agus an t-ioncam orthu ag ardú go ginearálta sna blianta seo caite, fiú agus géarchéimeanna áirithe idirnáisiúnta ag tarlú, tá an bhéim mhéadaithe atá á cur ag tomhaltóirí atá ag éirí níos airdeallaí de réir a chéile ar luach ar airgead tar éis tionchar a imirt ar thorthaí an tionscail. Sa chomhthéacs sin tá moilliú tar éis teacht ar an ráta ag ar fhás an t-ioncam i gcoinne an fháis fhoriomláin i líon na gcuairteoirí sa dá bhliain dheireanacha. Beidh na gníomhaireachtaí turasóireachta agus an tionscal, araon, dírithe go príomha ar an bpointe ar ardú sa líon cuairteoirí ón mBreatain, an margadh is mó fós atá ag Éirinn, a dhaingniú.
Ba í 2004 an chéad bhliain iomlán ina raibh an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta, Fáilte Ireland, ag obair. Tá an ghníomhaireacht chomhnasctha seo tiomanta táirge agus seirbhís den scoth, an dá phríomhghné sa taithí a bhíonn ag cuairteoirí in Éirinn, a chur ar fáil. Leanann sé de bheith ag obair go dlúth leis an tionscal agus is chuige a iompaítear chun tacaíocht straitéiseach agus phraiticiúil a fháil chun Éire a fhorbairt agus a choinneáil mar cheann scríbe turasóireachta iomaíoch d’ardchaighdeán.
Tá dul chun cinn suntasach bainte amach faoin Scéim Forbartha um Tháirge Turasóireachta mar gur tosaíodh ar dheontais a fhaomhadh de thoradh na mionmheastóireachta agus na hoibre measúnaithe a éilíodh faoi théarmaí an Achta. Bhí faomhadh tugtha ag na Boird neamhspleácha Bainistíochta Tionscadal do dheontais arbh fhiú díreach os cionn €31.6 milliún san iomlán iad maidir le 44 tionscadal ar fud na tíre go dtí deireadh na bliana 2004. D’iarr an tAire ar Fáilte Ireland, i mí na
10
Nollag
2004 tairiscint a iarraidh maidir lena thuilleadh tograí infheistíochta faoi
chatagóir na gcaitheamh aimsire sainspéise d’fhonn an úsáid ab airde a bhaint
as airgead a bhí ar fáil faoin Scéim Forbartha um Tháirge Turasóireachta. Tá sé
i gceist go dtacódh an €12 milliún den chiste táscach deontas atá le
leithroinnt idir réigiúin na Teorann agus an Lár-Iarthair agus réigiúin an
Deiscirt agus an Oirthir le hinfheistíocht i gcaithimh aimsire mar chúrsaí eachaíochta,
rothaíocht agus siúlóid, Gairdíní Breátha, sainghníomhaíochtaí allamuigh,
turasóireacht bunaithe ar an uisce agus turasóireacht dírithe ar an tsláinte.
Ba é an 28 Feabhra 2005 an dáta deiridh a raibh Fáilte Ireland ag glacadh le
foirmeacha líonta ina mbeadh mionsonraí faoi na tograí.
Tá soláthar Lár-Ionad Náisiúnta Comhdhála aonfheidhme ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Rialtais don Turasóireacht. Rinneadh dul chun cinn maith i rith na bliana 2004 maidir leis na socruithe mionsonraithe do Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí chun an ghné ríthábhachtach seo a chur ar fáil in infreastruchtúr na turasóireachta in Éirinn. D’eisigh Oifig na nOibreacha Poiblí cáipéisíocht mhionsonraithe tairisceana chuig na trí fheadhnacht a bhí ar an ngearrliosta, i mí na Nollag 2004. Táthar ag súil gur féidir cuideachta tairisceana tosaigh a roghnú go deireanach sa samhradh 2005 ach dóthain am caidrimh leis na cuideachtaí tairisceana a bheith ann.
Is gné thábhachtach agus thairbheach de tháirge thurasóireacht na hÉireann í gnó na comhdhála idirnáisiúnta agus na gcruinnithe corparáideacha. Tá Lár-Ionad Náisiúnta Comhdhála riachtanach roimh ré sula dtosaítear ar earnáil na turasóireachta gnó, ar fiú €250 milliún sa bhliain í do gheilleagar na hÉireann, a leathnú amach. Tá sé mar thosaíocht fós ag an Aire agus ag an Roinn an tionscadal seo a chur i gcrích a luaithe is is féidir é.
Príomhghné thábhachtach i gcumas thionscal thurasóireacht na hÉireann a bheith san iomaíocht ar an margadh turasóireachta domhanda is ea fáil a bheith ar lucht oibre ardoilte agus scil aige. Lean Fáilte Ireland, i rith na bliana 2004, de bheith ag cur na turasóireachta chun cinn mar ghairm bheatha céad rogha chomh maith le cláir a chur ar fáil agus a fhorbairt chun caighdeán ardseirbhíse agus gairmiúlachta a ardú in earnáil na turasóireachta. Chuir Fáilte Ireland ionann is 11,000 duine faoi oiliúint agus bhí béim níos mó ar chabhair a chur ar fáil chun an leibhéal scileanna agus cumas an tionscail a fheabhsú. Thacaigh an tÚdarás leis an tionscal ó thaobh cumas bainistíochta a fhorbairt i réimsí mar íomaíochas costais, forbairt acmhainní daonna, margaíocht agus airgeadas. Rinne sé infheistíocht shuntasach i bhforbairt fiontar; agus le deireanas chuir sé bailchríoch ar straitéis iomlán chun acmhainní daonna a fhorbairt sa tionscal agus freisin ar phlean mionsonraithe náisiúnta
11
earcaíochta
chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na hearcaíochta agus na coinneála i
dtionscal na turasóireachta.
Tá Tourism Ireland agus Fáilte Ireland ag obair go dlúth leis an tionscal agus ag an am céanna ag díriú na hinfheistíochta ar phríomhréimsí mar ríomh-mhargaíocht, forbairt táirgí, bainistiú Acmhainní Daonna agus scaipeadh réigiúnach. Ó thaobh an éilimh de táthar tar éis díriú ar fhoinse na bpríomh-mhargaí d’Éirinn mar shampla an Bhreatain agus Mór-Roinn na hEorpa maidir le taighde agus forbairt margaíochta ionas go gcinnteofar go leanfaidh a n-infheistíocht maidir le ceann scríbe agus le feachtais mhargaíochta táirge de bheith ábhartha agus éifeachtach.
Forbairt eile sa bhliain 2004 a bhfuil tábhacht fhadtéarmach níos mó léi, ab ea oscailt oifigiúil mhargadh ollmhór na Síne d’Éirinn le síniú an chomhaontaithe stairiúil – An Comhaontú um Stádas do Cheann Scríbe Ceadaithe, idir údaráis turasóireachta na hÉireann agus na Síne i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí na Bealtaine.
Cuireadh bailchríoch ar Athbhreithniú ar Pholasaí agus ar Fheidhmiú Thurasóireacht na hÉireann don OECD sa bhliain 2004 freisin, athbhreithniú a fuair formhuiniú deimhneach ó Choiste Turasóireachta an OECD.
Ealaíona, Scannán & Ceol
Tugann An tAcht Ealaíon, 2003 an sainmhíniú seo ar na healaíona
" ... aon léiriú cruthaíoch nó mínitheach (cibé acu traidisiúnta nó comhaimseartha), cibé cén leagan atá air, agus a bhfuil na healaíona amhairc, an amharclannaíocht, litríocht, ceol, damhsa, ceoldrámaíocht, scannánaíocht, an sorcas, agus ailtireacht, i gceist go háirithe leis, agus a chuireann aon mheán eile san áireamh fad is gur faoi chomhair na gcuspóirí seo a úsáidtear é.”
Sainmhíniú an-leathan is ea é seo as a bhfuil sé le tuiscint gur do gach aon duine na healaíona agus go bhfuil cuimsiú seachas eisiamh ag gabháil leo. Tá tacaíocht an Rialtais do na healaíona bunaithe
12
ar
an réamhleagan go mbíonn tionchar deimhneach an-sonrach ag na healaíona ar gach
duine, beagnach, sa tír.
Tharla a oiread gníomhaíochta in 2004 is nach bhfacthas a leithéid riamh i gcúrsaí na n-ealaíon idirnáisiúnta. Ba shamhail iad Féilte na hÉireann-na Síne ar an malairt chultúrtha ba mhó inar ghlac Éire páirt riamh taobh amuigh den Eoraip. Bhain ócáidí ealaíon agus cultúrtha ag baile agus thar lear leis an gClár Cultúrtha in onóir Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach, agus bhí siad mar cheiliúradh ar bhallraíocht na ndeich mBallstát nua. Chuir an Roinn, freisin, a cur chuige don todhchaí i dtoll a chéile i ndáil le cur chun cinn na n-ealaíon agus na n-ealaíontóirí Éireannacha ag baile agus thar lear.
Sheol an tAire an Clár Cultúrtha d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh i mí Eanáir 2004. B’iontach an deis a chuir leathnú na hEorpa, le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach, ar fáil chun ábharthacht na hEorpa a chur trasna ar mhuintir na hÉireann agus chun ealaíona agus cultúr na hÉireann a chur ar taispeáint ar fud an Aontais. Bhí an Clár Cultúrtha ar cheann de ghnéithe lárnacha Uachtaránacht na hÉireann agus rinne an Clár ceiliúradh ar bhallraíocht na 10 mballstát nua san Aontas Eorpach trí raon leathan d’ócáidí galánta agus spleodracha in Éirinn, sa Bhruiséil agus trí chamchuairteanna chuig na ballstáit nua san AE agus ar ais uatha.
Bhí flosc ag baint leis an gcuid sin den chlár ar ‘Lá na bhFáiltí’ nuair a chuir cathair nó baile mór éigin in Éirinn ‘fáilte’ ar leith isteach san Aontas Eorpach roimh cheann amháin de na Ballstáit nua. Ba é seo lá mór an deireadh seachtaine náisiúnta ceiliúrtha don deich mbaile mhóra nó cathair agus iad ag reáchtáil ‘mionfhéilte’ difriúla mealltacha. Thug cúpla céad ealaíontóir Éireannach cuairt ar an gCipir, ar Phoblacht na Seice, ar an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin chomh maith leis an mBruiséil agus an dá iarrthóir, an Bhulgáir agus an Rúmáin i dtréimhse sé mhí Uachtaránacht na hÉireann. Bhain na mílte as na tíortha sin taitneamh as saothar amharcealaíontóirí, damhsóirí, scríbhneoirí agus cuideachtaí neamhspleácha amharclainne agus as ensemble agus scothcheoltóirí traidisiúnta, raic agus clasaiceacha.
Ócáid mhór sa tír féin agus fiú go hidirnáisiúnta ab ea ceiliúradh Céad Bliain Bloomsday lá a raibh tacaíocht nár bheag faighte aige ón Roinn.
13
Sheol
an tAire an clár d’Fhéilte Cultúrtha na Síne/na hÉireann i mí Márta 2004.
D’eascair an t-ollchlár malartaithe cultúrtha idir Éirinn agus an tSín as
comhaontú a síníodh nuair a thug an Príomh-Aire Premier Zhu Rongji cuairt ar
Éirinn in 2001. Comhthuiscint idir an dá náisiún a fheabhsú cuspóir an
mhalartaithe agus dá bhrí sin réitíonn sé an bhunchloch do thuilleadh caidreamh
cultúrtha, oideachais, sóisialta agus trádála idir an dá thír. Bhí an Fhéile Éireannach
sa tSín ar siúl i mBéising agus i Shanghai i rith mhí na Bealtaine agus an
Mheithimh.
Chuir an clár Éireannach an éagsúlacht agus an saibhreas a bhaineann le cultúr na hÉireann i láthair lucht féachana sa tSín thar thréimhse dhá mhí. Bhí roinnt mhaith de na healaíontóirí agus de na heagraíochtaí, seanbhunaithe agus atá ag teacht chun cinn agus is fearr in Éirinn, ag cur raon de shaothair éagsúla ealaíon i láthair sa tSín i rith na Féile. Ina theannta sin chuir an clár roimhe caidrimh a bhunú ar bhonn níos fadtéarmaí lena gcomhghleacaithe agus lena macasamhla sa tSín. Chuige sin bhí méid áirithe de chomhoibrithe agus de chomhpháirtíochtaí ar leith le healaíontóirí agus le forais Síneacha san áireamh sa chlár malartaithe cultúrtha.
Reáchtáil an Roinn seimineár i gCill Airne, ar an 11-12 Márta 2004, mar chuid de chlár Uachtaránacht na hEorpa, ag ar labhair saineolaithe faoi pháirt na litríochta mar mhodh chun bonn a choinneáil faoin éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch. D’fhreastail lear mór de shaineolaithe agus de lucht déanta polasaithe ar an seimineár seo agus leag sé béim ar roinnt príomhábhar arbh fhiú do Chomhairle Eorpach a thuilleadh plé a dhéanamh orthu. D’fhreastail 74 duine as 25 tír ar an seimineár. D’éirigh leis an seimineár seo béim a leagan ar a thábhachtaí is atá an litríocht mar mhodh chun teangacha Eorpacha a chaomhnú agus an éagsúlacht chultúrtha a chosaint.
Tá forbairt shonrach chaipitil ag tarlú ar fud na tíre maidir le saoráidí ealaíon agus cultúrtha. Tá 44 saoráid dá leithéid á soláthar faoin scéim ACCESS ar chostas €45.7 milliún. Áirítear músaeim, ionaid ilchuspóireacha ealaíon agus amharclanna ina measc seo. Tá go leor díobh seo á gcur chun cinn ag pobail áitiúla.
14
Tá
earnáil scannán na hÉireann ar leibhéal chomh hard anois is gur féidir leis an
bpearsanra agus leis na saoráidí atá againn na caighdeáin idirnáisiúnta is
airde a bhaint amach. Tá Bord Scannán na hÉireann ag leanúint ar aghaidh leis
an obair ag gach céim de dhéantús na scannán in Éirinn, ó phointe tosaithe na
gairme sa scannánaíocht go dtí an pointe a mbaintear cáil idirnáisiúnta amach.
Tá an Bord freagrach freisin as margaíocht a dhéanamh ar Éirinn mar ionad do
léirithe idirnáisiúnta; bíonn buntáistí geilleagracha leis seo agus lena chois
sin cuireann sé deiseanna tairbheacha agus taithí ar fáil do dhaoine a mbíonn
baint acu le scannáin na hÉireann. Tá tábhacht ar leith mar sin sa chomhthéacs
seo, leis an síneadh a cuireadh le halt 481 maidir le faoiseamh cánach go dtí
2008, a d’fhógair an tAire Airgeadais ina óráid faoin mbuiséad i mí na Nollag
2003, agus le hardú sa tsuim a d’fhéadfaí a bhailiú ón mbliain 2005. Féadfaidh
an earnáil a haghaidh a thabhairt go muiníneach an athuair ar an todhchaí anois
agus a cumas a thabhairt go barr foirfeachta sna blianta atá amach roimpi.
Lean an Roinn ar feadh na bliana dá tacaíocht maidir lena thuilleadh forbartha ar Fhorais Chultúrtha na hÉireann trí ollchlár infheistíochta caipitil dírithe ar an tsaoráid atá ag Ard-Mhúsaem na hÉireann i nDún Uí Choileáin agus ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i Sr. Chill Dara.
Baineadh úsáid mhór i rith na bliana as an gCiste Náisiúnta Oidhreachta agus as na forálacha faoisimh chánach faoi Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 chun Bailiúchán Náisiúnta na bhForas a mhéadú.
Cuireadh leis an dinimic Thuaidh/Theas trí leanúint den chomhthionscadal an Commentarius Rinnuccianus a aistriú i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Uladh. Cuireadh maoiniú ar fáil do na forais chultúrtha nach forais Stáit iad, ina bhfuil bailiúcháin ar díol spéise náisiúnta agus idirnáisiúnta iad, chun cur ar a gcumas leanúint dá gcuid oibre.
15
Spórt
Is í tuairim an Rialtais go bhfuil an caiteachas ar spórt tábhachtach maidir le forbairt shóisialta agus gheilleagrach na tíre de bhíthin na mbuntáistí a thagann le rannpháirtíocht i ngíomhaíochtaí spóirt. Is féidir luach a chur ar na buntáistí seo maidir leis an tsláinte agus an bhfolláine, forbairt shóisialta agus chultúrtha, oideachas, forbairt phearsanta, turasóireacht agus geilleagar.
Cuirtear an maoiniú don spórt ar fáil trí bhuiséad bliantúil Chomhairle Spórt na hÉireann agus trí raon de shaoráidí spóirt a chur ar fáil go háitiúil, go réigiúnach agus go náisiúnta. Ba €113 milliún iomlán an mhaoinithe do spórt don bhliain 2004 agus leithdháileadh €61 milliún de sin ar 738 tionscadal spóirt ar fud na tíre tríd an gClár Caipitil Spórt.
Leithdháileadh beagnach €331 milliún ar 4271 tionscadal faoin gclár ó 1997 i leith. Leithdháileadh os cionn €23.5 milliún de mhaoiniú ar 257 tionscadal i limistéir atá ainmnithe mar limistéir faoi mhíbhuntáiste in 2004 i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Cé go bhfuil an clár dírithe go príomha ar chumainn agus ar ghrúpaí pobail a chuireann saoráidí ar fáil go háitiúil táthar ag leanúint le maoiniú a threorú i dtreo raon d’ionaid ilspórt cathrach a bhíonn ag freastal ar dhaonra agus ar abhantrach mór a fhorbairt. Cuidíonn na tionscadail seo go mór leis an infreastruchtúr spóirt go náisiúnta agus go réigiúnach chomh maith le freastal ar riachtanais áitiúla. Tá an t-infreastruchtúr seo riachtanach chun leibhéil rannpháirtíochta a ardú agus chun caighdeáin an tsaothraithe a fheabhsú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon.
Beidh Éire i mbun óstaíochta ar Thrófaí Chomhairle Idirnáisiúnta an Chruicéid agus ar Chorn Haca na Náisiún Eorpach sa bhliain 2005 agus beidh deontais a cuireadh ar fáil go sonrach faoi chlár na bliana 2004, á dtabhairt chun a chinntiú go mbeidh na háiseanna a bheidh sna hionaid mholta ar na caighdeáin is airde go hidirnáisiúnta. Iarradh iarratais ar mhaoiniú faoi Chlár Caipitil Spórt 2005 trí fhógra poiblí i mí na Nollag 2004 agus fuarthas 1362 iarratas san iomlán faoin spriocdháta, an 4ú Feabhra 2005.
Bheartaigh an Rialtas freisin in 2004 maoiniú a chur ar fáil chun athfhorbairt a dhéanamh ar Bhóthar Lansdúin agus moltaí a lorg maidir le forbairt champas spórt Bhaile an Aba.
16
Bhain
2004 an bhuaic amach maidir le deontais do linnte snámha agus bhí 96% de
chaiteachas ann faoi Chlár Linnte Snámha na nÚdarás Áitiúil. Caitheadh €17.6
milliún in 2004, buaicshuim i gcomparáid leis an €9 milliún a caitheadh in
2003. Ardaíodh an maoiniú faoi chlár na linnte snámha arís go €32 milliún in
2005 (ardú 82% ar 2004).
Ardaíodh buiséad Chomhairle Spórt na hÉireann go €30.7 milliún in 2004 i gcomparáid le €13 milliún de mhaoiniú in 2000, an chéad bhliain iomlán ina raibh sí ag obair. Chuir na tacaí a bhí ar fáil dár bpearsanra spórt idirnáisiúnta sa bhliain 2004 ar a gcumas a bheith rathúil agus iad i mbun iomaíochta go hidirnáisiúnta.
Bíonn maoiniú ar fáil go bliantúil ag na Comhlachtaí Náisiúnta Rialaithe Spóirt ó Chomhairle Spórt na hÉireann i leith na gcostas a bhaineann lena spóirt a fhorbairt agus a chur chun cinn. Bhí luach €6.5 milliún san iomlán sna leithdháiltí a roinneadh in 2004 ar mhaithe leis an obair a dhéanann an CLG, Cumann Peile na hÉireann agus Aontas Peile Rugbaí na hÉireann chun rannpháirtíocht daoine óga i spórt a mhéadú. Leithdháileadh beagnach €8 milliún ar na 55 Comhlacht Náisiúnta Rialaithe Spóirt lena chur ar a gcumas na bunghníomhaíochtaí, atá riachtanach chun ardchaighdeán spóirt a bheith in Éirinn, a dhéanamh, lena n-áirítear riarachán, oideachas ar oiliúnóirí, óstaíocht agus rannpháirtíocht in ócáidí idirnáisiúnta. Seoladh tuarascáil Chomhairle Spórt na hÉireann/na hInstitiúide um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta ar "Rannpháirtíocht i Spórt agus Sláinte Daoine Fásta in Éirinn" i mí na Samhna 2004.
Bunaíodh ceithre Chomhpháirtíocht Áitiúla Spórt do Chiarraí, do Chill Chainnigh, do Mhaigh Eo agus don Iarmhí rud a fhágann go bhfuil sé cinn déag de Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spórt bunaithe ar fud na tíre anois. Seoladh trí straitéis nua do Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spórt i gCathair Luimnigh, i gCill Dara agus i gCiarraí. Cuireadh leathnú na Scéime Buntús i gcrích sna sé Chomhpháirtíocht Áitiúla Spórt déag agus réitíodh an socrú a bhain le hurraíocht rathúil don scéim le Musgraves SuperValu. Leithdháileadh €2.3 milliún ar na sé Chomhpháirtíocht déag in 2004. Tá athbhreithniú neamhspleách coimisiúnaithe ag an Roinn ar oibríocht na gComhpháirtíochtaí atá ann agus tá sé ceaptha don athbhreithniú seo a bheith críochnaithe faoi lár 2005.
Leithdháileadh deontais arbh fhiú €0.6 milliún iad ar Chomhairle Spórt na hÉireann in 2004 ar mhaithe leis an Tionscadal Spóirt do Dhaoine Breacaosta a bhfuil sé d’aidhm aige cabhrú le cumainn
17
agus
le heagraíochtaí a thuilleadh deiseanna a ofráil dá mbaill bhreacaosta chun
bheith gníomhach i spórt fóillíochta agus i raon de ghníomhaíochtaí coirp.
Chuir Comhairle Spórt na hÉireann Rialacha nua Frithdhópála na hÉireann i bhfeidhm freisin in 2004 agus iad ag teacht leis an gCód Domhanda Frithdhópála agus reáchtáil an Chomhairle comhdháil Frithdhópála in Eanáir 2005, comhdháil ar éirigh go han-mhaith léi. Tá na rialacha á n-úsáid ag an nGníomhaireacht Dhomhanda Frithdhópála mar theimpléad do mhodúl dea-chleachtais d’Eagraíochtaí Náisiúnta Frithdhópála.
Tástáladh iomaitheoirí uile na hÉireann a bhí páirteach sna Cluichí Oilimpeacha agus Para-oilimpeacha sa Bhliain Oilimpeach. Tugadh cuireadh freisin don Dr. Úna May as Aonad Frithdhópála Chomhairle Spórt na hÉireann a bheith ina Breathnóir Neamhspleách leis an nGníomhaireacht Dhomhanda Frithdhópála ag Cluichí na hAithine. Onóir inti féin ab ea sin agus aitheantas ar obair an fheidhmeannais ó 1999 i leith.
Rinneadh 918 tástáil sa bhliain 2004 agus 153 tástáil Íoctar má Úsáidtear orthu sin. Ba thástálacha As Comórtas iad 60% de na tástálacha faoin gClár Náisiúnta. Bhí tástáil le déanamh ar 37 spórt agus 75 tástáil le déanamh thar sáile. Léiríonn an líon tástálacha a rinneadh sa bhliain 2004 a chuimsithí is atá an clár frithdhópála. Aithníonn siad siúd a úsáideann substaintí coiscthe agus cuireann sé ar ár suaimhneas muid faoina bhformhór siúd nach n-úsáideann iad. Léiríonn eachtraí a tharla in 2004 go dtarlaíonn a leithéid chéanna in Éirinn is a tharlaíonn go hidirnáisiúnta agus nach bhfuil an tír slán ó bhaol na ndrugaí i gcúrsaí spóirt.
Bhí an Roinn agus an Chomhairle Spórt páirteach san ullmhúchán do Choinbhinsiún nua Domhanda Frithdhópála UNESCO i rith 2004. Cuirfidh an Coinbhinsiún le Cód na Gníomhaireachta Domhanda Frithdhópála agus le Coinbhinsiún Frithdhópála na Comhairle Eorpaí. Tá sé i gceist gur ionstraim í a mbeidh feidhm dlí léi maidir le gníomhartha frithdhópála ag Rialtais ar fud na cruinne. Tá sé mar sprioc an Coinbhinsiún nua Domhanda seo a bheith glactha agus i bhfeidhm roimh Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i dTurin in 2006.
Rinne Uachtaránacht na hÉireann óstaíocht ar sheoladh Bhliain Eorpach an Oideachais trí Spórt 2004 i bPáirc an Chrócaigh in Eanáir 2004; seoladh uile-Eorpach ab ea é agus d’éirigh go fíormhaith leis. Tionóladh cruinniú Airí Spórt Troika chomh maith le comhchruinniú na nAirí Spórt agus Oideachais
18
ag
an am céanna. Thug na hAirí údarás don Choimisiún Eorpach próiseas
comhairliúcháin a thosú ar chóir go dtiocfadh clár comhtháite oibre agus clár
oibre céimneach as d’Airí Spórt an AE i bhfianaise gurb í seo an chéad uair a
ndearnadh foráil do spórt i gConradh dréacht nua an AE, a comhaontaíodh le linn
Uachtaránacht na hÉireann.
Bhí sé d’ádh ar Éirinn gur éirigh léi páirtmhaoiniú a fháil ón gCoimisiún Eorpach do sheacht gcinn de thionscadail faoin tionscnamh (Bliain Eorpach an Oideachais trí Spórt). Ba chomhpháirtíochtaí i dtionscadail phobail iad trí cinn de na tionscadail a fuair maoiniú agus iad faoi threoir eagraíochtaí i dtíortha eile an AE agus ba go háitiúil, go réigiúnach nó go náisiúnta a tharla na ceithre thionscadal eile. Bhí roinnt tionscadal eile a fuair maoiniú ón Stát ar bun i rith na bliana; ina measc bhí Duais Bhanc Aontas Éireann An Scoil Ghníomhach S’againne, Comhdháil agus Foilseachán Mná sa Spórt, ‘Laethanta – Bain Triail as Spórt Bhliain Eorpach an Oideachais trí Spórt’, Léacht do Bhliain Eorpach an Oideachais trí Spórt, Foilseachán do Bhliain Eorpach an Oideachais trí Spórt agus an Comórtas An Scoil is mó Spórt.
Bliain mhór le rá eile do Spórt na hÉireann, ag baile agus thar lear, ab ea an bhliain 2004. Anseo in Éirinn bhuaigh Ciarraí Craobh Shinsearach na hÉireann sa Pheil agus bhuaigh Corcaigh an Chraobh san Iománaíocht. Lena chois sin bhain Gaillimh amach Craobh na hÉireann i bPeil na mBan fad is a choinnigh Tiobraid Árann Craobh na hÉireann sa Chamógaíocht.
Thar lear éachtaí iontu féin ab ea an pháirt iontach a ghlac Darren Clarke, Pádraig Harrington agus Paul McGinley chun Corn Ryder a bhaint amach, na boinn a bhuaigh Derek agus David Malone, Conal McNamara agus John McCarthy sna Cluichí Para-Oilimpeacha, an bonn cré-umha atá ag Andy Lee as Craobhchomórtais Amaitéaracha Dornálaíochta na hEorpa, eachtraí móra chumann Síolbhroinn san Eoraip agus an Corn Triarach sa Rugbaí a bheith ina seilbh ag Éirinn.
Chuir an Rialtas rialacháin i bhfeidhm in 2004 chun an teora a bhí le Ciste Rásaíocht Chapall agus na gCon a ardú ó €254 milliún go €550 milliún agus an Ciste a bheith ar fáil ar feadh ceithre bliana eile go dtí 2008. Cinnteoidh sé sin go mbeidh an fhrámaíocht urraithe airgeadais atá riachtanach do thionscail na gcapall agus na gcon, araon, do na ceithre bliana seo chugainn chun cur ar a gcumas a dtionscnaimh ollmhóra forbartha a chur i gcrích. Bhí €206.4 milliún agus €51.6 milliún, faighte ag Rásaíocht Chapall Éireann agus ag Bord na gCon, faoi seach, as an gCiste faoi dheireadh na bliana 2004 ón am ar cuireadh tús leis in 2001.
19
Sheol
Rásaíocht Chapall na hÉireann luach €200 milliún de Chiste Caipitil Forbartha
do Ráschúrsaí na hÉireann i mí na Samhna 2004. Beidh a dhá oiread sa chiste nua
seo is a bhí sa chéad Chiste Caipitil Forbartha agus beidh sé le caitheamh i
dtréimhse cúig bliana chun leanúint le huasghrádú suntasach na ráschúrsaí chun
go beidh siad ar chaighdeán a mbeadh súil ag lucht rásaíochta an lae inniu
leis. Beidh suas le €110 milliún de dheontais i gcabhair ar fáil ó Rásaíocht
Chapall na hÉireann agus cuirfidh na ráschúrsaí an fuílleach ar fáil as a
n-acmhainní féin.
Chríochnaigh Indecon International Economic Consultants Tuarascáil dar teideal "An Assessment of the Economic Contribution of the Bloodstock and Horse Racing Industry in Ireland" i mí Iúil 2004 thar ceann Rásaíocht Chapall na hÉireann, Chumann Lucht Póraithe Chapall Folúil na hÉireann agus Ciste Lucht Póraithe na hEorpa agus na hÉireann. Dheimhnigh an Tuarascáil go mbíonn ionchur an-tábhachtach ag rásaíocht chapall agus ag pórú capaill fholúla ar gheilleagar na hÉireann agus gur chuidigh an faoiseamh cánach ar staileanna le tionscal an phóraithe fholúil a bheith faoi bhláth in Éirinn. Chruthaigh capaill agus marcaigh Éireannacha thar barr ar fad sna blianta beaga seo caite agus ba chabhair é sin chun an bhuaic a bhaint amach d’Éirinn sa rásaíocht ar fud an domhain.
Lean Bord na gCon d’fhorbairt a dhéanamh ar thionscal na gcon in Éirinn in 2004 agus tá rásaíocht na gcon ar cheann de na hócáidí caitheamh aimsire don tráthnóna is mó a bhfuil borradh fúithi in Éirinn faoi láthair. Is léargas iad an lear mór de na táscairí atá sa tionscal mar shampla figiúirí an lucht freastail, figiúirí láimhdeachais an tsuimitheora agus na ngeallghlacadóirí agus go leor eile an borradh rathúil atá tagtha faoi thionscal na gcon le blianta anuas. Ba 4.5 milliún líon an lucht freastail ó 2000 go dtí deireadh 2004.
20
Dul chun cinn i Spriocanna na Turasóireachta
Tá an méid seo a leanas glactha chuici féin ag an Roinn mar sprioc don turasóireacht:
"forbairt leanúnach i dtionscal na turasóireachta a éascú d’earnáil turasóireachta eacnamaíoch, ag a mbeadh comhshaol inmharthana agus í cothrom go spásúil, trí
raon de pholasaithe agus de chláir thacaíochta a fhoirmliú, monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh orthu, go speisialta taobh istigh de fhrámaíocht an Phlean Forbartha Náisiúnta agus an Chomhoibrithe Thuaidh/Theas."
Tá na straitéisí a aithníodh chun an sprioc seo a chur i gcrích breactha síos go mion i gcéad Ráiteas Straitéise na Roinne a chlúdaíonn an tréimhse trí bliana 2003 – 2005, agus atá luaite arís, mar aon le táscairí feidhmiúcháin ábhartha, in Aguisín 1 den tuarascáil seo.
Straitéis 1
Athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí agus ar fheidhmiú na Turasóireachta.
Ba í an phríomhfhorbairt a tharla in 2004 i gcomhthéacs na straitéise seo, gur cheap an tAire grúpa ardleibhéil chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm de Phlean Gnímh céimneach, dhá bhliain, don Turasóireacht, mar a leagadh síos i dTuarascáil Ghrúpa Athbhreithnithe Pholasaí na Turasóireachta dar teideal "Fís Nua don Turasóireacht in Éirinn: Clár Oibre don Chur i nGníomh" ( a foilsíodh i Meán Fómhair 2003).
Leagtar straitéis nua don tréimhse 2003-2012, amach sa Tuarascáil Fís Nua lena n-áirítear sraith nua de spriocanna agus ina measc tá: ioncam ón iasacht a dhúbailt go €6 bhilliún in 2012; 10 milliún cuairteoir ón iasacht a thabhairt isteach faoi 2012; agus turasóirí so-mhargaíochta (.i. iad siúd gur dóigh gur orthu ba mhó a rachadh gníomhaíochtaí margaíochta i gcion) chuig Réigiún na Teorann agus an Lár-Iarthair, a dhúbailt (ó 0.8 milliún nó níos lú ná 30% de thurasóirí dá leithéid go 1.6 milliún).
Fuair an Grúpa Feidhmiúcháin amach ina chéad tuarascáil ar dhul chun cinn, a foilsíodh i Lúnasa 2004, go raibh an dul chun cinn i dtús an phróisis feidhmiúcháin go maith, go ginearálta, agus go raibh tiomantas láidir agus tacaíocht le fáil ó thionscal na turasóireachta agus ón Rialtas; bhí an dul
21
chun
cinn a bhain le roinnt de na gníomhartha molta a chur chun cinn, sásúil go leor
i gcuid acu seachas a chéile; bhain na réimsí sin ab fhearr a chruthaigh le
gníomhaíochtaí riaracháin agus comhordaithe de réir mar a thosaigh na
príomhghníomhairí ag ullmhú chun an straitéis nua a chur i bhfeidhm. Ba iad na
réimsí ba lú a ndearnadh dul chun cinn iontu ag an am sin na sainréimsí a
bhféadfaí an "fíorgheilleagar" a thabhairt orthu; tá gnéithe sonracha
fágtha fós a chuireann bac ar fhorbairt thurasóireacht na hÉireann agus ba ghá
dul chun cinn a dhéanamh chun na baic a chur de leataobh chun na spriocanna
uaillmhianacha atá leagtha síos ag an nGrúpa Athbhreithnithe, a bhaint amach.
De réir thuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe freisin bhí tacaíocht láidir le fáil ag straitéis agus ag moltaí an Ghrúpa Athbhreithnithe agus ag obair an Ghrúpa Feidhmiúcháin ón tionscal trína phríomhchomhlachtaí ionadaíocha, ina measc Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann, Cónaidhm Óstán na hÉireann, Irish Tour Operators Association, Cumann Bhialanna na hÉireann agus trí fhiontair aonaracha iomadúla.
Thionóil an Grúpa Feidhmiúcháin Fóram Turasóireachta san Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann, ar an 17 Samhain 2004 agus é de chuspóir aige forbairtí in earnáil na turasóireachta a mheas agus tuarascáil a chur ar fáil don tionscal ar an dul chun cinn go dáta i gcur i bhfeidhm na straitéise nua turasóireachta agus a moltaí mionsonraithe. Thug sé deis do thionscal na turasóireachta chomh maith comhairle a chur ar an nGrúpa Feidhmiúcháin faoina dtuairimí faoi stádas reatha an tionscail. D’fhreastail tuairim is 120 duine ar an bhFóram agus orthu sin bhí ionadaithe ó thionscal na turasóireachta agus baill ó ghníomhaireachtaí Stáit.
Straitéis 2
Meicníocht nua a chur i bhfeidhm maidir le tacaíocht Stáit a sholáthar don turasóireacht.
Ba í 2004 an chéad bhliain iomlán ina raibh an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta, Fáilte Ireland, ag obair. Tá an ghníomhaireacht chomhnasctha seo tiomanta táirge agus seirbhís den scoth, an dá phríomhghné sa taithí a bhíonn ag cuairteoirí in Éirinn, a chur ar fáil.
Tá Fáilte Ireland ag díriú ar an taithí a fhaigheann cuairteoirí nuair a thagann siad anseo, trí bheith ag obair go dlúth le tionscal na turasóireachta agus is chuige a iompaítear chun tacaíocht
22
straitéiseach
agus phraiticiúil a fháil chun Éire a fhorbairt agus a choinneáil mar cheann
scríbe turasóireachta iomaíoch d’ardchaighdeán. Tá sin ar bun aige trí:
deiseanna gnó atá ag teacht chun cinn a aithint; tagarmharcáil a dhéanamh ar
iomaitheoirí i spriocionaid eile; prionsabail dea-chleachtais sa turasóireacht
a aithint agus a chur chun cinn; caighdeáin barr feabhais a bhunú agus a chothú
i seirbhísí custaiméara; spreagadh agus tacaíocht a thabhairt chun táirgí nua
turasóireachta a fhorbairt; tairiscintí tarraingteacha margaíochta a fhorbairt
do tháirgí na turasóireachta, agus tacú le margaíocht a dhéanamh ar an tionscal
(is trí Tourism
Ireland a thugtar faoi thionscnaimh margaíochta thar lear); cur le hábaltacht
ar fud an tionscail go léir; forbairt na coda ríthábhachtaí sin – an tsaoire ag
baile – a leanúint suas agus a chur chun cinn; cuidiú le baic ar fhorbairt sa
chomhshaol gnó níos leithne, a chur de leataobh; monatóireacht a dhéanamh ar
fheidhmiú an tionscail agus ar thaithí an chustaiméara; agus tacú leis na sé
Údarás Réigiúnacha Turasóireachta.
Straitéis 3
Teacht go héasca a bheith ar agus athbhreithniú a dhéanamh ar úsáid na gcistí poiblí i gcomhair mhargaíocht agus chur chun cinn na turasóireachta.
Bhí soláthar sa leithdháileadh don turasóireacht faoin bPlean Forbartha Náisiúnta do Chiste Margaíochta Turasóireachta ilbhliantúil de bhreis is €200 milliún. Is iad príomhchuspóirí margaíochta thurasóireacht na hÉireann don tréimhse 2000-2006 torthaí ó thuilleamh ó ioncam iasachta agus laethúil na gcuairteoirí a ardú, agus cúnamh a thabhairt don tionscal dáileadh níos leithne ar ghnó na turasóireachta a bhaint amach go séasúrach agus go réigiúnach agus sa tslí sin cuidiú le spriocanna forbartha inmharthana.
Forbraíonn agus comhaontaíonn na gníomhaireachtaí turasóireachta agus ionadaithe ó earnáil na turasóireachta, Thuaidh agus Theas, faoin Tourism Marketing Partnership, a bunaíodh in 2000 agus a athbhunaíodh faoi choimirce Tourism Ireland Ltd, in 2002, straitéis bhliantúil margaíochta d’oileán na hÉireann. Bunaítear an straitéis ar an maoiniú a bhíonn ar fáil do bhunbhuiséad margaíochta Tourism Ireland faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus ar an maoiniú sa bhreis ó Thuaisceart Éireann. Bhí an infheistíocht a rinne an Státchiste sa Chiste Margaíochta Turasóireachta chomh hard le €129 milliún ó 2000 go 2004; caitheadh os cionn €31 milliún de sin in 2004, an leithdháileadh ba mhó riamh ar an gCiste.
23
D’fhorbair
agus sholáthair Tourism Ireland agus Fáilte Ireland cláir margaíochta sa
bhliain 2004 a tháinig leis na príomhchuspóirí a leagadh amach sa Phlean
Forbartha Náisiúnta don turasóireacht. Tá na táscairí feidhmiúcháin ar baineadh
úsáid astu chun a dtorthaí a mheas bunaithe orthu sin atá sa Chlár Oibriúcháin
ar Thomhas Mhargadh na Turasóireachta don Earnáil Tháirgiúil – .i. ardú ar
thuilleamh ón iasacht; toradh in aghaidh an lae, dáileadh réigiúnach agus
séasúrach. Tá na torthaí seo a leanas, atá bunaithe ar na figiúirí is deireanaí
don bhliain iomlán (.i. 2003) ón bPríomh-Oifig Staidrimh, bainte amach:
Táscaire an Phlean Forbartha Náisiúnta |
Bunlíne1999 |
Sprioc don lártéarma |
Feidhmiúchán go lártéarma |
|
Tuilleamh an Airgeadraí ón turasóireacht |
€2.456 bn |
€2.918 bn |
€3.406 bn |
|
Comhréir mhéadaithe an Ioncaim Thurasóireachta as Stát ag teacht chuig Réigiún na Teorann agus an Lár-Iarthair |
25.7% |
26.5% |
26.2% |
|
Go Séasúrach (Figiúirí d’Iúil/Lúnasa i gcomhréir le feidhmiúchán na bliana) |
27% |
26% |
25% |
|
Caiteachas laethúil na gCuairteoirí ón Iasacht |
€51.67 |
€54.64 |
€56.59 |
Léiríonn na figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh do 2004 gur tháinig fás 3.2% sa bhreis faoi líon na gcuairteoirí ón iasacht agus fás 0.4% sa tuilleamh foriomlán ón iasacht (.i. fáltais charraera san áireamh). Maidir leis an scaipeadh séasúrach de taispeánann meastacháin shealadacha ar líon na gcuairteoirí do 2004 gurbh in Iúil agus i Lúnasa a tháinig 24% de líon iomlán na gcuairteoirí ón iasacht – seo léiriú ar 1% eile d’aistriú ón mbuaicshéasúr. Ní féidir níos mó brí a bhaint as torthaí don bhliain iomlán de réir torthaí laethúla nó séasúracha as an eolas reatha atá ar fáil ón bPríomh-Oifig Staidrimh.
Bhí Tourism Ireland agus Fáilte Ireland, araon, ag obair go gníomhach, i dtéarmaí polasaí de, maidir le gníomhartha ábhartha a bhain lena ngníomhaíochtaí margaíochta a leanúint suas; bhí na gníomhaíochtaí seo luaite sa Phlean Gnímh don Turasóireacht, mar a leagadh amach é i dTuarascáil Ghrúpa Athbhreithnithe Pholasaí na Turasóireachta, "Fís Nua don Turasóireacht in Éirinn". Bhí athbhreithnithe doimhne ag Tourism Ireland ar Mhargaí na Breataine agus Mhór-Roinn na hEorpa, araon, ar phointí ar tarraingíodh aird orthu.
24
25
Straitéis 4
Athbhreithniú a dhéanamh ar úsáid an mhaoinithe phoiblí chun forbairt a dhéanamh ar acmhainní daonna, ar earcaíocht agus ar oiliúint d’earnáil na turasóireachta agus teacht níos fusa a bheith ar an maoiniú sin.
Rinneadh dul chun cinn suntasach in 2004 in ardú na gcaighdeán sa soláthar ardseirbhíse agus sa ghairmiúlacht in earnáil na turasóireachta. Chuir Fáilte Ireland beagnach 11,000 duine faoi oiliúint in 2004. Bhain díreach os cionn 2,312 mac léinn turasóireachta agus fáilteachais, san iomlán, gradaim amach ar chúrsaí faofa FETAC agus HETAC in 2004. Bhain 781 duine eile, a rinne freastal ar chúrsaí, Teastais Ghnóthachtála amach ó Fáilte Ireland ar na Cláir Fill ar Obair a bhí á reáchtáil aige. D’fhreastail 2,597 mac léinn eile ar chláir thurasóireachta agus fáilteachais in Institiúidí breisoideachais agus ardoideachais ag na leibhéil seo: leibhéal tosaigh, ardleibhéal, leibhéal maoirseachta/bainistíochta. D’fhreastail 2,052 oiliúnaí ar chúrsaí in Ionaid Oiliúna Fáilte Ireland agus ghlac díreach faoi 4,000 duine páirt sna cláir inseirbhíse a leagadh amach dóibh siúd a bhí ag obair cheana féin sa tionscal.
Chríochnaigh Fáilte Ireland an obair a bhain lena chláir a mhapáil ar Fhrámaíocht nua na gCáilíochtaí Náisiúnta sa bhliain 2004. Tá cláir ó ghradaim Leibhéal 3 (Bunchláir, bailíochtaithe ag FETAC) go Leibhéal 7 (Gnáthchéim Baitsiléara, bailíochtaithe ag HETAC) ar an bhfrámaíocht deich leibhéal anois. Tá sé mar aidhm leis an bhfrámaíocht comhleanúnachas níos fearr a bheith ag dul leis na dámhachtainí oideachais. Fágann sin go bhfuil sé níos fusa iad a thuiscint, go bhfuil siad leagtha amach chun tacú le foghlaimeoirí ag gach aon chéim den phróiseas foghlama agus go bhfuil an struchtúr atá orthu deartha go speisialta chun gur éasca teacht orthu agus dul ar aghaidh.
Bhí roinnt mhaith taighde agus comhairliúcháin ar bun leis an tionscal i gcaitheamh 2004 ar a dtógfaí Straitéis nua Forbartha Acmhainní Daonna na hÉireann - 'San Iomaíocht trí Dhaoine'. D’oibrigh Grúpa chur chun cinn Gairmeacha sa Turasóireacht de chuid Fáilte Ireland go comhuaineach chun plean mionsonraithe náisiúnta earcaíochta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhóra na hearcaíochta san oiliúint, san oideachas agus san fhostaíocht i dtionscal na turasóireachta agus na gníomhartha is féidir le gach aon cheann de na páirtithe leasmhara a thógáil orthu féin chun
26
earcaíocht
agus coinneáil a fheabhsú. Tá sé i gceist na tuarascálacha deireanacha ar na
hiarrachtaí seo a fhoilsiú go luath in 2005.
Thaispeáin an Seó Bóthair Déan go Maith duit féin sa Turasóireacht arís gurbh fhiú é mar phríomhuirlis margaíochta chun an turasóireacht a dhíol mar ghairm chéadrogha le os cionn 10,000 fágálaí scoile. Lena chois sin thug ionadaithe ó Fáilte Ireland cuairt ar thuairim is 300 scoil dara leibhéal agus chuir siad seisiún eolais ar bun do dhaltaí faoi ghairmeacha sa turasóireacht.
Leanadh de bhronnadh gradaim "Dámhachtain Bharr Feabhais don tSeirbhís is Fearr in Éirinn" de chuid Fáilte Ireland chun cultúr an scothchúraim don chustaiméir a chur chun cinn agus a chothú sa tionscal. De réir leagan amach na nDámhachtainí, ar a ndéantar iniúchadh go neamhspleách, bíonn cuidiú le fáil ag fostóirí chun an obair is fearr a fháil óna bhfoirne ar bhealach struchtúrtha agus inbhuanaithe agus fágann sin rátaí coinneála na foirne níos airde agus caighdeáin na seirbhíse sa tionscal níos fearr. Bhain 56 cuideachta an gradam seo amach in 2004.
Cuireadh an Clár Scothchleachtais le chéile de bharr anailíse a rinne Fáilte Ireland ar scothchleachtas go hidirnáisiúnta agus tá uirlis shonrach tagarmharcála á hofráil aici don tionscal bunaithe ar na "cleachtais is fearr san aicme". Thosaigh fiche cuideachta ar an bpróiseas Scothchleachtais a chur i bhfeidhm trí fhéinmheasúnú, réimsí ónar theastaigh feabhas a aithint agus pleananna gnímh a ullmhú. Corpraíodh an Clár Scothchleachtais agus an Clár Barrchleachtais, araon, sa Chlár OPTIMUS – an clár nua scothchleachtais ghnó atá ag Fáilte Ireland. Seoladh an clár seo i mí na Bealtaine 2004. Tá os cionn 60 óstán páirteach i gcéimeanna éagsúla den chlár go dtí seo agus ceaptar go dtosóidh 80 óstán eile ar an gclár i rith 2005.
D’fhorbair Fáilte Ireland roinnt clár bainistíochta agus chuir sé ar fáil iad mar chláir phíolótacha ag céim dioplóma i gcomhar le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta mar Ollscoil Cornell agus Comhlachas na gCuntasóirí Cairte Deimhnithe mar fhreagra ar mholtaí Ghrúpa Athbhreithnithe Pholasaí na Turasóireachta maidir le forbairt ar chumas bainistíochta.
Tugadh isteach scoláireacht nua ar thaighde turasóireachta agus bronnadh an chéad dámhnachtain ar mhac léinn in Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh i Meán Fómhair 2004.
27
Ritheadh
dhá chlár speisialta do dhaoine faoi mhíchumas mar fhreagra ar iarratas ó
Fhondúireacht COPE i gCorcaigh agus ó Bhráithre na Carthanachta i bPort Láirge.
Forbraíodh Clár Scileanna Teicniúla do mhic léinn tríú leibhéal ó dhisciplíní seachas turasóireacht agus fáilteachas agus ritheadh é in Ollscoil Luimnigh; rithfear arís é i rith 2005.
Déantar athbhreithniú i dtuarascálacha rialta ar chaiteachas Fáilte Ireland i réimsí na hoiliúna, na hearcaíochta agus na forbartha gnó agus mar a d’fheidhmigh sé i bhfianaise spriocanna sonracha a leagadh síos do bhearta oiliúna agus fostaíochta faoin gClár Oibriúcháin Acmhainní Daonna agus Fostaíochta an Phlean Forbartha Náisiúnta. Tá na spriocanna caiteachais agus oiliúna a leagadh síos don tréimhse 2000 – 2006 ag teacht le sprioc.
Straitéis 5
Athbhreithniú a dhéanamh ar úsáid an mhaoinithe phoiblí chun forbairt chothrom inmharthana a dhéanamh ar tháirge na turasóireachta agus chun caighdeán an táirge a fheabhsú agus teacht níos fusa a bheith ar an maoiniú sin.
Cuireadh suas le €50 milliún de dheontais i gcabhair ar fáil trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun tacú le hinfheistíocht i dtáirge turasóireachta faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, 2000-2006 tríd an Scéim Forbartha um Tháirge Turasóireachta. Déantar maoiniú ar an Scéim seo trí Fhochlár Tosaíochta Fhorbairt Fiontar Áitiúil na gClár Oibriúchán Réigiúnach. Is é bunchuspóir na Scéime scaipeadh spásúil na turasóireachta in Éirinn a fheabhsú agus aird á díriú ar chabhrú leis na limistéir tearcfhorbartha teacht i dtír ar a n-acmhainn chun ionaid nua, ina mbeadh borradh láidir faoin turasóireacht, a spreagadh.
Tá an Scéim seo á riar ag Fáilte Ireland agus déanann Boird Bainistíochta Táirgí, a bunaíodh go sonrach faoina chomhair seo, cinntí maidir le hiarratais aonaracha ar dheontais. Chuathas chun cinn go maith le próiseáil na n-iarratas ar dheontais faoin Scéim sa bhliain 2004. Ceadaíodh do 106 den chéad 265 iarratas a fuair Fáilte Ireland agus na hÚdaráis Réigiúnacha Turasóireachta dul ar aghaidh go dtí an dara céim den mhionmheasúnú. Bhí €30.9 milliún san iomlán de dheontais ceadaithe faoi dheireadh na bliana 2004 i leith 41 tionscadal ar fud na tíre; ba é sin €61 milliún d’infheistíocht
28
iomlán
sa dá réigiún. Ina theannta sin ceadaíodh €4.1 milliún de dheontais i gcabhair,
go coinníollach, do sheacht dtionscadal eile fad is a bhí cinntí faoi thrí
thionscadal eile fós, lenar bhain €1.5 milliún de dheontais, á meas.
D’iarr an tAire ar Fáilte Ireland, i mí na Nollag 2004 tairiscint a iarraidh maidir lena thuilleadh tograí infheistíochta do chabhair airgeadais faoi chatagóir na gCaitheamh Aimsire Sainspéise den Scéim d’fhonn an úsáid ab airde a bhaint as cistí AE a bhí ar fáil faoin Scéim. Bhí sé i gceist go mbeadh an €12 milliún den chiste táscach deontais a bhí le leithroinnt idir réigiúin na Teorann agus an Lár-Iarthair agus réigiúin an Deiscirt agus an Oirthir ar fáil mar thacaíocht chun infheistíocht a dhéanamh i gcaithimh aimsire mar chúrsaí eachaíochta, rothaíocht agus siúlóid, Gairdíní Breátha, sainghníomhaíochtaí allamuigh, turasóireacht bunaithe ar an uisce agus turasóireacht dírithe ar an tsláinte. Ba é an 28 Feabhra 2005 an dáta deiridh a raibh Fáilte Ireland ag glacadh le foirmeacha líonta ina mbeadh mionsonraí faoi na tograí.
Rinneadh dul chun cinn maith i rith na bliana 2004 maidir le riachtanais nósanna imeachta mionsonraithe a ghabhann leis an bpróiseas atá ag an gComhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí chun Lár-Ionad Comhdhála Náisiúnta a bheith ann, a bhrú ar aghaidh. Cuireadh tús leis an bpróiseas seo in 2003 agus tá sé á bhainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí faoi stiúir Grúpa Stiúrtha ar a bhfuil an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta mar chathaoirleach. Fuarthas ceithre iarratas in Eanáir 2004 mar fhreagra ar fhógra Oifig na nOibreacha Poiblí a d’iarr Léirithe Suime i ndáil le Lár-Ionad Comhdhála Náisiúnta a chur ar fáil i limistéar Átha Cliath, ar shuíomh a sholáthródh an páirtí leasmhar, agus bheifí ag súil go mbeadh áit ann, ar a laghad, do 2000 toscaire. Rinne Painéal Measúnaithe mionmheastóireacht ar na hiarratais go léir agus cuireadh triúr as an gceathrar iarrthóirí ar ghearrliosta i mí Iúil 2004 le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas: Feadhnacht Anna Livia; Michael McNamara agus Feadhnacht Bhaile na Lobhar; Feadhnacht Lár-Ionad Comhdhála Idirnáisiúnta Dhuga Spencer. B’éigean am agus dua a chaitheamh leis an ullmhúchán ar an gcáipéisíocht mhionsonraithe tairisceana agus le riachtanais phróiseas na Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí agus b’éigean iad a scrúdú go géar agus go haireach. D’eisigh Oifig na nOibreacha Poiblí cáipéisíocht mhionsonraithe tairisceana chuig na trí fheadhnacht a bhí ar an ngearrliosta, i mí na Nollag 2004; tharraing ceann amháin díobh sin amach as an gcomórtas ó shin. Táthar ag súil gur féidir cuideachta na tairisceana tosaíochta a roghnú, go sealadach, go deireanach sa samhradh 2005 ach dóthain ama caidrimh leis na cuideachtaí tairisceana a bheith ann agus gur féidir an obair a ligean amach ar conradh, le faomhadh na Roinne, go gairid ina dhiaidh sin.
29
Dul Chun Cinn i Spriocanna na nEalaíon agus na bhForas Cultúrtha
"Cleachtas agus tuiscint ar na healaíona a chothú, agus a chur ar chumas na bhForas Náisiúnta Cultúrtha ár n-oidhreacht soghluaiste agus ár sócmhainní cultúrtha a bhailiú, a chaomhnú, a chosaint agus a léiriú trí fhrámaíocht reachtaíochta, polasaí agus acmhainní chuí a chur ar fáil".
Tá na straitéisí a aithníodh chun an sprioc seo a chur i gcrích breactha síos go mion i gcéad Ráiteas Straitéise na Roinne a chlúdaíonn an tréimhse trí bliana 2003 – 2005, agus atá luaite arís, mar aon le táscairí feidhmiúcháin ábhartha, in Aguisín 2 den tuarascáil seo.
Straitéis 1
Frámaíocht reatha reachtaíochta do na healaíona a uasghrádú.
Achtaíodh an tAcht Ealaíon 2003 sa bhliain 2003 agus d’aisghairm sé an reachtaíocht ealaíon a cuireadh i bhfeidhm níos luaithe sa bhliain 1951 agus sa bhliain 1973. Soláthraíonn an reachtaíocht bonn dlíthiúil atá níos ábhartha agus níos oiriúnaí do shaol an lae inniu.
Is iad seo a leanas príomhfhorálacha an Achta:
• Sainmhínítear “na healaíona”, chun críche an Achta sin, ar shlí is go mbeifear fós ag tagairt d’fhoirmeacha comhdhamhna sna healaíona, ach go mbainfidh an oiread sin solúbthachta leo go mbeidh foirmeacha traidisiúnta de na healaíona mar aon le foirmeacha atá ag eascairt agus atá nuálach agus foirmeacha de na healaíona i nGaeilge, i mBéarla, nó in aon teanga eile san áireamh leo.
• Cuirfidh an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta na healaíona chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus tugann sé aitheantas do ról an Aire i leith pholasaí iomlán an Stáit a leagan amach do na healaíona.
30
•
Leanfaidh
an Chomhairle Ealaíon dá ról mar phríomhghníomhaireacht an Stáit a bheidh
freagrach as cur chun cinn agus forbairt na n-ealaíon, agus beidh sé riachtanach
go mbeidh pleananna agus straitéisí na Comhairle ag réiteach le polasaí an
Rialtais i leith na n-ealaíon.
•
Tugann
an tAcht aitheantas sainiúil do neamhspleáchas na Comhairle Ealaíon cinntí a
dhéanamh i leith íocaíocht an mhaoinithe.
•
Tá
líon na mball ar an gComhairle Ealaíon laghdaithe ó seacht mball déag go trí
bhall déag. Tá tús curtha le ballraíocht chéimneach ionas go mbeidh leanúnachas
níos fearr ag baint le hobair na Comhairle. Toghadh comhairle nua.
•
Forálann
an tAcht go mbeidh comhlachtaí poiblí san aird ar aon pholasaí Rialtais a
bhaineann leis na healaíona, i bhfeidhmiúchán aon fheidhm a bhaineann leis na
healaíona.
•
Forálann
an tAcht go n-ullmhóidh agus go gcuirfidh Údaráis Áitiúla, chun críche ailt 31
den Acht um Rialtas Áitiúil 1994, pleananna d’fhonn na healaíona a fhorbairt
laistigh dá réimse fheidhmiúil agus é sin á dhéanamh acu, tabharfaidh said
polasaithe an Rialtais maidir leis na healaíona san áireamh. Is féidir le
hÚdarás Áitiúil cabhair airgeadais nó eile a chur ar fáil do na healaíona
laistigh dá réimse fheidhmiúil.
•
Forálann
an tAcht gur féidir go dteastódh ón Aire ón gComhairle Ealaíon coiste/coistí a
bhunú chun comhairle a chur uirthi maidir le gnéithe a bhaineann leis na
healaíona, d’fhéadfadh go bhfoilseodh an Chomhairle an chomhairle sin agus
tabharfaidh sí an chomhairle sin san áireamh i bhfeidhmiú a feidhmeanna.
Bunaíodh coiste speisialta ar Ealaíona Traidisiúnta, faoin bhforáil dheireanach sin agus tá tuairisciú déanta chuig an gComhairle Ealaíon aige. Tá réimse leathan moltaí déanta aige lena n-áirítear polasaí, maoiniú agus tacaíocht, cartlannaíocht, oideachas agus léirfheidhmiú. Tá na moltaí sin glactha ag an gComhairle Ealaíon.
Straitéis 2
Tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt bhreise a dhéanamh ar infreastruchtúr na n-ealaíon agus an chultúir lena n-áirítear ealaín phoiblí.
Bunaíodh Grúpa Comhordaithe Idir-Rannach don Ealaín Phoiblí faoi chathaoirleacht na Roinne i nDeireadh Fómhair 2002 chun cur chuige náisiúnta don ealaín phoiblí a fhorbairt. Bhí an dréachtú ar sraith de threoirlínte maidir leis an Scéim: Céatadán don Ealaín a chur i bhfeidhm san áireamh i
31
dtéarmaí
tagartha an Ghrúpa Idir-Rannaigh. Críochnaíodh na treoirlínte sin in 2004 i
ndiaidh dul i gcomhairle le painéal saineolaithe. Cuireann na treoirlínte sin
soiléireacht agus leanúnachas ar fáil do chomhlachtaí poiblí a chuireann
tionscadail ar thógáil chaipitil ar fáil maidir le nósanna imeachta, ceadaíonn
siad oscailteacht agus solúbthacht i bpróisis phleanála, roghnaithe agus
athbhreithnithe, agus déanann siad a thuilleadh forbartha ar chleachtais
choimisinéirí. Áireofar oiliúint na n-ealaíontóirí agus na gcoimisiúnaithe,
lipéid a chur ar shaothair, taifid a choinneáil agus úsáid de thionscadail
ealaíon mar acmhainn oideachais i gcur i bhfeidhm rathúil na dtreoirlínte.
Tionóladh líon áirithe d’ócáidí príomha in Éirinn mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar an AE sa chéad sé mhí de 2004. Áiríodh orthu seo Seimineáir ar Chur Chun Cinn Éagsúlacht Teangeolaíoch trí Litríocht (Cill Airne ar an 11ú – 12ú Márta), Maoiniú Cruthaitheacht agus Ceol (Baile Átha Cliath ar an 20ú – 21ú Aibreán) agus Líonrú do na hEalaíona san Eoraip (Corcaigh ón 20ú go dtí an 22ú Bealtaine). Tionóladh Comhdháil Idirnáisiúnta Digitíochta i mBaile Átha Cliath ar an 29 Meitheamh ar dhírigh ar thairseacha chuig oidhreacht chultúrtha agus teacht a bheith ag gach duine ar an gcultúr.
Leathnaíodh na Cláir Oiliúna MEDIA Plus agus MEDIA (ríomhchláraitheoirí tacaíochta maoinithe d’oibreacha closamhairc) go dtí Nollaig 2005 agus cuireadh tús le cainteanna ar thogra ón gCoimisiún Eorpach ar Chlár nua don tréimhse 2007-2013.
Straitéis 3
Infheistíocht a spreagadh i ndéantúsaíocht scannán in Éirinn.
Lean an Roinn, le linn 2004, an fhrámaíocht polasaí agus an maoiniú a chur ar fáil chun cur ar chumas Bhord Scannán na hÉireann déantús scannán a chur chun cinn in Éirinn, agus chun margaíocht a dhéanamh ar Éirinn thar lear mar láthair do léiriúcháin idirnáisiúnta. Riar an Roinn chomh maith an scéim dhreasachta chánach ‘Alt 481’ i gcomhair maoinithe i léiriúcháin scannán.
Tacaíonn an Bord le gach leibhéal de léiriúchán scannán lena n-áirítear léiriúcháin mhóra idirnáisiúnta. Chonaic an Bord ardú iomlán de 9.2% go €11.845 milliún ina leithdháileadh maoinithe ón Státchiste sa bhliain 2004.
32
Eisíodh lear mór de theidil, aon teideal déag san iomlán, de scannáin ar thug Bord Scannán na hÉireann tacaíocht dóibh i nDíoloifig na hÉireann, lena n-áirítear Adam & Paul agus Inside I’m Dancing a bhain clú amach go criticiúil, agus d’éirigh le Man About Dog an barr a bhaint amach i nDíoloifig na hÉireann (ag a raibh comhlán de €2.4 milliún go dáta). D’éirigh go han-mhaith le