Comhaontaíodh na treoirlínte seo a leanas idir an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta agus an tAire Airgeadais agus is ann dóibh chun breac-chuntas a thabhairt ar na critéir atá in úsáid le tionscadail fheiliúnacha a dheimhniú chun críche an fhaoisimh chánach seo.
1. D’fhonn próiseáil ordúil d’iarratais do dheimhnithe, ní mór do chuideachtaí a n-iarratais a chur chuig an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta chomh luath agus is féidir.
2. Áit a bhfuil sé de rún ag an gcuideachta iarratas a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim do cheadúnú imlíneach don tionscadal féadfar é seo a dhéanamh ag an am céanna.
3. Is éard atá i gceist le cuideachta cháilitheach, cuideachta nach bhfuil i gceist lena trádáil ach táirgeadh, foilsiú, margaíocht agus cur chun cinn taifeadta cháilithigh nó taifead cáilitheach le díreach ealaíontóir nua amháin agus a léiríonn, chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil deimhniú tugtha, agus nach bhfuil sé cúlghairthe ag an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta.
4. Ciallaíonn taifeadadh cáilitheach taifeadadh déanta i stiúideo sa Stát i bhformáid taifeadta ar bith i stíl cheoil ar bith, aon fhíseán a bhaineann go díreach le taifead mar sin san áireamh, le healaíontóir nua faoi réir na gcoinníollacha a leagadh síos i dteastas eisithe ag an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta faoi Alt 16 den Acht Airgeadais, 1984 (mar atá leasaithe ag an Acht Airgeadais, 1996).
5. Ciallaíonn "ealaíontóir nua" (i) ealaíontóir aonair, nó (ii) grúpa a bhfuil níos mó ná ealaíontóir amháin ann
nach bhfuil a díolacháin albam iomlána sna margaí uile níos mó ná 5000 aonad roimh don Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireacht an t-iarratas a fháil.
6. Is éard atá i gceist le halbam taifeadadh foilsithe ar bith a bhfuil cúig nó níos mó de shaothair cheoil dhiscréideacha air nó i gcás go bhfuil níos lú ná cúig shaothar mar sin ann, go bhfuil fad iomlán an ábhair cheoil níos faide ná fiche nóiméad.
7. Ceanglaítear ar iarratasóirí plean gnó inchreidte trí bliana a sholáthar mar aon le cóipeanna den doiciméadú dlíthiúil iomlán faoin gcuideachta agus aon fhaisnéis eile a iarrfaidh an tAire le réasún.
8. San áireamh sa Phlean Gnó ba cheart go mbeadh príomhchuspóirí an Phlean mar aon le sonraí faoin mbealach a gcaithfear cistí SLG, spriocmhargaí, díolacháin réamh-mheasta, maoiniú réamh-mheasta, fostaíocht réamh-mheasta agus ar araile, thar thréimhse an phlean mar aon le sonraí faoi chuideachtaí comhlachaithe áit a bhfuil súil le haistriú fostaithe nó sócmhainní sa Phlean.
9. Coinníoll a bhaineann le heisiúint deimhnithe go gcuireann gach cuideachta Tuarascáil Bhliantúil ar Dhul Chun Cinn ar an bPlean Gnó ar fáil don Aire don trí bliana tar éis eisiúint scaireanna (nó tréimhse níos faide má aontaítear air leis an Aire). Ní mór an tuarascáil a chur ar fáil tráth nach déanaí ná 31 Márta gach bliain nó cibé dáta eile a aontaítear leis an Aire.
10. Féadfaidh an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta cinneadh a dhéanamh faoin uasmhéid airgid ar féidir a chruinniú.
11. Ní mór don chuideachta taifeadadh cáilitheach a dhéanamh i stiúideo sa Stát laistigh de 12 mí ó eisiúint an deimhnithe agus ní mór é a fhoilsiú laistigh de 12 mí ina dhiaidh sin.
12. Le linn a bheith ag breithniú ar chóir deimhniú a thabhairt, beidh aird ag an Aire ar mhodh, méid agus tráthúlacht a bhfuil an t-airgead cruinnithe le húsáid ann trí thagairt a dhéanamh do cheann ar bith nó na critéir uile seo a leanas:
(a) an líon daoine fostaithe (lán-ama nó coibhéiseach lán-ama) ag gach leibhéal den tionscadal (réamhchleachtadh, taifeadadh, bolscaireacht, camchuairtíocht) - lena n-áirítear riarthóirí, ceoltóirí, pearsanra stiúideo - a bhfuil sainchónaí nó a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí orthu sa Stát agus an cion de na daoine sin i gcoibhneas líon iomlán na ndaoine atá fostaithe ag gach leibhéal agus ag gach céim den tionscadal;
(b) méid, cineál agus caighdeán na hoiliúna curtha ar fáil do phearsana aonair a bhfuil sainchónaí nó a bhfuil cónaí nó gnáthchónaí orthu sa Stát;
(c) beidh ról lárnach ag an méid de bhuiséad an tionscadail atá le caitheamh ar áiseanna atá ar fáil sa Stát, mar shampla áiseanna sa stiúideo, díoltóireacht, dearadh grafach, táirgeadh CD/téipe, agus ar araile le luacháil an tionscadail. Glactar leis go mb’fhéidir go mbeidh gá le caiteachas éigin ar thionscadal lasmuigh den Stát;
(d) an méid bainistíochta, cuntasóireachta, táillí dlíthiúla agus gairmiúla eile a bhfuil foráil déanta dóibh sna conarthaí idir an scairshealbhóir/tionscnóirí agus an t-ealaíontóir nó an grúpa;
(e) an méid a leanfaidh an tionscadal de bheith bunaithe in Éirinn agus ag an am céanna a bheith ag saothrú ar mhargaí idirnáisiúnta. Bheadh láthair conarthaí bainistíochta agus foilsitheoireachta, láthair na mbrabús foilsitheoireachta agus araile ábhartha anseo.
13. Ar theacht ar bhreith maidir le Deimhniú a eisiúint, féadfaidh an tAire comhairle aon duine nó comhlacht daoine a lorg, i dtuairim an Aire a chabhróidh leis/léi i leith an tionscadail atá i gceist.
14. Ní hionann eisiúint deimhnithe agus aon chineál formheasa ar inmharthanacht tráchtála tionscadail ón Aire. Ní féadfar é a úsáid chun tionscadal a chur chun cinn d'infheisteoirí poitéinsiúla i réamheolaire ar bith nó ábhar bolscaireachta ar bith nó ní féidir é a thabhairt mar litir sóláis. D’fhonn a chur in iúl go bhfuil deimhniú eisithe ag an Aire áfach, ba cheart an fhoirm foclaíochta caighdeánaí seo a leanas a úsáid:
“Eisíodh deimhniú faoi Alt 16 den Acht Airgeadais, 1984 (mar atá leasaithe ag an Acht Airgeadais, 1996). Ní hionann eisiúint an deimhnithe seo agus aon chineál formheasa ar inmharthanacht tráchtála an tionscadail”.
15. Ní mór béim a leagan ar an bpointe nach dtugann deimhniú a eisíonn an tAire chuig cuideachta i leith a Phlean Gnó le tuiscint ar shlí ar bith go measfaidh na Coimisinéirí Ioncaim go huathoibríoch gur cuideachta cháilitheach atá ann chun críche an SLG nó go ndeonófar an faoiseamh d'infheisteoirí sa chuideachta. Ní bhaineann na nithe seo ach amháin, ar an gcéad ásc, leis na Coimisinéirí Ioncaim.
16. Féadfaidh an tAire deimhniú a leasú nó a chúlghairm nó aon choinníoll ina leith sa chás go dteipeann ar an gcuideachta cistí cruinnithe faoin Scéim de bhun príomhchuspóirí an Phlean Gnó a chur i bhfeidhm (faoi réir modhnaithe suntasacha aontaithe leis na Aire). D’fhéadfadh aistarraingt an faoiseamh a deonaíodh chuig infheisteoirí a aistarraingt a bheith mar thoradh ar chúlghairm an deimhnithe. Ní chúlghairfear deimhniú ag aon am i ndiaidh sé mhí tar éis don Aire an tríú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn a eisiúint. Ní bheidh deimhniú cúlghairthe áit nach bhfuil an tAire sásta nach féidir cloígh leis an bPlean Gnó chun críche cúiseanna tráchtála dílse nó ag teacht ó imthosca eacnamaíocha, nó áit a dtéann an chuideachta faoi leachtú nó faoi ghlacadóireacht do chúiseanna tráchtála bona fide agus ní chun críche cáin a sheachaint.
17. Beidh ar shealbhóir an Deimhnithe na coinníollacha faoinar eisíodh an Deimhniú a chur in iúl i scríbhinn d’infheisteoirí poitéinsiúla.
18. I ngach cás, beidh coinníoll ag gabháil le heisiúint Deimhnithe, is é sin go ndéanfar Foirm Bhunachar Sonraí Eacnamaíochta atá ceaptha le haghaidh gach tionscadal a chomhlánú agus a chur ar ais chuig an Aire. Is éard a bheidh sa bhunachar sonraí seo an bonn d'anailís chriticiúil leanúnach ar na sochair eacnamaíocha a tharlaíonn de bharr tús a chur le SLG na dtionscadal seo.