An Ciste Oidhreachta

I mbliain 2001, de dhroim molta ó Chomhairle na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta agus le toiliú an Aire Airgeadais, d'aontaigh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán mar a bhí ag an am, acmhainní an Chiste Oidhreachta a úsáid chun íoc as cuid den chostas de bhailiúchán de pháipéir Joyce, le luacháil GB£8m orthu, le haghaidh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Ceannaíodh an bailiúchán ar bhonn céimnithe thar thrí bliana, 2002, 2003 agus 2004, ag baint úsáide as acmhainní curtha ar fáil ón gCiste agus ag bronntóir príobháideach, ag baint leasa as Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997. Ceadaíodh sin toisc gur aontaíodh an bailiúchán a cheannach ar bhonn céimnithe thar na blianta thuasluaite.

Le toiliú an Aire Airgeadais, agus de dhroim molta ó Chomhairle na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta, cheadaigh an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta an ceannach de shaothair ealaíne de luach iomlán €3,233,835 a fuarthas in 2005. Déantar cur síos thíos ar na hearraí ceannaithe go dtí seo.

Earraí Ceannaithe leis an gCiste Oidhreachta

Bliain Earra Ceannaithe Institiúid Luach
2002 An Chéad Tráinse de Pháipéir Joyce Leabharlann Náisiúnta na hÉireann €6,299,272 (ón gCiste Oidhreachta)Luach iomlán an cheannaigh €12,080,153**
2003 An Dara Tráinse de Pháipéir Joyce Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
2004 An Tráinse Deiridh de Pháipéir Joyce Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
2005

Trí Shaothar Ealaíne le James Coleman

Péintéireacht le Aelbert Cuyp "Portrait of a Youth and His Tutor on Horseback"

Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

€1,300,000


€1,933,835

2007 Bailiúchán Stanley Ard-Mhúsaem na hÉireann €3,500,000

**Ceannaíodh Páipéir Joyce le comh-acmhainní curtha ar fáil ón gCiste Oidhreachta agus ag bronntóir príobháideach a bhain leas as Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997