Ealaíona
Tá na healaíona ina gcuid lárnach de shaol na hÉireann i gcónaí. Is é cuspóir na Roinne seo creatlach acmhainne, beartais agus reachtaíochta chuí a chur ar fáil chun tacú le spreagadh agus forbairt na nEalaíon in Éirinn, chun go n-uasmhéadófar torthaí eacnamaíocha agus fostaíocht, agus rochtain ar na healaíona agus rannpháirteachas iontu ag gach cuid de shochaí na hÉireann.
Forbhreathnú
Oibríonn an Roinn seo go dlúth leis an gComhairle Ealaíon agus le Bord Scannán na hÉireann chun a chinntiú go gcuirfear straitéisí cuí agus éifeachtúla i bhfeidhm i gcomhar leis an bpobal ealaíonta agus an tionscal scannán.
Is é Cultúr Éireann an comhlacht atá freagrach as Ealaíona agus Ealaíontóirí na hÉireann a chur chun cinn thar lear.
Eagraíocht
An tAonad EalaíonIs é cuspóir na Roinne seo creatlach acmhainne, beartais agus reachtaíochta chuí a chur ar fáil chun tacú le spreagadh agus forbairt na nEalaíon in Éirinn.
An tAonad ScannánIs é beartas na Roinne léiriú scannán na hÉireann a fhorbairt agus a leathnú ar bhealach a dhéanann an toradh don gheilleagar a uasmhéadú, lena n-áirítear trí fhostaíocht a chur ar fáil, agus a léiríonn ár n-ionannas cultúrtha trí mheán scannán.
An tAonad CeoilCuireann an Scéim Méadaithe Gnó do Cheol faoiseamh cánach ar fáil d'infheisteoirí in ealaíontóirí ceoil nó grúpaí ceoil tráchtála nua agus atá ag teacht chun cinn.
Cultúr ÉireannTá buiséad €3 milliún ag Cultúr Éireann, an ghníomhaireacht náisiúnta chun ealaíona agus ealaíontóirí na hÉireann a chur chun cinn thar lear.
Tionscadail agus Cláir
Tuairiscí
Foilseacháin
Bord Scannán na hÉireann, Athbhhreithniú ar Caiteachas (378kb)
Scéim an Chéatadáin don Ealaín Treoirlínte Ginearálta Náisiúnta i bhformáid PDF(630kb) : HTML
Cultúr Éireann i bhformáid PDF
Treoirlínte/Faisnéis Chúlra i bhFormáid PDF
Treoirlínte don Scéim Méadaithe Gnó
Nósanna Imeachta Leasaithe do Dheimhniú Faoiseamh Cánach Alt 481 ón 01/01/2005
Deontais agus Maoiniú
Gníomhaireachtaí