Cultúr Éireann
Tá buiséad €4.531 milliún do 2009 ag Cultúr Éireann, an ghníomhaireacht náisiúnta chun ealaíona agus ealaíontóirí Éireannacha a chur chun cinn thar lear. Gníomhaireacht stáit is ea Cultúr Éireann a bhunaigh an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta sa bhliain 2005 ar mhaithe le healaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud na cruinne. Tugann Cultúr Éireann an deis agus an tacaíocht d’ealaíontóirí agus do chuideachtaí as Éirinn chun a saothair a chur i láthair ag taispeántais, féilte, ionaid agus margaí ealaíon tábhachtacha idirnáisiúnta.
Tá bord stiúrthóirí a cheap an tAire ar an
ngníomhaireacht agus is é an Príomh-Oifigeach, Eugene
Downes, ceannasaí na foirne.
Tá tuilleadh faisnéise ar Chultúr Éireann agus ar a chlár deontais ar fáil ar www.cultureireland.gov.ie.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:
An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, Seomra 3.32, Foirgnimh Fhreidric, Sráid Fhreidric Theas, BÁC 2
Teil: (+353 1) 631 3905, 3994, 3917
Facs: (+353 1) 6313956
Ríomhphost: cultureireland@dast.gov.ie