AN SCÉIM TACAÍOCHTA UM FHEABHSÚ EALAÍON AGUS CULTÚIR II (ACCESS II)

DEONTAIS D'EALAÍONA AGUS DO BHONNEAGAR CULTÚIR

Beidh ACCESS II (an Scéim Tacaíochta um Fheabhsú Ealaíon agus Cultúir II), an scéim reatha a riarann an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, ar siúl ó 2007 go 2009. Tá ACCESS II deartha chun cabhrú le bonneagar ardchaighdeáin ealaíon agus cultúir a chur ar fáil chun feabhas a chur ar rochtain ar na healaíona ar fud na tíre, agus tá sé d'aidhm aige spreagadh breise a chur ar fáil d'fhorbairt áiseanna ealaíon agus cultúir, rud a chuirfidh feabhas ar cháilíocht beatha na saoránach. Cé go bhfuil sé de rún aige tosaíocht a thabhairt d'fheabhsú agus cothabháil áiseanna reatha, déantar foráil faoi théarmaí na scéime do thacaíocht a chur ar fáil do thionscadail nua-thógtha freisin .


Fuair 67 tionscadal san iomlán maoiniú caipitil de €32m faoin scéim reatha ACCESS II. Is é aidhm na scéime tosaíocht a thabhairt d'fheabhsú agus cothabháil áiseanna reatha, agus mar sin bíonn 70% de na cistí ar fáil faoin scéim dírithe ar fheabhsú agus/nó athchóiriú áiseanna reatha, agus bíonn 30% díobh dírithe ar áiseanna nua.


I measc na dtionscadal ar tugadh tacaíocht dóibh, bhí an soláthar d'ionaid ealaíon chomhtháite nua, d'amharclanna agus de spás stiúideo agus athchóiriú spásanna taibhithe reatha. Aithníodh go forleathan gur chabhraigh sé go mór le spás cultúrtha ardchaighdeáin a chur ar fáil ar fud na réigiún.


I mí Aibreáin 2008, fuair 13 tionscadal breise ón gcúl-liosta maoiniú sa bhreis ar €10m.


Is é seo a leanas an méid a leithroinneadh ar an gcúl-liosta:

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:

An tAonad ACCESS,
An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta,
An Fosadh
Cill Airne
Co. Chiarraí

Ealaíona (Forbairt Chaipitil) - Teil: 064 6627332 nó 064 6627333
Seol facs chuig an Aonad: (+353) 64 27350
Seol ríomhphost chuig an Aonad: access@dast.gov.ie