Fáilte ón Uasal Mary Hanafin, TD

Some documents are in PDF format

Download Acrobat Reader

Fáilte chuig suíomh gréasáin na Roinne Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt .

Bunaíodh an Roinn seo i mí an Mheithimh 2002, agus is é ár misean:

"Sochaí na hÉireann a shaibhriú trí thacú le fás tionscal turasóireachta iomaíoch agus inbhuanaithe, agus trí rochtain ar spórt, ar na healaíona agus ar chultúr, agus rannpháirteachas i spórt, sna healaíona agus sa chultúr, a mhéadú".


Ráiteas Stráitéise 2008-2010


An Tuarascáil Bhliantúil 2009 - Leagan Gaeilge

 

Tá sé d'aidhm ag an bhfaisnéis ar an suíomh gréasáin seo cabhrú leat tuiscint a fháil ar obair mo Roinne sna trí earnáil Turasóireachta, Cultúr agus Spórt , agus naisc a chur ar fáil le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí príomhúla atá páirteach sna trí earnáil sin. Chomh maith leis sin, cuireann an suíomh gréasáin faisnéis ar fáil faoi nósanna imeachta inmheánacha mo Roinne i réimsí cosúil le Saoráil Faisnéise agus Seirbhís do Chustaiméirí.

Tá súil agam go mbeidh an suíomh seo úsáideach duit, agus cuirim fáilte roimh thuairimí agus moltaí i gcónaí. Is féidir iad a sheoladh isteach trí mheán ár n-áise aiseolais ar líne.

Mary Hanafin, TD,
An tAire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt .