Seirbhísí Corparáideacha - An tAonad Iniúchta
Feidhmeanna an Aonaid:
Is é príomhról an Iniúchta Inmheánaigh a dhearbhú don Oifigeach Cuntasaíochta go bhfuil córas rialaithe inmheánaigh na Roinne leordhóthanach. Tá sé freagrach as dearbhú iniúchta a thabhairt go ndéantar na rioscaí suntasacha oibriúcháin uile a aithint, a bhainistiú agus a rialú. Déanfaidh sé iarracht easpaí nó laigí i gcórais agus i rialuithe a aithint agus a thuairisciú agus déanfaidh sé moltaí cuí. Feidhmíonn sé mar Aonad neamhspleách faoi stiúir ghinearálta an Ard-Rúnaí gan aon bhaint aige le hoibríochtaí ó lá go lá.
An tAonad Iniúchta
- Cuireann sé an Clár Iniúchta Bliantúil i ngníomh
- Cuireann sé tacaíocht riaracháin ar fáil don Choiste Iniúchta
- Tá sé freagrach as moltaí ábhartha ó Thuairisc Mullarkey faoi Rialachas Corparáideach a chur i ngníomh
- Éascaíonn sé tabhairt isteach Bainistíochta Riosca ar fud na Roinne
Déan Teagmháil Linn:
Iniúchóir Inmheánach: (+353 64) 6627309,
Ardoifigeach Feidhmiúcháin: (+353 64) 6627318
Seol Facs chuig an Aonad (+353 64) 6627394
Seol Ríomhphost chuig an Aonad InternalAudit@dast.gov.ie
