Cumarsáid Scríofa

Tabharfaimid aitheantas ar gach comhfhreagras scríofa (litir, r-phost, facs) laistigh de 5 lá oibre tar éis dó a bheith faighte agus tabharfaimid freagra ar 95% díobh ar a laghad laistigh de 20 lá oibre (seachas feachtais "scríobh isteach"). I gcásanna ina mbeidh moill i gceist, seolfaimid freagra eatramhach chugat ag míniú an scéil sula dtéann an tréimhse 20 lá in éag. Cuirfidh ár bhfoireann mionsonraí teagmhála iomlána ar fáil duit chomh maith le huimhir thagartha (más ann di).