Soláthar Eolais
Cinnteoimid go bhfuil rochtain ar ár n-eolas ginearálta go leictreonach agus i bhfoirm phriontáilte.
Soláthróimid eolas cruinn ag baint leasa as teanga shimplí shoiléir a oireann do d'fhiosrúchán. Cuirfimid eolas oiriúnach agus critéir cháilitheachta ar fáil d'iarratasóirí deontas féideartha, míneoimid go díreach cad atá riachtanach i bhfoirmeacha iarratais agus ní chuirfimid ach ceisteanna cuí. Déanfaimid cinneadh chomh luath agus is féidir ag tabhairt na gcúiseanna atá againn leo.