Measúnú ar ár NGealltanais dár gCustaiméirí

Tá an ceart agat cur in iúl dúinn mura bhfuil an caighdeán seirbhíse cothrom lena bhfuil leagtha amach sa gcairt seo nó má chreideann tú nach bhfuil cinneadh nó gníomh a mbíonn tionchar aige ortsa de réir rialacha, chleachtais nó polasaithe na Roinne. Tá cleachtais agus rialacha na Roinne le fáil i lámhleabhair Alt 15 agus 16 mar a thugtar orthu agus tá siad le fáil ar ár láithreán gréasáin nó arna n-iarraidh ó Aonad um Shaoráil Faisnéise na Roinne.

Mura féidir do chás a réiteach le ball foirne nó leis an Rannóg lena bhfuil tú ag déileáil is féidir leat teagmháíl a dhéanamh leis an mBainisteoir Seirbhísí Custaiméara.

Tabharfar aitheantas ar gach teachtaireacht a fhaightear laistigh de 3 lá oibre agus tabharfar freagra orthu laistigh de 20 lá oibre, déileálfar leo ar bhealach cothrom agus neamhspleách, agus mura mian leat a mhalairt, faoi rún (de réir ár n-oibleagáidí faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise).

Má sheasann do chás agus/nó má tá botún déanta againne cuirfimid i gcaoi é chomh tapa agus is féidir agus beidh míniúchán agus leithscéal ar fáil. Má bhíonn tú fós míshásta cuirfimid ar an eolas tú maidir le do cheart breise an scéal a thabhairt os comhair an Ombudsman.