Grúpa Athnuachana na Turasóireachta
Bhunaigh an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, Máirtín Ó Cuilinn, Uasal, TD i mí na Nollag 2008 Grúpa Athnuachana na Turasóireachta atá freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar an straitéis reatha turasóireachta faoi mar atá leagtha amach in ‘New Horizons for Irish Tourism: an Agenda for Action 2003 - 2012’ agus í a athnuachan, dá mba chuí. Cliceáil anseo i gcomhair Téarmaí Tagartha agus Ballraíocht
Iarradh ar an nGrúpa Athnuachana scrúdú a dhéanamh ar thosaíochtaí, gníomhartha agus spriocanna beartais agus cláir i bhfianaise na ndúshlán atá amach roimh thurasóireacht na hÉireann, agus tuarascáil a chur ar ais chuig an Aire ina bhfolófaí moltaí i bhfoirm Creat Gníomhaíochta don tréimhse 2013 ina liostófaí príomhghníomhartha a ghlacfaí ar mhaithe lena chinntiú go leanfadh an turasóireacht uirthi mar cheann de mhórthionscail na hÉireann mar aon leis na straitéisí riachtanacha chun forás inbhuanaithe thionscal turasóireachta na hÉireann a chothabháil san fhadtéarma.
Thosaigh an Grúpa a gcuid oibre tríd an mbeartas agus an straitéis reatha turasóireachta a bhreithniú go mion, trí anailís a dhéanamh ar an earnáil (an earnáil náisiúnta agus idirnáisiúnta araon) agus ar na príomh-shaincheisteanna a bhaineann leis an turasóireacht. Chuathas ar aghaidh ansin go dtí tréimhse chomhairliúcháin, comhairliúchán scríofa agus comhairliúchán duine le duine araon, le príomhpháirtithe leasmhara san earnáil turasóireachta agus in earnálacha a bhaineann leis an earnáil turasóireachta agus le daoine aonair agus eagraíochtaí leasmhara seachtracha eile chomh maith. Tar éis na gcomhairliúchán, rinne an Grúpa anailís ansin ar na torthaí agus ar na himpleachtaí don tionscal turasóireachta in Éirinn agus d’aontaigh siad ar phríomhghníomhartha ar gá iad chun tacú leis an tionscal agus lámh chúnta a thabhairt dó a bheith marthanach, a gcosa a chur faoi an athuair agus fás.
Tuarascáil Ghrúpa Athnuachana na Turasóireachta
Seoladh Tuarascáil
Ghrúpa Athnuachana na Turasóireachta, a d’eascair
ó obair an ghrúpa, ar an 8 Deireadh Fómhair 2009. Leagtar
amach sa Tuarascáil seo cion na turasóireachta i leith fhorbairt
eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha na hÉireann
agus na hionchais atá ann do thurasóireacht na hÉireann
i saol a bhfuil athrú ó bhun tagtha air, mar aon le Creat
Gníomhaíochta maidir le marthanas, téarnamh agus forás
na turasóireachta le linn na tréimhse go dtí 2013.
Briseadh síos an Creat Gníomhaíochta a chuir an Grúpa chun cinn i gcúig Ghníomh Mharthanais thar 2009-10 agus i naoi nGníomh Théarnaimh don tréimhse 2010-2013. Moltar dul i mbun gnímh ar an bpointe ar na Gníomhartha Marthanais chun marthanas thionscal láidir turasóireachta na hÉireann a chinntiú idir 2009-2010 agus chun an méid damáiste a d’fhéadfadh eascairt ó na dúshláin atá ann faoi láthair a sheachaint. Moltar dul i mbun gnímh ar Ghníomhartha Téarnaimh ón mbliain 2010 ar aghaidh ionas go gcuirfí turasóireacht na hÉireann ar ais ar chosán an fhoráis ón mbliain 2011 ar aghaidh de réir mar a thiocfadh an geilleagar domhanda ar ais ar a chosa an athuair
Gníomhartha Leantacha agus Bearta Chun Cinn
Moltar líon áirithe Beart faoi gach Gníomh sa Chreat. Is Bearta fadréimseacha iad ó thaobh cineáil agus réime, agus iad dírithe eatarthu ar an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta agus ar a ngníomhaireachtaí, ar Ranna agus gníomhaireachtaí eile, agus ar fhiontair thurasóireachta agus iompair. Is é an Rialtas a dhéanfaidh an cinneadh maidir le roinnt díobh agus is Ranna agus gníomhaireachtaí aonair a bheidh freagrach ar leibhéal oibriúcháin as cinn eile.
Tá an tAire i mbun comhairliúcháin leis na hAirí lena mbaineann maidir leis an tionchar a bheidh ag impleachtaí na ngníomhartha a moladh sa Tuarascáil orthu agus ar a Ranna. Tá moladh an Ghrúpa Athnuachana go mbunófaí grúpa beag chun maoirseacht a dhéanamh ar agus chun coinneáil le forfheidhmiú an Chreata Gníomhaíochta, de réir mar a rinneadh go rathúil chun tuarascálacha a cuireadh i dtoll a chéile roimhe seo ar straitéis na turasóireachta a thabhairt chun cinn, á bhreithniú ag an Aire chomh maith.
Idir an dá linn, d’iarr an tAire ar a oifigigh sa Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta agus sna gníomhaireachtaí faoina sainchúram féachaint go díreach ar na moltaí a bhaineann go sonrach leo féin a thabhairt chun cinn. Tá oifigigh na Roinne ag leanúint den obair chomh maith ar mholtaí Ghrúpa Athnuachana na Turasóireachta le Ranna, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ábhartha eile, go háirithe i gcás gur sannadh príomhról nó ról tacúil dóibh.