Forbhreathnú

 

Baineann ról na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i ndáil le turasóireacht (tugtar míniú níos mionsonraí air seo thíos) go príomhúil le réimse an bheartais náisiúnta. An sainchúram atá aici ná:

"Tacú le fás tionscal turasóireachta iomaíoch agus inbhuanaithe, agus feabhas a chur ar an méid a chuireann sé le spriocanna eacnamaíocha agus sóisialta náisiúnta, trí raon gníomhartha beartais agus clár a bhaineann leis an Roinn, a Gníomhaireachtaí agus Ranna Rialtais eile a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, agus trí thionchar a imirt ar na gníomhartha agus cláir sin, i gcomhairle le páirtithe tionscail."

Bunaíodh na gníomhaireachtaí, atá faoi choimirce na Roinne, chun déileáil le riarachán an bheartais sin.

 

Gníomhaireachtaí

Fáilte Éireann

Is é misean an Fáilte Éireann :

"Méadú ar an méid a chuireann an turasóireacht leis an ngeilleagar trí fhorbairt tionscal turasóireachta iomaíoch agus brabúsach a éascú."

Is é príomhról Fháilte Éireann tacú leis an tionscal agus cabhrú leis dul i ngleic leis na dúshláin os comhair an mhargaidh turasóireachta dhomhanda, agus leibhéal na gníomhaíochta san earnáil a chothabháil nó a mhéadú.Tá tábhacht ar leith ag an ról seo i bhfianaise na bhforbairtí eacnamaíocha is déanaí agus an gá atá le fiontair thurasóireachta atá ann cheana agus na poist a dtugann siad tacaíocht dóibh a chothabháil.
Go príomha, is catalaíoch ar ghníomhaíocht daoine eile é Fáilte Ireland, a bunaíodh faoin Acht um Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta 2003. Tugann sé tacaíocht don tionscal, go háirithe d’fhiontair thurasóireachta aonair ina n-iarrachtaí a bheith níos iomaíche agus níos brabúsaí. Ós gurb é údarás forbartha turasóireachta an Stáit é, tá seasamh an-mhaith aige chun tabhairt faoi roinnt de na saincheisteanna níos leithne ar gá tabhairt fúthu má tá faoin tionscal na gnóthachain a rinne sé le blianta beaga anuas a chothabháil agus chun é féin a bheith faoi réir i gcomhair a thuilleadh foráis agus forbartha.
Leagann sé béim ar chomhpháirtíocht straitéiseach, leis na leasanna uile i dturasóireacht na hÉireann ag leibhéil náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha ag oibriú le chéile chun sprioc choiteann a bhaint amach.
Cuireann raon tacaí agus seirbhísí Fháilte Éireann ionad ilfhreastail ar fáil a fhreastalaíonn do riachtanais ghnó nó ghairmiúla an lucht atá páirteach, nó atá ag smaoineamh ar bheith páirteach i dturasóireacht na hÉireann. Tá níos mó sonraí faoi na hábhair seo ar shuíomh gréasáin Fháilte Éireann www.failteireland.ie. Is acmhainn úsáideach é a shuíomh gréasáin freisin maidir le laethanta saoire a phleanáil. Bainistíonn Fáilte Éireann an suíomh gréasáin discoverireland www.discoverireland.ie freisin atá tiomanta do liostaí a chur ar fáil de Lóistín, Tairiscintí Speisialta, Féilte, Imeachtaí agus faisnéis eile a chuireann go mór le laethanta saoire sona in Éirinn. Tá naisc shonracha le réigiúin uile na tíre ar an suíomh gréasáin sin freisin agus is féidir faisnéis níos mionchruinne agus níos áitiúla a fháil ann.

Turasóireacht Éireann

Is cuideachta margaíochta turasóireachta don oileán go léir í Tourism Ireland a bhunaigh Bord Fáilte, mar a bhí ag an am, agus Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann de bhun Chomhaontú Aoine an Chéasta. Corpraíodh Turasóireacht Éireann Teo. go foirmiúil ar an 11ú Nollaig 2000. Rialaíonn a Mheabhrán agus a Airteagail Chomhlachais a chuid oibríochtaí agus tá sé freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá an Chuideachta freagrach as margaíocht oileán uile na hÉireann mar cheann scríbe do thurasóirí, Branda Turasóireachta Éireann, seachadadh margaíochta réigiúnaí agus táirgí, agus gníomhaíochtaí poiblíochta thar ceann Bhord Fáilte agus an NITB agus an líonra d'oifigí thar lear. Tá a lán faisnéise ar shuíomh gréasáin Thurasóireacht Éireann faoi nithe is díol spéise do chuairteoirí, conas taisteal go hÉirinn, cúrsaí taistil, lóistín etc. agus is fiú féachaint air nuair atáthar ag pleanáil dul ar saoire go hÉirinn.

Forbairt Shionainne

Forbairt Shionainne freagrach as forbairt agus cur chun cinn na Turasóireachta i réigiún Lár Iarthair na hÉireann. Is é an misean atá acu tús a chur le forbairt na turasóireachta agus tacú léi agus é sin a bheith ina phríomhghné chun fás foriomlán geilleagrach a bhaint amach ar fud réigiún na Sionainne. Tá Cathair Luimnigh, Co. Luimnigh, Co. an Chláir, Tiobraid Árann Thuaidh agus deisceart agus iarthar Uíbh Fhailí sa réigiún a chlúdaíonn Forbairt Shionainne.

Déanann Forbairt Shionainne forbairt táirgí turasóireachta a chur chun cinn go réamhghníomhach trí thacaí a chur ar fáil cosúil le haitheantas táirgí, seirbhís comhairle turasóireachta d'fhorbróirí ionchais agus deontas i gcabhair do chatagóirí áirithe de thionscadail turasóireachta. Trí mheán a líonra d'Oifigí Turasóireachta, cuireann Forbairt Shionainne seirbhísí turasóireachta ar fáil do chuairteoirí ar an Réigiún.

D'fhoilsigh Forbairt Shionainne a straitéis réigiúnach 2008-2010 in 2008. Tá an cháipéis seo ar fáil ó shuíomh gréasáin Fhorbairt Shionainne ag an seoladh seo a leanaswww.shannon-dev.ie/media/Media,7543,en.pdf

Turasóireacht Bhaile Átha Cliath

Is é Turasóireacht Bhaile Átha Cliath bord turasóireachta oifigiúil Bhaile Átha Cliath le freagracht as réigiún Bhaile Átha Cliath a mhargú agus a chur chun cinn. Riarann Turasóireacht Bhaile Átha Cliath suíomh gréasáin a bhuaigh duais, cuireann sé cúig Ionad Faisnéis Turasóireachta agus Áirithintí ar fáil ar féidir bualadh isteach iontu 364 lá sa bhliain agus oibríonn sé cúig Ní is Díol Spéise do Chuairteoirí sa réigiún freisin.

D'fhoilsigh Turasóireacht Bhaile Átha Cliath a Phlean Turasóireachta Réigiúnach, Making it Happen, don tréimhse 2008-2010 i mí Eanáir 2008. Tá sé ar fáil ar shuíomh gréasáin Thurasóireacht Bhaile Átha Cliath ag an seoladh seo a leanas http://trade.visitdublin.com/trade/

Forbhreathnú ar Thionscal na Turasóireachta

Léiríonn na figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur tháinig os cionn 6.9 milliún cuairteoir coigríche go Poblacht na hÉireann sa bhliain 2009. Is ionann seo agus laghdú de 11.6% ar an mbliain 2008, laghdú a tharla, tríd is tríd, de dheasca na deacrachta a bhain leis an ngeilleagar domhanda le linn 2009. Cé gur údar díomá laghdú ar bith a tharlódh i líon na gcuairteoirí coigríche ní mór na figiúirí a chur i gcomhthéacs. Bhí líon áirithe de bhlianta ann a mbíodh líon na gcuairteoirí a bhíodh ag teacht go hÉirinn ag ardú go leanúnach agus sháraigh an bhliain 2007 gach bliain eile mar gur tháinig beagán le cois 8 milliún cuairteoir an bhliain sin

Is fórsa ollmhór geilleagrach fós í an earnáil turasóireachta agus fáilteachais sa gheilleagar; sa bhliain 2009 sholáthair sí beagnach 200,000 post, ba chabhair í ó thaobh beagnach €3.9 bhilliún a ghiniúint i dtuillimh ioncaim ón gcoigríoch agus ó thaobh luach ionann is €1.2 billiún a ghiniúint i dtuillimh chánach.

Is fiontair indibhidiúla bheaga agus mheánmhéide iad formhór na bhfiontar sa tionscal seo, atá in iomaíocht i margadh turasóireachta idirnáisiúnta atá ag éirí níos domhandaithe.

Tá na spriocanna a leagtar amach don turasóireacht deartha chun fócas oibriúcháin a thabhairt don Roinn agus leagtar amach ina Ráiteas Straitéise (2008 – 2010) iad. Mar a luaitear thuas, de réir na spriocanna, caithfidh an Roinn:

Tacú le fás tionscal turasóireachta iomaíoch agus inbhuanaithe, agus feabhas a chur ar an méid a chuireann sé le spriocanna eacnamaíocha agus sóisialta náisiúnta, trí raon gníomhartha beartais agus clár a bhaineann leis an Roinn, a Gníomhaireachtaí agus Ranna Rialtais eile a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, agus trí thionchar a imirt ar na gníomhartha agus cláir sin, i gcomhairle le páirtithe tionscail.

Mar gheall ar an gcineál sainordaithe atá ag an Roinn, tá roinnt réimsí torthaí straitéiseacha tábhachtacha ina n-idirghníomhaíonn an Roinn le Ranna agus gníomhaireachtaí eile chun beartas an Rialtais a sheachadadh. I measc na saincheisteanna leathana a théann i gcion ar an Roinn tá an gá le rochtain rialta, ar phraghas iomaíoch ar ár bpríomh-mhargaí agus ónár bpríomh-mhargaí a choinneáil; bonneagar de bhealaí isteach aitheanta agus seirbhísí sláinteachais a chur ar fáil chun tacú le húsáid nithe is díol spéise do chuairteoirí agus ceantair turasóireachta; forbairt agus bainistíocht chuí raon gníomhaíochtaí cultúrtha agus oidhreachta is féidir iad a mhargú thar lear; beartas comhshaoil a chur i gcrích a fhreastalaíonn d'fhorbairt agus do mhéadú leochaileach na turasóireachta le deiseanna turasóireacht a fhorbairt faoin tuath agus taitneamh a bhaint as acmhainní nádúrtha le haghaidh turasóireachta, spóirt agus áineasa.

Go traidisiúnta, an rud uathúil a mheall cuairteoirí go hÉirinn ná leibhéal agus doimhneacht na teagmhála is féidir a dhéanamh le muintir na hÉireann. Tá timpeallacht ghlan, gan strus in Éirinn ina bhfuil luas mall saoil agus tírdhreacha álainne. Le deireanas tháinig cuairteoirí go hÉirinn chun leas a bhaint as an raon leathan áiseanna agus imeachtaí spóirt agus áineasa. Tá galf, slatiascaireacht, siúl, rothaíocht, marcaíocht, cultúr agus oidhreacht inrochtana go héasca, in éineacht leis na caighdeáin is airde de lóistín, bia agus fáilteachas, is minic i suíomh atá faoin tuath.

Idir an dá linn, tá cáil ar Bhaile Átha Cliath mar cheann scríbe beoga anois, ag dul in iomaíocht le príomhchathracha cáiliúla na hEorpa, go háirithe i ndáil le laethanta saoire gairide.

Tá dúshláin nua á dtabhairt ag saol na linne seo. Tá brú ar an gcomhshaol in áiteanna áirithe agus tá gá leanúnach feabhas a chur ar áiseanna chun go mbeidh siad in ann freastal ar an líon méadaitheach turasóirí ó Éirinn agus ó thíortha thar lear. Mar aon leis a lán earnálacha eacnamaíocha eile, braitheann an turasóireacht go mór ar choinníollacha aeráide. Tá an Roinn ag déanamh idirghníomhaíocht ghníomhach le páirtithe earnála ag leibhéal an AE, ag leibhéal Náisiúnta agus ag leibhéal Gníomhaireachta chun scrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha dearfacha chun aghaidh a thabhairt ar thionchair an athraithe aeráide ar an earnáil.

Ciallaíonn rath eacnamaíoch go gcaithfidh an tionscal turasóireachta dul in iomaíocht le tionscail eile chun baill foirne a fháil i margadh saothair docht. Ní mór dó aghaidh a thabhairt freisin ar bhrúnna praghais agus boilscithe, le cois athruithe sa ráta malairte. Caithfidh Éire a chinntiú freisin go leanann sí ar aghaidh ag cur céad míle fáilte roimh chuairteoirí de réir thraidisiún na hÉireann.

Tá athrú i bhfócas bheartas an Rialtais ag eascairt as na brúnna a tháinig leis na forbairtí eacnamaíocha a tharla le déanaí. Tá béim níos mó á cur anois ar an ngá atá le tacaíocht a thabhairt d’fhiontair d’fhonn fiontair inbhuanaithe a chothabháil, oiread fostaíochta is is féidir a bheith ann agus a chinntiú go mbeidh an tionscal réidh le tabhairt faoin athbheochan eacnamaíoch chomh luath is a tharlóidh sí. Agus sin á dhéanamh aici spreagfaidh an Roinn gníomhaíocht a mbeidh a laghad is féidir é d’iarmhairtí diúltacha aici ar an gcomhshaol. Beidh impleachtaí ar leith don turasóireacht ag comhoibriú feabhsaithe Thuaidh/Theas mar gheall ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, mar táthar ag iarraidh anois an deis a thógáil chun oileán na hÉireann a chómhargú, ar bhealach a rachaidh chun tairbhe an tionscail sa Tuaisceart agus sa Deisceart.

Tá sé sin uile ag tarlú i gcoinne cúlra d'athruithe suntasacha ar an margadh turasóireachta idirnáisiúnta. Tá daoine aonair ag tabhairt faoi dhúshláin thromchúiseacha eacnamaíocha ar fud na cruinne agus ní mór d’Éirinn cur chun oibre agus na cuairteoirí idirnáisiúnta atá ag éirí níos géarchúise a mhealladh, cuairteoirí, lena gceart a thabhairt dóibh a mbíonn saoráidí agus seirbhísí ar an gcaighdeán is airde á lorg acu. Tá muinín ag an Roinn go leanfaidh Éire uirthi ag freastal ar na hionchais seo agus ina theannta sin go mbeidh taithí uathúil le fáil ag an gcuairteoir sa tír. Mar gheall ar fhorbairtí i dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, tá athrú suntasach tagtha ar an mbealach ar a gcuirtear laethanta saoire in áirithe agus ar threochtaí sna cineálacha saoire a dtéann daoine orthu.

Tá earnáil na turasóireachta in Éirinn ag aibiú i dtimpeallachta chasta d'athrú tapa eacnamaíoch agus sóisialta. Is é dúshlán na Roinne bonneagar cuí agus sraith de bheartais a chinntiú chun comhdhlúthú na ngnóthachan a rinneadh le déanaí a éascú agus chun go leanfaidh an tionscal ar aghaidh i mbun forbartha ar earnáil turasóireachta a bheidh inbhuanaithe agus cothromaithe ar fud na tíre.

An Straitéis Turasóireachta

Foilsíodh "New Horizons for Irish Tourism - An Agenda for Action" – tuairisc Ghrúpa Athbhreithnithe ardleibhéil an Bheartais Turasóireachta - ar an 30ú Meán Fómhair 2003. Sa tuairisc sin:

  • Tugadh breac-chuntas ar straitéis do Thurasóireacht na hÉireann ó 2003-2012 chun forbairt inbhuanaithe bhreise a dhéanamh ar thurasóireacht in Éirinn, treoraithe ag an tionscal agus ag an Rialtas araon, agus
  • Aithníodh moltaí agus gníomhartha, don tionscal agus don earnáil phoiblí, a mbeadh gá leo chun an straitéis sin don todhchaí a chur i bhfeidhm. Tuairisc deiridh an Ghrúpa Athbhreithnithe
  • I ndiaidh fhoilsiú an Phlean, cheap an tAire Grúpa Feidhmithe an Phlean Gníomhaíochta Turasóireachta (TAPIG) chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm mholtaí an Ghrúpa Athbhreithnithe. Chuir TAPIG trí thuairisc dul chun cinn faoi bhráid an Aire; cuireadh a thríú tuairisc, an tuairisc deiridh faoina bhráid i mí an Mhárta 2006. Tá na tuairiscí iomlána dul chun cinn ar fáil ar leathanach foilseachán láithreán gréasáin na Roinne.

    I mí na Bealtaine 2006, cheap an tAire Grúpa Feidhmithe na Straitéise Turasóireachta (TSIG) chun comhairle a thabhairt faoi chur i bhfeidhm na moltaí ó thuairisc New Horizons nach raibh curtha i bhfeidhm fós, agus chun freagairt do shaincheisteanna a tháinig chun cinn le linn fhorbairt an tionscail turasóireachta i gcomhthéacs idirnáisiúnta dinimiciúil.

    Tá Tuarascáil Ghrúpa Forfheidhmithe Straitéis na Turasóireachta le fáil ach í a íoslódáil ó


    D'fhógair an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i mí na Nollag 2008 go raibh an grúpa ardleibhéil, Grúpa Athnuachana na Turasóireachta, á bhunú aige faoi chathaoirleacht Maurice Pratt, Uas., chun athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis turasóireachta na hÉireann faoi mar atá leagtha amach in ‘New Horizons for Irish Tourism: an Agenda for Action 2003 – 2012’ agus í a athnuachan, dá mba chuí.


    Iarradh ar an ngrúpa tuarascáil a chur ar ais chuig an Aire ina bhfolófaí moltaí i bhfoirm Creat Gníomhaíochta don tréimhse 2013 ina liostófaí príomhghníomhartha a ghlacfaí ar mhaithe lena chinntiú go leanfadh an turasóireacht uirthi mar cheann de mhórthionscail na hÉireann mar aon leis na straitéisí riachtanacha chun forás inbhuanaithe thionscal turasóireachta na hÉireann a chothabháil san fhadtéarma. Cliceáil anseo i gcomhair Téarmaí Tagartha agus Ballraíocht

     

    Leagtar amach i dTuarascáil Ghrúpa Athnuachana na Turasóireachta (ar féidir í a íoslódáil anseo) cion na turasóireachta i leith fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha na hÉireann agus na hionchais atá ann do thurasóireacht na hÉireann i saol a bhfuil athrú ó bhun tagtha air, mar aon le Creat Gníomhaíochta maidir le marthanas, téarnamh agus forás na turasóireachta le linn na tréimhse go dtí 2013 – a bhristear síos i gcúig Ghníomh Mharthanais thar 2009-2010 agus naoi nGníomh Théarnaimh don tréimhse 2010-2013.