An tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta - Fáilte Éireann
Cúlra
I mí na Samhna 2001, cheadaigh an Rialtas bunú Údaráis Náisiúnta Forbartha Turasóireachta chun forbairt áiseanna agus seirbhísí turasóireachta inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear oiliúint, acmhainní daonna agus scileanna margaíochta a chur chun cinn.
Tháinig an reachtaíocht chun foráil a dhéanamh do bhunú an Údaráis Náisiúnta Forbartha Turasóireachta, ar a dtugtar Fáilte Éireann, isteach sa dlí ar an 13 Aibreán 2003. Tá sonraí na reachtaíochta (an tAcht um Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta 2003) ar fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais ag http://www.gov.ie/bills28/bills/2002/4002/default.htm
Ar an 21ú Bealtaine 2003, d'fhógair an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta baill an údaráis, agus d'ainmnigh sé an 28ú Bealtaine 2003 mar a Lá Bunaithe. Chuir Príomhfheidhmeannach an Údaráis, an tUasal Shaun Quinn, tús lena chuid dualgais i mí Eanáir 2003.
Fócas
Is é misean Fháilte Éireann:
" Méadú ar an méid a chuireann an turasóireacht leis an ngeilleagar trí fhorbairt tionscal turasóireachta iomaíoch agus brabúsach a éascú."
Is é príomhról Fháilte Éireann tacú leis an tionscal agus cabhrú leis dul i ngleic leis na dúshláin os comhair an mhargaidh turasóireachta dhomhanda, agus leibhéal na gníomhaíochta san earnáil a chothabháil nó a mhéadú.
Go príomhúil, feidhmíonn sé mar chatalaíoch do ghníomhaíochtaí daoine eile. Tacaíonn sé le hiarrachtaí an tionscail a bheith níos iomaíche agus níos brabúsaí. Mar údarás forbartha turasóireachta an Stáit, tá ar a chumas aghaidh a thabhairt ar roinnt de na saincheisteanna níos leithne is gá dul i ngleic leo má tá an tionscal chun fás agus forbairt.
Leagann sé béim ar chomhpháirtíocht straitéiseach, leis na leasanna uile i dturasóireacht na hÉireann ag leibhéil náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha ag oibriú le chéile chun sprioc choiteann a bhaint amach.
Cuireann raon tacaí agus seirbhísí Fháilte Éireann ionad ilfhreastail ar fáil a fhreastalaíonn do riachtanais ghnó nó ghairmiúla an lucht atá páirteach, nó atá ag smaoineamh ar bheith páirteach i dturasóireacht na hÉireann. Agus é ag oibriú i gcomhpháirtíocht leis an tionscal, freastalóidh Fáilte Éireann do riachtanais an tionscail, ag treorú agus ag tacú le turasóireacht na hÉireann agus a céad chéim forbartha eile ar bun aici.
Tá siad seo a leanas ar na tosaíochtaí a bheidh acu don bhliain 2010
Tá faisnéis faoi bhreis is 20,000 gnó turasóireachta Éireannach lena n-áirítear sonraí cóiríochta, gníomhaíochtaí, nithe is díol suntais agus imeachtaí ar fáil ar an suíomh gréasáin atá ag Fáilte Ireland. Tá geochód agus léarscáil istigh sa bhunachar sonraí, agus tá sonraí na mílte áit in Éirinn orthu, ó chathracha go bailte agus sráidbhailte.
Tá 88 Oifig Eolais do Thurasóirí a dtacaíonn siad leo á n-oibriú ag Fáilte Ireland ar fud na hÉireann. Bíonn obair faoi leith le déanamh sna hoifigí sin, sé sin, faisnéis áitiúil agus náisiúnta a bhíonn cothrom le dáta a thabhairt do thurasóirí chun a chinntiú go mbeidh an tsaoire a chaithfidh siad ar an gceann is fearr a bhí riamh acu.
Oiliúint & Forbairt Turasóireachta
Chun tionscal Turasóireachta ardchaighdeáin a chur ar fáil ní mór go mbeidh lucht oibre oilte ann agus ní mór cur chuige cuimsitheach maidir le hoideachas agus oiliúint an phearsanra a chur i bhfeidhm. Cé gur feidhm í seo a bhaineann go príomhúil le fiontair turasóireachta indibhidiúla, tá Fáilte Éireann freagrach as tacú le hearcú, oideachas agus oiliúint an lucht oibre turasóireachta.
Cuireann Fáilte Éireann na seirbhísí seo a leanas ar fáil do thionscal turasóireachta na hÉireann:
- forbairt ghnó agus seirbhísí comhairle a sholáthar don tionscal,
- struchtúir agus cláir náisiúnta oiliúna a fhorbairt, oiliúint bunaithe ar an tionscal a chur ar bhainisteoirí agus oibrithe turasóireachta
- tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir i scileanna ceardaíochta sna deich nInstitiúid Teicneolaíochta agus
- oibríochtaí bainistíochta agus forbairt scileanna sna ceithre lárionad bhuana oiliúna atá acu.
Faisnéis agus Pointí Teagmhála
Tá faisnéis ghinearálta maidir le gníomhaíochtaí margaíochta turasóireachta agus cláir Fháilte Éireann leagtha amach i raon foilseachán atá ar fáil díreach uathu.
Fáilte Ireland
Sráid Amiens, BÁC 1,
Teil 1890 525 525 or (01) 855 6555
Facs (01) 855 6821
Seoladh ríomhphoist:
info@failteireland.ie nó ainm.úsáideora@failteireland.ie
( eg: joe.blogs@failteireland.ie )
Suíomh Gréasáin: www.failteireland.ie.
(corparáideach)
www.discoverireland.ie (don
tomhaltóir in tíre)
www.discoverireland.com (don tomhaltóir thar lear)