Tionscadal Champas Éireann

An Campas Náisiúnta Spórt ag Baile an Aba

I mí na Samhna 2005 d’fhaomh an Rialtas i bprionsabal go gcuirfí tús le Céim 1 d'fhorbairt champas saoráidí spóirt i mBaile an Aba. Críochnaíodh obair mhionsonraithe ar an gCampas le déanaí agus táthar ag feitheamh ar iarratas pleanála anois.

 

Tiocfaidh na nithe seo a leanas le Céim 1:

Ionad Oiliúna Náisiúnta do Spórt Páirce a dhéanfaidh freastal ar rugbaí, peil, na cluichí Gaelacha agus haca;

Ionad Oiliúna Náisiúnta Faoi Dhíon ina mbeidh áiseanna oiliúna den scoth do níos mó ná tríocha Ceann-Eagraíocht Rialaithe Spóirt;

Cóiríocht do mhná agus d’fhir a bhíonn páirteach i spórt; saoráidí eolaíocht spóirt agus saoráidí míochaine;

Páirceanna sintéiseacha uile-aimsire imeartha a bhféadfaidh an pobal úsáid a bhaint astu;

Athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana chun freastal ar riachtanais a bheidh aitheanta ag comhlachtaí spóirt.

 

Tá an Campas Náisiúnta Spóirt agus an Lárionad Náisiúnta Uiscíochta agus ceanncheathrú Chumann Peile na hÉireann ann. Is gearr go mbeidh ceanncheathrú an Fhorais Spóirt ann chomh maith mar go dtarlóidh sin a thúisce is a chríochnófar an t-athchóiriú ar an bhfoirgneamh ina mbíodh an Phríomhshaotharlann Rialaithe Feola. Bunaíodh Údarás Forbartha an Champais Náisiúnta Spóirt ar bhonn reachtúil le héifeacht ón 1 Eanáir 2007. Is í feidhm an Údaráis maoirseacht a dhéanamh ar phleanáil agus ar fhorbairt an Champais Náisiúnta Spóirt i mBaile an Aba.

An Lárionad Náisiúnta Uiscíochta

Ba é an Lárionad Náisiúnta Uiscíochta an chéad áis a tógadh ag Baile an Aba; d'oscail sé in 2003 agus bhain costas caipitil iomlán de €70.5m leis. Bhí imeachtaí snámha na gCluichí Oilimpeacha Speisialta Samhraidh ar siúl ann i mí an Mheithimh 2003, agus reáchtáladh Craobhchomórtas na hEorpa um Chúrsa Gearr ann i mí na Nollag 2003. Tá an Lárionad ar cheann de na lárionaid uisce faoi dhíon is mó ar domhan, agus cuimsíonn sé na nithe seo a leanas:

Le linn 2005, chuir CSID Teo tús le himeachtaí dlíthiúla i gcoinne Dublin Waterworld Teo., oibreoirí an Lárionaid, toisc nár chomhlíon Dublin Waterworld a chuid dualgas de réir an léasa. Ar an 14ú Samhain 2006, dheimhnigh an Chúirt Uachtarach Ordú Sealbhaithe níos luaithe don Lárionad Náisiúnta Uiscíochta a bhí i bhfabhar CSID, agus tugadh an áis ar ais do CSID ar an 30 Samhain 2006.