Press Release

Print

25/06/2010

Home holiday market - a significant player in helping to sustain tourism business

 

 

Margadh na saoire bailemargadh atá tábhachtach chun bonn a choinneáil faoin ngnó turasóireachta

 

- An Dr. Mansergh

 

D’oscail an Dr. Martin Mansergh T.D., an tAire Stáit a bhfuil freagracht ar leith air as an gCultúr Comhdháil Náisiúnta Turasóireachta Cheatharlach go hoifigiúil inniu ( hAoine 25ú Meitheamh, 2010) in Óstán Mount Wolseley, An Tulach, Contae Cheatharlach. An turasóireacht, an bealach chun cinn téama chomhdháil na turasóireachta i mbliana.

 

 

B an méid seo le rá ag an Dr. Mansergh agus é i mbun na hoscailte, “Tá an scéala ó mhargadh na turasóirerachta níos fearr anois seachas mar a bhí cúpla mí ó shin. D’fháiltigh Fáilte Ireland le deireanas roimh os cionn 130 tionscnóir trádála idirnáisiúnta as 23 tír a bhí in Éirinn ar ghnó na bliana seo chugainn agus na mblianta ina dhiaidh sin. Le tamall anuas ar chumas turasóirí coigríche agus baile tairbhe a bhaint as raon de thairiscintí a mbeadh luach a gcuid airgid le fáil acu orthu mar go bhfuil caighdeán níos fearr, iomaíocht agus rialú ar chostas in óstáin.

 

Bhain turasóireacht na hÉireann tairbhe shuntasach in imeacht na mblianta as infheistíocht leanúnach Rialtais i margaíocht, infheistíocht chaipitil agus oiliúint. Sa bhuiséad deireanach, leithdháil an Rialtas ciste €21 milliún don bhliain seo, i gcomhair deontas i leith nithe is díol suntais agus i leith roinnt gníomhaíochtaí, go sonrach siúlóid agus rothaíocht. Aitheantas soiléir is ea an maoiniú seo ar an tábhacht atá leis an turasóireacht i súile an Rialtais agus leis an bhfeidhm nach mór di a bheith aici i ndáil le filleadh ar fhás geilleagrach.”

Tháinig os cionn 7 milliún cuairteoir chun na tíre le linn 2009. Tuigtear as an taighde is deireanaí a rinne Fáilte Ireland go gcaitheann turasóirí cultúir 25% níos ar an meán thar mar a chaitheann cuairteoirí eile, agus gur thug 51% de na cuairteoirí go léir le fios gurbh iad an cultúr agus an oidhreacht a mheall ar cuairt go hÉirinn iad. Taispeánann suirbhé ar shuirbhé go molfadh naonúr as gach deichniúr a chaith saoire in Éirinn an tír do dhaoine eile mar thír le saoire a chaitheamh inti.

 

Bhí an méid seo le ag an Dr. Mansergh mar fhocal scoir, “Ó tharla gur léir méadú a bheith le sonrú sa líon teaghlach atá ag roghnú saoire a chaitheamh ag baile i mbliana is mór mar chuidiú a bheidh i margadh na saoire baile ó thaobh bonn a choinneáil faoi leibhéil fostaíochta agus ó thaobh baill foirne oilte atá ann a choinneáil sa tionscal le bheith réidh don chor chun feabhais nuair a tharlóidh sé.”

 

 

Críoch.

 

Eisithe ag Therese O’Connor 087 2908193