Tionscadail maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta

Mórthionscadail Thuaidh/Theas, ón Earnáil Phríobháideach, tacaithe ag Rannóg Institiúidí Cultúrtha na Roinne:

 

Commentarius Rinnuccinianus -
Tionscnamh Acadúil Thuaidh/Theas

Is é Commentarius Rinuccinianus ceann de na foinsí príomhúla is tábhachtaí de stair pholaitiúil, taidhleoireachta agus reiligiúnach lár an tseachtú haois déag in Éirinn (1645-1649). Cuireann sé léargas éagsúil ar Stair na hÉireann ar fáil, atá bunaithe go mór mór ar pháipéir a chuireann dearcadh Urmhumhain chun cinn i láthair na huaire. D'fhoilsigh Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann (IMC) an tráchtas as Laidin i sé imleabhar idir 1932 agus 1949.

Tháirg grúpa scoláirí, ón Tuaisceart agus ón Deisceart, aistriúchán nua-aimseartha Béarla den Commentarius Rinuccinianus. Is í Ollscoil Uladh an phríomhinstitiúid agus tá sí ag oibriú le comhghleacaithe sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Foilseoidh Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann (IMC) aistriúchán nua-aimseartha an tionscadail.


Aistriúchán den Historia Missionis...
- Tionscnamh Acadúil Thuaidh/Theas

Is í modheolaíocht annálaíoch an Commentarius an chreatlach roghnaithe do léargas sofaisticiúil, nach bhfuil go hiomlán páirtíneach, ar thréimhse de shochaí na hÉireann a bhí an-chasta. Mar sin féin, sula raibh sé mar phríomh-údar an Commentarius, scríobh an tAthair Robert O'Connell (comhúdar an Commentarius) saothar suntasach faoin stair i 1654 ar a tugadh Historia Missionis... Scríobhadh an Historia roimh an Commentarius; tá sleachta móra den Historia le fáil sa Commentarius agus comhlánaíonn sé an saothar sin. I ndáiríre, déanann sé cur síos ar stair na hÉireann sa 17ú hAois ó dhearcadh na manach Caipisíneach sa tír le linn na tréimhse corraithí sin.

Anois tá an tAcadamh um Oidhreacht Chultúrtha na hÉireann ag Ollscoil Uladh ag fáil maoiniú ón Roinn chun athscríbhinn an Historia a aistriú. Tá an saothar thar a bheith luachmhar ó thaobh tuiscint a fháil ar Éirinn agus ar an Eoraip sa 17ú hAois. Cuimsíonn an Historia míreanna comhfhreagrais ó fhoinsí éagsúla, agus mar sin, mar aon leis an Commentarius, is stór luachmhar de Laidin ón 17ú hAois é. Is eiseamláir uathúil de chriticeas téacsúil ag gníomhú í an athscríbhinn, mar cuimsíonn sí an gharbhobair a rinneadh le linn athscríobh na lámhscríbhinne. Tá nótaí an mhanaigh rí-luachmhar agus iarracht á déanamh fadhbanna téacsúla a réiteach. Ar an leibhéal is leithne, is teistiméireacht iontach ar dhoichte na scoláireachta Éireannaí í.

Tá sé d'aidhm ag an Tionscadal feabhas a chur ar inrochtaineacht do scoláirí sa réimse taighde seo. Ginfidh sé taighde breise ar stair na hÉireann agus na Breataine sa 17ú hAois freisin agus spreagfaidh sé comhoibriú idir Éirinn agus an Bhreatain i ndáil le staidéar stairiúil. Lena chois sin, cuirfidh sé ábhar bunaidh ar fáil chun staidéar a dhéanamh ar an 'ngéarchéim ghinearálta' Eorpach a bhí ann ag an am, agus cuirfidh sé idirchaidrimh idir Éirinn agus an Bhreatain chun cinn. Cuirfidh an tionscadal go mór le luach an aistriúcháin den Commentarius freisin, agus, mar aon leis an tionscadal sin, foilseoidh Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann an téacs aistrithe, a bheidh curtha ar fáil go leictreonach freisin. Beidh an téacs aistrithe faoi úinéireacht agus faoi chóipcheart an IMC.

An Tionscadal Armarium Codicum Hibernensium (ArCH) -
(An Tionscadal um Macasamhla de Lámhscríbhinní Éireannacha)

Tá cultúr léannta luath na hÉireann suntasach, mar gheall ar leibhéal a shofaisticiúlachta agus mar gheall ar fhlaithiúlacht a scoláirí maidir lena gcuid eolais a roinnt. Léiríonn na lámhscríbhinní meánaoiseacha atá caomhnaithe i leabharlanna príomhúla na hEorpa go raibh scoláirí ardchaighdeáin Éireannacha sna scoileanna ardeaglaise agus cúirte in iarthar na hEorpa go luath sna Meánaoiseanna, agus lena chois sin, léiríonn siad go raibh na scoláirí sin ina saineolaithe ar cheird an scríobhaí. In ainneoin an tábhacht a bhaineann leis na lámhscríbhinní sin i ndáil leis an tréimhse is luaithe de stair na hÉireann, nuair a leagadh síos bonn an náisiúin, níl ach líon beag lámhscríbhinní a scríobh na hÉireannaigh roimh AD 1000 in Éirinn fós; tá formhór acu caomhnaithe i leabharlanna móra sa Bhreatain agus ar ilchríoch na hEorpa, agus tá formhór acu sin do-rochtana.

Tionscadal ArCH sa Rannóg Staire, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Is acrainm é ArCH a sheasann do Armarium codicum hibernensium - Leabhragán Lámhscríbhinní na hÉireann; an misean atá aige ná sraith d'eagráin mhacasamhla de na lámhscríbhinní Éireannacha stairiúla tábhachtacha a chur ar fáil.

Tá sé d'aidhm ag ArCH cur le hinbhuanaitheacht an traidisiúin mhóir maidir le déanamh leabhar in Éirinn agus cabhrú le caomhnú saineolais atá an-speisialaithe agus ag éirí an-ghann. Beidh macasamhla ar fáil in dhá fhormáid. Ní bheidh i bhformáid amháin ach leabhar faoi chlúdach crua simplí a bheidh ar fáil do leabharlanna na hÉireann, don phobal i gcoitinne agus do scoláirí agus mic léinn. Táirgfear líon teoranta den dara cineál macasamhla, mar eagrán speisialta, ag baint úsáide as saoirseacht na ndéantóirí leabhar is ceardaithe.

Ag dul le traidisiún chultúr luath léannta na hÉireann, roinnfidh na scoláirí atá páirteach sa Tionscadal a gcuid eolais, déanfaidh siad cinnte go mbeidh na hábhair seo inrochtana ag an bpobal taighde agus músclóidh siad feasacht ar athair-oidhreacht shaibhir na hÉireann i measc an phobail níos leithne. Cuirfear tráchtas léannta ar fáil le gach macasamhail, a chuirfidh leis an réimse staidéir seo ar bhealach uathúil. Déanfar an tráchtas agus an gléasra a choimisiúnú ó scoláirí príomhúla sna réimsí a dhéanann ionadaíocht ar na disciplíní lárnacha den Tionscadal, lena n-áirítear pailéagrafaíocht/coidéacseolaíocht, stair, Laidin, Sean-Ghaeilge agus stair na healaíne.

Thosaigh Bliain a hAon den tionscadal in 2007. I mbliain a dó, tabharfar tionscadal raon feidhme chun críche a shaineoidh dearadh agus bainistiú phleanáil an chláir agus ábhar eile agus foilseofar dhá mhacasamhail le tráchtais acadúla chuí.

Déanfar Athbhreithniú ar an Tionscadal ag deireadh bhliain a dó. Déanfaidh an tAthbhreithniú seo measúnú ar dhul chun cinn an Tionscadail i mBliain a hAon agus Bliain a Dó.

 

Stair Ealaín agus Ailtireacht na hÉireanne

Tá Acadamh Ríoga na hÉireann ag cur Stair Ealaín agus Ailtireacht na hÉireann le chéile. Tá sé i gceist cúig imleabhar a fhoilsiú don togra. Tá sé i gceist comhoibriú le príomhinstiúidí acadúla agus ealaíona na hÉireann don togra náisiúnta seo. I 2007, gheall an Rialtas go gcuirfear deontas €1m ar fáil thar chúig bliana mar chuid den togra a thosaigh i 2008. Cuirfear €200,000 ar fáil i 2009.

Comóradh 250 bliain Handel - €60,000

Rugadh Georg Friederich Händel sa bhliain 1685. Nuair a bhí sé 17 bliain d’aois ceapadh é ina orgánaí san Ardeaglais Cailvíneach, agus chuaigh sé go Hamburg an bhliain ina dhiaidh sin. Sheinn sé an veidhlín agus an cruitchlár san áras ceoldrámaíochta, áit a ndearna sé a chéad Almira go luath sa bhliain 1705, agus sheinn sé a Nero go luath ina dhiaidh sin. Ghlac sé le cuireadh dul go dtí an Iodáil an bhliain ina dhiaidh sin, áit ar chaith sé trí bhliana. D’fhág sé an Iodáil go luath sa bhliain 1710 agus chuaigh sé go Hanover, áit ar ceapadh é ina Kapellmeister don toghthóir. A luaithe agus a bhí sé ann, ghlac sé le cuireadh dul go Londain, áit a léiríodh a cheoldráma Rinaldo go luath sa bhliain 1711. Sa bhliain 1717 chuaigh sé ag obair d’Iarla Carnavon in Edgware, gar go Londain, áit ar scríobh sé 11 aintiún agus dhá shaothar drámaíochta. Tar éis dó dul go Baile Átha Cliath i 1741-2, áit a raibh an chéad léiriú de Messiah (ar son carthanachtaí), chuir sé an ceoldrámaíocht ar leathtaobh don chuid eile dá shaol agus chaith sé mórchuid eile dá shaol ag plé le taispeántais oratóra.

Léirigh sé taispeántais rialta de Messiah sa deich bliain deireanach dá shaol. Fuair Handel bás sa bhliain 1759 agus cuireadh in Westminster Abbey é. I dtuairim mórán de phobal Shasana agus na Gearmáine, ba é an cumadóir ab fhearr ón ré sin é. Beidh comóradh 250 bliain a bháis ar siúl sa bhliain 2009.

Tá an Roinn ag tacú le moltaí an Templebar Trust chun féile a eagrú le ceiliúradh a dhéanamh don comóradh seo. Tá sé i gceist go ndéanfar forbairt ar mhórfhéile cheoil do Bhaile Átha Cliath, go gcuirfear turasóireacht chultúrtha go Baile Átha Cliath chun cinn agus go gcuirfear leis an gcaidreamh oibre idir an Trust, Dublin Tourism, Fáilte Ireland (Bord Fáilte), Cultúr Éireann agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath

Tar éis aighneacht a fháil ó CLÉ, Cumann Leabharfhoilsitheoirí Éireann, i leith an 1ú Fhéile Leabhar i mBaile Átha Cliath a ritheadh sa bhliain 2008, chuir an Roinn deontais €40,000 ar fáil chun an togra a éascú. Tá sé beartaithe go ndáilfear €40,000 don togra i 2009 le go gcuirfear ar bun é ar bhonn bliantúil.

Togra Cheol na hÉireann ("The Given Note")

Is éard is aidhm an togra seo ann ná muintir agus cultúr na hÉireann a thaispeáint agus a chur chun cinn i measc lucht féachana ar fud an domhain trí thaifeadadh, íomhánna, scannáin, craoltaí domhanda, satailíte agus gan sreang ar ardchaighdeán a léiriú mar aon le foilseacháin chlóite agus comhaid is féidir a íoslódáil. Déanfar sárthaispeántas de mhórthréithe na hÉireann agus ceiliúrfar sainábhair, éagsúlacht agus cuimsitheacht na tíre i measc na n-athruithe cultúrtha, eacnamaíochta agus sóisialta nach bhfacthas riamh sa tír roimhe seo. Dearbhófar féiniúlacht na hÉireann leis an togra agus léireofar ár gcultúr, ár gceol agus ár n-uathúlacht go dearfach. Léireofar an muinín úr atá ag muintir na tíre don domhain agus cuirfear an tír chun cinn mar cheann de na tíortha is oilte ar domhain.

Thosaigh pas forbartha an togra seo sa bhliain 2008 nuair a tugadh €52,500 do South Wind Blows chun taighde a dhéanamh agus chun gnéithe teicniúla agus dlíthiúla an togra a chomhlíonadh. Tá €22,500 breise ag teastáil don phas forbartha sa bhliain 2009 chun críoch a chur leis.

Scoláireacht Glucksman UCC €50,000

In 2007, thosaigh an Roinn ag tacú le Sparánacht Glucksman ag UCC, atá reáchtáilte i gcomhar le New York University. Faigheann Mac Léinn Éireanach ó UCC scoláireacht go Nua Eabhrac, agus freastalaíonn mac léinn ó NYU ar an ollscoil in Éirinn. Cuireann NYU maoiniú comhionann ar fáil. Beidh an Sparánacht ar siúl ar feadh 5 bliana agus cuireadh tús leis in 2007.

John Millington Synge

Rugadh Synge i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1871 agus fuair sé bás sa bhliain 1909. Bhain sé céim amach i gColáiste na Trionóide, Baile Átha Cliath, agus chuaigh sé go dtí an Ghearmáin ansin chun staidéar a dhéanamh ar an gceol. Chuaigh sé go Páras go gairid ina dhiaidh sin agus bhí sé ina chónaí ann ar feadh roinnt blianta ag plé leis an gcritic liteartha. Bhuail sé le W.B. Yeats ann a mhol dó dul chun cónaí ar na hOileáin Árainn agus dul ar ais go Baile Átha Cliath chun díriú ar shaothair chruthaitheacha ina dhiaidh sin. Is dialann de chuid Synge í "The Aran Islands" (1907) a dhéanann cur síos ar an gcúrsa spioradálta a chaith sé ar na hoileáin.

Tá an Roinn tiomanta tacú le Scoil Samhraidh Synge sa bhliain Comóraidh seo dá bhás.

Scoláireacht Drámaíochta Beckett TCD €5,000 (€10,000)

Gealladh scoláireacht drámaíochta Choláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath (CTBAC) €5,000 in aghaidh na bliana faoi clár Chéad Bhliain Beckett. Beidh bliain acadúil 2009/10 an cheathrú bliain a thabharfar an deontas seo..


Leabharlann Dhigiteach na hEorpa

Is togra é Europeana, leabharlann dhigiteach na hEorpa, a thabharfaidh an deis d’úsáideoirí teacht ar ábhair dhigiteacha, cosúil le scannáin, grianghraif, pictiúir, ábhair fuaime, lámhscríbhinní, leabhair, páipéir nuachta agus páipéir chartlainne. Seoladh an fréamhshamhail ar an 20ú Samhain 2008 ag cruinniú de chuid Chomhairle na nAirí. De bharr easnaimh maoinithe don tréimhse 2009 go 2011, tá an Roinn tiomanta €30,000 a chur ar fáil don togra ar feadh trí bhliana ag tosú i 2009.

Taispeántas Hugh Doran

Ba ghrianghrafadóir amaitéarach é Hugh Doran (1926 - 2004) a raibh bua ar leith aige. Ba as Baile Átha Cliath é ó dhúchas agus ba chlódóir é. Chaith sé a shaol oibre ag obair in Arthur Guinness & Co. Thosaigh sé ag léiriú suime sa ghrianghrafadóireacht nuair a bhí sé ina dhéagóir. Chuaigh sé isteach mar bhall de Chumann Grianghrafadóireachta na hÉireann i 1949 agus ó lár na 1950í ar aghaidh ba ranníocóir agus buaiteoir bonn é ag taispeántais an Chumainn. Taispeánadh grianghraif dá chuid ag taispeántais i mBeirlín, i mBordeaux, i mBeirmiúda, in San Sebastian agus i Vín. Beidh an Roinn ag tacú le taispeántas de Bhailiúchán Hugh Doran atá á eagrú ag Cartlann Ailtireachta na hÉireann i gCóbhanhávan i Mí Meithimh 2009.

Seamus Heaney ag 70 bliain

Beidh an Roinn ag tacú le hócáidí a bheidh ag ceiliúradh Seamus Heaney atá 70 bliain d'aois.

Brian Friel ag 80 bliain

Tá an Roinn ag tacú leis na trí chraoladh atá RTÉ ag déanamh le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhreithlá an Mháistir Drámadóra.