Alt 481 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997
Nós Imeachta do Dheimhniú Alt 481 ón 01/01/05
Le héifeacht ón 1 Eanáir 2005, ní
mór na hiarratais uile ar dheimhniú tionscadail scannáin a chur faoi bhráid
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Beidh ionchur leanúnach ag an Roinn Ealaíon,
Spóirt agus Turasóireachta sna hiarratais uile maidir le bailíochtú inneachar
cultúrtha na dtionscadal scannáin a chuirtear isteach le haghaidh deimhnithe.
Cliceáil ar na naisc seo a leanas, le do thoil, chun rochtain a fháil ar
shonraí:
Fógra ó na Coimisinéirí Ioncaim --
Déan an Fhoirm Iarratais do Dheimhniú Tionscadal Scannáin a Íoslódáil
Rialacháin Scannán 2004 (I.R. Uimh. 869 de 2004)
Alt 481 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997
Tugann Alt 481 den Acht
Comhdhlúite Cánach, 1997
dreasacht fhioscach do cháiníocóirí chun iad a spreagadh infheistíocht a
dhéanamh i léiriú scannán. Ceadaíonn an scéim faoiseamh cánach i ndáil le
hinfheistíochtaí i dtionscadail scannáin deimhnithe faoin Acht.
Tagann na hathruithe in Acht Airgeadais 2006 i bhfeidhm.
Anois, tá an Coimisiún Eorpach tar éis aontú leis na feabhsuithe ar scéim alt 481 a ndearnadh foráil dóibh in Acht Airgeadais 2006, agus tá an tOrdú Tosach Feidhme a bhfuil gá leis chun na hathruithe a chur i bhfeidhm sínithe ag an Aire. Mar sin, i ndáil leis na hiarratais uile ar dheimhniú faoin scéim a fhaightear ar an 18 Bealtaine 2006 nó ina dhiaidh:
- Méadaíodh an t-uasmhéid is féidir a thiomsú faoin scéim ó €15m go €35M;
- Méadaíodh uaschéatadán an bhuiséid tionscadail is féidir a thiomsú ó idir 55% - 66% go 80%.
Déan Teagmháil Linn
An tAonad Scannán
An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
An Fosadh
Cill Airne
Co. Chiarraí.
Achoimre ar Príomhstaidreamh 1994-2001
Achoimre ar Príomhstaidreamh 1994-2005