Saoráil Faisnéise

Céard é an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997?

Chruthaigh an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 na trí cheart dhlíthiúla nua seo a leanas do bhaill an phobail:

Tháinig an tAcht i bhfeidhm do Ranna Rialtais ar an 21 Aibreán 1998.
Dén cóip d'Acht 1997 a íoslódáil i bhformáid PDF (478KB).

 

Céard é an tAcht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003?

Tháinig acht chun an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 a leasú, ar a dtugtar an tAcht um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003, isteach sa dlí an 11 Aibreán 2003. Ón dáta sin ar aghaidh, ní mór na hiarratais Saorála Faisnéise uile a phróiseáil de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise (Leasú) 2003. Is é cuspóir príomhúil Acht leasaitheach 2003 cosaint a thabhairt do thaifid a bhaineann le feidhmiú an Rialtais.
Déan cóip d'Acht 2003 a íoslódáil i bhformáid PDF (63Kb) : HTML (57Kb).

Céard é cuspóir na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003?

Tá na hAchtanna deartha chun ceart rochtana ar fhaisnéis i seilbh comhlachtaí poiblí a chur ar fáil a mhéid is indéanta. Mar sin féin, trí dhíolúinte áirithe a chur ar fáil, déanann na hAchtanna iarracht cothromaíocht a bhaint amach idir an ceart rochtana sin ar thaobh amháin, agus an ceart chun príobháideachta ar an taobh eile, agus i gcásanna áirithe, an ceart chun leas poiblí a chosaint trí rúndacht a choinneáil.

Céard iad na taifid a thagann faoi réir na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise?

Tá na taifid seo a leanas laistigh de raon feidhme an Achta:

Conas a oibríonn na hAchtanna?

Ceanglaíonn na hAchtanna ar chomhlachtaí poiblí freagairt d'iarratais ón bpobal ar thaifid atá ina seilbh acu. De ghnáth, caithfidh comhlachtaí poiblí cinneadh faoi iarratas a thabhairt laistigh de cheithre seachtaine. Ní mór do bhaill foirne chomhlachtaí poiblí cabhrú le baill an phobail atá ag iarraidh rochtain a fháil ar fhaisnéis freisin.

Ceanglaíonn na hAchtanna ar gach comhlacht poiblí lámhleabhair thagartha a chur ar fáil a leagann amach struchtúr na heagraíochta, na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus na socruithe atá i bhfeidhm chun cur ar chumas daoine rochtain a fháil ar fhaisnéis (ar a dtugtar leabhar tagartha Alt 15 de ghnáth). Lena chois sin, ní mór lámhleabhar a leagann amach rialacha, treoirlínte agus cleachtais a úsáidtear le linn cinnteoireachta a chur ar fáil (ar a dtugtar leabhar tagartha Alt 16).Déan Leabhar Tagartha Alt 15 & 16 a íoslódáil i bhformáid PDF(470kb)

Conas is féidir iarratas saorála faisnéise a dhéanamh?

Caithfidh iarratais na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

Lorgófar cruthúnas céannachta sula gceadófar d'aon duine rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta. Féadtar cabhair do bhaill an phobail le riachtanais speisialta a chur ar fáil ar iarratas.

Conas a dhéanaim teagmháil le hAonad um Shaoráil Faisnéise na Roinne?

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Shaoráil Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:

An tAonad um Shaoráil Faisnéise
An Roinn Ealaíon, Spóirt & Turasóireachta
An Bóthar Nua
Cill Airne
Co. Chiarraí
Teil: (064) 6627 316 nó or (353 1) 6313945
Facs: (064) 6627 320
Seoladh ríomhphoist: foi@dast.gov.ie

An féidir liom rochtain a fháil ar aon taifead atá uaim?

Is féidir iarratas a dhéanamh chun rochtain a fháil ar aon taifead oifigiúil faoi na hAchtanna. Mar sin féin, i gcúinsí áirithe beidh sé riachtanach na taifid sin a dhíolmhú ó bheith scaoilte. Déanann Ailt 19-32 d'Acht 1997 cur síos ar dhíolúinte ar gá iad a mheas. I measc na ndíolúinte príomhúla tá:

An bhfuil táille i gceist le rochtain a fháil ar thaifid faoi Shaoráil Faisnéise?

Tá - Is iad seo a leanas na táillí iníoctha:

Táillí iníoctha faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 i bhformáid PDF (108kb)

Céard is féidir liom a dhéanamh mura bhfuilim sásta le toradh m'iarratais?

Cuirfidh an Cinnteoir a bheidh ag déileáil le d'iarratas tú ar an eolas faoi na nósanna imeachta athbhreithnithe.